Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label scéalta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label scéalta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-29

Scéalta idirnáisiúnta, tugtha cois teallaigh sa Chré Dhubh


Cheannaigh mé an leabhairín seo de chuid Joe Steve sa siopa leabhar. An togra deireadh dá chuid. Sean scéalta iontais, inste mar a chuala sé féin iad ach a chasadh féin bainte aige astu. 

An Táilliúirín Glic
Trí Ribe as Giall an Diabhail
Giolla na Leisce
Úllaí na Nuns
Spailpínteacht

Scéalta idirnáisiúnta iad seo - mar a scríobh mé anseo cheana, tá nós againn faire ar scannáin de leithéid go measartha rialta ar theilifís na Gearmáine, agus tá carn leabhar scéalta iontais as Gearmáinis agam. Agus tá leagan de gach scéal thuas léite nó feicthe agam iontu. Fearacht amhráin, bíonn dhá leagan déag ar a leithéid. Ar a laghad. 

Bua leaganacha seo Joe Steve an chaint chraicneach agus an ghreann, sin agus as chasadh áitiúil mar a dhéanann seanchaí maith chun a lucht éisteachta a mhealladh. Is maith ann na leaganacha seo, dóibh siúd atá ag foghlaim ceird na scéalaíochta ó bhéal. Mar a theagasc Joe Steve dá chlann agus clann a chlainne, agus é sin le léamh ar an réamhrá a chuir siad leis an leabhar beag seo. 

Is iomaí comaoin a chuir Joe Steve ar Ghaeltacht na Leabhair, agus is méaróg ghleoite ar a charn an leabhairín seo. 

Joe Steve Ó Neachtain 
Cló Iar-Chonnacht



2021-08-02

Tá dhá ó Seiceach ag Labhraí Loingseach

Tamall siar bhí cuntas Twitter Motherfoclóir faoi stiúir ag bean ón tSeic @lejdulka agus ag pointe éigin sí go raibh dán cáiliúil de chuid athbheochan na Seicise faoi anáil miotais na hÉireann. Chuir sin ag tochailt agus ag cuimhneamh mé!

Chuaigh mé féin díreach ón Ollscoil go Beirlín. Tar éis bliana nó mar sin casadh mo nuachar anois agam; agus ceann de na rudaí a bhí i gcoitinne againn ná fonn siúlóide. Níl an tSeic (an tSeicslóvaic an uair úd) ach cúpla uair an chloig ar traein ó Bheirlín agus is iomaí deireadh seachtaine a chaitheamar ar siúl san České Švýcarsko (Eilvéis na Boihéime), díreach trasna an teorainn ón Sacsan - ceantar gaineamhchloiche a bhfuil go leor clasán agus craosán ann, agus áirsí diamhaire cloiche - agus go leor siúlóid marcáilte go soiléir tríothu. Chabhraigh sé go raibh na proinntithe (agus an leann) go maith agus saor don té a raibh Deutschmark ina phócaí ...

Níl de Seicis agam ach dornán nath proinntí, ach chuir sí Adalbert Stifter in aithne dom. Scríbhneoir as Gearmáinis a rugadh sa Böhmerwald/Šumava ar teorainn na hOstaire anois. Tá roinnt mhaith dá chuid úrscéalta lonnaithe sa cheantair sin, agus chaitheamar seachtain nó mar sin ar saoire taitneamhach ann i 1993 measaim. I measc na húrscéalta atá aige tá ceann cáiliúil Witiko - scéal atá bunaithe ar fíorscéal faoi ceann fine sliocht uaisle a raibh ról lárnach acu i stair na Boihéime. (Is cosúil go raibh sraith i gceist aige, ach is dóigh liom nach bhfuil ann seachas an ceann téagartha seo ach úrscéal gairid faoi deireadh tragóideach géag den sliocht sna cogaí creidimh - Der Hochwald). 

Bhí roinnt Kafka léite agam roimhe agus ó shin ar ndóigh, Giúdach de bhunadh Prág a scríobh as Gearmáinis freisin. In aistriúchán Gearmáinise freisin atá An Dea-Saighdiúir Švejk le Jaroslav Hašek léite agam; tá cuid eile dá shaothar léite le fonn agam, greann dóite go háirithe ag baint leis an Strana Mírného Pokroku v Mezích Zákona (An páirtí um dul chun cinn measartha laistigh de shrianta an dlí). (Bhí mé ag súil go mór cóiriú raidió Breandán Uí hEithir ar Švejk a chlos - bhí sé le bheith mar chuid de chomóradh na bhFlaitheartach, ach cuir an paindéim poll sa phlean).

Eolas sách dromchlach ar an tSeic atá agam mar sin, ach spéis áirithe. Agus cuimhní geala (cuireann suirí loinnir ar chuimhní!).

Tagairt eile a ritheann liom ná go bhfuil Cath an tSléibhe Bháin (Bitva na Bílé hoře) luaite san úrscéal An Cléireach le Darach Ó Scolaí. Bhí saighdiúirí Gaelacha i go leor áiteanna ar an Mór Roinn, go minic san áit a raibh manaigh rompu...

Zum Exempel – Dragoner – sprich:
Aus welchem Vaterland schreibst du dich?
Erster Dragoner.
Weit aus Hibernien her komm' ich.

Wallensteins Lager
Friedrich von Schiller


Ar ndóigh, nuair a d'fhill mé ar Éirinn agus nuair a thosaigh mé ag freastal ar an gCiorcal Díospóireachta - thar ar 2003 - chuir mé aithne ar Michal Měchura. An uair úd bhí sé fós ag obair le Microsoft, ach ó shin i leith is ar a scileanna ríomhchláraithe atá go leor de bhonneagar na dána digiteacha Gaeilge tógtha.

Ar aon nós, ón tagairt a thug @lejdulka  don dán, thuig mé gur scéal Labhraidh Loingseach agus a dhá ó pill a bhí i gceist. Bhíos thar a bheith fiosrach cad a spreag Karel Havlíček Borovský an ábhar seo a úsáid! Is cosúil go raibh spéis ag daoine forásacha  san tSeic in Éirinn - go bhfaca siad cosúlachtaí idir an Bhoihéim faoi riail na nOstarach agus Éireann faoi riail na Breataine; agus gur spreag leithéidí feachtas Uí Chonaill um Repeal iad - cé go raibh tuiscint thar a bheith éagsúil acu ar ceist na teangan ná mar a bhí ag Uí Chonaill (cá bhfios cén corr a chuirfí i stair na hÉireann dá dtuigfeadh an Conallach go mba thábhachtaí an Ghaeilge ná an chreideamh chun Éire saor daonlathach a bhaint amach?)

De bharr cúpla nod ó @lejdulka tháinig mé ar alt le fear darbh ainm Moritz Hartmann - Boihéamach a labhair Gearmáinis agus a thug cuaird ar Éireann agus é ar a sheachaint (de bharr an bhaint a bhí aige le feachtais forásacha sna críocha Gearmánach). Más fíor a insint ar an scéal (Briefe aus Dublin, Hartmann), chuala sé scéal Labhraidh Loingseach ó iar-mhairnéalach i dteach óil de chuid an daoscarshlua iar-ghorta i bplódcheantair Bhaile Átha Cliath. (Agus gach seans gur chuala). Bhí an scéal lonnaithe ag an reacaire i gCill Mhantáin (Viklov), mar atá leagan Seicise Borovský.  Borovský a bhaist Kukulin (Cú Chulainn) ar an mBearbóir, ámh. Agus a rinne dord Seiceach den gcláirseach Gaelach.

Agus mé ag tochailt tháinig mé ar an bhfíseán thuas, scannán bunaithe ar an ndán a rinne Karl Zeman sna caogaidí. 

Scéal ársa atá ann, ar ndóigh, ag dul siar chomh fada le Midas na Gréige - ach buan uilíoch mar nach bhfuilimid saor fós ó rialtóirí a imríonn cos ar bolg ar an bpobal ar mhaithe leo féin. Scéal úsáideach, mar sin, do dream forásach - tuigeann an eolach agus an té a bhfuil dúil sa tsaoirse aige an nod, ach is féidir é shéanadh ar na húdaráis - pé acu Hapsburg nó Cumannach....

Moladh eile a rinne @lejdulka ná an leabhar Ireland and the Czech Lands a léamh; sraith aistí acadúla a chuireann cúrsaí éagsúla san dá thír trí chéile. Chuir mé fios air ón leabharlann agus bhain mé adhmaid áirithe as. Na cosúlachtaí spéisiúla; na teagmhálacha freisin. Agus na codarsnachtaí! Ceachtanna fós le foghlaim. Trácht ann ar dhearcadh (impiriúil) taistealaithe Sasanacha agus Gearmánacha - nó cainteoirí Gearmáinise, ar aon nós - ar an dá chríoch a bhí bhí leatrom ag cumhacht ar mhalairt teanga agus leagan den gCríostaíocht - agus cos ar bolg dá réir. Uaisle de na Seanghall as Éirinn a fuair gradam agus tailte tríd seirbhís d'arm na hImpireachta. Beagán eolais ar scor clochar na bProinsiasach i bPrág agus scaipeadh na mbráithre. Seoda beaga eolais.

Ar ndóigh tá Seicis curtha anois ag Radvan Markus ar Cré na Cille; agus tá nascanna cultúrtha eile ann, sa chaoi is go raibh comhdháil as Gaeilge in Ollscoil Cathail i 2017. ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa. Cloisim go mbeidh leabhar ag eascairt as sin féin.

Tá súil agam go mbeidh deis agam arís cnoic agus coillte na Seice a shiúil!

 

2020-11-22

Siamsa an Gheimhridh


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam. Athchóiriú le Peadar Ó Ceannabháin ar leabhar a chnuasaigh Domhnall Ó Fotharta, oide scoile, agus a foilsíodh i dtosach in 1892.

Is geal le bheith i láthair ag sraith oíche airneáin a bheith ag léamh an leabhair. Scéalta, amhráin, tomhaiseanna, nathanna agus rannta ag leanacht a chéile - nasc eatarthu uaireanta, uaireanta níl. 

Níl aon snas curtha ar na leaganacha cnuasaithe agus dá réir bíonn píosaí as alt i gcuid de míreanna - iad fágtha mar a breacadh síos iad gan eagarthóireacht liteartha. Ach is samplaí iontacha iad de na healaíona béil beo. Tá cultacha catha breátha sna scéalta. 

Tá foclóirín ag dul leis an leabhar ach ní raibh sé de dhíth orm. Feictear dom gur thug Peadar Ó Ceannabháin suas chun dáta go séimh an chaint sa leabhar, agus go snasta. 

Tá foinsí agus fonótaí curtha leis. Leabhar a bheidh fóinteach do scoláirí béaloidis chomh maith le scíth léitheoirí ar maith leo sean scéalta - agus i bhfianaise an spéis chuirtear i mbailiúchán na scoil, ní tearc a líon siúd! 

Tá obair mhaith ar bun ag Cló Iar-Chonnachta ag déanamh cúram d'oidhreacht an phobail ina bhfuil siad lonnaithe chomh maith le bheith ag forbairt scríbhneoirí, ceoltóirí agus fonnadóirí na linne seo. Gura fada buan iad. 

Peadar Ó Ceannabháin 
Tagairt: 9781784441975  


2014-05-18

Tarraingíonn Scéal scéal, athuair

Ní raibh sé de nós agam faire ar theilifís mórán ach ag tús na bliana fuair muid córas nua lena dtagann an teilifís leis an leathanbhanda idirlíon. Tá bosca nasctha leis an dteilifís i gceist agus é ar chumas an bhosca sin taifid a dhéanamh ar chláir.
Fágann sin gur ar mo chaoithiúlacht a bhím ag blaiseadh den teilifís, agus dá réir i bhfad níos mó de shaothar TG4 feicthe agam ó shin - cé nach mórán fós atá i gceist. An Nuacht, Garraí Glas agus rudaí eile thall is abhus.
Ina measc an sraith gearrscannáin Scéal a bhí faoi chúram Rosg.
Mheabhraigh sé an méid a bhí le rá ag Pádhraic Ó Ciardha faoi scéalaíocht ag Éigse Loch Lao dom. Baineadh feidhm ana éifeachtach as an meáin chun scéalta éagsúla a reic. Mar shampla, rinneadh athinsint ealaíonta ar dhá cheann de ghearrscéalta Pádraig Mac Piarais, An Gadaí agus Eoghainín na nÉan.
Tá na bun-scéalta sin an-dubh agus bán, lámh trom an morálaí orthu. Iad maoithneach. Ní hamhlaidh don athinsint, cé go dtéann siad i bhfeidhm ar na mothúcháin. Lonnaítear na scéalta san lá atá inniu ann go cliste, nádúrtha. Léirítear iontu castacht an saoil, ainneoin go bhfanann siad dílis go maith don bun-téama. Bhí siad inchreidte.
Go deimhin, bhí na tréithe sin ag baint leis na scéalta ar fad, agus bhí máistreacht ag a lucht déanta ar an "Ná habair liom, taispeáin dom".
Ba an scannán is mó i chuaigh i bhfeidhm orm ná Sínte - scéal bunaithe ar iarmhairtí timpiste faoi thionchar an óil, ina maraítear  a leannán ar an tiománaí, teaghlaigh na beirte agus an pobal tré chéile.
Píosa chumhachtach scannánaíochta a bhí ann.
Mholfainn áfach ceann ar bith acu den méid a bhí feicthe agam.

2013-12-01

Scéalta Ó Oileán An Turtair

Nuair a bhí mé sa Chultúrlann ar na mallaibh, fuair mé an leabhar seo le bronnadh ar m'iníon dá lá breithe. Athinsint ag Gabriel Rosenstock ar scéalta Céad Náisiún Meiriceá Thuaidh atá ann. (Níl mé ceanúil ar bhotúin - nó bolscaireacht - Cholumbus a bhaist Indios orthu)

Scéalta fréamhaithe san dúlra agus san samhlaíocht anseo, mar is iondúil le Märchen tá ceacht sna scéalta faoi iompair cuí daonna, rabhadh faoi craos nó éagóir.

Thaitin an scéal liom faoin iascaire a rinne níos mó ná a riachtanais féin ar bhradán a thógáil as an abhann, agus a chaill gach rud. Tá dinnseanchas bealach na bó finne le fail ann - ach gurbh gadhar agus mion coirce atá i gceist. 

Is ar páistí rud beag níos sine ná m'iníon atá an leabhar dírithe ach bhain muid sult as mise á bheith á leamh di - tá sí ag léamh as a stuaim féin seachas sin, ach fós sásta scéal a chlos ó dhaoine eile.

Tá an dearadh go deas freisin, luachanna táirgeachta maithe ag Cló Maigh Eo.



Scéalta Ó Oileán An Turtair
Le Gabriel Rosenstock
Foilsitheoir Cló Mhaigh Eo