Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-13

Reathaithe Neimhidh

Tá an fear a reáchtálann an dá chiorcal comhrá i mBaile an Chinnéidigh a fhreastalaím orthu gníomhach i neart grúpaí eile, ceannródaíoch go minic. Ghoill sé air siúd freisin go raibh an baile sna ceannlínte de dheasca agóid lucht fuatha nuair a bhí caint ar champa d'iarrthóirí tearmann a lonnú sa bhaile. Rud a rinneadh ainneoin na hagóidí.

Tá sé gníomhach sna Sanctuary Runners, dream a théann ag rith uair sa tseachtain in éineacht le teifigh. Luaigh sé go dtéann roinnt daoine ag siúl seachas ag rith - rud a d'fheilfeadh níos fearr domsa. Bheartaigh mé dul agus féachaint inné. Tá an campa píosa lasmuigh den mbaile, agus ní raibh mé cinnte cén fhad a thógadh sé orm siúl. Mar sin bhí mé i bhfad ró luath agus ag crochadh thart tamaill. Níl cosán ár bith ar feadh cúpla céad méadar roimh an ionad.

Tá cuma thar a bheith gruama ar an áit. Balla miotail go maith thar m'airde. Dath donn. Tuilsoilse. Ceamaraí. Campa géibhinn, shílfeá. Ach ansin thug mé faoi ndeara gur amach a bhí soilsí agus ceamaraí dírithe. Cosaint dóibh istigh seachas faire orthu...

Trasna an bhóthair, comhartha sóirt ar an gcúis go raibh an cosaint de dhíth. Scrín fuatha. Réabann sé mo chroí mo theanga agus bratach mo thíre a fheiceáil á mhí úsáid mar sin.

D'fhan mé thart, sách míchompordach ag mothú, ar feadh leathuair nó mar sin. Faoi dheireadh tháinig triúir ban an treo, agus aithne agam ar dhuine acu - bean mo dhochtúra teaghlaigh, bean ón Fhrainc atá gníomhach i scata grúpaí pobail, coiste na mbailte slachtmhara mar shampla. 

Faoi dheireadh, osclaíodh an gheata de bheagán agus tháinig thart ar cúigear déag fear óg amach diaidh ar ndiaidh. Tá geata CLG píosa ón campa, agus ba ansin a chruinnigh muid. Agus muid i mbun grianghraif a ghlacadh stop veain mór bán in aice linn, agus ghlaoigh fear ann as a ainm ar duine de na mná. Bhí comhrá éigin eatarthu ar feadh seal. Dúirt sí liom ar ball gur bhain sé siar aisti bheith glaoite as a hainm ag duine nach raibh aithne aici air, agus gur bhain an comhrá le líomhain faoi duine de na teifigh a bheith tar éis gruaig chailín óg a chuimilt ar an mbus gan a toil. Ní raibh uaidh féin, gan amhras, ach an síocháin a choinneáil.... Is féidir gur tharla an eachtra, ar ndóigh - ach faighimse boladh bréan cait ite Springfield OH as.
 
 Mar a tharlaíonn, fonn reatha seachas siúil a bhí orthu ar fad agus fágadh mise agus beirt bhan ag siúl gan iad. Timpeall an bhaile - ar bhóithre sách nua in áiteanna, tá tithe dá thógáil as éadan. Bhí píosa siúlta againn nuair a tháinig teifeach inár ndiaidh - bhí sé mall agus chaill sé tús na hócáide. Ní fheadfadh sé rith cibé, ní raibh de choisbheart ag an gcréatúr ach flip-flops. De bhunadh Ibo ón Nigéir. Tráthúil go leor, bhí an siopa carthanachta ar ár slí agus níos tráthúla fós bhí péire bróga reatha den mhéid ceart dó acu.

Tá leac cuimhneacháin ar Chath Bhaile an Chinnéidigh ag deireadh an mbaile. Is ansin a tháinig deireadh leis an rith, agus diaidh ar ndiaidh thosaigh na reathaithe ag teacht. Agus muid ag bailiú ansin chuaigh beirt leaids óga tharainn i ngluaisteán, gothaí graosta agus béicíl ar bun acu. Bhí sé místuama is dócha, ach thug sé pléisiúr leanbaí dom "Gabh thusa abhaile, a phleidhce" a scairteadh ar ais.
 
 As sin shiúlamar ar ais go dtí an campa. Bhí deis agam beagán comhrá a dhéanamh le roinnt acu, ón Céinia agus ón Nigéir. Bhíos fiosrach faoi cúrsaí teangan. Bhí beirt Chéinia ag labhairt Svahaílis eatarthu féin, cé go raibh teanga baile i gcoitinne acu - cé nach bhfuil mé cinnte go raibh sí ar dtoil acu agus ní cuimhin liom a hainm. Ibo eile agus fear as Beinin a labhair mé leo freisin.

Ag an crosaire deiridh d'fhiafraigh bean de mná dom an raibh sé i gceist agam siúl chomh fada leis an gcampa. Dá mbeadh, rachadh sise freisin - ach bhí drogall uirthi siúl ar ais ón gcampa léi féin ar an mbóthar chúng. Agus muid ag siúl ar ais d'inis sí dom go raibh ní hamháin í féin ach a clann agus clann a clainne ag fáil drochíde ar líne de bharr a cuid oibre leis na teifigh. Gur batráladh í le linn agóid fríth-ciníochais i lár na cathrach agus nach raibh sí ag freastal ar a leithéid níos mó.

Ar ball, ag an gciorcal comhrá, bhí mé ag caint le bean atá lonnaithe sa bhaile ó na 1970í. Dhearbhaigh sí mo thuairim - go raibh scoilt sa bhaile ag dul i bhfad siar. Go raibh mionlach míshásta, ag ceapadh go raibh siad thíos le daoine thar bhaile isteach. Gur chuir sé as don drong glórach úd go raibh gnó rathúil crua earraí ag a fear sa bhaile sna 1980í nuair a bhí rudaí go dona.

Fuair duine den dream úd 6% sna toghchán áitiúla nuair a sheas sé faoin mana "Newtown says no" agus scata teoiric comhcheilge á scaipeadh aige ina ábhar toghcháin.

Bhain mé taitneamh mar sin féin as an maidin. Níl fhios agam cén dóigh an scoilt a leigheas, go háirithe agus lucht mioscaise tar éis na ceist na dteifeach a úsáid mar dhing chun an scoilte a doimhniú. I bhfianaise scéal na mná, táim sásta go bhfuil mo chlann fásta - ach ní rabhadar ar scoil abhus ar aon nós. 

Bailíonn brobh beart is dócha, ach nuair atá an Taoiseach féin ag glacadh le reitric lucht mioscaise faoi nasc idir teifigh agus easpa dídine, tá sé deacair bheith dóchasach.