Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Joe Steve Ó Neachtain werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Joe Steve Ó Neachtain werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-29

Scéalta idirnáisiúnta, tugtha cois teallaigh sa Chré Dhubh


Cheannaigh mé an leabhairín seo de chuid Joe Steve sa siopa leabhar. An togra deireadh dá chuid. Sean scéalta iontais, inste mar a chuala sé féin iad ach a chasadh féin bainte aige astu. 

An Táilliúirín Glic
Trí Ribe as Giall an Diabhail
Giolla na Leisce
Úllaí na Nuns
Spailpínteacht

Scéalta idirnáisiúnta iad seo - mar a scríobh mé anseo cheana, tá nós againn faire ar scannáin de leithéid go measartha rialta ar theilifís na Gearmáine, agus tá carn leabhar scéalta iontais as Gearmáinis agam. Agus tá leagan de gach scéal thuas léite nó feicthe agam iontu. Fearacht amhráin, bíonn dhá leagan déag ar a leithéid. Ar a laghad. 

Bua leaganacha seo Joe Steve an chaint chraicneach agus an ghreann, sin agus as chasadh áitiúil mar a dhéanann seanchaí maith chun a lucht éisteachta a mhealladh. Is maith ann na leaganacha seo, dóibh siúd atá ag foghlaim ceird na scéalaíochta ó bhéal. Mar a theagasc Joe Steve dá chlann agus clann a chlainne, agus é sin le léamh ar an réamhrá a chuir siad leis an leabhar beag seo. 

Is iomaí comaoin a chuir Joe Steve ar Ghaeltacht na Leabhair, agus is méaróg ghleoite ar a charn an leabhairín seo. 

Joe Steve Ó Neachtain 
Cló Iar-Chonnacht



2020-04-29

An Diabhal Déanta

Cnuasach sleachta próis gairid atá anseo; cuimhní cinn agus gearrscéalta - agus scaití gan é bheith soiléir cad atá fíor agus cad atá cumtha spreagtha ag fírinne.

Reacaireacht den scoth mar is dual do Joe Steve, greann tríd - faoi féin sách minic - ach dáiriréacht sna ceachtanna. Daonnacht agus caoine. Is minic casadh cliste i ndeireadh an scéil a athraíonn an léargas ó bhonn.

Gaois saol fada a chaith sé chun leasa a phobail. Ceannaire umhal ab ea Joe Steve ó laethanta Cearta Sibhialta ar aghaidh. Néamhspléach. Tá na tréithe sin a bhí ann go smior sna scéalta seo ar an gnáth shaol, an grá agus an gruaim. 

Fadhbanna an lae inniu - cliseadh pósadh, diabhlaíocht tiomána, éiginnteacht an linbh uchtaithe, rúin á scaoileadh. Iad ar fad curtha i láthair go ceanúil, ag léiriú na castachtaí i saol nach bhfuil riamh dubh agus bán - saol ina bhfuil sonas agus donas in orlaí trina chéile.


Tá Joe Steve imithe uainn, ach seo bollán eile ar an gcarn clocha saothair atá fágtha aige againn mar shólás agus lón intinne.

Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnacht.

2020-01-23

Joe Steve

Ní cuimhin liom go baileach cathain ar chuir mé aithne léitheora ar Joe Steve i dtosach. Na húrscéalta Lámh Láidir nó Scread Maidine is dócha. Tá na gearrscéalta agus roinnt den fhilíocht ar mo leabhragáin freisin. Uair éigin fadó d'éirigh liom lámh a fháil ar Fead Ghlaice lán grinn is spiorad. Ealaíon pobail. Thug sé a dhráma Faoi dheireadh thiar go Bleá Cliath i 2008 agus bhí mé i láthair.

Is mór agam an saothar chruthaitheach ach tá tábhacht ann dom freisin i smaointe agus taithí an ghníomhaí pobail, fréamhaithe i stair agus cultúr as ar fáisceadh an saothar cruthaitheach. 

B'fhéidir gur Ag caint linn féin atáimid. Ach bhí rud arb fiú éisteacht leis le rá ag Joe Steve in agallaimh agus aistí.

Thart ar an am a foilsíodh an leabhar úd bhí an agóid Slán le Seán ann agus bhí mé thiar. Thapaigh mé an deis mo bhuíochas a ghabháil le Joe Steve as an gcomaoin a chuir a shaothair orm. 

Traidhfil blianta ó shin thug sé Léacht Uí Chadhain i UCD. Bhí mé i láthair. 

I measc na rudaí spreagúla a dúirt sé ná go mba cheart do Ghaeil an Oirthir aghaidh a thabhairt siar anois is arís chun blaiseadh den gcultúr.

Lasmuigh de Ghaeltacht na leabhair, is le Corca Dhuibhne is mó nasc agamsa agus ní raibh mé thiar Cois Fharraige ach dornán uaireanta, ar Árainn mar dhéagóir óg abair. 

Ach nuair a chuala mé go raibh Joe Steve ar lár mhothaigh mé go raibh sé dlite dó freastal ar a shochraid. Leis an mótarbhealach agus an seirbhís feabhsaithe bus tá sé indéanta an aistear ó Cill Mhantáin agus ar ais a dhéanamh laistigh de lá (fada!).

Chuir mé chun bóthair mar sin um a sé ar maidin, isteach go lár Bhaile Átha Cliath ar bhus. Ar ámharaí an tsaoil bhí an trácht éadrom agus bhí mé in am maith do bhus na Gaillimhe – go deimhin bhí am agam le haghaidh cupán caifé ar mo shuaimhneas. Ag taisteal sa cheo a bhíomar ó Cill Dara ar aghaidh agus bhí an ceathrú uaire chun bus a aistriú sa Ghaillimh á ídiú beagán ar bheagán. Ansin agus Gaillimh beagnach bainte amach againn bhí oibreacha bóthair ann! Bhí sé deich a chlog, am imeachta bhus na Ceathrún Rua faoin am ar shroicheamar ionad nua na mbus sa Ghaillimh. Léim mé den bhus chomh gasta sin gur fhág mé mo hata teolaí RTÉ RnaG ar an mbus. Bhí bus Chonamara ag bogadh nuair a shroich mé An Fhaiche Mhór ach buíochas le Dia (agus an tiomanaí aireach) stop sé dom agus thug chomh fada le hIndreabhán mé. Áit a fuair mé greim le n-ithe (a bhí de dhíth go géar). 
Ó tharla go luaitear a mhalairt go minic, is as Gaeilge a rinne mé mo ghnó le muintir an tsiopa agus fear a bhus.

Cé go raibh mé ag Séipéal Naomh Ainnín thart ar 11:00 – uair a chloig roimh an tsochraid – bhí an áit plódaithe cheana féin, seachas na suíocháin a bhí curtha i leataobh don dteaghlach. Fuair mé suíochán in aice le hÁine Durkin – ach ghéill mé é tar éis tamall do dhuine a bhí níos mó ina ghátair. Fágann sin go raibh mé amuigh – ag éisteacht (buíochas le callaire de chuid RTÉ RnaG) le linn na sochraide. Ní fear mór teilifíse mé ach tá Ros na Rún feicthe cúpla uair agam. Rud a fhág mearbhall orm faoi daoine a shíl mé a d'aithin mé ... Tá daoine a d'aithin mé cinnte ar ndóigh. Ina measc bhí toscaireacht Chorca Dhuibhne, Pádraig Ó Sé agus Toose Mac Gearailt. Bhí lucht léinn ann – Máirín Nic Eoin agus Máire Ní Annracháin. Daoine ó gach áit ag ó gach ghné de shaol Joe Steve.

Mhair an ceo trom, rud a d'fhág go raibh ciúnas diamhair timpeall ar an séipéal – seachas corr charr ag dul thar bráid agus ceiliúr an n-éan sa chlapsholas buan. Bhí an chaint agus an ceol le clos go soiléir. I measc an deichniúr sagart ar an altóir bhí dearthair Joe Steve Pádhraic, a thug an t-aitheasc ag cuir síos ar a chaidreamh le Joe – a bhí riamh umhal. An chaoi ar mhol sé dó i gcónaí bheith tuisceanach, nach raibh sé tar éis siúl i mbróga an fhir eile.
Le linn an aifrinn bhí scoth na gceoltóirí – óg agus níos sine – ag seinm agus ag amhrán, uaireanta le focail a scríobh Joe Steve féin.

Labhair mac Joe Steve, Páid go geanúil ag deireadh an aifrinn faoina athair – agus bhain gáire as an slua scaití, é ag trácht ar bheirt ban Joe Steve – máthair Pháid, Máirín, ar cheiliúr sé caoga bliain a phósta léi le déanaí. Agus a bhean i Ros na Rún, Máire Pheter – a raibh sé luaite léi ar feadh scór bliain. B'é seo an dara sochraid aige ar ndóigh freisin, tharla go raibh sochraid ag a charachtar i Ros na Rún tamall siar!

Is iad cliar Ros na Rún chomh maith le dalta scoile áitiúla, le cóipeanna de leabhair Joe Steve ar iompair acu, a bhí mar gharda onóra ar dhá thaobh an R336 agus muid á thionlacan amach as an séipéal ar a aistir deireanach. Shiúil muid go sollúnta trí cheo trom go reilig an Chnoic.

Dúradh na paidreacha deiridh. Chuir baill teaghlaigh craobhacha fraoigh sa mhullach ar an cónra – níos deise agus dúchasaí na rós ná lus eile. Nós Chonamara an uaigh a líonadh ar an bpointe; nós nach bhfuil againn thoir. Mar sin, bhí baicle dá chomharsan cruógach ag líonadh an uaigh ar feadh seal, gíoscán miotail na sluasaid agus an úir ghainmheach á chuir ar ais. Lena linn sin agus an chuid eile againn ag seasamh go ciúin canadh amhráin agus léadh filíocht de chuid Joe Steve. A "bhaintreach" ó Ros na Rún, Máire Pheter. Caitlín Pheaits. Josie Ó Cualáin. Déagóirí áitiúla freisin. Sollúnta, uaigneach, cumhach. Ach dóchasach freisin. Tá an fear imithe, ach níl a shaothar – agus tá dream óg ann atá in ann agus sásta an lóchrann an iompair.

Cé go raibh cuireadh oscailte ar ais ag an Conamara Coast, agus gur cinnte gur iomaí gol agus gáire a rinneadh ann i gcuimhne Joe , thug mé féin agus Áine aghaidh ar an nGealchathair. Béile deas agus dreas comhrá sular thug mé aghaidh ar an mbóthar abhaile.

Bhí mé sa bhaile roimh meán oíche!


Go dtaithní solas suthain Dé ar Joe Steve agus go dtuga Sé sólás dá chlann agus dá chairde.

2019-04-04

Cuimhní Seanghasúir


Seo iad cuimhní cinn Joe Steve ar comharsana tús a shaoil, Pádraic Chóil ach go háirithe. Comharsana a raibh geanúlacht, carthanas, deisbhéil agus diabhlaíocht ag baint leo. Cé go bhfuil sonas sna scéalta is amhlaidh is mó a chuaigh an cruatan agus an bochtaineacht a bhí ina saol i bhfeidhm orm. Triúr fágtha leo féin, máthair agus beirt mhac. Cláiríneach duine acu, beo ar éigean ar beagán gréasaíocht. Beirt deirfiúracha imithe uathu seachas corr litir um Nollaig nó cuairt ghairid. Deartháir eile imithe gan taisc ná tuairisc. Faighimid amach sa deireadh gur i dteach na ngealt atá an athair, díbeartha as cuimhne a chlann go gcuirtear fios ar Phádraic agus a athair ar leaba a bháis. Roimhe sin deartháir i dtosach agus ansin máthair imithe ar shlí na fírinne. Agus na deirfiúracha freisin, duine ar dhuine. 

Pádraic Chóil fágtha uaigneach i ndeireadh a shaoil i mbaile tréigthe taobh le scil atá imithe ó úsáid. 

Murach Joe Steve féin is a nuachar, atá sa cheantar cé nach bhfuil siad sa bhaile. 

Taifead ar stair, ar seanchas, ar deisbhéil. Ach saol a raibh sciar maith den achrann, cruatan agus uaigneas ag baint leis. 

Nó sin a chonaic mise ann! Ainneoin gur léir go bhfuil cuimhní sona ag baint le heachtraí ann, agus cúis gáire go minic sa diabhlaíocht agus comhluadar. Ní leabhar gruama ná éagaoineadh atá ann, ainneoin lorg domhain bás athair Joe Steve féin agus é an óg ar an scéal. 

Ní bhíonn sonas gan donas ina órlaí tríd. Ach tá sonas le fáil sna heachtraí agus sa dúlra don té a bhfuil croí oscailte aige. 


Leabhar maith. 


Mar a bhí ar dtús : cuimhní seanghasúir
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta

2016-01-03

Léirmheas: Aisteoirí an Spidéil

Stair cumann amaitéarach drámaíochta an Spidéil atá anseo, roinnt ina thrí mór chuid - óna thús 100 éigin bliain ó shin, a ré órga i seascaidí an chéad seo chaite nuair a bhí an cumann ag glacadh páirte i gComórtais Béarla le drámaí i nGaeilge agus ag baint an chraobh, agus ó na 1970í anall.

Scaití is cineál Who's who de scéal na Gaeilge sa cheantar atá i gceist mar go dtáinig cáil san aisteoireacht nó réimsí eile ar go leor de bhaill an Chumainn.

Tugann Joe Steve Ó Neachtain ach go háirithe an chreidiúint don drámaíocht as muinín a mhúscailt ann, agus gach seans murach an Cumann gur thar saile anonn a bheadh sé imithe fadó.

Is mó ná scéal cumann drámaíochta atá anseo, mar sin, mar gurbh crann taca do phobal a bhí i ndroch-chaoi ab ea an Cumann, fearacht gluaiseachtaí pobail eile.

Cuid thábhachtach de scéal TG4 agus Ros na Rún atá san scéal seo freisin, mar gurbh sna drámaí a chuir cuid de chliar Ros na Rún agus TG4 faobhar ar a gcuid scileanna. 

Luaitear siar is aniar idir an Taibhdhearc - agus roimhe sin Amharclann na Mainistreach agus na haisteoirí anseo freisin. Feictear dom go bhfuil a leithéidí imithe i léig, agus a rian sin ar Amharclann na Mainistreach agus gan ach 3 drámaí i nGaeilge, stáitsithe ag dreamanna eile, ar Ardán na Péacóige ó 2010 i leith.

Ag barr a réime bhí Aisteoirí an Spidéil ag fáil comhairle agus tacaíocht ó Amharclann an Mainistreach, rud a chuaigh chun tairbhe don Amharclann níos faide anonn agus ábhar aisteoirí ag teacht chucu ón gcumann.

Le hachainí a dhúnann an leabhar, sé sin go dtiocfaidh toradh ar mhian na nAisteoirí ionad buan dá gcuid féin a bheith acu. Feictear dom gur infheistíocht fónta a bheadh ansin i dtodhchaí pobail agus ar mhaithe le daoine a oileadh i scileanna a rachadh chun tairbhe do réimsí eile den tsaoil.

Admhaím gur caolseans go mbeadh an leabhar seo léite agam murach go dtáinig chugam i mbeart leabhar le léirmheas a dhéanamh orthu ó Chló Iar Chonnacht. 

Bhraith mé é bheith fadálach scaití, liosta d'ainmneach daoine nach bhfuil aithne dá laghad agam orthu a ghlac páirt sa dráma seo agus sa dráma siúd, ach tuigim go mbeadh léamh eile ag gaolta na ndaoine sin ar an scéal.

Tá tagairtí d'fhoinsí agus fonótaí sa leabhar, rud a bheidh ina chabhair do staraithe pobail eile, agus tá roinnt ghrianghraif ann freisin, ina measc ceann den trí lánúin a phós de bharr iad a bheith casta ar a chéile sa chumann. (An t-aon ionadh atá orm ná a laghad cleamhnais a d'eascair as, ach seans go bhfuil níos mó nach bhfuil luaite)

Cloch fónta ar stair na háite thiar agus na drámaíochta atá anseo, agus go deimhin stair na scannánaíocht agus TG4 de bhrí gurbh as an úir seo a d'eascair sin.

Aisteoirí an Spidéil
Máirín Breathnach Uí Choileáin
Cló Iar-Chonnacht,
Tagairt: 9781784441173 

2015-12-23

Fad Saoil

Is éard atá sa saothar seo ná dánta dírbheathaisnéise Joe Steve Ó Neachtain.  Mac baintrí. Saor cloiche. Aisteoir is drámadóir. Scríbhneoir. Mac, athair, seanathair. Curaidh pobail.
Fear a fáisceadh as saol atá imithe, agus a rinne a chion féin chun saol níos fearr a fhuineadh dá phobail.
Breis is seachtó dán, a bhain deora asam scaití, agus sean scairt gáirí babhtaí eile. Caointe, feartlaoithe, critic sóisialta- tá sé ar fad anseo i nGaeilge shaibhir nádúrtha a tharraingíonn samhail as saol fada ag coraíocht leis an gcarraig lom is le maidhmeanna mara chomh maith le peann - san ealaíon agus i gcoinne maorlathas.
Beidh mé ag filleadh ar an seod seo arís ar thóir lón machnaimh is faoiseamh.
Ba mhaith an rud sílim meabhrú amach anseo ar eagrán le nótaí- bheadh tagairtí nach dtuigfear amach anseo dá uireasa.

Fad Saoil
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar Chonnacht
Táim buíoch as an gcóip léirmheastóireachta a chuir Cló Iar Chonnacht ar fáil dom.

2015-11-21

Seoda snasta ó chlocha duirlinge béaloidis

Bhí mé ar thuras gnó an tseachtain seo agus inné bhí mé ag filleadh abhaile ar eitilt ó Hamburg. Bíonn a leithéidí leadránach, tuirsiúil ach níor airigh mé an t-am agus mé sáite san saothar seo le Joe Steve. Agus mé ag léamh saothar le Joe Steve tuigim gur liathach mór chuid den Ghaeilge a léim, le hais an leamhnacht láidir nádúrtha a  thagann ina shlaoda óna pheann. Ach ní máistreacht ar an teanga amháin a thugann a luach saothar don léitheoir ach scéalaíocht den scoth. 
Is fíor go bhfuil sé fillte anseo, mar a dúirt sé, ar scéalta a chuala sé le linn a óige - scéalta púcaí agus taibhsí. Ach níl siad smolchaite agus tá casadh breá bainte aige astu, cuid acu lonnaithe aige i saol an lae inniu.
Sa mhullach ar sin tá sé léirithe aige gur sár bhreathnóir é ar an ndúlra agus ar na daoine. Is beag scéal ar an ndúlra atá leithe agam atá chomh corraitheach le Ríocht na nÉan, abair. Agus tá cuir síos iontach in Athphlandáil ar an gcrá croí a bhaineann le heisimirce teaghlaigh agus an doicheall a mhothaítear dá bharr le hinimircigh. 
Abairtí gairide gonta don gcuid is mó a chleachtann Joe Steve, gan barrchleite amach ná bunchleite isteach. Is modh éifeachtach atá ansin pictiúr a thógáil abairt ar abairt: teannas a chothú go dtí go mbaintear buaic amach, go minic le casadh gan choinne san deireadh. Tá na móitíf sna scéalta púcaí aitheanta go maith, ach tá úire san chaoi a phléann Joe Steve leo; níl aon Oisín i ndiaidh na Féinne anseo, agus tá feidhm leis na ceachtanna a bhí sna scéalta béaloidis fós. Tá mar shampla an scéal faoin anfa a reiceann sé in Coipeadh thar a bheith tráthúil agus stoirmeacha an gheimhreadh romhainn amach arís.
Táim fíor sásta gur ghéill mé don cathú an leabhar seo a cheannach, agus táim cinnte go mbeidh mé ag filleadh ar an scéalta ann. (Ach seachnóidh mé sciar acu ag am luí....)

Idir Neamh is Talamh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781784441074 

2014-04-29

Joe Steve Ó Neachtain: Ó An-dána go hAos Dána!

Chuala mé inniu - mar is dual ar na saolta seo, ar Twitter ó Cormac ag a 5 - go raibh Joe Steve Ó Neachtain tofa ina bhall d'Aos Dána. Is maith atá sin tuillte aige.

Tá tóir agam le fada ar shaothair ficsean Joe Steve; agus meas agam ar a thuairimí agus ar a iarrachtaí ó aimsir Cearta Sibhialta na Gaeltachta anall feabhas a chuir ar dhán pobal na Gaeltachta, a bhfuil dán na Gaeilge, dar liom, fite fuaite leis. 

Ba phribhléid dom mar sin cúpla focal a mhalartú leis agus mé thiar ag agóid Slán le Seán.

Agus bhí mé ar bís chun an leabhar seo - cnuasach cainteanna a thug Joe Steve thar na blianta - a léamh. (Tá ar a laghad ceann de na léachta le clos ar líne, anseo - 30 nóiméad isteach)

Is don cluas a scríobh sé na cainteanna, mar a dúirt sé féin san réamhrá, agus is ina ghuth a chuala mé iad agus mé ag léamh.

Smaointe fáiscthe as taithí fhada ag obair ar son a phobal, ag léamh, ag scríobh agus ag cuir siamsaíocht ar fáil dóibh.
Tá an leabhar lán de phéarlaí gaoise, an ceann seo abair (Teaspach scríbhneoireachta, lch 100):
"Sílim go mbíonn a seacht ndícheall cúraim ar seanriadairí in amanta a bheith ag cur an tsaoil in oiriúint don aos óg ... Cén chaoi san deabhal ar féidir leo cinneadh a dhéanamh i dtaobh a gcultúir mura gcloisfidh siad é?"
Nó (lch 126)

Ba cheart go dtuigfeadh Gaeil an bhaile mhóir, mar shampla, an bóthar a théann soir chomh fada leo go dtagann sé anoir chomh fada linne freisin.
Tá na nathanna ón gcultúir le clos ag an gcluas inmheánach anseo, agus feidhm ealaíonta bainte astu chun smaointe spreagúla a chur in iúl. Rachaidh sé chun tairbhe éinne ar cás leo Gaeilge agus Gaeltacht blaiseadh de na smaointe sin. Tá sé de rún agam filleadh orthu, agus táim ag dréim leis go mbeidh Joe Steve féin ag cuir leo, amach anseo - ag Aos Dána agus in áiteanna eile.

Mar a deir sé, i dteanna a chéile is fearr sinn, agus is mithid dúinn aithne a chur ar smaointe a chéile!

(Sciob mé teideal an mhír seo ó rud a dúirt Joe Steve féin le Cormac ar ball - go raibh sé luaite seal le dream "an-dána" Cearta Sibhialta agus é anois i measc Aos Dána. Gura fada buan ann é!)

Tá Ag Caint linn fhéin foilsithe ag Cló Iar Chonnacht.

2012-10-05

An Reacaire i mo phóca: Joe Steve

Do luaigh mé an saibhreas atá á dháileadh saor in aisce ag Cló Iar Chonnachta cheana:
Le déanaí tá an cnuasach filíochta le Joe Steve Ó Neachtain bailithe agam ón suíomh le cuir leis na hiontaisí ar mo sheinnteoir póca. Tá úrscéalta agus gearrscéalta le Joe Steve léite cheana agam, agus tá an cnuasach Fead Ghlaice agam áit éigin freisin. (Beidh orm scríobh faoi na saothair eile - thaitin Lámh Láidir agus  Scread Mhaidne liom. Tá Lámh Láidir ar fáil mar chlos leabhar ón suíomh)
Tá saibhreas focail ag Joe Steve, agus baineann sé feidhm éifeachtach astu sna dánta seo - dánta gairide don gcuid is mó - iad lán mothúcháin agus "nádúr" sa chiall atá acu thiar leis - daonnacht.
Breithiúnas, mar shampla, dán thar a bheith tuisceanach faoin bpian a chuir fear thar a fhulaingt agus a thiomáin é chun lámh a chuir ina bhás fhéin - rud a d'fhág lasmuigh den gcomhluadar é tráth.
Níl maoithneachas ná Oisín i ndiaidh na Féineachas le sonrú ar shaothar Joe Steve; tuigeann sé go maith an taobh dorcha d'Éireann le linn a óige, an chruatan agus an cúinge; ach tuigeann sé freisin, agus ceiliúrann na rudaí maithe. Agus sin uilig i nguth stuama, ceolmhar, ciúin, cumhachtach.
Comrádaí maith ar an mbóthar! (Beidh orm an leabhar a cheannach - ní thugann mó chluasa cathrach gach focal ná nath liom)

2010-08-07

Grá goirt

Tá Salann Garbh le Joe Steve Ó Neachtain léite anois agam.

Cnuasach cumhachtach gearrscéalta. Lán de dhaonnacht: an ghrá, agus an pian , a eascraíonn as na híobairtí agus an an cúram a leanann grá. Scéalta iontacha iad; máistreacht ar ábhar agus foclóir aige. Is minic casadh ag deireadh an scéal a iompaíonn ár dtuiscint ar cad atá ag tarlú bun os cionn, ag nochtadh léargas nua ar an bheith daonna agus an ceistiú cinnteachtaí.

Corr scéal lán de ghreann ann, ach an chuid is mó dáiríre; brónach gan a a bheith éadóchasach. Is léir a ghean ar an gcine, agus ar an muintir ar díobh é. Máistir eile a léiríonn an saol mór tríd lionsa a áit dhúchais. Is léir go bhfuil na scéalta lonnaithe thiar; ach d'fhéadfadh na heachtraí baint le duine ar bith áit ar bith.

Sár leabhar.

Salann Garbh
Joe Steve Ó Neachtain
ISBN: 9781905560554
Cló Iar Chonnachta 2009


2008-04-21

Faoi dheireadh, thoir.

D'fhreastail mé ar dhráma Joe Steve - Faoi Dheireadh Thiar in Amharclann Smock Alley Déardaoin seo chaite.

Bhí sé thar barr.

Bhí, cinnte roinnt den chaint a d'éalaigh ó mo chluasa neamhoilte Bhleácliathacha.
Bhí deacrachtaí agam ach go hairithe le Coilmín (Diarmuid Mac an Adhastair). Ach is mar sin a bheadh san fíor saol agam. Agus bhí an t-aisteoireacht chomh maith sin nach dóigh liom gur chaill mé mórán den scéal. Beidh orm an dráma clóite a cheannach le bheith cinnte, agus le cur le'm fhoclóir!

Bhí Joe Steve fhéin go hiomlán inchreidte mar fear a raibh an t-amharc caillte aige.

Go deimhin, cé go raibh muid fáiscthe isteach i bpluais gruama de amharclann, bhí sé éasca de bharr feabhas an chliar creideamh go raibh muid i measc grá, gruaim, agus greann an tigh altranais úd.

Cén donas atá orainn i mBaile Átha Cliath nach bhfuil de chumas ionann amharclann cheart a chuir ar fail do dhramaí Gaeilge - tuige nach bhfaigheann na sár aisteoirí seo an t-aitheantas cuí, agus áit in amharclann sóúil, teolaí seachas poll dubh éigin i bhfolach i gcathair gríobháin?
(Bhí rudaí le rá ag Conchubhar faoi seo)

Bhí slua mór ann an trí oíche a bhí sé i san Smock Alley, nach bhfuil ach 120 nó mar sin suiochán ann (bhí suiochán breise curtha isteach). Bhí mórchuid den slua níos óige ná mise, rud a chuir iontas orm, agus níor aithin mé ach beirt, rud a chuir breis iontais orm. Le margaíocht cuí, táim cinnte go mbeadh amharclann mór líonta.

Má bhíonn deis agaibh, freastalaígí air! Tá an deis thart go fóill i mBÁC, ach beidh sé thall agus abhus, táim cinnte.

2007-06-10

Iothlainn na Gaeilge

Rinne Joe Steve Ó Neachtain píosa breá cainte ag Comhdháil d'Éalaín ar Oileán ar Inis Oírr le déanaí - píosa cainte a foilsíodh i bhFoinse (3 Meitheamh 2007)

Ba é an focal labhartha bun agus barr an chultúir le mo linnse, caint ó mhaidin go faoithin is ó Luan go Satharn. Ní raibh aon mheán eile ann ag an am nó gur thosaigh na boscaí ag caint is gur dhún siad béal na ndaoine.
....
Is muid is fearr ar bith nuair a smaoiníonn tú chomh beag is atá gabháltas na Gaeilge. Gan ionainn ach méid iothlainn phlandaí i gcomórtas le feilm ollmhór an Bhéarla agus fós fhéin go gcaithfear an iothlainnín a roinnt idir na canúintí éagsúla agus idir an seanchultúr is an nuachultúr. Cultúr na cathrach agus cultúr an oideachais agus cultúr úrnua an Tuaiscirt atá chomh crua le tairní seaca.
....
Ní focal é an 'comhaimseartha' a ngéillim fhéin di ró-mhinic. Ní focal é a chuala mé as béal aon Ghaeilgeoir dúchais de mo chomhaois. Ní bhreathnaíonn sé go bhfuil aon áit ag sean-aimseartha ná traidisiúnta i litríocht ná i ndrámaíocht na nuaGhaeilge. Ní hamhlaidh don ealaíon fré chéile dar ndóigh. Ní slacht ach a mhalairt a chuireann leagan comhaimseartha ar amhrán sean-nóis. Tá cuid de na hamhráin sean-nóis chomh sean leis an gceo ach iad fós chomh húr le drúcht na maidine ag teacht as béal na hóige mar atá cloiste agaibh ó Róisín Elsafty, bail ó Dhia uirthi.
....
Ach oiread leis na cultúir, tá dhá chineál lucht éisteachta ann. Na theatre goers a bhíonn ag ligean orthu fhéin go dtuigeann siad drámaí atá chomh casta le crosfhocail agus an gnáthphobal a thiocfadh go hascallaí i bhfarraige ag breathnú ar dhráma le John B Keane mar shampla.
....
Caithfidh an iomaire scailliúin agus an iomaire meacna agus an cheapach ghabáiste an aire chéanna a fháil in iothlainn na bplandaí agus mura bhfaighidh is gearr gurb iad an neantóg agus an chupóg sráide a bheidh i gceannas na hiothlainne.


Is fiú go mór an aitheasc ar fad a léamh, agus tá súil agam go gcuirfear i gcló níos buaine é.

Agus go dtiocfadh fás éigin ar an iothlainn, chun go mbeadh litríocht de gach saghas ar fáil as Gaeilge. Chuile seans go bhfuil ról le n-imirt ag an idirlíon anseo; mar a fheictear anseo, tá sé thar a bheith saor foilsiú as Gaeilge. Ach ní féidir (fós) slí beatha a bhaint amach as!