Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-05

Crosbhóthar troda, siogairlín na n-uaisle, agus anois ardchathair Eorpach


 
Cúrsa oiliúna a thug go Lucsamburg mé an tseachtain seo. I Sligeach a thosaigh m'aistear. Ó tharla go raibh bus ó Sligeach ag freastail ar Aerfort Átha Cliath, bheartaigh mé an bhus sin a ghlacadh chun go mbeadh mo nuachar in ann filleadh abhaile gan timpeall chun an aerfort a dhéanamh - bheadh trácht le sárú. Bhí mé i bhfad ró luath san aerfort, ar ndóigh. Ní áit aerfort ar maith liom. Ach d'éirigh liom dul tríd an seiceáil slándála sách gasta. Caith mé béile, agus ansin chuaigh mé ar tóir an ngeata. Toisc gur eitleán beag a bhí i gceist fuair mé mé féin i gcúinne iargúlta den aerfort i bhfad ó fothragadh na siopaí. Bhí sé deas ciúin. Bhí deis agam leabhar a léamh (ar mo ghléas ilfheidhmeach ar a dtugtaí tráth fón póca, mar a tharlaíonn). Faoi dheireadh bhí sé in am aghaidh a thabhairt an an eitleán. Cúpla uair d'eitilt agus bhaineamar Lucsamburg amach.

Ní raibh mé baileach cinnte cén bus a thógáil go lár na cathrach, agus ní raibh treoir Google soiléir. Ach bhí beirt a chuala mé i mbun Gaeilge san aerfort i mBaile Cliath suite i mbus. Lorg mé a gcomhairle. Bus & tram mhol siad. Tá iompar poiblí saor in aisce ar fud stáitín Lucsamburg!

Bhain mé an t-óstán agus mo leaba amach gan dua. Seomra beag aonair a bhí curtha in áirithint agam, agus tháinig sé lena thuairisc. Ní raibh an seomra mórán níos leithne na faid an leaba aonair. Ach bhí sé glan agus ciúin - fuinneog a d'oscail ar chlós inmheánach.

 
Bhuail mé le mo chomhghleacaí a bhí tar éis eitilt níos luath a fháil ar an Luain ag an céadphroinn. Buifé flúirseach ar an nós Eorpach - arán, cáis is ispín agus araile. Agus uibheacha cruabhruite. 

Bhaineamar amach an ionad oiliúna gan dua ar bith ar bhus. Tar éis an lae oiliúna, d'fhágamar na ríomhairí glúine ar ais san óstán agus chrom ar siúl.
 
Má bhí mé sa Lucsamburg riamh cheana is fadó a bhí sé, agus mé i mo ghasúr óg. Níl aon chuimhne agam air. Ní raibh aon taighde déanta agam. Bhí cuid den gcathair feicthe againn ón mbus. Tá gleann domhain gaineamhchloch i lár na cathrach agus cosáin deasa siúlóide tríd agus tarbhealaigh go hard os a gcionn. Siúlamar ar bhun an ghleanna tamaill, agus ansin suas go dtí lár na cathrach. Ní raibh an ardeaglais ar oscailt faraor. 

Bhí foirgnimh cuanna gnó agus riaracháin thart, cuid mhór acu sa gaineamhchloch geal. Bhur ndúshlán Teampall a aithint thar banc sa phictiúr thuas! 

Tharraing an “Gëlle Fra”  (Bean órga) ar bharr colún ár n-aird. Cuimhneachán cogaidh, don chéad ár Eorpach i dtosach. Tógadh i 1923 é. Agus an Lucsamburg gafa ag na Naitsithe san dara ár Eorpach, rinneadh é a scrios. Bhí sé ró fhranc-bhách do na húdaráis nua. Bhí imní ar an péas rúnda go spreagfadh a scrios agóidí, agus cuireadh ar an méar fhada é tamall. Ach fuair na húdaráis an lámh in uachtar ar an Sicherheitsdienst. Leagadh an cuimhneachán. Scaip ceannairc i measc aos léinn (Caitliceach don mórchuid) agus Roude Léiw erwech A Leoin Dearg, múscail. (Tagairt d'armas an Groussherzogtum Lëtzebuergesch - Ard-Diúcacht Lucsamburg) Atógadh tar éis an chogaidh é, má thuigim i gceart é is cóip den bhean órga atá air agus an bunchóip in iarsmalann éigin. Rud a bhain siar asam beagán ná go raibh Cogadh an dá Chóiré luaite. Bhí dearmad déanta agam go raibh trúpaí faoi scáth na Náisiúin Aontaithe páirteach ansin. Bhí baicle as an Lucsamburg ann mar chuid den grúpa Beilgeach, agus fuair dornán acu bás.

Ó tharla go Lucsambuirgis na samplaí atá tugtha agam thuas, is mithid cúpla focal maidir le cúrsaí teanga. 
 
Canúint den Ghearmáinis is ea Lucsambuirgis - samhlaím féin é mar leathbhealach idir Gearmáinis agus Ísiltíris - ach tá tionchar láidir ón bhFraincis air. Agus mé ag seiceáil isteach phléigh mé cúrsaí teanga leis an doirseoir oíche (arbh móidín de chuid troda Conor McGregor é, cé go ndúirt sé go raibh col aige lena charachtar lasmuigh de sin). Dar leis Mundart - canúint labhartha amháin - is ea Lucsambuirgis. Ach chonaic mé neart di scríofa. Tá stair rialaitheoirí Lucsamburg ón gCúnta Siegfried ar aghaidh anseo. Ba mhinic gurb seilbh tánaisteach a bhí i gceist, ach clocha eile níos mó ar phaidrín an prionsa. Is iondúil gurb Fraincis a bhí mar theanga riaracháin.  Is ea fós. Ach chuala mé Lucsambuirgis á labhairt.  

Ní léir dom cé na cúinsí a roghnaítear teanga fógraíochta thar a chéile ann. I gcásanna áirithe, go pragmatach feictear dom - bhí Gearmáinis ar chnaipí agus araile ar an mbus. Is dócha gur ceannaíodh ann é. Chonaic mé fógraí Fraincise freisin ar an mbonn céanna. Ach bhí Lucsambuirgis measartha coitianta sna fógraí freisin.
 


Níor aimsigh muid proinnteach le biachlár áitiúil, agus faoi dheireadh d'ith muid béile Iodálach, ach beoir áitiúil leis. 
 
Siopadóireacht is mó a rinneamar tar éis an chúrsa Céadaoin agus bhíomar i mbialann Gréagach.

Tá roinnt forais de chuid an AE i Lucsamburg - An Banc Infheistíochta, riaracháin na Parlaiminte agus an Chúirt. Tá ceathrú Eorpach ann lán foirgnimh móra taibhsiúla - chuaigh muid tharstu toisc go bhfuil an ceathrú sin idir lár na cathrach agus Kirchberg áit a raibh an cúrsa. Go leor ar dhath an óir, neart gloine agus araile. Sráideanna ainmnithe as leithéidí Konrad Adenauer na Gearmáine nó Robert Schumann & Jean Monnet na Fraince.

Turas tairbheach ar go leor bealaí.