Píosaí liom in áiteanna eile:

2017-04-28

Ag iomrascáil le Python

Blianta siar rinne mé iarracht dul i ngleic leis an dteanga ríomhaireachta Python. Ní raibh mé tógtha leis in aon chor. Tá spás bán riachtanach i gcomhréir Python - má tá an spás bán mícheart, tá an clár fabhtach. Ní raibh eagarthóir maith ar fáil dom. Shíl mé gur fabht sa dearadh an cinneadh braith ar spás bán le hais na lúibíní a bhí mé cleachtadh leo ó C agus Perl. Ní dhearna mé mórán leis.

Tá mé fillte ar le déanaí. Tá forbairtí déanta san teanga féin - leagan 3 ann anois, le hais leagan 2 an uair úd. Tá méadú mór ar na feidhmeanna atá ar fáil san teanga féin agus san leabharlann caighdeánach feidhmeanna.

Ach an éascaíocht is mó na go bhfuil teacht anois ar scata 'timpeallacht chomhtháite forbartha' - eagarthóirí ina bhfuil tiomsaitheoir don teanga neadaithe iontu, maraon le eolas faoina bhfuil sna leabharlanna. Baineann sin ualach mór oibre ón forbróir - fearacht litreoir agus gramadóir i bpróiseálaí focail, bíonn TCF ag scrúdú an méid a scríobhann an forbróir, ag fógairt botúin comhréire, ag moladh feidhmeanna as leabharlann.

Tá Python oiriúnach do roinnt modh oibre - dearadh bunaithe ar rudaí, nó clárú fheidhmeach, nó clárú de réir gnáis. Is féidir na paraidím seo a mheascadh agus an modh is fearr don fhadhb reatha a úsáid.

Tá tacaíocht fíor láidir san teanga chun a fheidhm céanna a chuir ag obair ar sraith sonraí - is féidir líne amháin a scríobh san áit go mbeadh sraith lúb neadaithe riachtanach i dteangacha eile.

Sa mhullach ar sin tá feabhas as cuimse tagtha ar na háiseanna foghlamtha ar líne, le leithéidí https://projecteuler.net/ http://exercism.io/https://www.hackerrank.com/ - suíomhanna idirlíon a chuireann fadhbanna clárúcháin ar fáil, agus a déanann promhadh ar an bhfreagra. Tá bunachair eolais agus taithí ar fáil freisin - leithéidí  https://stackoverflow.com/ áit a bhfuil scata réiteach samplach ar gach cheist faoin spéir.

Bheadh fainic amháin agam faoina leithéidí. Is minic go bhfuil réiteach na faidhbe éasca má tá na sonraí cruinn ceart ar fáil mar ionchur. Ach go hiondúil is gá scagadh agus glanadh a dhéanamh air an ionchuir - go dtí seo is beag béim ar sin atá feicthe agam sna suíomhanna.

Baineann an réiteach aon líne cliste leis an Modh Pythonic a bhfuil lucht Python tugtha dó - ach is féidir leis an toradh bheith doiléir go maith.

Mar sin féin is éachtach a bhfuil bainte amach ag foireann saorálaithe san teanga seo, ar thogra foinse oscailte é faoi stiúr a nDeachtóir Dea-mhéineach Saol Guido van Rossum.

(Tagairt don sraith grinn Monty Python is ea an ainm dála an scéil, seachas don nathair).

Saighead eile i mo bholgán gairmiúil atá ann anois!