Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-12-31

Gaiscíoch na Beilte Uaine

Cheannaigh mé an leabhar seo do mo mhac (mar dheá!).

Seod atá ann. Tarraingteach do mórán gach ceann des na céadfaí!

Scéal béaloidis, le hathinsint fileata atá thar a bheith oiriúnach do reacaireacht. (Tá dlúthdhiosca ag dul leis).

Ach siad léaráidí áille Andrew Whitson, agus an leagan amach thar a bheith slachtmhar a níonn leabhar as an gnách as seo.

Tá sé deacair cur síos go fuarchúiseach air! Ceannaígí! Tá blaiseadh de shaothar Andrew ar an suíomh s'aca.



Gaiscíoch na Beilte Uaine
Caitríona Nic Sheáin agus Andrew Whitson
An tSnáthaid Mhór 2007.



Aguisín; D'éist mé leis an DD (nó roinnt de) ó shin; caithfidh mé a rá nach bhfuil sé ar chomhchaighdéan leis an gcuid eile. Cinnte, tá Gaeilge glé, glinn, soiléir, soilbhir ann. Ach tá paisean in easnamh sa reacaireacht. Is mór an trua é.

An Cléireach

Tá sár úrscéal Darach Uí Scolaí (a fuair mé ó Shan Nioclás) díreach críochnaithe agam.

Seo leabhar iontach. Scéal cléirigh in arm na hÉireann aimsir Cromail - ach toisc é a bheith ag seanchas le hAos Léinn, agus an úrscéal a bheith tógtha thart ar an seanchas chéanna, is fuinneog isteach san ré sin san Eoraip atá ann - nuair a bhí an Roinn ar fad corraithe ag na cogaí a lean an tAthleasú creidimh.

Bhí Éireannaigh ar gach machaire an áir ó Bíla Hora na Boihéime go Luimneach.

Tugann an scéal spléachadh ar an dteannas a bhí ann ag an sean ord ag titim as a chéile - cumhacht sliocht na dtaoisigh ag meath; claochlú an aos dána ó ord daingean na scoileanna éigse go filíocht an phobail; ceisteanna faoi dualgas, dílseacht, freagracht, creideamh.

Tá úsáid chliste bainte as litrithe éagsúla; ach tá an leabahr ar fad thar a bheith soléite, aoibhinn.

Beidh mé an súil nach é an duais iarracht seo aon úrscéal an Scolaigh!



An Cléireach
Darach Ó Scolaí
Leabhar Breac 2007

Bun Machan



Baile beag ar chósta theas na hÉireann, i bPort Láirge is ea Bun Machan. (Léarscáil anseo)
Chaith muid saoire teaghlaigh (nó dhó, ní cuimhin liom go beacht) ann agus mé sna déaga. Chaith mé seal ann samhraidh amháin roimhe sin le club óige.

Nuair a bhí muid san Dún Mhóir Thoir um Samhain, thug muid sciuird siar air. Bhí an áit i gcónaí breac le fothracha mianaigh - agus anois táthar á mhargáil mar "Chósta an Copair" ón Trá Mór siar.

Ba chuimhin liomsa trá áirithe amháin ina raibh oscailt mianaigh fós le feiscint. Theastaigh uaim iad a thaispeáint do na buachaillí. Bhíodar fós ann, ach mar is iondúil, níos lú na mar ba chuimhin liomsa (d'fhás mé ó shin, gan amhras...)

Ag an dtrá céanna, tá áirse mara le poill bheaga ann a scaoileann isteach chuig trá eile tú - ach tú bheith aclaí go leor! Ruaig mé suas ansan freisin iad - ní rabhdar ró bhuíoch díom!





Tá cúpla cuimhne eile agam ar an áit.

Bhuail mé le dhá theaghlach ón nGearmáin agus mé ann (bhí Gearmáinis agam ag an am). Mar thoradh ar sin thug mé cuairt ar Hamburg agus Beirlín an bhliain dar gcionn um Lá Caille. Táim fós i dteangmháil leis an teaghlach as Beirlín - breis agus scór bliain níos déanaí.

Nuair a bhí muid ann leis an gclub óige, chuaigh scata againn ar an ordóg go dtí an Trá Mhór (na hamusements, tá's agat.). Seoladh inár mbeirteanna muid - bhí mise ar an mbeirt deiridh. Stop muid teaghlach ón dTuaisceart a bhí ag taisteal i mbus a bhí iompaithe acu i áis cónaithe. D'éirigh linn cur ina luí orthu gach dís eile a phiocadh suas....



Hmm, cuimhní soineanta ar m'óige. Táim ag druidim leis an dá scór....comhartha eile!

2007-12-28

Athchuairt ar Chré na Cille

Chonaic mé an scannán Cré na Cille Oíche Lá le Stiofáin ar TG4.

Blaiseadh den úrscéal seachas leagan de atá ann - ach thaitin sé go mór liom.

Bhí an scéal cúngaithe isteach ar dhá snáth - scéal na báirsí Caitríona Pháidín (an príomhscéal san leabhar chomh maith) agus an síor formad agus sáraíocht lena deirfiúr Neill, agus mar scéal tánaisteach, éad an Mháistir Mhór faoina bhean a bheith pósta arís.

Cheap mé gur oibrigh na gnéithe os cionn na talún go maith (chonaic mé léirmheasanna á cháin iad)

Agus d'éirigh leo deireadh maith a chuir leis an scéal - rud atá deacair go maith mar nach bhfuil aon críoch san leabhar - d'fhéadfadh an sáraíocht faoi chré leanacht ar aghaidh go deo.

Seo Hades na Gréagaigh ina steille bháis! éad, formad, spiteanna feamainne, drochmheas, agus, i gcead do Nóra na gCosa Lofa, gan amharc ar chultúr.

Scannán breá eile i nGaeilge. Ach ceann duairc arís. Cé chuirfeas greann na Gaeilge ar scannán dúinn?

2007-12-21

Grianstad

An lá is giorra.
Agus beidh cothrom lae breithe ár Solais agus Sóláis ann Dé Máirt.
Tá rudaí ag éirí níos fearr!

Beannachtaí na Féile agaibh agus bhur gclann.

Caróga agus Cábóga

Tá cantal orm.

Aréir agus muid ag suí chun dinnéir, chuir bligeard sráide éigin cloch tríd an pána mhór gloine in aice leis an doras tosaigh. Ar ámharaí an tsaoil, gloine dúbailte a bhí ann, agus níor briseadh ach an gloine lasmuigh. Chuir muid fios ar an Gardaí - bhí siad sa cheantair cheana de bharr go raibh na bligeard céanna ag caitheamh clocha le carranna.

Is beag is féidir leo a dhéanamh, dar ndóigh. Ní fhaca muid na scabhaitéirí; go deimhin, thóg sé tamall orainn a thuiscint cad a bhí tarlaithe. Bhí an chuma ar an scéal ar dtúis go raibh clocha sneachta ag bualadh in aghaidh na fuinneoige - bhí sé ag scoilteadh ina smidiríní go mall.

Ansin ar maidin chuir an Banc scairt orm le rá go raibh rudaí amhrasacha ag tarlú do mo charta creidmheasa. Ar ámharaí an tsaoil thug siadsan faoi ndeara gurbh amhlaidh a bhí - bhí caróg idirlín éigin tar éis cúpla céad euro d'ár gcuid a chaitheamh ar éadach "cailiúiláin".

Táimid i mbéal na Nollaig.

Mar sin, níl leigheas iomlán ar ceachtar fadhb go dtí an bhliain seo chughainn. Níl fuinneog nua ná cárta nua ar fáil.

Beidh orainn cuir suas le leigheas sealadach go dtí sin.

Grrrrr.

2007-12-19

'Sé fáth mo thosta

an ríomhaire age baile a bheith ar an dé deiridh. Sean aois, agus sa bharr ar an donais, truflais éigin a bheith gafa aige ón idirlíon.

Mar sin, cé go bhfuil tréan smaointe fánacha agam, agus flosc blagadóireachta, níl an deis.

2007-12-14

Sneachta Dearg

Bhí leathchluas agam le Focal Faire ar na mallaibh, agus "Sneachta Dearg" á iniuchadh acu.

Bhí na saoithe den tuairim nárbh dáth a bhí i gceist, ach sneachta a bhí doimhin as an gnách. Is mó brí le dearg1, dar ndóigh.

Ach mheabhraigh sé eachtra dom a tharla agus mé sna hAilp beagnach scór bliain ó shin. Chaith mé seachtain san Brandenburger Haus in Ötztal na hOstaire.

Ní raibh speaclaí cearta gréine in aghaidh an dalladh agam; ní raibh agam ach cludach do mo ghnáth speaclaí. Bhí an imní orm dá bharr sin trathnóna agus muid ag filleadh ón sliabh nuair b'fhacathas dom go raibh spotaí dearg ar an sneachta - sneachta a bhí glan, bán ar maidin.

Chreid mé go raibh dochar déanta do mo shúile. Ach chuir an treoraí ar mo shuaimhneas mé. Is amhlaidh a bhailíonn an ghaoth gaineamh rua san Sahara, a thiteann mar dusta ar an sneachta. Bhí sé cludaithe ag sneachta úr ar maidin, ach i rith an lae, leáigh an sneachta sin, agus d'fhág na spotaí dearga.

Is ann, mar sin, do shneachta dearg!




1 dearg [aidiacht den chéad díochlaonadh]
ar dhath na fola; (le tine) ar lasadh; (le cneá) oscailte; (le talamh) treafa nó iompaithe; fuilteach (bhí sé ina chogadh dearg); amach is amach (bhí an t-ádh dearg air).
(Fch An Foclóir Beag)

2007-12-11

Rotha Mór an tSaoil

Rotha Mór an tSaoil, beathaisnéis Mhicí Mhic Gabhann léite agam le deanaí.

Is doigh liom go bhfuil gach mór bheathaisnéis Gaeltachta - arbh buncloch na litríochta nua iad - léite agam anois.

Tharla go bhfaca mé an ceann seo san leabharlann i mBré - is cosúil go raibh sé amuigh ar iasacht naoi n-uaire ó 1999 - mar sin, ní mise amháin a bhí ag déanamh faillí ann toisc gurbh saothar chonallach atá ann.

Scéal iontach atá an - ó Chloch Chionnaola go dtí Klondike agus thar nais. Tá ábhar scannán eachtraíochta den scoth ann. Agus ó tharla gurbh ó insint bhéil a scríobhadh an leabhar, agus go bhfuil, go bhfios dom, taiféid ar an insint bhéil sin, d'fheadfadh Micí a bheith ina laoch ina scéal fhéin. Is léir síos tríd an leabhair gur Gaeilge a bhí á labhairt le linn mór chuid d'eachtraí an scéil, is cuma an abhus nó in iargúil Mheiriceá a bhí an eachtra sin.

Meas sibh an mbeadh Roibéard "Cré na Cille" Quinn sásta tabhairt faoi?

2007-11-29

Cé tá ag faire orm?

Tá muid san saol poiblí anseo.
Rud a thuigim go maith. Agus ní deirim aon rud nach mbeinn sásta rá go poiblí.

Ach is iomaí duine nach dtuigeann é seo. Léigh mé an t-alt tráthúil seo:

Dar ndóigh, tá sciath chosanta áirithe ag Gaeilgeoirí!

Ach an rud is deacra smacht a choiméad air ná cé tá ag faire. Níl sé ionann agus a bheith i gcomhluadar san seomra mór gorm. Ní fheiceann tú do léitheoirí.

Fiú agus níthe cosúil le statcounter in úsaid ag duine, tá sé deacair daoine a aithint; bíonn móran gach teaghlach nasctha le dream éigin a bhfuil sciar mhór seoltaí IP acu, ach a dháileann go randamach iad.

Mar sin, bígí airdeallach agus sibh amuigh i ndufair na hidirlíne!

2007-11-24

Lá Cholumbán Naofa

a bhí ann inné.
Fear ar mhó a chlú ar Mhór Roinn na hEorpa ná ina thír dhúchais.

Tá leabhrán de chuid Thomás Uí Fhiaigh agam ina bhfuil cuir síos gairid ar a shaol mar aon le tiontú Béarla ar chuid dá shaothar Laidine.

File, scoláire, manach, cainteoir teasaí agus spreagthach.

Ní raibh eagla air dul i ngleic le Prionsaí saolta ná eaglasta a linne.

Bhí alt ag comhalta de bhall Ord Cholumbán san Irish Catholic an tseachtain seo, inar luaigh de nath de chuid an Naoimh:
Más mian leat an Cruthaitheoir a thuiscint,
tuig créatúir


Feictear dom, cé gur réitigh an Eaglais an bealach don Eolaíocht ar an iliomad slite, go bhfuil rud éigin caillte againn san tsíor anailís a bhí leithéidí Columbán: sintéis nó tuiscint iomlán ar chúrsaí.

Tá díth daoine mar Columbán arís orainn!

2007-11-19

Caróga an Idirlín

Bhí mé ag lorg eolais ar scannáin Dermot Somers ar na mallaibh. Fuair google an rud a bhí uaim - an comhlucht lena rinne sé iad. Ach nuair a lean mé an nasc bhí truflais ann ag iarraidh pornagrafaíocht agus salachar eile a dhíol liom. Bhí an comhlucht tar éis dearmad a dhéanamh an sintúis don ainm fearainn a athnuachan. Bhí sé as feidhm le lá, agus bhí ruathar deánta air cheana féin.

Chuir mé scáirt orthu, agus fuair siad thar nais é.

Ach is iomaí seod scriosta ag na caróga céanna; is maith agus is mithid go bhfuil dreamanna ar nós Cartlann an Idirlín ann chun roinnt éigin den eolas a thabhairt slán.

Bhí nath i leabhar de chuid George Orwell gurb é an dearcadh a bhí ag lucht fógraíochta ná gur muca iad na daoine, agus gur croitheadh an bhuicéid scodalaigh is ea fógraíocht. Is cosúil gur greim magarlaigh a shantaíonn siad anois....

2007-11-16

Anois teacht an Fhómhair, bíonn na rothaí ag sciorradh

An tráth seo den bhliain, bíonn fógraí ag Iarnród Éireann ag cuir an milleáin ar duilleoga ag titim ar na ráillí as iad a bheith go hiondúil mall. (Ní bhacann siad le leithscéalta an chuid eile den bhliain, seachas "Cúiseanna Teicniúla" nó "Deacrachtaí Oibriúcháin").

Mar a tharlaíonn sé, tá an scéal airithe seo fíor.

Roth miotail ar ráille miotail ata i gceist le hiarnród. Tá teorann leis an fórsa ar féidir é a aistriú tríd an chomhéadan seo. Laghdaítear an teorann seo má bhíonn salachar éigin ar na ráillí. "Greamaitheacht" an téarma theicniúil a bhaintear feidhm as san réimse seo. Disciplín ann féin atá i "Rialú Greamaitheachta", agus gnéithe den ealaíon dubh ag baint leis!

Nuair atá an traein ag géarú luais, má thiteann an greamaitheacht, sciorrfaidh an roth, sé sin, beidh an roth ag casadh ró thapaigh i gcoibhneas leis an luas atá ag an traein. A mhalairt a tharlaíonn nuair atá na coscáin i bhfeidhm. Stopann na rothaí. Is féidir damáiste a dhéanamh don roth dá bharr.

Chun an greamaitheacht a rialú, caithfear an sciorradh nó bacadh a aithint agus é ag tosú. Nuair atá acastóir gan a bheith tiomáinte san carr traenach, níl deacracht ar bith - is féidir luas na rothaí ar acastóir tiomáinte a chuir i gcoibhneas leis na rothaí ar acastóir saor. Ach i traenacha áitiúla, leithéidí an DART, bíonn gach acastóir tiomáinte.

Mar sin, is gnách samhail de acastóir saor a ríomhadh, ag braith ar na fórsaí atá á ghineadh ag na hinneall agus eolas faoi mais na traenach ag cuir san áireamh na mais rothlacha, agus gan amhras mais na bpaisinéirí, a dtig leo trian a chuir le meáchan an chairr.

Ansin, déantar iarracht an fórsa a rialú chun a bheith díreach faoi bhun an leibhéal a spreagfaidh sciorradh.

Tá rudaí eile le cur san áireamh freisin, áfach: uaireanta cabhraíonn méid áirithe sciorradh san acastóir tosaigh chun na ráillí a ghlanadh, agus feabhas a chuir ar an ngreamaitheacht don gcuid eile den traein.

Mar a deirim, ealaíon dubh a bhíonn i gceist uaireanta le córas dá leithéid a choimisiúnú; go hairithe toisc go bhfuil sé deacair na cúinsí greamaitheachta a bhíonn i gceist a chruthú ar an ráille profa.

Bíonn deacrachtaí faoi léith againn le líne traenach amháin i mBeirlín, áit ar tháinig an traein amach as tolláin agus isteach i clais. Bhí crainn poibleoga ag fás fán gclais. Mheasc pailin na gcrann le sioc agus fearthainn san earrach chun cumasc thar a bheith sleamhain a chruthú, agus bhí athrú tobann agus tubaisteach ar an ngreamaitheacht nuair a tháinig an traein as an tollán.

Rinne muid iarracht na cúinsí céanna a chruthú le gréisc. Is cuimhin liom ócáid amháin ar an líne profa agus dalladh gréisc ar na ráillí. Theip ar an gcóras rialaithe leictreach san traein. I gcás mar sin, tagann an córas coscáin aeroibrithe i bhfeidhm. Ach theip ar an rialú greamaitheachta dó sin freisin. Sciorr muid ar rothaí bactha - agus tháinig chun stop ar deiridh orlaigh ón maolán. Deirimse leat go raibh muid ag cuir allais...

2007-11-10

Ag buachailleacht geacanna

Caint eile a chuala mé, Déardaoin beag seo, ná an chaint a thug Dermot Somers don gCiorcal Caidrimh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach.

Arís, caint thar a bheith spreagúil a thug údar Ag rince ar na Ballaí agus Buaic

Rinne sé cur síos ar dtúis ar a sheal ag buachailleacht geacanna leis an pobal Dolpo i Neapal, agus na deacrachta a bhí aige le tarbh bhradach ard sna Himiléithe, sular ndearna sé cur síos níos ginearálta ar a shaol mhoilleadóireachta.

Is iontach an rud é éisteach le duine a bhfuil grá aige don rud a dhéanann sé ag caint.

Ní haon ailleadóir mise - tá an iomarca trealaimh i gceist, dar liom, ach tá grá agam do na sléibhte. Bhí ardú meanman sna pictiúr a thaispeáin sé.

2007-11-09

Croitheadh Solais

D'fhreastail mé Déardaoin seo chaite ar leacht a thug Tomás Ó Brosnacháin ó BSL don Roth.

Ba léir go raibh an tuiscint aige ar a ábhar agus rinne sé cuir síos glé ar conas iomlaoid voltais agus a éifeacht ar soilse a thomhas, ag cuir san áireamh an dóigh ina bhfeictear an tionchar do dhaoine.

Fadhb sách tromchúiseach atá ann, mar go bhfuil éifeacht síceolaíochta ag an croitheadh solais ar dhaoine má leannan seo ró fhada. Rinne sé cur síos ar na modhanna chun a fhadhb a sheachaint - an ualach a roinnt níos fearr idir na pasanna, nó trealamh a chuir ann chun an cumhacht fhreasaitheach a chuir ar fáil don ualach atá ina chúis don croitheadh.

Tuigim go bhfuil sé i gceist leagan den chaint a chuir ar fáil ar suíomh an Rotha, mar sin ní rachaidh mé isteach sna sonraí anseo.

Iothlainn na Gaeilge

Seachnaím ceist na teangain de ghnáth. Ach chuir blagmhír seo Cailín na nGruanna Rósacha ag smaoineamh mé.

Is minic scríbhneoireacht míchruinn ar bhlaganna. I dteanga ar bith seachas an Ghaeilge, is cuma, is san ábhar a cuirtear spéis. Ach, scríobh as gaeilge, agus luath nó mall tiocfaidh saoithín éigin an treo chun mionbhotúin a cheartú go poiblí. Agus is minic na ceartúcháin mícheart, de bharr cúinge eolais an dronga san ar ghnás na Gaeilge, agus an fairsinge a cheadaíonn fiú an Caighdeán Oifigiúil.

Féach, dream leathan is ea lucht labhartha na Gaeilge. Tá caomhaigh agus cumannaigh inár measc, daoine le meon aerach agus daoine gruama, daoine geanmnaí agus daoine macnasacha, ... tá a leithéidí ag blagadóireacht as gach teanga eile ar domhain; ach níl an oiread sin fós as Gaeilge. Má tá na péas gramadaí freagrach as seo, is mór an feall é.

Dála, an scéil, má thagann duine agaibh an treo, agus gan de chúram oraibh ach mo dhrochghramadach a cheartú; ná bac. Scriosfaidh mé do theachtaireacht!



Tagairt do rud a dúirt Joe Steve atá i dteideal an mhír seo. Féach anseo

2007-11-07

Ráig ragoibre

Tagtha aniar aduaidh orm.

Tá moill ar gach cuid eile den togra, agus ó tharla muide, an foireann profa agus deimhnithe, ag deireadh an slabhra, agus an críoch dáta ag teannadh linn,...

An sean-scéal cráite arís. Má thógann sé naoi mí ar bhean leanbh a iompar, cuirfidh muid naoi mban a dhéanamh laistigh de mhí...é sin nó "Tá fiche ceathair uair sa ló, agus munar leor sin, oibreoidh muid istoíche"

Seans mar sin go mbeidh na smaointe a bhreactar anseo níos fánaí fós go ceann ráithe nó dhó!

Bás, Breith, Ifreann, Neamh

Ní minic a luaitear na ceithre rudaí deiridh níos mó.
Ach tá siad ann.

Bím ag éisteacht le leachtaí de chuid an fealsamh Peter Kreeft. Fear é a bhfuil an ghean aige ar C.S. Lewis, fear a tháinig ar a chreidimh arís agus é fásta, agus a rinne an chuir síos ar bhunchlocha na Críostaíochta i leabhair cosúil le Mere Christianity.

Tá tagairt láidir amháin a bhíonn go minic ag Kreeft:
Dá mbeadh sé ar ár gcumas daoine a fheiscint mar a bheidh siad san saol eile, d'fheicfeadh muid neach diaga a mbeadh cathú orainn iad a adhradh, é sin nó neach nach fhaca muid lasmuigh de fíor dhroch tromluí. Agus tá muid ag cabhrú lena cheile, lá i ndiaidh lae, ceann den dá chríoch sin a bhaint amach.


Ó thaobh sceon agus fonn gníomh a chuir ar dhuine, tá an smaoineamh úd beagnach chomh láidir le Apacailipsis Eoin 3:15
Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach


Seo linn, mar sin, fáiscimis ár mbalcaisí, agus ar aghaidh linn le chéile ar an mbóthar chúng...

2007-11-02

Firinne gharbh na Ríthe

Chonaic mé an scannán Kings anocht.

Thar a bheith cumhachtach, ach thar a bheith duairc. Bhí blas gharbh, searbh na firinne ar an uile nóiméad de. Shil mé deora.

Mar dhuine a chaith seal ar imirce mé fhéin, agus a bhuail le roinnt de leaids na buildeáileacha thar lear, bhraith mé go raibh ionracas agus soiléire i léiriú na gcinniúintí éagsúla a bhain don seisear.

Ach ar son Dé, nach ndéanfaidh duine éigin rom-com nó scéal gealgháireach áthasach as Gaeilge a scannánú dúinn?

2007-10-31

Döner Kebap

Bhí muid san Dún Mhór Thoir ag an deire seachtaine, agus de bharr leisce, fuair mé bia ón ngreim gasta. Bhí feicthe ag Tiernan go raibh kebap acu, agus dúirt sé gur theastaigh ceann uaidh; ach faraor, míthuiscint a bhí ann. Ciallaíonn Kebap bior san Tuircis, agus tháinig sé isteach sa Ghearmáinis: mar sin cheap sé gurb béile a dhéanann a mháthair ó am go ham a bhí i gceist - feoil agus glasraí friochta ar bhior. Tugtar Schaschlik air freisin. Ós rud é gur fuath liom beatha a chaitheamh sa bhruscar, bhí ormsa an diabhal rud a ithe. Ach níl a leithéid de rud ann in Éirinn agus Döner Kebap ar fiú é ithe. Feoil righin, leitís tuirseach, anlann leamh. Ach an t-arán - is ansan a cailltear Eachdroim. Arán ar mhó a chosúlacht le páipéar ná le beatha.

Ní aon chomparáid idir sin agus an saghas Döner a raibh cleachtadh agam air i mBeirlín. Sí Beirlín an tríú cathair is mó daonra Turcach - i ndiaidh Istanbul agus Ankara, agus rachairt dá réir ar dea-Döner.

An t-arán ar dtús. Ceathrú de bhuilín cruinn atá orlach ar túis, agus breá aerach. Feoil úr rósta. Glasraí úra. Anlann gairleoige. Agus mar sméar mullaigh, píosa breá feta.

Bhíodh na cinn is fearr (agus is dócha go bhfuil fós) ar fáil in aice le Stáisiún fo-thalún Yorckstrasse, i gcroílár Kreuzberg. Tig liom é bhlaiseadh anois...

2007-10-23

Aibhléis

Aibhléis
Stair Úsáid an Leictreachais
Micheál Ó Bréartúin
Coiscéim 2007

Seo an tríú leabhar ó Mhicheál, i ndiaidh Gnóthaí Eachtracha agus Sreangscéal

Bunaithe ar a shaol mar chomhairleoir de chuid BSL Idirnáisiúnta a bhí Gnóthaí Eachtracha, agus cuir síos ar stair na Teileagrafaíochta is ea Sreangscéal.

Tá an leabhar seo sa stíl chéanna le Sreangscéal, ach gur síos síos níos leithe ar stair na haibhléise atá ann.

Maidir leis an dá téarma úd Leictreachas agus Aibhléis, tá nóta suntasach aige sa leabhair (lch xiii):
Níor mhiste tagairt a dhéanamh do dhá fhocal a úsáidtear go minic sa leabhar: leictreachas agus maighnéadas. Tá dhá fhocal eile ar chomhchiall leo sa Ghaeilge againn: aibhléis agus adhmainteas. Ní sa Ghaeilge amháin a tharlaíonn a leithéid seo: sa Ghearmáinis1, mar shampla, tá Fernsprecher agus Telefon, Fernsehen agus Television araon in úsáid. Tá fuaim níos dúchasaí nó, ar a laghad, níos 'neamhghallda' ag aibhléis agus adhmainteas agus is minic gur fearr le daoine, mise go hiondúil ina measc, iad a úsáid ar an mbonn sin. Caithfear a chur san áireamh, áfach, nach annamh feidhm sa leabhar seo le comhfhocail a bhaineann le gnéithe de na feiniméin atá sainithe ag na bunfhocail agus gur fusa na comhfhocail seo a chumadh as leictreachas agus maighnéadas. Ní fheicim, mar shampla, aon fhocal inghlactha eile a d'fhéadfaí a chur in áit leictreamaighnéad. Shíl mé ar bhonn na comhsheasmhachta, mar sin, cloí leis na bunfhocail seo tríd an leabhar - ach amháin i gcás teideal an leabhair!


Thaitin an leabhar seo liom, cé go ndeachaigh roinnt des na sleachta chun leadrán domhsa ó am go chéile. Táim thar a bheith sásta é bheith ar mo leabhragán agam! Sé an tsóirt leabhar é gur féidir filleadh air ó ham go ham agus sliocht a léamh as. Tá an cuir síos san aguisín ar díospóireacht dhiagairí maidir le faoistin ar an bhfón thar a bheith suimiúil, mar shampla!

Tá gluais ag dul leis. Seo rud nach maith liomsa go pearsanta - an focal béarla a thabhairt ar théarma teicniúil, amhail agus go mba míniú é sin. B'fhearr go mór liom dá mbeadh cuir síos gairid i nGaeilge an an téarma. Bhí roinnt téarmaí nár chuir an focal Béarla le mo thuiscint air a bheag ná mór.

Ach tá saothair mar seo thar a bheith tábhachtach i gcuir chun cinn na gaeilge mar teanga nua-aoiseach seachas teanga teallaigh. Ábhar suntais dom mar sin (lch 240) léamh faoin leabhrán "Comhacht uisce in Éirinn" a d'fhoilsigh A Breatnach agus P Ó Domhnaill i 1919.

'Seo dhíbh an leabhrán so, a Ghaedheala, agus má's beag libh bhur eolas ar chomhacht uisce na hEireann iar na léigheamh díbh tuigidh nách fearr le lucht a scríbhte rud a thiocfadh as ná bhur spreagadh chun tuille eolais do chuardach agus do bhailiú. 'Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do mhuintir ná hEireann, dá gcur ar a leas, agus gur leasc leis í fhoghluim ina dhiaidh san, gur seacht leisce leis cloí le saothrú comhacht an uisce; agus an té ná tuigeann, gur comhairle in aisge ár gcomhairle dhó.'


Seo libh, a Ghaedheala, ceannaígí agus léigí leabhair Mhichíl!


Nóta 1: Tugtar Strom sa ghnáthcaint ar aibhléis sa Ghearmáin, cé go bhfuil an focal Elektriztät ann fosta.

2007-10-22

Hata Dearg do Chomharba Phádraic agus Mhael Máedoca

D'ainmnigh an Pápa an tArdeaspag Seán Brady, Príomháidh na hÉireann Uile, ina Chairdinéil. Is ag comharba Phádraic a bhíodh an hata dearg go traidisiúnta, ach an geábh deiridh is go Príomháidh na hÉireann, an tArdeaspag Desmond Connell a chuaigh an hata dearg, ó tharla go raibh (agus go bhfuil, dála an scéil) iar chomharba Phádraic, an Cairdinéil Cathal Daly, fós beo.

(Scéal do lá eile scéal seo an t-imreas idir Ard Mhacha, Príomháidh na hÉireann Uile, agus Áth Cliath, Príomháidh na hÉireann. spite feamainne a théann i bhfad siar atá ann - tá an t-imreas céanna in Eaglais na hÉireann).

Bhí alt san Irish Catholic roinnt seachtainí ó shin faoi Máel Máedóc Ua Morgair, easpag Ard Mhacha san 12ú aois. Bhí cúrsaí an tsaoil agus na heaglaise i bhfad níos measa an tráth úd. Bhí oifigí na heaglaise i seilbh na n-uaisle, a chaith leo mar mhaoin d'aon tsórt eile. Bhí anord, dó agus goid forleathan, gan trácht ar anord san caidreamh idir dhaoine. Ach naomh agus fáidh ab ea Máel Máedóc, agus rinne sé cion fathaigh chun atheagar a chuir ar an eaglais in Éirinn.
(Do na scolairí, seo saol Mháel Máedóige, de réir San Bearnárd, a dhlúth chara).


Níl fhios agam an bhfuil an mianach céanna san Ardeaspag Brady. Ba mhaith an rud dá mbeadh! Tharraing sé fearg na tráchtaireachta air fhéin nuair a luaigh sé, i measc rudaí eile, gurbh rud neamh folláin an dúil atá in Éireann na linne seo do lucht feasa agus pisreoga eile. Thaitin a chosaint stuama ar na hEaspag roimh líomháin aisteach Gearóid Mhic Gearailt gurbh aontumha na nEaspag ba chúis le scannail mí úsáid paistí san Eaglais. Is eol d'aoinne atá ag féachaint ar an cheist gur ró-éisteacht le saineolaithe, idir lucht leighis agus lucht dlí, ba chúis le botúin an chliarlathas seachas rud ar bith eile. Aineolas a bhí fairsing san am; go bhfeadfaí péidifiligh a leigheas, agus nár fhan aon droch-iarmhairt ar na paistí. Labhair sé go stuama faoi seo.

Guím gach rath air.

2007-10-14

Buachaill Báire an Domhain Thiar

Chonaic mé athleagan Bisi Adigun agus Roddy Doyle den Playboy in Amharclann na Mainistreach aréir.

Rinne siad an dráma a athlonnú in Iarthar Bhleá Cliath, i dteach tábhairne amhrasach. Agus Nigéarach é an buachaill báire anois.

Bhí an rud ar fad thar a bheith barrúil agus cliste. Is iomaí urchar a scaoil siad le gnéithe suaracha de saol an Tíogar Cheiltigh a bhain a spriocanna amach go foirfe. Bhí codarsnacht íorónta idir friotail foclach fileata Christy, go háirithe agus an éigse spreagtha ann ag a bhé Peigín Mhaidhc, agus caint an chuid eile arbh f**k an focal is minice acu; focal ilbhríoch, ilfheidhmeach.

N'fheadar cad a cheapfadh Synge bhocht. Spreag a líne seisean de mhná na hÉireann ina léinte círéib. Nocht a bhíodar le bheith aréir, agus ar éigean gur thug aoinne faoi ndeara. Is mór an t-athrú le fiche bliain anuas in Éirinn, gan trácht ar an chéad.

Agus is tús mhaith é seo de chumasc Inimirceach agus Éireannach sna healaíona. Níorbh aon "Fear Gorm Stáitse" é Christy ná a athair sa dráma. Agus rinneadh roinnt de fhocal Synge a sníomh go healaíonta isteach san téacs nua, mar aon le nath nó dhó de chuid na Nigéire.

2007-10-11

Riachtanas an Spáis Bháin

Léitear foinse clár ríomhaireachta i bhfad níos minice ná má a scríobhtar an chód.

Go deimhin, níl i gcód ach cumarsáid. Ar an leibhéal simplí, leis an ríomhaire. Ach ní hé sin an gné is tábhachtaí. Ní bheidh aon doiléire san comhad dénártha a thiomáinfidh an ríomhaire. Ach ní gá go mbainfear amach aidhm an ríomhchláraitheora!

Mar sin, is gá go mbeadh an cód inléite; ag an ríomhchláraitheoir féin, ag an foireann profa, agus ach go hairithe ag an foireann cothabhála.

Mar is gnách, siad na mionrudaí is tábhachtaí:

Is féidir leithéidí
Másmóafábnácfáddéaneésinnódéanf
a scríobh agus beidh clár bhailí agat. Ach is féidir é scríobh ar bhealach i bhfad níos inléite le lúibíní agus spás bhán:

Más mó (a fá b) ná (c fá d)
dean e
é sin nó
déan f

Is é an gnáth nós ná
  1. Línte cód a bhfuil baint acu le chéile a scaradh ó línte eile le líne folamh. i. Altanna a úsáid, mar a bheadh in ábhar scríofa.
  2. Feidhm a bhaint as bearnú chun an leibhéal feidhme a chuir in iúl.
  3. Spás a fhágáil thart ar oibreoirí dénártha (*, /,+,- agus rl)
Ach fainic má bhaineann tú feidhm as táib chun bearnú a dhéanamh. (Comhartha ASCII 0x09 de réir an tsean reacht). Ní gá go mbeadh comhionann an líon spásanna i gceist le táb ar chóras dhuine eile. Mar sin, is fearr táb a sheachaint, nó ar a laghad, feidhm a bhaint as eagarthóir a thiontaíonn táib go líon airithe spásanna agus an comhad a shábháil.
Má déantar faillí i rud mar seo, beidh an clár a bhí leagtha amach go gleoite, dar leat, ina ghiobail doléite dar leis an té a thagann i do dhiaidh!

Níl i spás bán agus lúibíní ach cuid den scéal. Agus i leor sin de racht anocht.

Tá léargas chuimsitheach ar conas praiseach cheart a dhéanamh anseo

2007-10-07

Eachtra an Eich Iarainn

Is gnách liom (ní chomh minic agus ba cheart ná ba mhaith liom) lá a bhronnadh ar mo mhic faoi seach inár féidir leo roghnú cad ba mhaith leo a dhéanamh. Seal Fionn a bhí ann de Satharn seo chaite. Theastaigh uaidh dul ag rothaíocht. Anois, tá rothar sa gharáiste agam, ach a) ní raibh mé sa mhuin ar le fada, b) tá an ceantar seo cnocach, c) agus tá na bóithre thart anseo caol, contúirteach, sclagach.

Is beag fonn a bhí orm rud a dhéanamh air, mar sin. Ar amhraí an tsaoil, bhí mé tar éis an dream seo a thabhairt faoi ndeara tamall ó shin. Anois, b'shin plean. Rothair a ghlacadh ar cíos, agus camchuairt a thabhairt ar Pháirc an Fhionn Uisce. As go brách linn ar bhus agus Luas go dtí an Páirc.

Fuair muid rothar an duine, agus rinne muid camchuairt ar leath theas na Páirce.

Thug mé suntas athuair do na fógraí bóthair (nó, mar a deir an Ghaeilge nua, na síneacha tráchta). Seanchló deas soiléir.


Seachas an príomh ascal tríd an phairc, is beag trácht gluaisteáin a chuir isteach orainn (agus tá raon rothair ar an bpríomh ascal sin, ach ní thugann Éireannaigh aird ar srianta dá leithéid - bhí orainn sníomh thar coisithe an t-am ar fad ar an mbealach thar nais). Go deimhin, bhí cosc ar ghluaisteáin ar codanna áirithe den bhealach.

Chonaic muid an tréad fianna in aice le Cros an Phápa. Chonaic muid roinnt fianna eile faoi na crainn in aice an bhóthair. Theip orm iad a cheapadh i gceart ar ghrianghraf.



Tá cuimhní cinn agam a bhaineann leis an gCros agus na Fianna araon. Bhí mé ann le mo mhuintir i 1979 nuair a dúirt an Pápa Aifreann ann. Bhí an áit dubh le daoine, muid uilig faoi ghreamaitheoir daite chun ár gcearnóg téad teorannaithe féin a chuir in iúl. Trian de mhuintir na hÉireann a bhí ar an bhfód an lá úd. Ní bheidh a leithéidí arís ann, is eagal liom!

Maidir leis na Fianna, is cuimhin liom bheith sa pháirc uair amháin nuair a tháinig muid i gcabhair ar stócach a bhí tar éis oisín a aimsiú. Bhí an oisín ag geonaíl, agus phioc sé suas é. Shocraigh m'athair gurb é an rud is fearr ná an créatúr a bhreith linn go dtí gairdín na n-ainmhithe. Ní rabhadar ró bhuíoch dúinn! Dá mbeadh sé tar éis an oisín a fhágáil san áit ina raibh sé, bheadh an eilit tar éis filleadh. Ach anois agus boladh daonna uaidh, ní ghlacfaí thar nais sa tréad é.



Tá ballraíocht bliana againn sa Zú arís; mar sin chuir muid clabhsúr ar an lá le cuairt air.

Ól caife Starbucks, agus déan gníomh fónta?

Cheannaigh comhghleacaí de'm chuid cupán caife de chuid Starbucks ar na mallaibh. Chomh maith leis an bhfógra "Aire, leacht thé", bhí rá éigin ar an gcupán maidir leis an gníomh fónta a bhí ar bun aige, agus an caife úd a ól.

An bhfuil muid éirithe chomh sotalach sin i dtuaisceart an domhain? Cinnte, is fearr caife as trádáil cothrom ná caife dúshaothraithe. Ach níl ann ach é. Sé bun agus barr an scéil ná go bhfuil andúil an tuaiscirt do chaife, té, siúcra, agus go deimhin cóicín agus codlaidín ag goid talamh ar cheart bia fónta a bheith a fhás air. An cleas is déanaí againn ná bithbhreosla a chuir ag fás seachas bia, d'fhonn ár gcraos fuinnimh a choisc.

Is cuimhin liom cartún a fheiscint uair a amháin a chuir síos ar go beacht.

Dhá leath déanta den chruinne. Peasán amplóra ab ea an leath thuaidh. Babhla folamh an ghorta ab ea an leath theas.

Má tá muid uilig le teacht slán, beidh orainne déanamh gan roinnt rudaí ar mhaithe leis an gcine. Is dócha go mbeadh (ar a laghad) gearra siar ar chaife ina measc.

Ná bímis ag cuir dallamullóg orainn fhéin!

2007-10-04

Wenigerverbreitetesprachenblitzableitertheorie

(Teoiric s(h)eoltóir tintrí na dTeangacha Neamhfhorleathana)

FAINIC: Bhí lámh ag grúdlann Mhic Aonghusa agus drioglann Mhic Shéamais i gceapadh na teoirice seo.

Bhí Michal agus mé féin ag plé na ceiste go bhfuil níos mó blaganna inléite sa Ghaeilge ná sa tSeicis. (A thuairim siúd; níl, faraor, Seicis agamsa)

Anois, is minic ráite go leanann fiúntas an bhlagasféar dlí dáileadh dhlí na cumhachta.

Dá mba fíor sin faoin nGaeilge, i bhfianaise a laghad lucht blagála gaelach atá ann, ní bheadh mórán fiúntais le fáil sa bhlagasféar gaelach.

Is cosúil mar sin go bhfuil tosca eile i gceist.

Toisc amháin, i mo thuairim, gur fusa racht a scaoileadh ar bhlag ná rudaí dearfacha a scríobh. Mórán mar an gcéanna leis an toisc go bhfuil deich gcinn de dhánta áille faoi ghrá éagmaiseach in aghaidh an dáin maidir le grá comhlíonta.

Agus is cantalach an dream muide Gaeilgeoirí. Ní hé gur dream muid atá Gleichgeschaltet. Dream thar a bheith ilghnéitheach muid: ó baill den bhFeachtas um Smacht ar Inimirce go Comhairle Inimirce na hÉireann, ó na PDanna (an beagán acu atá fós ann) go dtí na Cumannaigh, ó Chaitlicigh daingne
go Búdaigh

Ach is cadhan aonair agus éan chorr mórán gach duine againn.

Talamh torthúil don bhlagadóireacht, mar sin.



Ar lean, 2007-10-07
Meabhraíonn Michal toisc eile dom thíos; toisc nár mhian liom cur san áireamh ar dtúis, toisc go bhfuilim ar mo dhícheall séanadh dom féin fúm fhéin gur leis an aicme airithe sin mé, eadhon na Gaeilgeoirí mar a sainmhínítear iad i gConamara: an dream sin go bhfuil an teanga acu, ach nach as pobal iad a bhfuil an teanga fréamhaithe ann.

Is iontach an ghléas an bhlag chun an teanga a saothrú, chun faobhar a choimeád uirthi, ainneoin fairsinge aos an Phinn Deirg.

Maidir le séimhiú Shéamais; tá amhras orm. Ní teoiric faoi seoltóir tintrí atá agam, ach teoiric go gcomhlíonann blag feidhm seoltóir tintrí don Ghaeilgeoir. Áit shábháilte le racht a scaoileadh. Ach seans go bhfuil breall orm (arís).

Feicim go bhfuil duine éigin ag saothrú iomaire na scéalta anghrácha, mar a mhol Reg Hindley. (Ná bí ag súil le nasc uaim. Aimsigh thú féin é más tá sé de dhíth ort). B'fhearr liomsa roinnt cérinneacháin éadroma d'fheiscint.

2007-09-27

Áiseanna do Phápairí

Tá sciar nach beag de Aéropagus seo na haoise atá i seilbh daoine atá dílis d'eaglais na Róimhe.

Dar ndó, tá suíomh na Vatacáine ann, áis chuimsitheach ina bhfuil gach scríbhinn de chuid na hEaglaise le fada. Tá dornán de suímh nuachta ann, Zenit na Róimhe ach go hairithe.

Agus tá an suíomh seo ann: seod amháin dá gcuid ná Summa Theologica Naomh Tomás Aquinas.

Ach seachas na suímh "oifigiúla" sin, tá flúirse blaganna caitliceacha. Is minic gur ag daoine a d'iompaigh, nó a d'fhill ar an gcreideamh na suímh seo. Agus ní haon ionadh é sin. Seo daoine aibí a tháinig ar an gcreideamh tré dian chuardach agus streachailt. Bíonn tuiscint níos doimhne acu ar na foirceadal agus áilleacht an teagaisc dá bharr.

Agus is minic sár acmhainn grinn acu!

Níl sé í gceist agam liosta fada a thabhairt: tá a leithéid anseo ar bhlag Tom Kreitzberg.

Is maith ann iad. Tá soiscéalú de dhíth ar an domhan, ar mhaithe leis an cine daonna ar fad.

2007-09-17

Gleann Dá Loch



Bhí mé i Gleann Dá Loch Dé Domhnaigh. Bhí sé i gceist agam Doire Bháin a dhreapadh le mo mhac, ach nuair a bhí muid cuid mhaith den slí in airde dúirt sé nach raibh sé ag mothú ró mhaith, agus tháinig muid síos. Ach thug sin deis dúinn féachaint thart sa ghleann féin, agus lean muid orainn a féachaint thart nuair a tháinig mo bhean agus an naíonán. Tá an-chuid oibre déanta ag Dúchas, nó pé ainm atá orthu anois, ag leagan amach cosáin siúlóide de gach sórt, ó éasca go dúshlánach.

Shiúl muid thar n-ais ón Loch Uachtarach ar an slí liath, cosán ardaithe tríd an riasc a théann timpeall ar Loch na Péiste. Bhí an dúrud ropairí le feiscint. De réir na bileoige, bíonn earca luachra le feiscint á ngrianadh féin, ach ní fhaca muid iad.


Chuaigh muid thar sruthán, agus chonaic muid an scata mór seo de scinnirí locháin seo: ní fhaca mé an oiread acu in aon láthair roimhe:


Tá gairdín deas céadfach ag an loch uachtarach freisin, mórthimpeall ar an tigín ina bhfuil an iarsmalann dúlra.

Cé go mbíonn an t-uafás turasóirí san áit, níl sé ró dheacair bogadh amach ó na sluaite, agus aoibhneas agus suaimhneas an ghleanna a mheall Caoimhín agus a mhanaigh a bhlaiseadh.

2007-09-10

Rothaí Móra an tSaoil

Nuair a chuaigh mise go Beirlín i dtús na 1990í, b'iad ceardaithe Éireannacha agus Polannacha cnámh droma an tionscal tógala ann.

Bhí imní dá réir ag muintir na Gearmáine roimh teacht na dtíortha Oirthearacha isteach san Aontas, agus maraon le gach tír seachas Éire, an Bhreatain, agus an tSualainn, chuir siad srianta i bhfeidhm.

Mar sin, is anseo atá na Polannaigh.

Ach bhíos ag faire an teilifís na Gearmáine tráthnóna Domhnaigh.

Is cosúil anois gurbh iad ceardaithe Gearmánacha atá ag tógáil tograí móra i mbailte amhail Wrocław sa Pholainn - de bhrí nach bhfuil ceardaithe Polannacha ar fáil!

Dá mbeadh blag ag Tómás Domhnaill...

I measc na leabhair atá agam tá cóip de Allagar na hInise, cóip ós na 1930í a bhí ag m'athair mhór romham.

Bhíos ag billeogaíocht tríd le déanaí nuair a rith sé liom go raibh sé thar a bheith cosúil le blag. Giotaí beaga ar thug an tOileánach suntas dóibh.

Dar ndóigh, comhfhreagras a bhí ann an chéad lá riamh, litreacha a scríobh sé ag na scoláirí a bhíodh ag cuartaíocht ar an mBlascaod.

Sin anois togra do Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge - tá an t-aos léinn annsan ag foghlaim scileanna raidió 7 rl. Tuige nach gcuirfeadh siad Allagar na Gaeltachta ar fáil dúinn? Cainteanna a bhailiú ó na scéalaithe atá fós thart. Agus an rud ar fad a chuir ar fail mar bhlag, agus níos fearr fós, mar phodchraoltaí.

2007-09-06

Ní soláthróir seirbhísí í an Eaglais!

Tá sé ina raic in Éirinn de bhrí go bhfuil scoileanna faoi phátrúnacht na hEaglaise Caitlicí i nDeoise Átha Cliath ag tabhairt tús áite do dhaltaí caitliceacha. (Scéal anseo agus anseo)

Roinnt míosa ó shin bhí díospóireachta fhada i leathnaigh litreacha an Irish Times faoin dualgas, munar mhiste leat, atá ag an Eaglais sochraid cuí a chuir ar fáil, fiú más agnóisí an té atá le cur. (Bás agus adhlacadh John McGahern an ócáid a bhí á phlé).

Agus, dár ndóigh, bíonn daoine nár freastal ar Aifrinn ó aimsir a gcéad comaoineach ag glacadh leis go bhfuil sé de cheart acu seirbhís pósta a bheith acu agus de dhualgas ar an Eaglais é chuir ar fáil.

Is deacair liom an meon seo a thuiscint.

Níl ach feidhm amháin ag an Eaglais. Cabhrú lena baill Críost a chuir umpu d'fhoinn a bheith slánaithe.

Chuige sin atá na sacraimintí ann, agus chuige sin amháin. Ní taispeántas ealaíona atá san Aifreann, ach seirbhís diaga. Dia atá ina lár, agus ní daoine.

Níl de dhualgas ar an chléir, ón bPápa anuas go dtí sagart chúnta nó deagánach, ach an dualgas a chuir Íosa ar Pheadair: a uain a bheathú. Na sacraimint a riar ar Phobal Dé de réir na rúibricí. Teagasc Chríost a roinnt ar an bpobal, gan cíos, cás na cathú.

Tá feidhm le scoileanna Caitliceacha toisc gur bheag ghné den leann nach bhfuil tionchar ag cúrsaí eitice agus moráltachta air. Tá sé de cheart ag tuistí muinín a bheith acu go bhfuil an scoil ag cuir leis an oideachas sa chreideamh, seachas a bheith á chreimeadh mar atá an sochaí i gcoitinne.

Gnó don Stát oideachas i gcoitinne a chuir ar fáil.

Má tá searmanais taibhseacha de dhíth ar dhaoine, is ar dhrámadóir seachas sagart ba cheart dóibh fios a chuir!

Dár ndóigh, tá an scéal rud beag níos casta in Éirinn, áit a raibh an tEaglais Caitliceach ina Volkskirche, ina eaglais ina raibh mórán gach duine ina bhall.

Ach ba cheart an ghortghlanadh a dhéanamh anois!



Aguisín Píosa níos meáite maidir le scéal na scoileanna san Times inniu

Aguisín II: Táim i gcomhluadar mhaith!

Dúirt an Pápa gurbh é tosaíocht na nEaspaig ná múnlú ná firéin sa chreideamh, go hairithe na caiticeasmóirí agus baill na nOrd Rialta

2007-09-05

Imram Frederike

Theip orm dul suas Cnoc Bréanainn i mbliana, ná go deimhin mórán siúl a dhéanamh in aon chor.

Siúlóid fiúntach amháin a rinne mé agus muid thiar, le m'iníon ar mo dhroim. Thosaigh muid amach ón mBaile Breac, ag dul aneas ar Chosán na Naomh.
Thar na Corr Aillí, áit a bhfuil, más fíor an t-ollpheist a sháinnigh Naomh Cuán ag fanacht faoine choire le deiridh an domhain. Suas agus thar Rinn Chonaill. Síos arís i dtreo Cill Maolcheadair. Chuaigh mé ar strae beagán ansin; tá dhá dreapa díreach i ndiaidh a chéile chun cúinne gort a thrasnú; ach bhí an dá cheann folaithe ag deora Dé.

Fán mbóthar ansan thar Fothrach an tSainsiléara agus Cathair Deargáin go dtí Gallarus. Chodail Frederike an t-am ar fad go dtí sin. Bhí lón beag againn sa Gharraí Glas, caife orgánach nua atá oscailte san áit ina bhfuil an láthair campála ag TP. Bhí sé go deas, ach bhí roinnt den snas nó den barr slacht in easnamh ar an méid a bhí ar fáil ann.

Bhí orainn siúl ar an mbóthar mór ar sin ar feadh tamaillín go dtí gur bhuaileamar le cosán síos go dtí an cladach. Fan tráigh ansin linn ar féachaint amach ar Chuan Árd na Caithne tríd an Muiríoch agus thar nais ar an mbóthar go Baile na nGall.

Bhí cupán iontach caife agam tigh TP ansin - caife ón gcrúiscín le suncaire, ar €2.

Fán Chósta ansin linn ó thuaidh.




Bhí radharc bhreá againn ar an Fear Marbh (Inis Tuaisceart).
Bhí an cloch ar a dtugtar "Cloch i seasamh" le feiscint go breá soiléir. Tá píosa ag an tOileánach faoi i ndinnseanchas an Bhlascaod:
Cloch i Seasamh.
Tá gotha an chaisleáin ar an gcloich seo, í lom díreach in airde ón bhfarraige agus chomh sleamhain le buidéal nach mór. Tá fód glas gairid do bharra na cloiche seo go dtugtar Nead an Fhiolair air; bíonn an fiolar leis ag déanamh a neide ann. Bíonn luach an airgid in airde ann, agus céad fear ag féachaint air. Ach ní bhacaid tharsu é. Ní féidir dul ann le téid, mar is ina bharra a bhíonn an nead, agus dá d'réir sin, is anuas a caithfear an t-ubh nó an t-éan a thabhairt. Aon drapadóir amháin a bhí ins an oileán so lem linnse a thugadh as iad, fear eile i nDún Chaoin, agus fear eile ó Pharóiste Múrach. Aon triúr amháin i mbeatha an tsagairt. Punt ubh fiolair nó gearrcach ins an am úd. Ach ba mhó rud gur phunt san am úd é ná fuil aon trácht tharsu le fada.


Lean muid an cosán fán gcósta go dtí an Ghlaise Bheag. I dtreo deireadh, bhíos sásta gur lá ciúin tirim a bhí ann - bhí an chuid sin den cosán sách cúng agus bheadh sé thar a bheith sleamhain dá mbeadh aon fliuchras ann.

As sin ní raibh de rogha ann ach na boithre: ó dheas go dtí an Bóthar Buí agus Saipéil na Carraige. Ar aghaidh ansin go Cathair Scoilbín, Cill Chuán agus thar nais go dtí an Baile Breac.

Bhíos traochta go maith faoin am sin!

2007-09-03

Eaglais Naomh Seoirse i Chřibská

Mheabhraigh blagmhír Michal faoin Sudetenland an mion eachtra seo dhom.

Sna 1990í luath, bhí mé ag siúl leis an té arbh í mo bhean anois í san chuid sin de Phoblacht na Seice. Chaith muid an oíche i Rynartice, agus bhí siúlóid sách fada againn tríd gleann go dtí Chřibská.

Bhí fonn ormsa Aifreann Domhnaigh d'éisteacht dá mb'fhéidir é.

Tháinig muid chomh fada leis an eaglais i Chřibská, agus bhí Aifreann ar tí tosú. Ní fhaca mé riamh roimhe sagart (ná duine eile) a bhí cromtha le haois; ach bhí. Beirt eile a bhí san eaglais, más buan mo chuimhne.

Eaglais fíor álainn atá ann - thug mé suntas don scríbhinn (i nGearmáinis) ar balla amháin ag cur i gcuimhne gur ndearnadh athnuachan ar an eaglais i 1796.

Rud suntasach eile ná leac comórtha i gclós na heaglaise. Bhíothas ag maíomh as oifigeach in arm na hOstaire a bhí sáinnithe i gcrann úll ach a fuair an ceann is fearr ar naonúr Prúiseach sular leagadh é fhéin. Bhí an cuma ar an leac go ndearnadh athnuachan air tamall roimhe. (Anois, sin cogadh a bhí ann i bhfad roimh an dara Cogadh Domhanda). Bhí an ceantar sin ar an teorainn idir ríochtaí riamh anall.

2007-09-01

Éire daor, geal agus saolta?

Bhíodh mana ann roinnt blianta ó shin "Éire saor, Críostaí agus gaelach".Is cosúil go bhfuil mana eile anois ann, "Éire daor, geal agus saolta"

An Chéad Bheart:
Conor "Kebab" Lenihan, (an tAire Stáit um Imeascadh, murar mhiste leat), ag fógairt go raibh an lán-cheart ag cúl taca na nGardaí cead a cheannbheart a chaitheamh a dhiúltú do Síc. Beart ar aon dul le muiceoil a bhrú ar Ghiúdach, nó Aifreann Domhnaigh a chosc ar Chaitliceach, sé sin, iachall a chuir air bun riail dá chreideamh a shárú. Ní raibh de rogha ag an fear ach tarraingt siar.

An Dara Beart:
An Roinn Dlí agus Cirt ag cur litreacha chuig thart ar míle lánúin, arbh as an AE (seachas Éire) duine acu, agus as lasmuigh den AE don duine eile, ag bagairt an duine nárbh as an AE dóibh a dhíbirt toisc gan tréimhse a bheith caite go dleathach i dtír eile de chuid an Aontais acu agus iad pósta. Má tá an lánúin a luadh san Irish Times dé hAoine ionadaíoch ar fiú cuid bheag den dream a fuair litreacha, scannal is ea é. Polannach ise, ón Ind eisean. Bhuail siad le chéile anseo, agus phós siad anseo, agus anois tá gasúr ar an mbealach agus eisean i mbaol a dhíbeartha.

An Treas Beart:
Siad altraí Fhilipíneacha féitheoga an chóráis sláinte, cuid mór. Ach léigh mé (san Irish Catholic) go mbíonn roinnt deacrachtaí acu. Bíonn sé deacair orthu an teaghlach a thabhairt leo. Fiú má éiríonn leo, agus má fásann a gclann aníos anseo, bíonn siad ina n-eachtrannaigh neamh AE chomh fada a bhaineann sé le hOideachas tríú leibhéal; agus táillí arda le n-íoc acu dá bharr, sin, nó an dtír a fhágáil. Bíonn cásanna ann freisin nuair nach n-éiríonn le altra socrú síos in san ospidéal a d'earcaigh í ar chúis amháin nó cúis eile. Díbrítear abhaile iad gan an dara a deis a thabhairt dóibh in ospidéal eile. Is minic post mhaith tugtha suas acu sa bhaile le teacht anseo, ach bíonn an post sin imithe dar ndóigh nuair a fhilleann siad.

Tá bearta eile nach iad ann. Feictear i dtíortha eile gurbh iad an tríú glúin d'imircigh (nó, níos cirte, sliocht sleachta na n-imirceach) a éiríonn amach i gcoinne aon drochmheas nó masla a tugadh dá sean mhuintir. Tá bunchloch sochaí ár garchlann a leagan againn anois.

Ba cheart dúinn na deá prionsabail atá inár mbunreacht a chur i gcrích go stuama. Cumasc a bhí sa phobal anseo riamh, ó tháinig na Fir Bolg anoir, nó Clann Mhíle aneas. Shlog muid Breatnaigh, Lochlannaigh, Normannaigh, Pléimeannaigh, Palaitínigh agus dreamanna nach iad, agus ba shaibhre sin dá bharr.

Ach ní inniu na inné a bhí an Roinn Dlí agus Cirt1 caolaigeanta, teicniúil ina gcur chuige maidir le heachtrannaigh a chuir ó dhoras. D'ainneoin gur aithin Bunreacht 1937 an chine Giúdach mar dream a raibh cosaint le dul dóibh (rud dúshlánach in Eoraip na 1930í) chuir an Roinn Dlí agus Cirt baic ina mbealach siúd a bhí ag teitheadh ón Uileloisceadh: rud a d'fhág nach ndearna an dlínse seo fiú an méid suarach a rinne mórán gach stát eile chun daoine a thabhairt slán.

1Féach saíocht na Gaeilge. Ní ionann Dlí agus Ceart! Ba cheart sin a mheabhrú dó Brian Lenihan

2007-08-30

Labhraidh Loingseach

Fuair mé cóip de Lowry Maen le Padraic Colum do mo lá bhreithe.

Insint fileata i véarsaíocht ar shaol Labhraidh Loingseach atá ann. Tá cnámha an scéil le léamh i Foras Feasa ar Éirinn

Do ghabh Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Móir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, gur thuit lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh. Agus is é ní da dtáinig a bhréagadh ón bh-Fraingc go h-Éirinn, grádh éagmaiseach tug Moiriath inghean Scoiriath ríogh críche bhFear Morc i n-iarthar Mumhan dó, ar méid na clú is na dteastas do bhí air.


Ní minic a léim filíocht, agus is annaimhe fós a léim dán fada den t-sórt seo. Caolseans mar sin go mbeadh an leabhar seo roghnaithe agam dom fhéin.

Ach thaitin sé go mór liom. Tá teannas sa scéil, ag bogadh ar aghaidh ó feallmharú Laoghaire Lorc (a athair mhór de réir Céitinn; a athair de réir Colum), thar na blianta ar a choimeád i gCorca Dhuibhne agus deoraíocht sa bhFrainc go dtí a fhilleadh buach agus a phósadh grámhar.

Ní raibh ach dhá locht agam air: na hainmneacha gaelacha a bheith curtha as a riocht chun Béarla a chuir orthu, agus beagán síor agus aniar idir na caibidil a bhris snáth an scéil. Ach mionrudaí iad seo.

Roimhe seo, ní raibh aon chuir amach agam ar Labhraidh Loingseach ach gurb é fear na gcluas capaill. Scéal eile atá ag Céitinn:

Léaghthar ar Labhraidh Loingseach gurab cuma chluas gcapall do bhí ar a chluasaibh;....Is mó saoilim an chuid-se don scéal do bheith 'n-a fhinnscéal fhilidheachta ioná 'n-a stair.


Ábhar úrscéal grafách den scoth atá anseo; meas tú ar cheart é chuir ar shúile Colmán Ó Raghallaigh?

2007-08-29

Cad is Éireannach ann?

Bunreacht na hÉireann
Airteagal 9 1 2° Is de réir dlí a chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht Éireann feasta.
Airteagal 9: 3. Is bundualgas polaitiúil ar gach saoránach bheith dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.
Airteagal 40
1. Áirítear gurb ionann ina bpearsain daonna na saoránaigh uile i láthair an dlí.
Airteagal 44 2
3° Ní cead don Stát neach a chur faoi mhíchumas ar bith ná aon idirdhealú a dhéanamh mar gheall ar chreideamh nó admháil chreidimh nó céim i gcúrsaí creidimh.


Ceist eile is ea féiniúlacht. Ach ceist don duine féin é.

Tugtar Éireannaigh Nua ar na heachtrannaigh atá tagtha go dtí an tír seo le tamall. Meas tú an mó duine acu a ghlacann leis an lipéid? Nó an mbeadh an dearcadh céanna acu agus a bhí ag Eoin Ó Murchú:
Tógaimis sampla: mar a dúirt mé rugadh is tógadh mé féin i Sasana – de bhunadh Éireannaigh an Ghorta is gan blas ar bith de fhuil neamhÉireannach ionam (má tá a leithéid d'fhuil ann). Tá a fhios agam cén freagra borb a thabharfainnse ar éinne a thabharfadh “Sasanach Nua” ormsa.
Bhí mise deich bliana sa Ghearmáin. Bhí Gearmáinis líofa agam, agus réitigh mé go breá leis an muintir ann. D'fheadfá a rá go raibh mé comhshamhlaithe. Ach níor cheap mé riamh gur Gearmánach mé, nua ná sean. Éireannach ab ea mise. Agus mé mortasach as.

Dlitear meas ar dlí na hÉirinn ó áitritheoirí. Dlitear meas ar fhéiniúlacht an duine aonair ón Stát.

2007-08-28

Saol Daoine Eile

D'éirigh linn, ar deireadh Saol Daoine Eile a fheiceáil. An scannán úd faoi péas rúnda na Gearmáine Thoir. In amharclann an Mermaid a chonaic muid é, agus an áit lán go doras. (Bhí ceannaire gníomhach an lucht oibre ann. N'fheadar cad a cheap sise faoi na sáiteáin faoi shóisialaigh san scannán...)

Thaitin an scannán go mór linn araon. Bhí na carachtair uilig inchreidte. Seanscéal an fhir cumhachtaigh a santaíonn bean fir atá faoina smacht. An t-ealaíontóir atá dall ar an saol toisc go bhfuil sé mar ghrian ina chóras fithis fhéin. An fear ionraic a chreideann gur leas an phobail atá á dhéanamh aige, agus é gan trócaire dá bharr. Go dtí go gcreimtear an creideamh sin idir daonnacht a íobartaigh agus fimíneacht a lucht ceannais. An sárachán gan trócaire ná meas ar duine ar bith, ach ar a leas fhéin. An banaisteoir a bhfuil a muinín á neartú aici le drugaí.

Bristear ise. Bristear an póilín rúnda ar shlí freisin, ach go dtugann sé a féinmheas slán. Sleamhnaíonn an chuid eile tríd.

Mhair mo bhean tríd an tréimhse san i mBeirlín, agus bhí sí i dteagmháil le scáta ealaíontóirí. Bhuail mé fhéin le roinnt acu. Cheapamar araon gur thug an scannán léargas maith ar an cos istigh, cos amuigh a bhain le h-aos dána an DDR.

An t-aon locht a bhí aici air ná go raibh na sráid-dreacha níos duairce ná mar ba cheart dó lár an n-ochtódaí - Trabis amháin le feiscint, cé go raibh Skoda agus rl ann san fíor saol.

Sár scannán. Nach méanar dúinn nár mhair faoi chuing péas rúnda riamh? Gur amhlaidh a bhéas amach anseo freisin.

Dóibh siad a mhair tríd, tá an cneasú fós ar siúl, agus oifig airithe ann chun cabhrú leo teacht ar pé fírinne is féidir.

2007-08-22

Printíseacht

Agus mé ag siúl i bPoblacht na Seice, na blianta fad ó shin, chonaic mé an rann seo greanta i gcloch:

Wer ist Meister? Der was ersann!
Wer ist Gesell? Der was kann!
Wer ist Lehrling? Jedermann!


Sé sin:

Cé hé an máistir? An té a chum ní!
Cé hé an fear pá? An té a bhfuil ní ar a chumas!
Cé hé an printíseach? Cách!


Ceird atá i bhforbairt bogearraí, agus sé an tslí chun an cheird a fhoghlaim na ó mháistir. Ach amháin go bhfilleann muid ar an bprintíseacht go minic de bharr na hathraithe tobann san teicneolaíocht. Is maith ann na maistrí i gcéin a thugann an tIdirlíon níos gaire dúinn!

2007-08-15

Ailceimic an ghutha

Braitheann an radio go hiomlán ar fuaim, agus is cuid tabhachtach de sin guth na gcainteoirí.

Éistim sách minic le sobaldhráma RnaG, Cois Cuain. Tá caractéir amháin ann ar ghlac mé col leis ó thuas. Mangaire sleamhain, slítheanta aracháis agus sceimeanna eile chun airgead a mhealladh ó dhaoine é. Ansin, sa mhullach ar sin, tá sé lán de éad agus d'amhras faoina bhean chéile; agus batrálann sé í. Go deimhin, an uair deiridh a chuala mé an chlár bhí sise torrach de bhrí gur éignigh seisean í, agus eisean fós amhrasach arbh leis an leanbh.

Bithiúnach agus cladhaire go smior.

Anois, tuigim go maith nach ionann an aisteoir agus an caractéir. Ach mhothaigh mé an col chéanna nuair a chuala mé a ghuth, agus é ag déanamh láithreoireacht ar chlár éigin eile. Thóg sé tamall don mothúchán sin trá.

2007-08-14

Ór dubh, ór donn, agus bainne Chiarraí

Bhí roinnt mhaith affogato agam Tí Uí Mhurchú agus muid thiar.

Cumasc chumhachtach d'uachtar reoite agus espresso. Ar mholadh ó fear an tí é fhéin, bhain mé triail as le huachtar reoite seacláide. Thar barr ar fad. Níos fearr fós le "seacláid agus fhuisce"!

Tá siad ag baint feidhm as bainne bhá Ciarraí, cineál atá faoi bhagairt anois freisin.

Is fiú cuairt a thabhairt ar an mbaile úd gan ainm ar mhaithe le Milseoga Uí Mhurchú!

2007-08-08

Namhaid an cheird ...

... gan í a fhoghlaim

Chaith mé an deireadh seachtaine a déanamh obair dathadóire. Obair nach bhfuil lé ná gean ná scil ar bith agam chuige. Ach na pingineacha....

Bhí orainn spás a chruthú ar dhóigh éigin toisc triúr a bheith inár gcúram anois. Athchóiriú áiléir leigheas na faidhbe san ré seo nach dtig le aoinne teach sách mór a cheannach gan an Crannchur a bhuachaint!

Mar sin, chaith mé an deireadh seachtaine ag cuir dath ar fallaí an tseomra nua - an chuid is mó de ar mo ghlúine. Tá pianta in matáin narbh eol dom iad a bheithe ann! Is scíth mo chrob ón bpéintrollóir. Creideann mo ghlúine go rabhas i Lorg Derg. Agus maidir le'm dhrom.....

Fear gan bhean, gan chlann,
Fear gan bheann ar aoinne!

Ach táid agam, agus de ghnáth, cúis mórtas agus áthais dom sin. Ar aghaidh linn, mar sin.

2007-08-02

Fontenoy

Bhí mé ar saoire le coicís agus d'éirigh liom an leabhar úd a léamh ar deiridh thiar thall.

Tá trí snáth sa leabhar, guth an údair, agallamh idir staraí francach agus oifigeach Éireannach a bhí páirteach sa chath, agus leagan an Oifigigh fhéin - an ceann deiridh san scríofa i nGaeilge na linne sin.

Thaitin an leabhar liom, ach níor bhraith mé gur chuir na sleachta ina raibh an údar ag caint go díreach leis an léitheoir leis an scéal a bheag nó a mhór. Bhris siad an teannas dar liom, agus ní raibh suim dá laghad agam sna teoiricí litríochta agus socheolaíochta iontu.

Maidir le Gaeilge na 17ú haoise, ní raibh sé deacair chor ar bith í léamh.



Fontenoy
Liam Mac Cóil
ISBN 1898332193
Leabhar Breac 2005

Bia Polainnis [sic]

Bhí mé i Tesco i dTrá Lí ar na mallaibh nuair a chonaic mé fógra do "Polish" i measc na gcistí mílse. Bhí mearbhall orm faoi snasán a bheith i measc an bhia go dtí gur thug mé faoi ndeara gur "Polainnis" an leagan Ghaeilge a bhí ar an bhfógra. Bia Polannach a bhí i gceist.

Seo nós atá ag éirí níos coitianta sna hollmhargaí abhus: tairgí on bPolainn a dhíol le himirceoirí ón dtír sin. Bhí na siopa Polannacha ag éirí fairsing, agus seo an aisfreagra ó na boic mhóra. Go deimhin, tá Polsky Sklep ar sráid Eoin sa Daingean anois fiú.

Failtím roimhe seo: tá na tairgí seo sách gar don saghas beatha a thaithin liom sa Ghearmáin agus nach bhfuil ar fáil de ghnáth abhus.



Fógra aisteach eile a chonac le deanaí (arís i Tesco, i Luimneach an iarraidh seo) ná "Preabsábh" i measc na bréagán do leanaí!

2007-07-30

Rónán Mullen tofa don Seanad.

Deascéal. 'Sén t-aon chúis díomá atá agam ná gurbh é Brendan Ryan seachas Joe "Dingle Dangle" O'Toole Feargal Quinn a bhí thíos leis.




Aguisín: Thogh Coláiste na Tríonoide Ivana Bacik. David Norris, Shane Ross agus Ivana Bacik - Tríonóid Mí Naofa na Tríonóide. Beidh saothar ar Rónán cuir ina gcoinne - is feachtasóir aitheanta ar son an ginmhilleadh le scór bliain anuas í Bacik.

Harry Potter agus Taisí an Bháis

Bhuel, tá an gála deiridh (go dtí seo) de sraith Harry Potter foilsithe. Cheannaigh muid ar Satharn a fhoilsithe é (ag am ciallmhar i rith an lae, agus san Caifé Liteartha, ach sin scéal eile).

Shlog an leaid is sine na 600+ lch laistigh de trí lá, agus tá sé léite agamsa anois freisin. Tá an leaid is óige, nach léann an oiread, ag druidim chun deiridh an scéil chomh maith.

Thaithin an leabhar seo níos fearr liom ná na cinn eile. Tá na caracteirí éirithe níos aibí, feictear dom.

Ní mian liom aon rún a sceitheadh, ach thaithin na casanna sa scéal liom, agus fuascailt na mór cheisteanna faoi dhaoine; bhíodar uilig níos daonna dá bharr.

Rabhadh: sceitheann an léirmheas seo mórán rúin: ach aontaím leis na smaointe ann. Seo léargas ar an chéad leabhar agus an sraith, ina bhfuil eithne an léirmheasa eile.

Ceiliúradh ar chumhacht an ghrá (Caritas seachas Eros) atá san leabhar seo!

2007-07-13

Ní dhéanann an Eaglais fuaimghreimeanna

(sea, tá's agam, droch Bhéarlacahs atá san teideal)

Tá deacracht bunúsach amháin sa chumarsáid idir an Eaglais Caitliceach agus na Meáin Cumarsáide, Aeropagus na hAoise seo.

Bíonn litreacha na Vatacáine doimhin, dlúth, uileghabhálach. Caithfear iad a léamh ina n-iomláine. Agus go minic, an comhthéacs níos leithne a chuir san áireamh.

Ach ní mar sin a ghintear ceannteideal. Stractar cúpla leath abairt as na docúméid, agus baintear casadh astu ar mhaithe le pé dearcadh atá ag an scríobhnóir a leiriú.

Ach, ag deireadh an lae, ní chun ceannlinte a ghinúint atá na cáipéisí seo, ach ar mhaithe le foirmiú na firéin. Más mian libh cur le bhur n-eolas ar an gcreideamh, ná bac na nuachtáin. Bíonn an bunleagan ar fáil ó shuíomh na Vatacáine. Nó, go deimhin, tríd Zenit

2007-07-12

Gabh siar!

Táim ag dul siar ar saoire go Corca Dhuibhne de satharn.

Agus thar am.

AffogatoMurphy, corr phionta sa Bhóthar , nó Tigh an tSaorsaigh, corr leabhar sa Chafé Liteartha, suaimhneas cois trá i gCuas an Fheirtéaraigh, Cnoc Bhreánainn ar lic an dorais - beidh oilithreacht chuig a bharr ar an gclár leis.

Ach thar rud ar bith eile - sos on gcaibeareacht síoraí leictreonach. Gan ríomhaire, gan teilefís, droch chludach fón póca.

I bhfocal amháin, suaimhneas!

2007-07-11

Ór dubh agus réaltbhoiciní

Ó thiomáin Jan Sobiesko na Turcaigh ó Vín leis an oiread sin fuinneamh gur fhág siad a gcaife ina ndiaidh, tá an ór dubh ag scaipeadh in Iarthar na hEorpa. Thóg sé tamall maith teacht go hÉireann. Go deimhin, ní raibh sé ró fhada ó shin nuair nach bhfaighfeá abhus ach nescafé bréan.

Ach anois siopaí caife flúirseach, agus teacht ar gach saghas cappucino, nó latté, nó pé rud a bhéas agat fhéin!

In sráidbhaile Mhullach Íde, tá Starbucks nua tar éis oscailt; agus níl sé ró fhada ó d'oscail craobh de Insomnia ann. Sa mhullach orthu sin (agus ann rompu) tá péire eile ar a laghad de chaiféanna ar an déanamh céanna (i. caife seachas bia an príomhtháirge) ann. Agus flúirse bialanna eile, gan amhras, agus iad ar fad ag dáileadh an ór dubh.

N'fheadar an bhfuil tairbhe ar bith san fuadar seo ar fad do feirmeoirí na hAfraice agus na Brasaíle? Ór dubh, agus muid uilig gafa leis.

Tá sé i gceist agamsa pé scéal é cloí leis an siopa bheag neamhspleách...

2007-07-09

Agallamh an Rabbi le hÍosa

Táim fós ag treabhadh liom tríd leabhair an Phápa. Rud a thug mé an suntas dó ná an úsáid a bhain sé as leabhar le Rabbi d'arbh ainm Jacob Neuser: "Rabbi ag caint le hÍosa"

Tá an fear seo oilte agus tugtha go hiomlán do bhriathar Dé san Torah. Tuigeann sé cúlra teagasc Chríost, atá fréamhaithe go domhain san Sean Tiomna.

Ach feictear dó, arís agus arís eile, go bhfuil Íosa á chuir féin in áit Dia; agus scarann sé leis dá bhrí sin.

Tá léargas soiléir anseo go dtuigfeadh Giúdach cráifeach, arís agus arís eile as bhriathra Íosa, go raibh Sé ag éileamh na rudaí arbh le Dia iad;

sampla amháin: Feictear do Neusner go bhfuil Íosa ag réabadh an ceathrú Aithne nuair a deir Sé
"Cé hí mo mháthair, agus cé hiad mo bhráithre?" Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabail, dúirt "Féach mo mhathair agus mo bhraithre! óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil m'Athar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair"
Matha 12:48-50

Nó arís
Óir tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid
Matha 12:8



Aguisín Fuair mé alt le Neusner fhéin ar líne anseo

2007-07-03

An Scríob Cheart

Agus mé ag treabhadh liom ar an idirlíon, tháinig mé ar an bhlag-mhír seo maidir le Scratch.

Sár uirlis atá ann chun ligeann do phaistí ríomhchlárú a fhoghlaim. Tá comhéadan simplí "tarraing agus scaoil" aige, agus úsáidtear léaráidí atá an-chosúil le léaráidí Nassi-Shneidermann.



Tá sé thar a bheith éasca scéilín, scannán bheag nó cluichí simplí a chlárú leis an gcóras seo. Rinne mé iarracht cheana le Logo mo phaistí a chuir ag ríomhchlárú, ach bhí an bearna idir an méid a bhféidir leo a dhéanamh, agus gnáth cluiche ríomhaire ró mhór: chaill siad spéis go tapaigh.

Tá sé i bhfad níos fusa rudaí fiúntacha a dhéanamh le Scratch.

2007-07-02

Athghéar an ghaoth anocht....

Is athghéar an ghaoth anocht,
craitear fionnfholt farraige:
ní heagal theacht thar muir mhín
laochra fiáin na Lochlainne


Ach tá siad ag teacht mar sin fhéin! D'fhág An stail mara ó Ghleann Dá Locha Roskilde inné. Macasamhail de long a tógadh míle bliain ó shin i nDubhlinn, agus a cuireadh go tóin poill sa Danmhairg.

Beidh siad abhus i Mí Lúnasa. Breis eolais anseo

Ríocht Dé

Táim ag léamh leabhair an Phápa ar Íosa.

Tá rudaí thar a bheith spéisiúil le rá aige maidir le bunchiall na focail Ríocht agus soiscéal

Go hachomair: cáilíocht a bhaineann le pearsa an Rí is ea an Ríocht, seachas fearann. Sé sin, Sé Íosa féin an Ríocht Dé atá á chraobhscaoileadh Aige, seachas aon eintiteas nó stát.

Agus maidir le soiscéal, a haistrítear go minic mar "Deá scéal", deir sé go bhfuil an sanas sin ró shimplí. Thugtaí evangalion ar fógraí an Impire, cuma an soi- nó doiscéal a bhí iontu don phobal. Focail a bhí ina ghníomhartha iad evangalion, agus is amhlaidh d'evangalion Chríost.

Is fiú go mór an leabhar a léamh; is rí dheacair achoimre fiúntach a dhéanamh ar shaothar dhlúth Ratzinger.

2007-06-27

Atlantis sa bhaile slán

Scéal anseo:

Buíochas le Dia! (Bhí amhras ormsa de bharr an locht sa teasdíonadh)

2007-06-23

Sár Tionscadal Mhic Shiomóin

An Tionscadal, Tomás Mac Síomóin
Coiscéim, 208lch, €7.50 (2007-10)

Léigh mé léirmheas Philip Cummings ar an leabhar seo Dé Chéadaoin, agus d'ordaigh ar an bpointe é.

Fuair mé de hAoine é, agus tá sé leite agam anois. Is fíor annamh a léim saothar ficsean sa Ghaeilge a mhothaím a bheadh léite agam i mBéarla nó teanga eile. Tá an leabhar seo ar an bhfíor bheagán sin.

Cíorann Mac Siomóin saol na mór chomhlachtaí, saol an lae inniu, trí bhíthin scéil faoi baile beag diamhair sa Chatalóin a bhfuil fad saol thar an gnách ag an pobal ann. Ní mian liom an iomarca den scéal a sceitheadh; tá teannas síos tríd an leabhar a scriosfaí le ró réamheolas.

Rud ar leith a thaitin liom na na leaganacha cuí a d'amisigh an t-údar ar Bhéarlagair na linne: leithéidí "Meitheal Machnaimh", "Stoirm Stuaime" agus rl.

Tá nath Spáinnise ag tús an leabhair:
La vida del hombre es tener que decidir en cada instante lo que ha de hacer en el proximo, y para ello .... descubrir el plan mismo, el proyecto mismo de tu ser

José Ortega y Gasset, Goethe desde dentro


An Ghaeilge a bheadh agamsa ar sin:
Is éard is ea saol an duine ná beartú gach nóiméad cad tá le déanamh sa nóiméad ata le teacht, agus tríthe....teacht ar an bplean féin, tionscadal a bheith féin


Léigí é!

2007-06-21

Deich nAithne don Tiománaí

Foilsithe mar chuid de doiciméid níos faide de chuid an Comhairle Pontaifiúil um chúram tréadach do imircigh agus pobail taistil.

  1. Ná déan marú
  2. Bíodh an bóthar ina mheán chomhpháirteachais idir dhaoine agat, agus ní ina mheán dochair mharfach.
  3. Cabhróidh deá-bhéasa, ionracas agus stuaim leat plé le eachtraí gan choinne.
  4. Bí carthanach, agus cabhraigh le do chomharsan in am a ghátair, go háirithe íobartaigh tionóisce.
  5. Ná cuir cumhacht agus lámh in uachtar in iúl le do charr, agus ná bíodh sé ina ócáid peaca agat.
  6. Cuir ina luí le carthanacht ar an óg agus an gan a bheith chomh hóg gan tiomáint nuair nach bhfuil siad i riocht cuí chuige.
  7. Tabhair tacaíocht do chlann íobartaigh tionóisce.
  8. Tabhair le chéile, in am tráth, tiománaithe ciontacha agus clanna íobartaigh, i dtreo is go ngabhfaidh siad tríd taithí saortha an maithiúnais
  9. Tabhair cosaint, ar an mbóthar, don té is soghonta.
  10. Mothaigh do fhreagracht i léith daoine eile.





Tráthúil, agus deas feiscint go bhfuil ard ag na meáin cumarsáide ar rudaí seachas teagasc na hEaglaise ar Chollaíocht!

2007-06-20

Trevor ina Aire Stait Bídh...

Fógartha inniu ag an Taoiseach

Is méanar dó; ag tuilleamh airgead as bheith ag plé lena chaitheamh aimsire!

Plé ar chumhacht adamhach

Feicim gur ndúirt an tAire nua de chuid an Chomhaontais Ghlais, Éamon Ryan, go mba cheart dúinn díospóireacht cheart a bheith againn ar Chumhacht Adamhach. (Scéal anseo)

Tá sé féin ina aghaidh, mar a bheifeá ag súil leis. (breis anseo : rabhadh PDF atá ann)

Ach tá an cheart aige; is fiú an cheist a phlé go stuama. Agus na ceisteanna eile a chaithfear aghaidh a thabhairt orthu; teasdíonadh, gearradh siar ar thaisteal mí éifeachtach,...

2007-06-17

Páipéir Bán na hEorpa ar an Spás

Rinne Michal blagadóireacht ar pholasaí SAM sa Spás tamall ó shin.

Seo polasaí an Aontas Eorpaigh.

Tá (cén iontas agus mé ag obair dóibh) níos mó ba agam leis an bpolasaí seo.

Ach tá blas den concas ag baint leis chomh maith. Ní maith liom sin.

Eolas an rud is luachmhara atá le fail ón Spás, agus is féidir eolas a roinnt gan é a laghdú.

Tá dul chun cinn déanta sa loingseoireacht, i gcúrsaí tuar na haimsire, i gcúrsaí cumarsáide de bharr taiscéalaíocht sa spás. Ní gá d'aon stát monaplacht a bheith acu ar na nithe sin, agus is fearrde muid ar fad iad a bheith ag roinnt na costais agus an t-eolas seachas a bheith i mbaoth iomaíocht lena chéile. Fágtar an iomaíocht faoi na comhlachtaí a tháirgíonn na satailítí agus rl.

2007-06-16

An tointeálaí i mbaol arís?

Tá an tointeálaí Atlantis nasctha leis an ISS faoi láthair.

Ach is cosúil go ndearadh damáiste arís don teasdíonadh atá riachtanach don filleadh go talamh.

Tá an tréimhse a dearadh na tointeálaithe dó thart; tá fadhbanna leis an dearadh.
Bhí fhios ag innealtóirí é seo le fada; bhí rabhadh ann faoi na tubaistí a tharla.

Ach níor cuireadh tús le dearadh córais nua in am, agus anois is beag rogha atá ann ach leanacht leis na tointeálaithe, nó srianta a chuir ar taiscéalaíocht sa spás.

Táimse amhrasach faoi fiúntas daoine a chuir sa spás, sa bhearna baol. Is fearr go mór, dar liom, innill a chuir chun an t-eolas a bhailiú. Tuigim go bhfuil solúbthacht ag baint le daoine sa spás a bheadh deacair le hinneall. Ach ansin is ceart gach is féidir a dhéanamh chun beatha a chosaint.

Tá príomh leathanach NASA faoi na tointeálaithe anseo.

Agus is cosúil go bhfuil fadhbanna a cuir isteach ar ríomhairí an ISS chomh maith...

Obair bhaolach, ach tairbheach an taiscéalaíocht spáis.

2007-06-13

Is glas iad ár cnoic....

Bhuel. Tá an Comhaontas Glas tar éis glacadh le móramh mór leis an margadh le Fianna Fáil agus a bhfuil fágtha den bPáirtí Daonlathach.

Tá dóchas agam go mbainfear casadh nua as riaradh na tíre, agus go mbeidh an chéad Rialtas eile níos fadbhreathnaithí.

Is cosúil go bhfuil Trevor Sargent, cé gur labhair sé go láidir i bhfabhar an margadh a rinne siad, chun seasamh lena fhocal agus éirí as mar cheannaire. (Dúirt sé nach mbeadh sé ina Cheannaire i gcomhrialtas le Fianna Fáil, cé go mbeadh sé sásta bheith ina Aire). Tá seasmhacht mar sin le moladh freisin.




Aguisín: Rinne Trevor beart de réir a bhriathar. Scéal anseo: (móide comhad fuaime dá chuid cainte).

Aguisín II: Barúlacha ó Eoin Ó Murchú agus Trevor Ó Clochartaigh i Lá Nua.

Aguisín III: Eamon Ryan freagrach as Cumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha, agus John Gormley freagrach as Comhshaol, Oidhreacht as Rialtas Áitiúil. Cuma maith ar sin. An liosta iomlán ag an Irish Times.

2007-06-10

Iothlainn na Gaeilge

Rinne Joe Steve Ó Neachtain píosa breá cainte ag Comhdháil d'Éalaín ar Oileán ar Inis Oírr le déanaí - píosa cainte a foilsíodh i bhFoinse (3 Meitheamh 2007)

Ba é an focal labhartha bun agus barr an chultúir le mo linnse, caint ó mhaidin go faoithin is ó Luan go Satharn. Ní raibh aon mheán eile ann ag an am nó gur thosaigh na boscaí ag caint is gur dhún siad béal na ndaoine.
....
Is muid is fearr ar bith nuair a smaoiníonn tú chomh beag is atá gabháltas na Gaeilge. Gan ionainn ach méid iothlainn phlandaí i gcomórtas le feilm ollmhór an Bhéarla agus fós fhéin go gcaithfear an iothlainnín a roinnt idir na canúintí éagsúla agus idir an seanchultúr is an nuachultúr. Cultúr na cathrach agus cultúr an oideachais agus cultúr úrnua an Tuaiscirt atá chomh crua le tairní seaca.
....
Ní focal é an 'comhaimseartha' a ngéillim fhéin di ró-mhinic. Ní focal é a chuala mé as béal aon Ghaeilgeoir dúchais de mo chomhaois. Ní bhreathnaíonn sé go bhfuil aon áit ag sean-aimseartha ná traidisiúnta i litríocht ná i ndrámaíocht na nuaGhaeilge. Ní hamhlaidh don ealaíon fré chéile dar ndóigh. Ní slacht ach a mhalairt a chuireann leagan comhaimseartha ar amhrán sean-nóis. Tá cuid de na hamhráin sean-nóis chomh sean leis an gceo ach iad fós chomh húr le drúcht na maidine ag teacht as béal na hóige mar atá cloiste agaibh ó Róisín Elsafty, bail ó Dhia uirthi.
....
Ach oiread leis na cultúir, tá dhá chineál lucht éisteachta ann. Na theatre goers a bhíonn ag ligean orthu fhéin go dtuigeann siad drámaí atá chomh casta le crosfhocail agus an gnáthphobal a thiocfadh go hascallaí i bhfarraige ag breathnú ar dhráma le John B Keane mar shampla.
....
Caithfidh an iomaire scailliúin agus an iomaire meacna agus an cheapach ghabáiste an aire chéanna a fháil in iothlainn na bplandaí agus mura bhfaighidh is gearr gurb iad an neantóg agus an chupóg sráide a bheidh i gceannas na hiothlainne.


Is fiú go mór an aitheasc ar fad a léamh, agus tá súil agam go gcuirfear i gcló níos buaine é.

Agus go dtiocfadh fás éigin ar an iothlainn, chun go mbeadh litríocht de gach saghas ar fáil as Gaeilge. Chuile seans go bhfuil ról le n-imirt ag an idirlíon anseo; mar a fheictear anseo, tá sé thar a bheith saor foilsiú as Gaeilge. Ach ní féidir (fós) slí beatha a bhaint amach as!

2007-06-07

Sonas ar Mhali agus Trevor!

Bhí píosa fiúntach ag Trevor Ó Clochartaigh maidir leis an bpósadh i Lá Nua an lae inniu.

Tá a cholún ar fail ar líne anseo
:

Seans gurb é sin ceann de na rudaí is tábhachtaí dúinne inár bpósadh, ní a bheith sásta, ach a bheith aontaithe san fhís atá againn dár saol le chéile – sin ceann de na hábhair is mó a mbíonn na meáin mí-cheart fúthu. Bíonn siad ag iarraidh cur ina luí orainn go gcaithfidh muid a bheith áthasach i gcónaí, nó tá rud éigin mí-cheart lenár bpósadh.
Níl sé sin fíor, ná nádúrtha. An rud atá tábhachtach go mbeadh fís againn dár gcaidreamh atá comónta agus go mbeadh muid ag oibriú ina threo sin le chéile agus mar dhaoine aonair. Lena chur i mbeagán focal, ní léiriú ar phósadh maith beirt a bheith ag stánadh go grámhar isteach i súile a chéile, ach beirt a bheith ag féachaint an treo chéanna, amach rompu, dírithe ar an sprioc chéanna.


Is breá liom colúin Threvor; is minic go mbíonn siad ciallmhar, dóchasach. Ach is fearr liom níos mó colúin, a chuireann léargas ciallmhar dearfach ar an dteaghlach ar fáil, a léamh. Earra thar a bheith gann is ea iad.

Gura fad buan é, agus Mali ann lena chois!

2007-06-06

An tIonchoisne Nua

Bhí an méid seo, agus níos mó, le rá ag an Speallaire i bhFoinse na seachtaine seo:
Is deacair ag an Speallaire ciall a bhaint as an scéal faoi dhrogall, más fíor, Aoife Ní Thuairisg leagan 'aerach' den chlár Paisean Faisean a chur i láthair. Dúradh i nuachtáin áirithe go raibh fadhb ag Ní Thuairisg leis an gcoincheap de bharr a creídimh mar Fhinné láivé nó go raibh sí buartha faoin nglacadh a bheadh ag cuid dá muintir agus cairde, ar den chreideamh céanna iad, lena leithéíd de chlár. ... Shílfeá go ndéanfaí gach iarracht an scéal a cheilt, nó ar a laghad droim láimhe a thabhairt dó? ... Idir an dá linn, tá drochíde cheart á fháil ag Ní Thuairisg ar shuímh idirlín áirithe ... Tá súil ag an Speallaire go gcuirfidh Ní Thuairisg, duine dos na láithreoirí is cumasaí amuigh, an scéal seo ina cheart go luath.


Tá scríofa agam mar seo leanas chuig Foinse:
A Chara,

Tagraím do dheacrachtaí an Speallaire a thuiscint go mb'fhéidir go mbeadh deacrachtaí coinsiasa más fíor, ag Aoife Ní Thuairisg leagan 'aerach' den chlár Paisean Faisean a chur i láthair.

Ní Fhinné Iáivé mise, agus níl sé i gceist agam labhairt thar a gceann. Ach is mó duine eile a chreideann go hionraic go bhfuil gníomhartha homaighnéasacha mícheart.

Ní fheicim gur leithcheal éagórach a bheadh ann do dhuine mar sin seasamh siar ó chlár nach mbeadh siad ar a shuaimhneas faoi.

Ach is follasach gur leithcheal agus sárú saoirse a bheadh ann iachall a chuir ar dhuine feidhmiú i gcoinne a gcoinsias.

Níl dada le chuir ina cheart ag Ní Thuairisg. Ach b'fhéidir go bhfuil ag an Speallaire!



Feictear dom go bhfuil ionchoisne nua ann. Is homaifóibeach agus eiriceach aoinne nach bhfuil sásta glacadh le saol gníomhach homaighnéasach mar "rogha folláin, nádúrtha".

Cháin "Human Rights Watch" an Pápa Benedict - as an bonn a bhaint ó faoi teaghlaigh, murar mhiste leat! A choir ná teagasc traidisiúnta na hEaglaise a chraobhscaoileadh.



Aguisín. Theip ar r-phost chuig nuacht@foinse.ie; n'fheadar an bhfaighidh siad in aon chor é.

Aguisín II. Fuair siad tar éis an tsaol é; agus foilsíodh é.

2007-06-05

Ceannaireacht san Eaglais

Bhí píosa fiúntach ag David Quinn san Irish Catholic an tseachtain seo. Bhí sé ag maíomh go raibh go leor le foghlaim ag an Eaglais in Éirinn ó Fianna Fáil - sá mhéid is gur chruthaigh siadsan thar barr in ainneoin síor bhrú agus ionsaí ó na meáin cumarsáide.

Dúirt sé (agus an cheart aige) go mbíonn an cliarlathas leithscéalach go minic agus foirceadail na hEaglaise faoi ionsaí ag na meáin - maidir le haontumha, hómaighnéasacht, go deimhin rud ar bith a bhaineann le collaíocht agus nach bhfuil "i dtiúin leis an saol comhaimseartha".

Ach ní dhearna Fianna Fáil cúlú. Chuaigh siad ar an ionsaí; thug na ceannairí ceannaireacht trodach, agus ghríosaigh siad an cosmhuintir. Agus bhí toradh air.

Dúirt an tArdeaspag Martin, ag trácht ar ar an líon a fhreastalaíonn ar Aifreann Domhnaigh, go mbeadh lúcháir ar pháirtithe polaitíochta dá mbeadh 50% des na baill ag freastal go rialta ar chruinniú cumainn.

Mar sin, tá na hócáidí ann chun an pobal a ghríosadh. Ach is fada ó chuala mé aon aitheasc neamhghéilliúil maidir le teagasc na hEaglaise ar aon rud atá i gcodarsnacht leis an "dtuairim coiteann".

Rinne an beagán sagart a bhí gafa i gcoireanna in aghaidh leanaí an dochar don eaglais, agus do mhisneach na fir dílse san Eaglais. Ach tá an mionlach sin i ngach cuid den phobail, ní hamháin san Eaglais. Caithfear leorghníomh a dhéanamh.

Ach ní gá foirceadail ciallmhara na hEaglaise a chuir i leataobh. Níl fianaise dá laghad go bhfuil nasc idir aontumha an chléir agus claonadh chun coireanna gnéis.

Chuala mé caint ó Rónán Mullen tráth. Dúirt sé gur fhág ró-chléireachas na hEaglaise in Éirinn easpa intleachtóirí tuata Caitliceacha orainn. Tá siad ann i SAM; George Weigel, Peter Kreeft, agus daoine nach iad.

Is cosúil go bhfuil David Quinn agus daoine eile ag déanamh iarrachtaí - chuir siad an Iona Institute ar bun chun an cás ar son an teaghlaigh a chuir. Is maith ann iad.

Ach feictear dom go bhfuil níos mó misneach i SAM. Ní bheadh sé de dhanaíocht abhus ag aoinne "Cumann mhóidíní Bhenedict (agus roimhe sin Ratzinger)" a chraobhscaoileadh. Is breá liom an mana "Tá grá agam do m'aoire Gearmánach" (nach bhfeidhmíonn abhus, de bhrí gur "alsáiseach" atá ar an gcine cúanna úd)

2007-06-04

Beirlín nó Boston?

Ó tharla na Glasaigh a bheith ag i mbun idirbheartaíochta le Fianna Fáil, is cosúil go mbeidh muid ag druidim i dtreo Bheirlín arís, tar éis leath scór bliain ag adhradh dia bhréige an margadh.

Is mithid.

Sozialemarkwirtschaft, sé sin le rá geilleagar margaidh ach le bonn láidir cothromaíochta. Sin é ár leas uilig. Tá dóchas agam go dtabharfar aghaidh, faoi Rialtas ina bhfuil na Glasaigh páirteach, ar an bpraiseach pleanála sa tír seo; tithe á dtógáil beag beann ar acmhainní uisce, séarachas, scoileanna, ....

Ach tá bóthar fada le dul fós sula mbeadh an margadh déanta.

Beidh le feiscint ar an 14ú Meitheamh.

2007-05-30

Bás agus Beatha mar siamsaíocht

Anois, ón dream a bhronn "Big Bother" orainn, clár teilefíse ina shocródh bean atá ag saothrú an bháis cé do a dheonóidh sí a hae.

(Scéal anseo)

Seo Cultúr an Bháis agus "Iomráiteachas" imithe thar fóir ar fad.

Níl eitic ar bith nach reicfear ar son cúpla bomaite "cáile".

Teilifís réaltachta?



Aguisín. Bhí scéala ar ar nuacht anocht gur bob a bhí ann.

Fíor othair a bhí ag lorg duáin (seachas ae mar a scríobh mé thuas), ach aisteoir ab ea an deontóir.

Cleas margaíochta do Chumann Duán, is cosúil. Ach fós táim amhrasach faoi.

2007-05-26

Ag filleadh!

(Sa DDR, nuair a bhíodh vóta ar siúl, bhíodh ar daoine na hainmneacha a scriosadh den bhallóid más rud é gur theastaigh uatha duine a bhaint den liosta. Níorbh fiú é sin a dhéanamh, mar sin ní dheachaigh daoine a vótáil, chuaigh siad ag "filleadh")



Bhuel, tá an toghchán thart. D'éirigh le Bertie na cosa a thabhairt leis arís eile.
Tá na PDanna scriosta, agus Mac Dubhghaill ar filleadh ar an dlí. (Is maith sin!)

An dóchas atá agamsa ná go mbeadh na Glasaigh de dhíth ar Bhertie chun rialtas seasmhach a chuir ar bun. Chuaigh muid ró fhada i dtreo an margadh faoin Rialtas deiridh, agus rinneadh faillí i gcúrsaí Imshaol.

Níor éirigh le Deirdre de Búrca anseo i gCill Mhantáin faraor, ach níor creimeadh na Glasaigh an oiread agus a creimeadh na mionpháirtithe eile.

Is trua an Ciarraíoch Glic Sóisialach Joe Higgins a bheith imithe as an Dáil. Níl ann anois ach Bertie, an Taoiseach Sóisialach, (más fíor do fhéin agus Cathal Mac Riabhaigh)! Ba mhinic Joe agus a dheisbhéal ag cur an lasair sa bharrach, agus ag cur beatha i gcúrsaí dála.

Beidh an margaíocht ar bun go tréan idir seo agus 14ú Meitheamh.