Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-04-22

Éagóir

Chonaic mé an leabhar seo as cúinne mo shúil sa leabharlann i Mullach Íde - bhí sé mar chuid de thaispeántas leabhair Ghaeilge le linn Seachtain na Gaeilge.

Thapaigh mé an deis agus chroch mé liom é.

Insint ar Dúnmharaithe Mám Trasna, an éagóir a d'eascair astu, agus an tionchar a bhí aige sin ar ard pholaitíocht na Breataine.

Is léir mianach an iriseora atá go smior i Seán Ó Cuirreáin, agus is léir an ualach taighde a rinne sé - ainneoin gur fhág sé fonótaí agus tagairtí ar lár ar mhaithe le soléiteacht don ghnáthléitheoir.

Is geal le scéinséir an leabhar atá scríofa aige, na sonraí fite fuaite ina bhréidín dhlúth scéalaíochta. Laochra agus rógairí ar mórán gach leathanach. Tugann sé tuiscint dúinn ar mheon muintir na hÉireann, iadsan a bhí díreach buailte leis an gcás agus an pobal mór.

Pléann sé go tuisceanach le polaiteoirí agus fórsaí an stáit. Tugann sé an cúlra stairiúil freisin a bhí ina bhreosla don éagóir de bharr eagla na húdaráis roimh cailleadh smachta.

Tá go leor léaráidí san leabhar - grianghrafanna de na fir a ciontaíodh san dúnmharú, idir soineanta agus ciontach. Grianghrafanna freisin de na pearsain eile sa chás; agus go leor cáipéisí a bhaineann leis.

Rinneadh Éagóir ar Mhaolra Seoighe, agus léiríonn an leabhar seo conas agus cén fáth.

Éagóir
Seán Ó Cuirreáin
Cois Life