Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-01

Damhsa aos sí i Sligeach




Ó chuaigh mo mhac le ceol Opera táim ag freastal níos minice ar ócáidí toisc é bheith ar an stáitse. An seal seo, siar go Sligeach a thugamar ár n-aghaidh. Féile Barócach Shligigh.

Chuir muid fúinn in Eachrois cois trá, leathuair sa ghluaisteán ó Bhaile Shligigh. Ghlac an déagóir páirt i gceardlann damhsa Barócach ar an Satharn, ach seachas sin is ar Fairy Queen Purcell in amharclann Hawk's Well amháin a d'fhreastail muid.

Sraith masque, damhsaí agus ceoil tógtha thart ar dhráma Shakespeare atá i gceist. San léiriú seo bhí béim ar leith ar an damhsa. Bhí ceoltóirí ón gCróit agus Vín páirteach chomh maith le Oirfidigh Handel Londain. Iad uilig ag seinm ar uirlisí ar déanamh na linne. Slua óg amhránaithe. (Cuireadh ar stáitse sa Chróit é cúpla mí ó shin leis an gcliar céanna). 

Mar mhím a cuireadh na míreanna drámaíochta i láthair, guth ón gcúlra ag cuir na míreanna i láthair. 

Dearadh stáitse simplí - dhá ríchathaoir ar stáitse folamh. 

Bhí béim ar leith ar na damhsaí, saothrú nua déanta orthu bunaithe ar aimsiú nodaireacht comhaimseartha do na damhsaí. 

Ar ndóigh, is le cuir i láthair Liam Buí agus a céile a cumadh an leath-Opera seo, breithlá Oberon ag meabhrú breithlá agus cothrom lae pósta an Rí (ar ghnóthaigh an pósadh céanna Coróin Shasana agus coróin Éirinn dó ar ball...)

Bhí cuid de na damhsaí cúirtéiseach, maorga. Ach bhí fronsa agus spraoi i gceist freisin. Rince na bhfear glas, nó rince lucht bainte tuí. Ana obair déanta ag an saineolaí damhsa Mary Collins

Trí mór ról a bhí ag Fionn s'againne - an File meisce a thagann ar choisir aos sí agus a céastar acu. Codladh, agus é in éineacht le Rúndacht, Diamhaire agus Oíche ag mealladh Titania chun suain, agus ag bronnadh deis dá réir ar Puck agus a ghiolla Puckette chun mioscais a imirt uirthi agus ar a mac altrama a déantar asal as. (Bhí an leaid óg sa pháirt sin iontach maith!) Agus ar deireadh, Hymen, dia an phósta i mír sollúnta ar deireadh. 

Sheas Mercè Bruguera Abelló amach dom, go háirithe agus í ag caoineadh a cás mar bhean tréigthe. Agus bhí crosánacht Seán Tester, agus é i ról Mopsa cúthail mealltach nóthálta ar fad, agus é ag mealladh sean scairt gáirí ón bpobal. 

Bhí an chliar ar fad iontach maith, idir ceol, aisteoireacht agus damhsa.