Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label foinsí oscailte werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label foinsí oscailte werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-06-04

Foinse oscailte agus flaitheas dhigiteach

D'iarr Tús Áite orm píosa cainte a dhéanamh faoi bogearraí foinse oscailte, i bhfianaise roinnt rialtas san Eoraip a bheith ag tréigean Microsoft agus Google i dtreo bogearraí agus ríomhairí atá faoina smacht féin. (Ciallaíonn néalríomhaireacht "ríomhaire duine éigin eile"). An scéal seo a spreag Cearbhall le dul i dteagmháil liom. Tá oifig ar leith i Schleswig Holstein (ceann de na Stáit i bPoblacht cónaidhme na Gearmáine) ag spreagadh agus ag maoiniú comhlachtaí poiblí chun obair le foinsí oscailte agus sás a dhéanamh dóibh féin agus do chomhlachtaí eile. 

Tá an chaint le clos anseo. Seo gluais ar sin, mar a déarfá. 

Dúirt mé go raibh iarrachtaí ar bun ag rialtais bogearraí foinse oscailte a úsáid agus a oiriúnú dóibh féin. Tá sainmhíniu ar bogearra foinse oscailte anseo:

Tá neart ar bun - office.eu mar shampla, a chuireann malairt rogha ar bun do Microsoft Office. Luaigh mise Libre Office atá in úsáid agam féin le blianta. Tá comhéadan Gaeilge ar fáil, a bhuí le Kevin Scannell agus an Ríomhacadamh. 

Mar atá don brabhsálaí Firefox, atá in úsáid agam le breis agus deich mbliana. 

Rinne Marion Gunn, beannacht Dé lena hanam, ceannródaíocht ar úsáid foinsí oscailte chun an Ghaeilge a chuir ar fáil ar ríomhairí. Bhí baint aici roimhe sin le Gaeilge a chur ar táirgí Apple - Clarisworks. Chuir Apple deireadh thar oíche leis an gcomhoibriú. Ní féidir leis sin tarlú i gcás foinsí oscailte. Is an pobal - nó baill díograiseacha de - a dhéanann an obair, agus is leo an táirge. Tá an t-ádh linn go bhfuil leithéidí Kevin Scannell ag saothrú ar ár son!

Tugann bogearraí foinse oscailte deis do dhaoine an bogearra á mhúnlú mar is toil leo féin. Níl síntiúis bhliantúil riachtanach, mar atá á éileamh ag Microsoft agus Google agus a leithéid. Go deimhin tá fáil saor in aisce ar na táirgí, ach is féidir íoc as tacaíocht má tá sin de dhíth. 

Tá córas oibriúcháin Linux ar fáil, togra a bhfuil Linus Torvalds, Fionlannach ón mionlach a labhraíonn Sualainnis, ina thionscnóir air. Tá Linux ina chnámh droma ag an idirlíon. Agus tá leaganacha ar fáil do ríomhaire phearsanta. Tá Ubuntu in úsáid agam féin le cúpla bliain. Arís, tá comhéadan Gaeilge ar fáil. 

Tá an iliomad táirge foinse oscailte ann. Go minic is féidir iad a chur ag obair ar sean ríomhaire, murab ionann agus táirgí Microsoft a éilíonn crua earraí nua gach cúpla bliain de bharr a gcraos cuimhne agus cumhacht ríomhaireachta. 

Cuirimis an ríomhlóid chun cinn! 

2022-02-28

Foclach agus foinsí oscailte

Is sampla bhreá Foclach.com  de togra foinse oscailte; bunaithe ar an smaoineamh a bhí ag Josh Wardle - Wordle - atá anois díolta leis an NY Times de bharr an rath air. É sin é féin an chosúil leis an gcluiche tomhais Mastermind, seachas gur foccail seachas dathanna atá i gceist leis an rud atá le tomhas. 

Spreag a spéis i Wordle agus a mian barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge Linda a cuid scileanna mar dhearthóir agus códálaí JavaScript (teanga ifreannda i mo thuairim féin, ach uirlis oirúnach don bhfeidhm seo) chun cluiche a chruthú di féin. Fuair sí a thús óna mhacasamhail a rinne bean eile - Word master le Octokatherine. Clár atá ansin a cuireadh ar fáil ar GitHub mar fhoinse oscailte; mar atá an t-eolas a chnuasaigh MBM maidir le minicíocht focail as a d'eascair cuid den liosta de focail 5 litreach. Is liosta le háireamh an méid oibre atá déanta ag Michal don nGaeilge; ag obair le Fiontar nó ar a chonlán féin; agus fearacht Kevin Scannell é á chuir ar fáil mar foinse oscailte agus ag spreagadh daoine eile chun amhlaidh a dhéanamh, 

Creidim féin go bhfuil buntáistí móra sa chuir chuige seo - agus san modh oibre a léirigh Linda, sé sin leagan trialach a chuir ar líne, agus aiseolas an phobal a athrú chun snas agus feabhas a chuir air. (Ach ní aontaím le fáil réidh le "v"). 

Is é seo an taobh is fearr den idirlíon - uirlisí fearacht JavaScript a chuir ar fáil; suíomhanna fearacht GitHub chun cód a roinnt agus rudaí nua a chruthú agus a scaipeadh; na meán shoisialta chun cabhrú le cruthaitheoirí agus úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh.

Mar a dúirt mé blianta fadó ó shin in aighneacht a chuir mé faoi bhráid Foras na Gaeilge creidim go bhfuil féidirtheachtaí móra anseo don nGaeilge. Cé go bhfuil roinnt ábhar foilsithe acu ó shin, measaim go bhfeadfaí dul níos faide chun an t-ábhar a chuir ar fáil ar foinse oscailte; agus chuirfeadh sé sin deiseanna ar fáil.

Mar a dúirt mé i 2009: 

"Tá léargas le fáil ar an meon an saorálaí idirlín, agus conas mar a fheidhmíonn an cultúr, san aiste “Homesteading the Noosphere”  le E.S. Raymond.  An téis a nochtann sé ansin gur cultúr bronntanais, bunaithe ar aitheantas ó piaraí, atá san córas foinsí oscailte,rud atá fíor chomh maith faoi mór chuid den ábhar agus bonneagar ar an idirlíon."

Más mian libh is féidir tacú le Linda - tá costaisí ag baint le suíomh idirlíon agus a leithéid bainteach le foclach.com - anseo.

2021-07-23

Botún cló le toradh tromchúiseach

I ndiaidh dom alt a scríobh inné faoi ríomhchlárú agus intleacht shaorga léigh mé an t-alt seo maidir le botún tromchúiseach i Chrome OS, a d'fhág daoine gan rochtain ar a ngléasanna.

Chuir an míniú mearbhall orm i dtosach - "&" in áit "&&" a bhí i gceist. Ní bheadh a leithéid tromchúiseach i C - cé go bhféadfadh sé toradh mícheart a thabhairt. Is éard is ciall le "&" le dhá oibreann i C ná agus de réir giotáin - beidh an giotán san toradh fíor má tá an ghiotán san dá oibreann fíor. Mar shampla, ag úsáid uimhreacha déanárta:

0b1010 & 0b1011 => 0b1010.

ach

0b0101 & 0b1010 => 0b0000

I C ciallaíonn && agus loighice; má tá an dá oibreann fíor, beidh an toradh fíor. Níl an luach ar fíor sáinmhínithe, is ionann aon luach nach náid agus fíor. Go hiondúil, is 1 a bhaineann an tionsaitheoir feidhm as mar fíor.

Mar sin is ionann

0b1010 && 0b1011 = (0 != 0b1010) && (0 != 0b1011) => FÍOR = 1

agus

0b0101 && 0b1010 = (0 != 0b0101 ) && (0 != 0b1010 ) => FÍOR = 1

Bhí corr eile i gceist leis an bhfadhb a tháinig chun cinn i gcás Chrome, áit a bhfuil C++ in úsáid, agus brí beagáinín éagsúil i gceist le & agus &&. 

Tá feidhm loighice acu araon; ach má tá an oibreann ar chlé bréagach, ní dhéanann && an oibreann ar dheis a ríomh in aon chor. Seo, is, cosúil, an feidhm a spreag an fadhb.

std::string VaultKeyset::GetLabel() const {
  if (key_data_.has_value() & !key_data_->label().empty()) {
    return key_data_->label();
  }
  // Fallback for legacy keys, for which the label has to be inferred from the
  // index number.
  return base::StringPrintf("%s%d", kKeyLegacyPrefix, legacy_index_);
}

Dá mbeadh && úsáidte, agus dá mbeadh key_data_.has_value() bréagach, ní ríomhfaí in aon chor key_data_->label().empty(). Déanaim amach, sa chás go raibh an chéad oibreann bréagach, nach mbeadh an dara ceann bhailí, agus go mbeadh fabht ann dá ndéanfaí iarracht é a ríomh.

Is cosúil, dar liom, go raibh feidhm nua a thabhairt isteach diaidh ar ndiaidh, ach go raibh an sean feidhm ("legacy keys") de dhíth dáiríre. Shamhlóinn freisin gurb é sin an chúis nár aimsigh na scrúdaithe an fhadhb sular scaoileadh é - go raibh siad ag díriú ar an feidhm nua a bheith ag obair ceart. Ba cheart ar ndóigh bheith cinnte, má tá seanfeidhmeanna in úsaid, nach bristear iad. Ach is éasca do forbróir dearmad a dhéanamh ar an tsean-rud!

Is minic, san ríomhchlárú, go mbíonn fabht tromchúiseach mar thoradh ar bhotún fánach mar seo. 

2021-04-15

An bhfaca tú m'ingearán,...

Sol 54: R Mastcam-Z Camera, 11:31:27.832 (meán am gréine áitiúil), cearta íomhá: NASA/JPL-Caltech/ASU. Faighte ó @persevereimgbot

Tá ingearán triallach seolta ag NASA in éineacht leis an taiscéalaí Persevere go Marsa. Bhí a chéad eitilt le bheith aige an tseachtain seo, ach tá sé curtha siar píosa.

Is amhlaidh gur stop píosa trealaimh sábháilteachta - an cú faire - an ríomhaire ar bord an ingearán agus iad i mbun trialacha chun an rótar a cuir ag casadh ar ardluas.

Is éard atá sa chú faire ná clog crua earra. Caithfidh an ríomhaire "sonc" a thabhairt dó go rialta chun dearbhú go bhfuil rudaí ag dul i gceart. Go hiondúil bíonn córas oibriúcháin, nó ar a laghad bainisteoir tascanna i gceist lena leithéid de ríomhaire. I gcás Ingenuity is creatlach bogearraí a chruthaigh JPL agus atá curtha ar fáil mar fhoinse oscailte, F' atá i gceist. Córas atá bunaithe ar Linux. 

Chun go bhfeidhmeoidh bogearra neadaithe i gceart, ní leor go mbeadh an freagra ceart ríofa - caithfidh an freagra a bheith ar fáil ag an am ceart. Níl iniúchadh ar an bhfabht feicthe agam, ach ón méid a thuig mé sa ghiota gairid d'agallamh le ceannaire an misean seo, is guais ráis de chineál éigin atá siad ag plé leis. Níor tharla rudaí san am ceart, nó san ord ceart, agus mar sin níor tugadh sonc don cú faire in am, agus stop an crua earra an ríomhaire.

Is cosúil gur éirigh leo na cúinsí a aithint leis an samhail innealtóireachta ar an dtalamh. Tá réiteach faighte acu air freisin, de réir mo thuisceana. Tá tuairiscí feicthe agam nach bhfuil sa leasú ach "athscríobh cúpla líne cód" ach go bhfuil gá le leagan iomlán nua den bogearra. An tátal a bhainim as sin ná go rabht fabht éigin i gcumraíocht an chórais oibriúcháin - bheadh tionchar ag athrú beag ansin ar an mbogearra trí chéile.

 Beidh go leor promhadh le déanamh ar an leagan leasaithe don mbogearra chun cinntiú nach bhfuil an réiteach tar éis rud éigin a bhriseadh - feachtas ar a tugtar "tástáil chúlchéimnithe".  De ghnáth beidh an tástáil seo uathoibríoch, ach fós féin beidh am de dhíth chuige. Ansin beidh orthu an leagan nua a sheoladh go Mars. I dtosach go dtí an árthach atá i bhfithis ar Mhars, ansin go dtí an taiscéalaí Persevere agus ar aghaidh go dtí an ingearán.

Is turgnamh ar go leor bealaí an ingearán seo. Tógadh é le gnáth crua earraí "anuas den seilf" seachas crua earraí deartha agus profa don spás, agus leis na bogearraí foinse oscailte, Linux san áireamh - córas nár dearadh ón mbonn aníos le bheith ábalta feidhmiú i "fíor am chrua" - sé sin gur féidir cinntiú roimh réidh an t-ord ina tharlóidh tascanna agus an am a ghlacfaidh siad sa chás is measa.
 
Bhí siad ag dul go mór sa tseans, mar sin. Is deacair gach cás a phromhadh do mhisean dá leithéid - go háirithe toisc go bhfuil éiginnteacht faoin timpeallacht ar Mhars. Ach má éiríonn leis an turgnamh, beidh eolas fíor luachmhar faighte. Agus fiú má theipeann air, beidh go leor foghlamtha. 
 
Is cuid de feachtas córasach misean atá anseo,  comhoibriú idir NASA agus ESA, agus tá sé i gceist ábhar ó Mhars a sheoladh ar ais go dtí an domhain seo. Sin scéal d'oíche eile.

Ach is léir, ainneoin foirne móra d'innealtóirí oilte agus promhadh cúramach, go mbíonn rudaí gan choinne i ngach misean mar é. (Dá mbeadh coinne leo, bheadh rud éigin déanta chun iad a chosc!)


2017-04-28

Ag iomrascáil le Python

Blianta siar rinne mé iarracht dul i ngleic leis an dteanga ríomhaireachta Python. Ní raibh mé tógtha leis in aon chor. Tá spás bán riachtanach i gcomhréir Python - má tá an spás bán mícheart, tá an clár fabhtach. Ní raibh eagarthóir maith ar fáil dom. Shíl mé gur fabht sa dearadh an cinneadh braith ar spás bán le hais na lúibíní a bhí mé cleachtadh leo ó C agus Perl. Ní dhearna mé mórán leis.

Tá mé fillte ar le déanaí. Tá forbairtí déanta san teanga féin - leagan 3 ann anois, le hais leagan 2 an uair úd. Tá méadú mór ar na feidhmeanna atá ar fáil san teanga féin agus san leabharlann caighdeánach feidhmeanna.

Ach an éascaíocht is mó na go bhfuil teacht anois ar scata 'timpeallacht chomhtháite forbartha' - eagarthóirí ina bhfuil tiomsaitheoir don teanga neadaithe iontu, maraon le eolas faoina bhfuil sna leabharlanna. Baineann sin ualach mór oibre ón forbróir - fearacht litreoir agus gramadóir i bpróiseálaí focail, bíonn TCF ag scrúdú an méid a scríobhann an forbróir, ag fógairt botúin comhréire, ag moladh feidhmeanna as leabharlann.

Tá Python oiriúnach do roinnt modh oibre - dearadh bunaithe ar rudaí, nó clárú fheidhmeach, nó clárú de réir gnáis. Is féidir na paraidím seo a mheascadh agus an modh is fearr don fhadhb reatha a úsáid.

Tá tacaíocht fíor láidir san teanga chun a fheidhm céanna a chuir ag obair ar sraith sonraí - is féidir líne amháin a scríobh san áit go mbeadh sraith lúb neadaithe riachtanach i dteangacha eile.

Sa mhullach ar sin tá feabhas as cuimse tagtha ar na háiseanna foghlamtha ar líne, le leithéidí https://projecteuler.net/ http://exercism.io/https://www.hackerrank.com/ - suíomhanna idirlíon a chuireann fadhbanna clárúcháin ar fáil, agus a déanann promhadh ar an bhfreagra. Tá bunachair eolais agus taithí ar fáil freisin - leithéidí  https://stackoverflow.com/ áit a bhfuil scata réiteach samplach ar gach cheist faoin spéir.

Bheadh fainic amháin agam faoina leithéidí. Is minic go bhfuil réiteach na faidhbe éasca má tá na sonraí cruinn ceart ar fáil mar ionchur. Ach go hiondúil is gá scagadh agus glanadh a dhéanamh air an ionchuir - go dtí seo is beag béim ar sin atá feicthe agam sna suíomhanna.

Baineann an réiteach aon líne cliste leis an Modh Pythonic a bhfuil lucht Python tugtha dó - ach is féidir leis an toradh bheith doiléir go maith.

Mar sin féin is éachtach a bhfuil bainte amach ag foireann saorálaithe san teanga seo, ar thogra foinse oscailte é faoi stiúr a nDeachtóir Dea-mhéineach Saol Guido van Rossum.

(Tagairt don sraith grinn Monty Python is ea an ainm dála an scéil, seachas don nathair).

Saighead eile i mo bholgán gairmiúil atá ann anois!