Ní raibh sé de nós agam faire ar theilifís mórán ach ag tús na bliana fuair muid córas nua lena dtagann an teilifís leis an leathanbhanda idirlíon. Tá bosca nasctha leis an dteilifís i gceist agus é ar chumas an bhosca sin taifid a dhéanamh ar chláir.
Fágann sin gur ar mo chaoithiúlacht a bhím ag blaiseadh den teilifís, agus dá réir i bhfad níos mó de shaothar TG4 feicthe agam ó shin - cé nach mórán fós atá i gceist. An Nuacht, Garraí Glas agus rudaí eile thall is abhus.
Ina measc an sraith gearrscannáin Scéal a bhí faoi chúram Rosg.
Mheabhraigh sé an méid a bhí le rá ag Pádhraic Ó Ciardha faoi scéalaíocht ag Éigse Loch Lao dom. Baineadh feidhm ana éifeachtach as an meáin chun scéalta éagsúla a reic. Mar shampla, rinneadh athinsint ealaíonta ar dhá cheann de ghearrscéalta Pádraig Mac Piarais, An Gadaí agus Eoghainín na nÉan.
Tá na bun-scéalta sin an-dubh agus bán, lámh trom an morálaí orthu. Iad maoithneach. Ní hamhlaidh don athinsint, cé go dtéann siad i bhfeidhm ar na mothúcháin. Lonnaítear na scéalta san lá atá inniu ann go cliste, nádúrtha. Léirítear iontu castacht an saoil, ainneoin go bhfanann siad dílis go maith don bun-téama. Bhí siad inchreidte.
Go deimhin, bhí na tréithe sin ag baint leis na scéalta ar fad, agus bhí máistreacht ag a lucht déanta ar an "Ná habair liom, taispeáin dom".
Ba an scannán is mó i chuaigh i bhfeidhm orm ná Sínte - scéal bunaithe ar iarmhairtí timpiste faoi thionchar an óil, ina maraítear a leannán ar an tiománaí, teaghlaigh na beirte agus an pobal tré chéile.
Píosa chumhachtach scannánaíochta a bhí ann.
Mholfainn áfach ceann ar bith acu den méid a bhí feicthe agam.