Ba fir riaracháin an dream a chum na rialacháin, agus is iad a bhí i mbun teagasc. Ba mo leithéidí, faolchon liath le taithí na blianta ar dearadh, promhadh agus cáipéisíocht bogearraí. Coilm againn uile ó bheith ag iomrascáil le caighdeáin, agus riarthóirí agus níos measa fós iniúchóirí a bhí dall ar ár obair agus iadar a ndícheall pionna cearnógach an bogearra a dhingeadh i bpoll cruinn an crua earra.
2024-10-04
Is bách iad lucht aon cheirde
Ba fir riaracháin an dream a chum na rialacháin, agus is iad a bhí i mbun teagasc. Ba mo leithéidí, faolchon liath le taithí na blianta ar dearadh, promhadh agus cáipéisíocht bogearraí. Coilm againn uile ó bheith ag iomrascáil le caighdeáin, agus riarthóirí agus níos measa fós iniúchóirí a bhí dall ar ár obair agus iadar a ndícheall pionna cearnógach an bogearra a dhingeadh i bpoll cruinn an crua earra.
2022-09-14
Siondróm an innealtóra sona
![]() |
Budai, íomhá le Mike Peel CC BY SA 4.0, nasc |
2022-02-28
Foclach agus foinsí oscailte
Is sampla bhreá Foclach.com de togra foinse oscailte; bunaithe ar an smaoineamh a bhí ag Josh Wardle - Wordle - atá anois díolta leis an NY Times de bharr an rath air. É sin é féin an chosúil leis an gcluiche tomhais Mastermind, seachas gur foccail seachas dathanna atá i gceist leis an rud atá le tomhas.
Spreag a spéis i Wordle agus a mian barr feabhais a bhaint amach sa Ghaeilge Linda a cuid scileanna mar dhearthóir agus códálaí JavaScript (teanga ifreannda i mo thuairim féin, ach uirlis oirúnach don bhfeidhm seo) chun cluiche a chruthú di féin. Fuair sí a thús óna mhacasamhail a rinne bean eile - Word master le Octokatherine. Clár atá ansin a cuireadh ar fáil ar GitHub mar fhoinse oscailte; mar atá an t-eolas a chnuasaigh MBM maidir le minicíocht focail as a d'eascair cuid den liosta de focail 5 litreach. Is liosta le háireamh an méid oibre atá déanta ag Michal don nGaeilge; ag obair le Fiontar nó ar a chonlán féin; agus fearacht Kevin Scannell é á chuir ar fáil mar foinse oscailte agus ag spreagadh daoine eile chun amhlaidh a dhéanamh,
Creidim féin go bhfuil buntáistí móra sa chuir chuige seo - agus san modh oibre a léirigh Linda, sé sin leagan trialach a chuir ar líne, agus aiseolas an phobal a athrú chun snas agus feabhas a chuir air. (Ach ní aontaím le fáil réidh le "v").
Is é seo an taobh is fearr den idirlíon - uirlisí fearacht JavaScript a chuir ar fáil; suíomhanna fearacht GitHub chun cód a roinnt agus rudaí nua a chruthú agus a scaipeadh; na meán shoisialta chun cabhrú le cruthaitheoirí agus úsáideoirí cumarsáid a dhéanamh.
Mar a dúirt mé blianta fadó ó shin in aighneacht a chuir mé faoi bhráid Foras na Gaeilge creidim go bhfuil féidirtheachtaí móra anseo don nGaeilge. Cé go bhfuil roinnt ábhar foilsithe acu ó shin, measaim go bhfeadfaí dul níos faide chun an t-ábhar a chuir ar fáil ar foinse oscailte; agus chuirfeadh sé sin deiseanna ar fáil.
Mar a dúirt mé i 2009:
"Tá léargas le fáil ar an meon an saorálaí idirlín, agus conas mar a fheidhmíonn an cultúr, san aiste “Homesteading the Noosphere” le E.S. Raymond. An téis a nochtann sé ansin gur cultúr bronntanais, bunaithe ar aitheantas ó piaraí, atá san córas foinsí oscailte,rud atá fíor chomh maith faoi mór chuid den ábhar agus bonneagar ar an idirlíon."
Más mian libh is féidir tacú le Linda - tá costaisí ag baint le suíomh idirlíon agus a leithéid bainteach le foclach.com - anseo.
2021-04-15
An bhfaca tú m'ingearán,...
2021-02-05
Neamhuimhreacha
2020-07-01
Guais, priacal, agus ChÍIFGR
"le córas forbartha bogearraí atá thar an gcoitiantacht maith, is féidir an ráta fabhtanna a bhrú faoi ceann in aghaidh an deich míle líne cód"
priacal = dóchúlacht tarlú * troime iarmhairt
2018-10-29
Nodaireacht Ungárach - Racht!
Mar sin féin, tá "bogearraí ag ithe an domhan". Is mithid feabhas a chuir air chun mór fhabhtanna tubaisteacha a sheachaint, ach tá sé ag éirí níos deacra sin a dhéanamh. Bhí éifeacht tubaisteach cheana féin ag fabht bogearra ar an stocmhalartán . Tá gluaisteáin - fiú iadsan le tiománaithe daonna - lán le bogearraí. Agus iad ag éirí uathoibríoch, d'fheadadh bogearra lochtach go leor básanna a bheith mar thoradh air. Tá boladh na fírinne, dar liom, ar ghearrscéal Cory Doctorow - Car Wars.
Is fada iarrachtaí ar bun laistigh den ngairm chun rudaí a feabhsú. Agus cabhraíonn coinbhinsiúin áirithe. Is cuma leis an ríomhaire nó an tiomsaitheoir cén ainm atá ar athróg sa chód. Ach is mór an chabhair é don ríomhchláraitheoir nó don cigire ainm oiriúnach soiléir. Is minic rialacha ag togra chun ainmneacha maithe a roghnú chun go mbeadh an tuiscint céanna ag gach duine orthu. Agus roghnaithe i gceart, is féidir leo fabhtanna a sheachaint. Tá aiste ana mhaith ag Jeol Spolsky ina phléann sé conas is féidir le hainmneacha maithe fabhtanna a sheachaint - i dteaghrán, ceann de na cineál sonraí is mó a mbíonn fabhtanna i gceist leo.
"Nodaireacht Ungárach" an córas a phléann sé - ainm a tugadh air mar gurb é Charles Simonyi (de bhunadh na hUngáire) a chéad mhol é i Microsoft, agus gur mheas (Béarlóirí) gur chuir na réimíreanna - ar dhlúthchuid iad den córas - cuma Ungárach ar ainmneacha. Bá é moladh Simonyi go mbeadh sé soiléir cén "cineál" ruda a bhí i gceist le hathróg agus go mbaineadh an réimír céanna le neacha arbh den gcineál céanna iad, i. go raibh ciall leis an obráid céanna a oibriú orthu. Bhí Simonyi ag plé le feidhmchláir ina raibh tábhacht ar leith abair, nach meascfaí uimhreacha a thagair d'ionad a bhí coibhneasta don scáileáin agus uimhir a thagair do ionad ar leathanach "samhalta" an fheidhmchláir.
Ar an ndrochuair, beagnach ar an bpointe shleamhnaigh míthuiscint isteach in úsáid an chórais agus baineadh feidhm as chun an aonaid a bhí in úsáid ag an ríomhaire chun an athróg a stóráil a chuir in iúl. Beart, slánuimhir 16 giotán atá i gcónaí dearfach (gan comhartha), slánuimhir ar féidir leis bheith dearfach nó diúltach agus araile. Eolas riachtanach, cinnte - ach is annamh é bheith riachtanach don ríomhchláraitheoir agus tá uirlisí uathoibríocha - an tiomsaitheoir féin - a thabharfadh rabhadh faoi bhotúin ann.
Bhí an cód a bhí á láimhseáil agam breac leis an gcineál nodaireacht seo - agus de bharr na réimír (agus cúpla lúb seafóideach eile sa chóras ainmniúcháin acu, fearacht an scóip a cheangal leo freisin) ba bheag eolas faoin athróg féin a bhí fágtha san ainm. Níor chabhraigh sé scaití go raibh an bunchineál míchruinn...
Ar an ndrochuair, tá sé rómhall an nós seo a athrú sa chód (ó chuideachta eile) a bhí á iniúchadh agam. Agus sin fáth mo rachta abhus....
2017-10-10
Ceansú conriocht na mbogearraí
Chuir Dennis alt faoi mo bhráid le déanaí, ag maíomh go bhfuil modhanna nua ríomhchláraithe de dhíth chun 'apacailipsis bogearraí' a sheachaint. Dearadh ar leibhéal níos airde, ag baint feidhm as samhail agus giniúint cód uaidh an moladh a bhí san alt mar réiteach gach fhadhb.
Tá caint ar ghéarchéim i mbogearraí ó na 1960í ar a laghad. Bhí dhá chomhdháil faoi scáth NATO an uair úd leis na deacrachtaí a phlé, a d'fhág go raibh tograí níos daoire ná bhí beartaithe agus go raibh ag teip ar mórán acu a sprioc a bhaint amach.
Ó shin i leith, tá forbairt as cuimse tagtha ar chrua earraí ríomhaireachta agus tá, mar a deir an mana, bogearraí ag ithe an saol.
Níl leigheas tagtha ar an mbundeacracht áfach. Tá dearadh bogearraí deacair, agus anois is arís meabhraíonn tubaiste follasach é sin don bpobal ginearálta.
Is fíorannamh áfach gur botún simplí códála atá i gceist. Go hiondúil, fiú má tá botún códála bainteach leis an teip, bíonn cúinsí eile i gceist a nochtann an fhadhb. Cúinsí nár chuir na dearthóirí san áireamh.
Bíonn cúiseanna go leor leis sin. Má éiríonn go maith le bogearra, úsáidtear ar dhóigheanna nua é, nár smaoinigh na dearthóirí air. Nó go deimhin ar dhóigh a sháraíonn cúinsí a rinne na dearthóirí talamh slán daoibh. Cuirtear in úsáid ar ríomhaire nua é, nó i dtimpeallacht nua.
Sampla maith is ea tubaiste Ariane 5. Baineadh feidhm as braiteoir luasghéaraithe a d'oibrigh iomlán ceart in Ariane 4. Ach bhí Ariane 5 níos cumhachtaí agus luasghéarú níos airde i gceist, sa chaoi is go ndeachaigh an luach as raon agus gur theip ar an ríomhaire. B'éigean an roicéad a scrios toisc go raibh sé as smacht. (Bhí castachtaí eile i gceist, ach b'shin an splanc a ghin an teip)
Scríobh Fred Brooks aiste cháiliúil sna 1980í ag idirdhealú idir eisint agus aicíd (sa chiall fealsúnachta) bogearraí.
B'é a mhaíomh siúd gurb i ngleic leis na haicíd a bhí na forbairtí éagsúla modheolaíochtaí agus uirlisí ag dul i ngleic. Cuireann siad le táirgiúlacht cinnte, agus le cruinneas go pointe. Ach ní ghabhann siad i ngleic leis an mbundeacracht. Easpa cumas samhlaíochta na ndearthóirí!
Feidhmíonn samhail go maith i réimsí eile deartha de bhrí go seasann an samhail do rud éigin san fíor saol, agus is féidir le fiú tútach meabhair éigin a bhaint as. Agus tá taithí na blianta leis na comhábhair, a húsáidtear arís is arís agus go bhfuil tuiscint maith orthu.
Ní fíor sin faoi bhogearraí, agus níl aon samhail aontaithe a thuigeann cách. Fiú le leithéid UML (an teanga aontaithe samhaildheartha) agus ionsamhaileoirí fearacht Simulink tá an bunfhadhb ann. A bhfuil ón úsáideoir a cheapadh maille gach gné agus castacht, agus é sin a bhriseadh síos go mion i treoir do ríomhaire.
Ní haon iontas na tubaistí. An t-iontas ná, ar an mórgóir, go n-oibríonn rudaí sách maith an chuid is mó den am.
Gné nár luaigh mé, agus a chuireann go mór le castacht, ná go mbíonn an cuma air gur beag costas bogearraí a athrú, mar gur féidir (mar a chíonn muid uilig chuile lá) leasaithe a scaipeadh tríd na líonraí.
Rud a chuireann leis an deacracht nuair atá bogearraí idirspleácha ar ríomhaire nó guthán glic (atá i bhfad Éireann níos cumhachtaí ná ríomhairí na seascaidí!)
Ní chloífear an conriocht fós, ceal piléar airgid.
2009-08-20
Béarla San Seoirse
