Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-04

Is bách iad lucht aon cheirde

Bhí mé ar chúrsa oiliúna i Lucsamburg i rith na seachtaine. Traenáil maidir le conas rialacháin nua Eorpacha a chuir i bhfeidhm - ó táimid ag plé le haerthrácht, tá sábháilteacht, iontaoibh agus slándáil tábhachtach do idir crua agus bogearraí.


D'fhéadfadh ualach oibre eascairt as rialacháin dá leithéid, go háirithe má sé dréachtaithe go holc agus cuir agus cúiteamh faoi cén tuiscint a bhaint as. Tá col ag innealtóirí le hobair in aisce dá leithéid nach gcuireann dáiríre le iontaofacht an táirge. Baineann an rialachán le crua earraí agus bogearraí araon, ach ba líonmhaire an dream inár measc a bhí ag plé le bogearraí, nó ar a laghad le córais a bhfuil bogearraí lárnach ina fheidhm. 

Tá deacrachtaí ar leith le bogearraí. Is féidir crua aire a láimhseáil, a mheá, a thomhas. Is féidir píosa amháin as sraith a phromhadh go pointe a scriosta, más gá, agus bheith muiníneach go mbeidh iompar gach píosa sa sraith déantúsaíochta a bheag nó a mhór díreach mar an gcéanna. Is féidir modh staitistiúil a chuir i bhfeidhm. Tá corpas mór taithí agus eolais ann maidir le hiompar crua earraí agus éifeacht teasa agus araile orthu. 

Ní hamhlaidh do bhogearraí. Is rud ar leith gach córas bogearraí. Má tá fabht ann, beidh an fabht sin ann gach uair a bhíonn na cúinsí mar an gcéanna. 

Ach go háirithe i gcás bogearra a mbíonn paraiméadair i gceist lena chumrú. Tá sé nach mór dodhéanta gach iomalartú agus teaglaim a phromhadh, agus is beag ciall a bheadh ina leithéid, mar is líon ana bheag de na teaglaim a úsáidfear. Abair go bhfuil 10 paraiméadar ann. Agus 10 luach féideartha ag gach ceann. Mar sin is féidir iad a chuir le chéile ar 100! bealaí (mura bhfuil botún i mo réasúnaíocht). Sin 
9.332622e+157 (9 agus 157 náid ina dhiaidh!) promhadh a bheadh de dhíth.... Ach is codán fíor bheag a bheadh i gceist, agus tharlódh pé acu na paraiméadar a bheith iomlán neamhspleách ar a chéile, nó dlúthcheangal a bheith eatarthu sa dóigh is go mbeadh srian ar luachanna féideartha ceann de bharr luach cinn eile. Is féidir, agus is gá anailís a dhéanamh ar sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh úsáideoir luach neamhbhailí a chuir i gcrích. Tá srian ar an méid gur féidir leis an dearthóir a dhéanamh chun sin a chosc, toisc nach féidir réchonn foirfe a bheith ag an dearthóir. 

Ba fir riaracháin an dream a chum na rialacháin, agus is iad a bhí i mbun teagasc. Ba mo leithéidí, faolchon liath le taithí na blianta ar dearadh, promhadh agus cáipéisíocht bogearraí. Coilm againn uile ó bheith ag iomrascáil le caighdeáin, agus riarthóirí agus níos measa fós iniúchóirí a bhí dall ar ár obair agus iadar a ndícheall pionna cearnógach an bogearra a dhingeadh i bpoll cruinn an crua earra.
 
Réitigh muid go seoigh le chéile dá réir. An greann dóite céanna i gcoitinne againn. Bhain mé an-súp as an cuir agus cúiteamh agus na comhráite cois caife agus lóin.
 
Bhí réimse spéisiúil cúraimí i gceist - toisc réimse comhlachtaí agus údaráis a bheith i láthair.
 
Bhí cineál trua agam d'ionadaí na háisíneachta - déarfainn gur bhreac sé níos mó nótaí ná an chuid eile againn le chéile! Is iomaí ceist go raibh ar a fhreagairt a chuir ar athló chun dul i gcomhairle lena chomhghleacaithe (arbh é an locht is mó atá orthu ná nach bhfuil a dóthain acu ann chun an cúram a dhéanamh go tráthúil)
 
 Is féidir méid áirithe a dhéanamh le comhdháil ar líne, ach níl sárú ar bheith in aon seomra, go háirithe nuair a bhíonn deiseanna an do chomhrá thar chaife (nó leann!)
 
Agus bhí deis agam idir Gearmáinis agus Spáinnis a labhairt!