Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-23

Dúisigí, arsa an Tiarna

Ní abhaile a chuaigh mé ar an Satharn ón mbád, ach go tigh m'athair arís - chun cinntiú go mbeadh sé in am chun dul linn go Loch Garman. Bhí Fionn imithe romhainn.

Ar imeall Féile Opera Loch Garman, bíonn ceolchoirm ag Wexford Festival Singers - cór amaitéarach.  Bhíomar breá luath agus fuaireamar greim lóin in Cappucinos - gar don séipéal.

Bhí aiféala orainn nár thugamar cúisíní linn! Níl binsí eaglaise ró chompordach.

Wachet auf! le Bach agus Dixit Dominus Scarlatti a bhí ar an gclár, agus ceathrar amhránaí faighte acu do na páirt aonair - Soprano, alt, tenor agus dord - Fionn s'againne. Ceoltóirí acu freisin.
 
 Téacsanna bíobalta - ceann Bach bunaithe go háirithe ar Laoi na Laoithe, Íseáia 52:8 agus parabal na maighdeana stuama agus místuama. Laoi na Laoithe ina mheafar ar ghrá Dé don anam, agus cuardach an anama. 

D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: “Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.” '

Salm 110:1

Caithréim an Tiarna bunús píosa Scarlatti agus an ceol dá réir múscailteach.  

Tá mó dhóthain Laidine agam le ciall éigin a bhaint as sin - agus bhí leagan Béarla (seachas aistriúcháin) ar an gclár.  Agus ar ndóigh thuig mé an Gearmáinis (agus bhí Fionn tar éis ceachtanna foghraíochta a thabhairt don Soprán agus teanór a bhí á chanadh leis - níor goineadh mo chluasa dá réir!)
 
Tráthnóna taitneamhach. Chuireamar clabhsúr leis, ar an mbealach abhaile, le béile in The Kitchen i nGuaire (áit a mholaim - cúpla béile caite againn ann, agus iad i dtólamh maith).