Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-04-21

Fan Inti

Bhí Danny Sheehy ag reachtáil Ciorcal Comhrá le linn Scoil Cheoil an Earraigh agus chaith mé go leor ama ina chuideachta mar sin. Ana reacaire is ea é, eolgaiseach deisbhéalach. Thug an taithí sin an spreagadh breise a bhí de dhíth orm le fios a chuir ar an leabhar Fan Inti ón leabharlann.

Roinnt blianta ó shin, bhí Danny páirteach i dtogra ealaíona i mBaile Átha Cliath chun naomhóg a thógáil; bhí daoine ón gceantar páirteach san iarracht freisin.

Dialann na tógála droimlorga an leabhair. Ní raibh a leithéidí déanta cheana aige, cé go raibh scileanna siúinéireachta aige, é ina oide adhmadóireachta.

Is fearr an cur síos a thugann printíseach ná máistir ar shaothair cheirde, agus is amhlaidh anseo - bóithre caocha agus botúin san áireamh.

Ach tá níos mó ná dialann i gceist. Tugann sé lear mór seanchais dúinn ó Iarthar Dhuibhneach. Stair agus ginealach teaghlaigh a raibh baint acu le tógáil naomhóga; scéalta iascaireachta, báis tragóideach ina measc. Lán sonraí - fhios aige cén maoin a bhí ag comhluadar ar leith. Féar dhá bhó anseo, féar ocht mbó ansiúd. Siopadóirí gustalacha is sclábhaithe feirme gan phingin.

Codanna den leabhar iontach faoistineach - chuir roinnt den gcuir síos ar a bhabhtaí óil is ragairne imní orm!

Tá nathaíocht agus saibhreas cainte nádúrtha tríd síos, agus is mór an pléisiúr atá le baint as an léamh.

Tá caibidil ar leith ag deireadh an leabhair ag déanamh mion chuir síos ar uirlisí na ceirde.

Is trua nár déanadh beagán eagarthóireachta ar an leabhar - tá roinnt athrá gan gá ann,  agus corr sleacht as áit.

Ach is léitheoireacht fiúntach atá ann, lán eolais is éirim.

(Nath is ea Fan Inti a chiallaíonn 'fan socair')

Fan Inti
Domhnall Mac Síthigh
Coiscéim
2008.50