Píosaí liom in áiteanna eile:

2006-09-28

Líonr(a)ithe!

Feicim go bhfuil an blag seo luaite ag Conn ar an Líonra Soisialta an tseachtain seo.
Chuir clár an lae inné ag siúl siar boithrín an líon mé. Táimse "ar" an líon ó 1996 anuas, más buan mo chuimhne.

Gleas oibre a bhí ann ar dtús, ach ó tharla go raibh mé thar lear, gleas chun faobhar a choiméad ar mo chuid ghaeilge a bhí ann freisin.

Táim cláraithe le liosta r-phost gaeilge-a le fada an lá. Sinsear gaeltacht fíorúil na linne seo ab ea na líostaí úd. Agus is cuimhin liom an clochaois sin inár raibh orainn gutaí fada chuir in iúl le "/" - cosu/il leis an bpi/osa te/acs seo!

Ó am go chéile agus mé thall i mBeirlín dhéanadh mé "gaeilge" agus "berlin" a chuardach ar an idirlíon - agus bhuail mé le gaeilgeoir nó dhó eile ar an mbealach sin. Bhuail mé le roinnt acu sa "seomra mór gorm" ó shin (i. san fíor saol).

Chomh luath agus a bhí nasc againn ón mbaile (le ISDN an uair sin) chuir mé suas líonráithéain - ag t-online ar dtús, agus tá beagnach an suíomh chéanna le feiscint anois ar eircom.

Ansin bhí an t-iris idirlín Cumasc ann, gona chlár plé. Áit bhríomhar a bhí ann, agus lucht leanúna dilís aige. Is ann a tháinig talann Mhíshásta chun solais an chéad uair. Tá Mí fós linn, dar ndó - anseo, i measc áiteanna eile. Ach is cosúil gur tháinig tost bhuan ar Mhrs Pender (nach maireann).

Rinne Pádraig Ó Cinnéide tarrtháil ar roinnt de sheodra cumasc - táid fós le léamh air a shuíomh siúd. Duine eile é Pádraig ar chuir mé ríomhaithne ar dtús air. Thuig muid araon go raibh an duine eile ina chonaí sa Ghearmáin - ach is tír fairsing í. Thog sé bunús bliain sular thug mé sciúrd aneas chun cúirt a thabhairt air.

Tá baint agam le Chlár plé Daltaí ó 1996 freisin, sílim.
Cuireann ceisteanna na foghlaimeoirí ansan barr slacht ar mo chuid gaeilge - cé go bhfuil muid chuid gramadaí fós gan a bheith thar moladh beirte, faraor.

Caithim súil ar Bheo ó am go chéile, ach bhí an tsean clár plé imithe i dtigh diabhail de bharr dornán bheag pleidhcí; agus tá an ceann nua ró chasta, dar liom!
Tá clár plé eile ag Seamus Poncán - ach ó tharla gur fear le tuairimí laidre eisean, níl mórán tarraingt ar an áit, feictear dom.

Nuair a d'fhill mé ar Éirinn i 2000, tháinig mé ar an rud ar a dtugtar "Wiki" - go deimhin, i mo chuardach agus mé ag lorg abhár fiuntach faoi feabhas ar mhodhanna oibre innealtóireacht bhogearraí tháinig mé ar an chéad Wiki - ceann Ward Cunningham. Ceann atá scriosta ag amadáin ó shin, faraor.

Ar feadh seal bhí mé gníomhach ar Why,, áitreamh ina raibh plé ar siúl faoi chursaí creidimh, ach rinne an Rí Diaga a bhí i mbun na háite cead eagarthóireachta a srianadh go docht. Bhí lámh beag agam i Wiki nó dhó eile, ach seachas an ceann dúnta atá in úsáid agam ar obair, atá bunaithe ar an mbogearra usemod, nílim gníomhach ar Wikianna níos mó.

Focail ó Havaii atá i Wiki - an brí atá leis ná "mear". Do roghnaigh Ward Cunningham, an fear a chum Wiki, an t-ainm seo mar focal atá ar comhchiall le mear. Is éard atá i Wiki ná feidhmchlár ar freastalaí a chuireann ar chumas meitheal usaideoirí bunachar comhaid a fhorbairt i gcomhar le chéile. Usáidtear na bun-feidhmeanna atá ag aon brabhsaer html maidir le foirmeacha a úsaid chun eagarthóireacht a dhéanamh ar téacs. Tá coras cúng nodanna in úsaid i Wiki chun leagan amach a rialú, seachas an coras fairsing nodanna a bhíonn i gceist le HTML. Dá bhrí sin, tá sé éasca leathanach a fhorbairt go tapaidh. Tá gnás simplí ann chun nascanna a chruthú le leathanaigh eile sa bhunachar. Mura bhfuil sprioc an naisc ann cheana, cuirtear é seo in iúl go feicealach ar an mbun leathanach. Tá cuid den feidhmchlár ansin a shlogann an bun téacs seo agus a eisíonn leagan HTML de nuair a éilitear an leathanach airithe sin ón bhfreastalaí. Ón am a chum agus a sheol Ward Cunningham an chéad Wiki i 1995 tá an sampla leanta agus forbairthe ag na céadtá. Tá leaganacha ag baint feidhm as an iliomad teangeacha ríomhaireachta cruthaithe; ach cloíann siad ar fad leis an mbunchoinceap; sé sin, gurbh féidir le h-aon ball den meitheal aon leathanach a leasú. I gcásanna airithe, tá ballríocht sa mheitheal oscailte do chách, fiú gan aon clárú leis an bhfreastalaí.

An láidireacht is mó atá ag Wiki ná an deis seo atá ag gach ball den meitheal leathanach a leasú. Dar ndóigh, is í seo an laigeacht is mó freisin, i gcás Wiki oscailte, sa mhéid is gur feidir loitiméireacht a dhéanamh gan dua.

Trí thaisme a chuaigh mé leis an mblagáil ar dtús. Tharla go raibh ceist ar bhlag oistín, agus freagra na ceiste agamsa. Bhí orm cuntas a oscailt le blogger chun tráchtaireacht a dhéanamh ar bhlag oistín - agus táim ann ó shin!




líonraithe nó líonritheach?



líonrith [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh]
rith croí le sceimhle, anbhá.


Foirmeacha Dírithe :
líonritheach [aidiacht den chéad díochlaonadh]
Foirmeacha
líonrith - ainmfhocal líonrith [ainmneach uatha]
líonrith [ginideach uatha]


Lipéid:

2006-09-18

An Pápa, an Fáidh agus an tImpire

Tá sé ina raic ó rinne an Pápa Benedict tagairt do agallamh idir Manuel II. Palaeologos, Impire Biosáintiam, agus scoláire Peirseach i 1391.
Ag caint le hollúna i Regenburgs a bhí sé, áit ar chaith sé fhéin tréimhse mar ollamh. Tá an chaint ar fad ar fail ó suíomh idirlíne na Vatacáine

Seo an sliocht a tharraing an raic:

In der von Professor Khoury herausgegebenen siebten Gesprächsrunde (διάλεξις - Kontroverse) kommt der Kaiser auf das Thema des Djihād, des heiligen Krieges zu sprechen. Der Kaiser wußte sicher, daß in Sure 2, 256 steht: Kein Zwang in Glaubenssachen - es ist eine der frühen Suren aus der Zeit, wie uns die Kenner sagen, in der Mohammed selbst noch machtlos und bedroht war. Aber der Kaiser kannte natürlich auch die im Koran niedergelegten - später entstandenen - Bestimmungen über den heiligen Krieg. Ohne sich auf Einzelheiten wie die unterschiedliche Behandlung von "Schriftbesitzern" und "Ungläubigen" einzulassen, wendet er sich in erstaunlich schroffer, uns überraschend schroffer Form ganz einfach mit der zentralen Frage nach dem Verhältnis von Religion und Gewalt überhaupt an seinen Gesprächspartner. Er sagt: "Zeig mir doch, was Mohammed Neues gebracht hat und da wirst du nur Schlechtes und Inhumanes finden wie dies, daß er vorgeschrieben hat, den Glauben, den er predigte, durch das Schwert zu verbreiten". Der Kaiser begründet, nachdem er so zugeschlagen hat,dann eingehend, warum Glaubensverbreitung durch Gewalt widersinnig ist. Sie steht im Widerspruch zum Wesen Gottes und zum Wesen der Seele. "Gott hat kein Gefallen am Blut", sagt er, "und nicht vernunftgemäß, nicht 'σὺνλόγω' zu handeln, ist dem Wesen Gottes zuwider. Der Glaube ist Frucht der Seele, nicht des Körpers. Wer also jemanden zum Glauben führen will, braucht die
Fähigkeit zur guten Rede und ein rechtes Denken, nicht aber Gewalt und Drohung. Um eine vernünftige Seele zu überzeugen, braucht man nicht seinen Arm, nicht Schlagwerkzeuge noch sonst eines der Mittel, durch die man jemanden mit dem Tod bedrohen kann...".



San eagrán a chuir an tOllamh Khoury ar fáil den seachtú agallamh (διάλεξις - conspóid) tugann an tImpire faoi ábhar an Djihād, an Cogadh Naofa. Is cinnte go raibh fhios ag an Impire go ndeir Sure 2, 256 "ní bíodh éigean i gcursaí creidimh. Is ceann des na Sure luath é seo, ó am, mar a deir na saineolaithe linn, go raibh Mohammed féin gan cumhacht agus faoi bhagairt. Ach bhí cur amach ag an tImpire freisin na forálacha sa Chóran - a tháinig ann níos deanaí - faoin gCogadh Naofa. Gan bacaint le mionphointí cosúil leis an iompar eagsumhal i leith "Sealbhoirí an Scriptúir" agus "Neamhchreidmhigh" chas sé ar bhealach giorraisc - ar bhealach a chuireann iontas orainne de bharr a ghiorraisce, ar lár cheist an caidreamh idir Creideamh agus Éigean. Dúirt sé lena phairtí san agallamh : "Taispeáin dom na rudaí nua a thug Mohammed, agus ní bhfaigheadh tú ann ach droch rudaí mídhaonna, mar shampla, gur ordaigh sé an creideamh a chraobhscaoil sé a scaipeadh leis an gclaíomh." Tar éis an buille seo do bhualadh, do thug an tImpire bunús mion don tuairim go bhfuil scaipeadh Creidimh tré éigean in aghaidh na céille: Tá sé contrátha le bheith Dé agus bheith an anama. "Ní maith le Dia fuil", a deir sé, "agus tá sé i gcoinne bheith Dé iompair i gcoinne réasún, gan iompar go 'σὺνλόγω'  Toradh na hanama, ní toradh an choirp í an creideamh. Is mithid, dá bhrí sin, don té ar mian leis duine a thabhairt chun an creideamh bua na cainte agus an smaoineamh cheart a bheith aige seachas éigean agus bagairt. Níl feidhm le lamh laidir, ná airm ná aon uirlís eile ar féidir ba a bhagairt leis chun áiteamh ar anam reasúnta"


Is léir nár tugadh aird ach ar giota beag den tsliocht úd, gan trácht ar an chaint iomlán.

soiléiriú foilsithe ag an Pápa ó shin, maraon le léithscéal as an masla a baineadh as, cé narbh é sin a bhí i gceist aige in aon chor.




Feictear dhom go bhfuil sciar airithe den phobal Ioslamach de shíor ag lorg iarraim cúis.

Féach, claíomh an fáidh atá mar meirge ag lucht na hIoslaime. Scaip an Ioslam leis an gclaoímh tríd an mean oirthear agus chomh fada le Catalunya agus geataí Vín. Tíortha Criostaí a bhí i mór chuid na tíortha sin roimh ré.

Is cogadh cosanta a bhí sna Crosaidí ar dtús agus i bprionsabal. Is fíor gur fhág iompar roinnt de lucht an Crosáide smal ar a gcúis; agus scannal ab ea an 4ú Crosaid, nár bhain amach ach an Biosáintiam agus a dhíbir an tImpire ann.

Ach ní bheadh cáil in aon chor leis na Crosaidí murach an lamh láidir a bhí á imirt ag Ioslamaigh ar oilithrigh Criostaí chuig an Tír Naofa, agus an bagairt do Biosáintiam.

Braitheann meas agus caoinfhulaingt ar chomhurraim. Ní cabhair ar bith é má chosctar ionraiceas agus saoirse creidimh ar mhaithe le gan dream le claíomh a mhaslú.



Lipéid:

2006-09-10

Halla na Cathrach

I ndiaidh dúinn bualadh le Ríona agus a hathair i gCaife Úna, bhí roinnt ama againn roimh an bus abhaile. Bhí sé ar intinn againn ar dtús dul go dtí Dublinia (atá lámh le Tempeall Chríost). Fán bealach thug mé faoin ndeara go raibh taispeántas ar Stair na Cathrach i Halla na Cathrach. Shocraigh muid sciúird isteach a thabhairt.

Thairg siad treoraí fuaime dúinn. D'iarr mé as Gaeilge i nGaeilge é. Thuig duine des na mná óga mé, agus fuair muid i nGaeilge iad. Bí cáighdeán ard ionntu - Nuala Ní Dhomhnaill mar príomh guth, agus Seán Ó Cadhain (más cruinn mo chluas) ag tacú lei.

Thaithin an taispeántas féin go mór liom freisin, ach d'éirigh an fear is óige corrthónach - ní fear mór iarsmalainne é. Beidh orm dul thar nais uair éigin eile le mo mhac is sine. Tá leagan amach deas ann, agus nithe cosúil le claoímhte na cathrach, agus an sean seala móide a bhosca gona sé ghlas - ceann do gach príomh oifigeach cathrach.


Lipéid:

An Dá Claoímh


Zwei swert in einer scheide

verderben lîhte beide;

als der bâbst der rîches gert,

sô verderben beidiu swert


Má bhíonn dhá claoímh i dtruaill amháin,

is minic an péire millte,

Má éilíonn an Pápa an ríocht,

milltear an dá claoímh



Bescheidenheit, Frîdanc, 13ú aois

Seo rud atá lárnach sa Chríostaíocht ó thús - deighilt idir stát agus Creideamh.



Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar iad, agus le Dia na nithe is le Dia

Matha 22:21



Níorbh chun leasa aon stát ná creideamh é iad a bheith spléach ar a chéile. Ach is eagal liom nach bhfuil spás don deighilt seo san Ioslam. Ná, gan amhras san sochaí tuata seo. Buaileann na "heaspaig" sna nuachtáin agus sna meáin an bachall orainn chun go bhfágadh muid aon smaoineamh ar creideamh nó Dia sa bhaile nó san Eaglais.





Lipéid:

2006-09-08

Cosán na Naomh

Agus mé thiar i gCorca Dhuibhne, shiúl mé Cosán na Naomh.

Siúlóid marcáilte atá ann, bunaithe ar na cosáin a thóg oilithrigh go dtí Cnoc Breánainn.

Tá a thús ag Halla Ceann Trá (Q 383 005). Tá fógra mínithe trasna an bhótháir ón Halla, agus giota beag i dtreo Ceann Trá. Tosnaíonn an slí ar an mbóthar ag dul ó thuaidh, ach i ndiadh píosa gairid, castar soir isteach i mbóthar níos lú a iompaíonn ina boithrín glas sar a bhfad. Tá corr teach (nó, níos cruinne, fothrach tí) fán bóthar seo. Ar ball beag bíonn tú ar an mbóthar arís, an bóthar ó Ceann Trá go Mám an Óraigh. (Q 385 007). Suas le fána atá an slí anois, nach mór lomdíreach ó thuaidh, ach ag casadh siar ag an Mám. Leantar an bóthar siar ansin i dtreo Cháisléain Rath Sheanáin (tá leaganacha eile den logainm seo feicthe agam). Fothrach túrthí atá anseo, tógtha i lár rath, a bhfuil iarsmaí na ballaí cré fós soiléir. Tá ana radharc ar Fionn Trá ón mbóthar seo, agus ar Sliabh Iolair. Tá freisin morchuid tithe móra fuinneog mhóra ann, a raibh cuma folamh orthu uilig agus mé ag siúl fán bhóthair. Agus níos mó á dtógáil. Tithe saoire, gan amhras. Go deimhin, tá an teach inar chaith muid fhéin seachtain na meala i bhfad ó shin ag an casadh sa bhóthair ag an Mám. Táim nach mór cinnte gur tógadh chuile teach eile fán mbóthar ó shin.

Ag Rath Sheanáin (Q 372 016), casann an slí siar ó thuaidh fán mbóthar arís. agus soir ó thuaidh ar dhruim an cnoic, ag an mBaile Beag. (Q 370 018). Bhí roinnt tithe á dtógáil anseo freisin. Ach bóthar ciúin atá ann ina dhiadh sin, chomh fada leis an Leataoibh Beag. (Q 380 027) Tá roinnt beag tithe air, ach is léir go bhfuil conaí ionntu.

Is anseo a chuaigh mise amú. Bhí an comhartha a threoireóidh mé ar an mboithrín glas in easnamh. Ba cheart an boithrín glas sin a leanacht chomh fada leis an Leataoibh Mór.

Chuaigh mise an timpeall an an bóthar chomh fada le hImileá an Bhóthair, agus ansin soir go dtí gur aimsigh mé an cosán arís ag an Leataoibh Mór.

Ó thuaidh a théann an cosán ar feadh seal; ar boithrín ar dtús, agus ansan tríd na pairceanna glasa, le corr dreapa, go dtagann sé amach ag Sáipéilín Ghallarus. (Q 393 048). Cé go rabhas go minic thiar,ní éirigh liom dul chomh fada leis cheana. Ait ana dheas atá ann, cé gur dóigh liom go ndeachathas thar fóir leis an áit a néatú.

Bhí dreas comhrá agam (i nGaolainn) le bean agus fear óg áitiúl a bhí fostaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun ticéid (saor in aisce) a bhronnadh ar famairí ar mhaithe le cúntas a choiméad.

Siar a théann an cosán fán mbóthar ansin. Bhuail mé isteach chuig TP Ó Conchúir i dTeach an Aireagail chun ceist a chuir air faoi dinnsheanchais Mam an Óraigh, agus chun insint dhó faoin bhfógra ar lár.

Thug mé faoin ndeara gur "Gall Iorrus" atá greanta i gcloch ar an mbóthar ansin, ceann des na cloch úd atá ar fud ghaeltacht Chorca Dhuibhne le ainmneacha na bailte fearainn orthu.

Casann an cosán den mbóthar mór ansin (Q 388 050) agus leannan boithrín glas thar Chaisléan Ghallaruis. Túrtheach eile atá anseo, a bhfuil aththógáil deanta air, agus eolas cuirthe ar fáil ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Níor bhac mé leis an géabh seo - chonac anuraidh é.

Tagann an cosán amach ar an mbóthar arís ansin (Q 386 054), agus téann díreach soir go dtí Cathair Déargáin. Fothrach luath atá anseo, le ballaí ísle roinnt clocháin. Téann an bóthar seo idir páirceanna riascacha - bíonn lusanna áille le feiscint ann san samhradh.

Ó thuaidh seal ansin ar bhótháir sách gnóthach go dtí Cill Mhaolchéadair.(Q 400 062). Tá Fothrach an tSainsiléara - fothrach tí ó na meanaoiseanna - leath bealaigh idir Chathair Déargáin agus Cill Mhaolchéadair.

Áit ann fhéin Cill Mhaolchéadair. Fothrach séipéal ón naoi aois (más buan mo chuimhne) sa stíl rómhánúil. Tá sé suite i reilig, ina bhfuil clog gréin agus gallan le hinscribhínn oghaim freisin. Tá poll ag barr an ghallán. Chuala mé fear a bhí ina threoraí ag dream famairí ag rá gurbh é nós na háite conradh a dhaingniú tríd an páipéir a chuir tríd an poll úd, agus geallúint sollúnta a thabhairt.

Chonac nath deas ar uaigh oide scoile ann - Níl sa tsaol seo ach naoiscoil na síoraíochta.

Trasnaíonn an cosán an cnoc ansin - ó Cill Mhaolchéadir, thar Rinn Chonaill (Q 410 070) go dtí na Corr Aillí. Níl cosán ar bith anseo, trasna páirceanna sách bogach a théann an slí. Tá fothrach eile díreach sula bhuaileann an tslí le boithrín arís ag Corr Aillí (Q 418 076). Is i Loch Corr Aillí atá ollpheist faoi choire ag fanacht ar Lá an Lúain, más fíor don scéal béaloideasa úd faoi Naomh Cúán atá le clos ar Scéilín ó Bhéilín. Tugann an boithrín thar an loch tú, chomh fada leis an mbóthar ón nDaingean go Cuas ag Baile an Lochaigh. (Q 425 078). Tharla go raibh mo bhean agus mo chlann ag teacht an bealaigh ansin, agus chuaig hmise an chuid eile den slí leo sa charr. Thart ar ceithre uair a chloig, ag dul go breá bog, a thóg an tsiúlóid ormsa.

Téann an slí fán mbóthar ansin siar ó thuaidh go dtí gabhal (Q 422 084). Ansin ó thuaidh go dtí Droichead an Bhaile Bric (Q 421 088), agus siar thar an Baile Breac go dtí an carrchlós ag bun Chnoc Bhréanainn. (Q 434 094). Sin an deiridh oifigiúl, ach gan amhras ta an bealach go barra Bhréanáinn marcáilte go maith freisin.




D'úsáid mé an corás uimhreacha atá mínithe a léarscáil an SO sa chúntas seo. S.O. Billeog 70 atá de dhíth - ach fainic! Tá a lán bealaí marcáilte air mar "Cosán na Naomh" nach bhfuil marcáilte in aon chor, agus atá dúnta ag feirimeoirí i gcásanna airithe.

Níl an bealach thaus ar mo éagránsa, nó níl ina iomláine pé scéal é. An Dara éagrán, ó 2000 atá agam.

Lipéid:

2006-09-03

Fós gan banda leathan.

Tá an scéal i lámha ComReg anois. Tá "seirbhís" BT do chreidte lofa.

Tá cantal orm; ní thig liom an bhlag seo a fhorbairt mar ba mhaith liom, le griangrafanna ó mo siúlta agus mar sin de, leis an nasc chaolbhandach atáim ag brath air.


Lipéid:

Do bhille ó Vodafone

Chuala mé (nó chonaic mé) tagairt do Vodafone a bheith ag cuir bille ar fáil i nGaeilge. Mar sin ghlaoigh mé ar 1907 agus chuir mé fios air.

Seachas go bhfuil orm an diabhail rud a íoc, táim sásta go maith leis. Tá roinnt Béarla sa chuid nach n-aithríonn, ach tá an chuid is mó i nGaeilge cruinn.


Lipéid:

2006-09-02

Corca Dhuibhne

Ó tharla gur thug mo bhean lei an ríomhaire glúine (ar mhaithe le caiteamh aimsire dos na buachaillí má leanann an doineann ró fhada) glacfaidh mé an deis roinnt míreanna don blag a scríobh. Cuirfidh mé suas iad nuair átaim thar nais sa chathair arís, le cúnamh Dé (agus Comreg!).




Dé hAoine, 18ú Lúnasa

An timpeall a tháinig mé ans(e)o. Tharla go raibh deirfiúr liom ag obair ar feadh dhá lá i gCorcaigh, mar sin thóg mé an bus aneas (ghiorraigh an Bhab Feiritéar an bealach aneas dhom!), agus thiomáin sise siar go Corca Dhuibhne mé. Dá bhrí sin, thugamar sciuird gairid tríd Ghaeltacht Chorcaí. Taobh tíre diamhair agus álainn atá ann. Tá fonn orm filleadh agus tamall a chaitheamh cois Súláine.

Bhíomar stiugtha leis an ocras, agus ó bhí airgid le caitheamh, bhí fonn orm é fhágaint sa Ghaeltacht. Ach mó léan, bhí an "Cruiscín Lán" i mBaile Mhic Íre folamh agus iata romhainn.
Ní raibh fonn orm teach tabhairne a thaobhú ós rud é go mbíonn an bia daor agus gan a bheith thar moladh beirte níos minicí ná a mhalairt.

Sop in ait na scuaibe ab ea an bia gasta tí Supermacs i gCill Áirne.

Bhí sé a deich ístoiche sular shroicheamar an Baile Breac agus leaba! Is dócha ná raibh san ró olc - d'fhag mé an t-oifig i Mullach Íde ar a ceathrú chun a haon.

Thug mé suntas don oiread siopa le fograí i nGaeilge a chonaic mé fán bealach sa Ghalltacht - teach tabhairne amháin a raibh "An Aitiúl" mar ainm air ina measc. Agus proinnteach le "Nithe le n-ithe" thar an doras.




Dé Satharn, 19ú Lúnasa

Ceobhrán inniu. Chuig muid 'on Daingean ag siopadóireacht. Chaith mé seal in Oispidéal an Daingin ag tabhairt cuairt ar Reiner Rolff atá ag teacht chuige fhéin ina dhiadh do stroc é a bhualadh anuaraidh. Bhí se níos fearr ná mar a bhí súil agam, ach tá an caint fós stadach aige. Thuig sé cé mé fhéin ach ní raibh ar a chumas teacht ar m'ainm. Mar a dúirt a phairtí, tá na tarracháin san intinn greamaithe.

Cúis sásaimh dhom an oiread dem ghnó a bhíos in ann cur i gcrích tré Ghaolainn sa Daingean. Cheannaigh muid olann tré ghaeilge sna wollen mills, do lorg muid bioráin cniotála tí Ginnea ar an príomh sráid - áit ar labhair fear an tsiopa Gaolainn liomsa toisc gur i nGaeilge a bhíos ag caint le mo mhac. Bhí Gaolainn ag bean a'phoist chomh maith. Gan amhras thug mé sciuird isteach sa Chafé Liteartha, agus níor éalaigh mé ón ghnáth chinniúnt. Dhá "Choiscéim" nua ceannaithe agam - úrscéal ficsean eolaíochta a phioc Tiernán amach dó fhéin, agus an chéad mhír eile den sraith ar 1916 - Na Priompalláin - 1916 agus athscríobh na Staire. Tagairt atá sa teideal don cur síos atá ag an Chéitinnigh ar na staraithe frith Ghaelacha.

Is ea, iomarra, is nós don phriompallan, an tan thógas a cheann san samhradh, bheith ar foluain ag imeacht, agus gan chromadh ar mhínscoith dá mbíonn sa mhachaire, nó ar bhlath dá mbíonn i luibhghoirt, dá mba rós nó lile uile iad, ach bheith ar fuaidreamh go dteagmhaíonn bualtrach bó nó otrach capaill leis, go dtéann dá unfairt féin iontu.


Agus, dár ndóigh, bhí affogato agam agus ag mo bhean tí uí Mhurchú. Is fada mé ag fanacht air ó phléamar uachtar reoite ar chlár plé Daltaí ó chianaibh.


Tá an diabhail pobailbreith úd ar lic an dorais, agus "Dingle" sméartha ar an gcomhartha ag teacht isteach sa bhaile (ó Baile an tSagairt) dá réir.

Tráthnóna, chun faobhar a chuir ar ár ngoile, agus fonn codalta a chuir ar na gasúir, shiúil mé fhéin agus na buachaillí ón mBóthar Buí an bothríní tríd Cathair Scoilbín agus na Corr Aillí, agus thar nais ar an mbóthar go dtí an Baile Breac. Ó am go chéile bhí monabhar bhinn na mbeach sna deora dé le clos go soiléir. Tá an fraoch faoi bhláth, agus ná claíocha fán bóthar ildaite dá réir ag fraoch, deora dé, (an féar oraiste sin, ainm le haimsiú) agus an ioliomad lusanna eile. Bhí corr sméar dhubh aibigh ann, ach iad fós géar.

Ístoíche ansin chuas go dtí teach tabhairne an Bóthar le Harald agus beirt cuairteoirí a bhí aige. Gearmáineach eile, a bhfuil teach aige ar an mBaile Breac é Harald. Muinteoir is ea é, agus caitheann sé aon saoire a bhíonn aige ar an mBaile Breac, agus é ar intinn aige conaí go buan ann nuair a théann sé amach ar pinsean. Focal Béarla níor labhair mé an oíche ar fad! Bhí neart Gaolainne le clos sa teach tabhairne. Muintir na háite is mó a bhí ann. Chuir an "Géarmáineach" ag labhairt Gaeilge leo mearbhall ar corr dhuine!






Dé Domhnaigh, 20ú Lúnasa

Cheapamar go mbeadh aifreann ag 9.30 i Sáipéal na Carraige, ach ní raibh, agus b'éigean dúinn brostú siar go dtí an mBuailtín d'aifreann a 10. Agus muid ag teacht aniar arís cheannaigh muid ámhábhar bricfeasta ar an mBóthar Buí. Cé bheadh sa scuaine i mo dhiadh ach an Snodach é fhéin. Bhí beagainín sarú eadrainn agus bean a' tsiopa maidir leis an slí a mheallann sé airgead asam agus as daoine eile lena chuid leabhair!

Ainneoin an ceobhráin, chuamar ag siúl ar Fionn Trá, ó Árd a' Bhothair (mar a bhfuil teach tabhairne Phaidí Uí Shé) siar. Níorbh fada go rabhamar fliuch go craiceann ag an diabhail ceobhrán. Ghlan an t-aimsir agus muid ar tí bailiú linn, agus mar sin chuamar isteach ag snámh. Ach bhí an t-uisce fuar go maith, agus ní dhearnamar aon ró mhoill.

Anocht chuas suas go dtí teach na gcomharsan ag lorg iasachta sceana oibre. Bhí cómhra agam le fear an tí. Tá seisean go láidir ar son "Dingle/Daingean Uí Chúis" Creideann sé go bhfuilid ag braith ar na comharthaí bóthair i dTrá Lí agus Cill Airne a bheith ag tabhairt na famairí go dtí "Dingle". Is dócha go bhfuil cuid den cheart aige. Tá na comharthaí fós dhá theangach lasmuigh den nGaeltacht pé scéal é - ar a laghad na cinn agus tú ag teacht ó Chill Áirne.

Ach sí an cheist mhór ná conas a mhairfidh an nGaeltacht gan fostaíocht. Tá an t-iascach imithe, agus an feirmeoireacht ag imeacht. Tá cuimhne láidir agus doimhin, mar a dúirt sé, acu siúd a chuaigh ar imirce cheana, agus a ndearna a mhuintir fhéin fonóid futhu as easpa Béarla. Dúirt sé freisin gur mó daoine a labhraíonn gaeilge anois ná scór bliain ó shin, go hairithe iad siúd a d'fhoghlaim ar scoil é, nó mo leithéidí féin a tógadh le gaeilge sa Ghalltacht.



Dé Luain, 21ú Lúnasa

Chuas suas ar Cnoc Breanáinn le mo mhac is sine inniu. Thart ar 4 uair a thóg sé orainn. Bhí ana radharc againn chomh fada leis an 7ú staisún, ach uaidh sin ar aghaidh is sna scamaill a bhíomar. (Tá 14 cros staisúin na croise fán mbealach suas).

Chaith muid an cuid eile den lá go ciúin sa mbaile.



Dé Máirt, 22ú Lúnasa

Brádán sách trom a bhí ann ar maidin, mar sin thug muid aghaidh ar an nDaingean agus uiscedán Mhara Beo. Ba cuimhin leis an mBainisteoir (bean as Dún chaoin) muid ó anuraidh. Ticéad seachtaine a fuaireamar - 60 €, suas ó 48 anuraidh.

Ar aghaidh linn ansin go dtí Dún Chaoin. Bhí feabhas éigin ag teacht ar an aimsir. Bhí lón ana dheas againn san Ionad Ceardaíochta. Gaolainn ar fad ansin, dar ndóigh, agus bailiúchán de leabhra idir sean agus nua ar díol. D'eirigh liom smacht éigin a choiméad orm fhéin...

Ó bhí an uain go maith, ní sásodh dada an fear is óige ach dul ag snámh. Cuas an Bhodaigh is gaire don teach, agus d'fhan mise leis agus chuaigh an dream eile abhaile. Bhí sé ag cur arís faoin am ar tháinig mo bhean inár dtreo - bhíomar tosaithe ag siúl abhaile.




Céadaoin, 23ú Lúnasa.

Trasna an Conrach go Cáisléain Ghriaire linn, áit ar bhain na gasúr ana scléip as an gclub uisce ann.

Tá na radharcanna ar dhá thaobh an Conrach go hiontach ar fad. Tá an cuid is mó den bóthár leathnaithe ag an gcomhairle contae freisin, mar sin níl an turas chomh dian ar néaróga an tiomanaí is mar a bhíodh.





Sin eachtra Aonghusa cois Feothainaigh go n-uige seo


Ar lean uair éigin; bhíomar seachtain eile thiar, ach níor scríos níos mó agus mé ann





Lipéid:

Cré na Cille

Ó tharla mé ar saoire, thug mé faoi Cré na Cille a léamh. Bhí an-drogall orm drannadh leis, mar níor éirigh liom riamh mórán adhmaid a bhaint as gearrscéalta an Chadhnaigh. Ach níorbh amhlaidh le Cré na Cille - seans toisc gur caint díreach ar fad atá ann. Bhain mé ana sult as eachtraí Chaitríona Phaidín agus a comhluadar sa reilig;

Chuir an rud ar fad an "aiste" úd a scríobh an banlaoch in Educating Rita maidir le conas na dúshláin le Peer Gynt a léiriú a sharú:

I'd do it on the radio


Ar ndóigh, chuaigh lucht RnaG i ngleic le Cré na Cille siar sna seachtóidí, agus leathchuala mé mír nó dhó le tamall anuas - bhíothas á athchraoladh. Tá an rud ar fad ar fáil ar 8 CD ar 40 Euro anois.

Tá an chaint créiúl, tiríul a bhí Ó Cadhain ag trácht ar i bPáipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca ann go flúirseach. Ach ní ar mhaithe leis an gcaint amháin is fiú é a léamh - ana scéal atá ann (nó iontu, le bheith cruinn - a scéal féin scéal gach choirp, agus scéal a deirféara scéal Chaitríona!)


Lipéid: