Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-07

Conair na mianadóirí

Bhuail taom éigin san samhraidh mé, agus d'fhág in ísle brí ar feadh i bhfad mé. Agus mé ar ais i mo shláinte, bhí mé amuigh inné leis na Cnocadóirí. Ainneoin an drochshíon thug dáréag againn faoi Chonair na mianadóirí i nGleann Abhlach. Thosaigh muid ag Loch Uachtar Ghleann dá Locha. Bhí ceobhrán ann, ach ní raibh gaoth agus go deimhin bhí sé bogthe.

Leanamar an bóthar coille ar chiumhais an locha uachtaraigh go dtí iarsmaí sráidbhaile na mianadóirí. Ba léir go raibh neart fearthainne tar éis titim. Ba eas gach feadán sléibhe. Thugamar aghaidh ar an cosán nathrach suas go barr an ghleanna. Bhí sé fós ag ceobhrán. Ba cláideach láidir Abhann Ghleann Abhlach, na heasanna ann dár mbodhrú. Ach domsa ba gheall le hinstealladh lúcháire a bheith amuigh faoin spéir agus neart an dúlra a mhothú le mo chéadfaí ar fad.

Ar an slí go bharr an ghleanna bhí boc ag seasamh lámh leis an gcosán, gan aird aige ar na daoine ag siúil thairis - bhí níos mó ná muid féin ann ainneoin na haimsire. (Bíonn an ceantar thart ar Ghleann Dá Locha i gcónaí plódaithe, daoine ann ó gach cearn den chruinne. Thóg mé grianghraif do ghrúpa - Eabhrais a labhair a nguthán liom). Toisc go mbíonn an plód daoine ann, tá cuma agus caoi coinnithe ag lucht an Pháirc Náisiúnta ar na cosáin - céimeanna cloiche nuair atá an fána géar agus clochán thar srutháin (cé go raibh cuid acu sin faoin uisce). Droichid nuair ba ghá. Ar ball, ciseacha thar an bportach. Plainc a bhí tráth ar an iarnród. Bocóideach uaireanta. Seachas sin is ar bhóithre coille a bhíomar, ag leanúint Slí Chualann Nua.

Tá an turas rianta agam anseo ar OnTheGoMap.
 
 

Nior lean an ceobhrán ar feadh na siúlóide. Ba thaithneamhaí dá réir an siúil ar ais go Gleann Dá Locha.