Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-11-30

Fiannaíocht Dharach

 

Is seoda iad leabhra Leabhar Breac. Bhí mé thar sáile nuair a foilsíodh an leabhar seo i dtosach, agus ag deireadh na nochaidí ní raibh cur amach agam ar Dharach agus a chuid oibre ar aon nós. Bhí an leabhar feicthe agam uair nó dhó, ceart go leor. Ach nuair a d'fhógair sé eagrán nua ar Twitter le déanaí, agus ós rud é go raibh mé meáite ar Tinte na Farraige Duibhe a cheannach uaidh ar aon nós, shantaigh mé é.

Fionn ag Fiannaíocht atá againn san leabhar seo. Tá Rahmenhandlung ann ceart go leor, a mhíníonn cén fáth go bhfuil sé Tigh Chonáin, agus cath fuilteach ag an deireadh. Ach mheabhraigh sé Scheherazade  agus 1001 Oíche na hAraibe dom - cuireann Conán ceist faoi ghné de scéal Fhinn agus insíonn Fionn an eachtra. Leathanach nó dhó i ngach eachtra acu - macghníomhartha, mar a fuair sé Bran agsu Sceolaing, mealladh mná agus comhraic le fir.

Teanga cuanna atá in úsáid ag Darach, agus na ruthaig agus coruithe catha a bheadh ag seanchaí maith aige. Dramaíocht. Bhain mé taithneamh as an léamh, agus de bhrí gur díolaim atá ann, d'fhéadfá filleadh air arís is arís, ag léamh scéilín ar leith agus á leagan uait seal eile.

Mar is iondúil is earra iontach an leabhar féin; cló glé, páipéar uasal, léaráidí de chuid Darach tríd - clúdach cuanna le híomhá Bruegel. 

Níl staidéar déanta agam ar aicmiú na scéalta, ach tá lear mór fabhalscéalta léite agam nó feicthe agam ar teilefís na Gearmáine - agus thug mé suntas do chuid na moitífeanna idirnáisúnta - an dream a chuidíonn le Fionn tarrtháil a dhéanamh ar mac rí Laighean, abair. 

Ach tá aduantas ar leith sna scéalta freisin, gné Gaelach, gné barbartha, fiáin. Is maith an cumasc iad na scéalta seo. Is cleasaí é Fionn seachas laoch - agus ní hé an carachtar is deise liom é. (Fadó bhí beartaithe agam scéalta faoi Gholl Mac Morna, ar uaisle de laoch é, a chuir ar leathanach idirlín - ach chuir mé ar an méar fhada chomh fada sin iad gur thit siad de).

Tá leabhra eile Fiannaíochta agam, teaglaim Uí Chadhlaigh ina measc, agus cinn do dhaoine óga, ach níl sárú an leabhar seo mar scíthleitheoireacht dúshlánach (más rud é sin) feicthe agam. Molaim é!

Darach Ó Scolaí
€16.00
96 lch; clúdach crua; 
ISBN 978-1-909907-67-6


2020-11-28

Diabhal ar an gCros

Is amhlaidh, nuair a tháinig an athdhianghlasáil agus dúnadh na leabharlainne gur cheannaigh mé leagan Kindle Devil on the Cross le Ngũgĩ wa Thiong'o. Seo an chéad úrscéal a scríobh sé ina theanga dhúchais. Scríobhadh an t-úrscéal ar pháipéar leithris sa ghéibheann, áit a raibh sé curtha gan triail i ndiaidh dó bheith gníomhach le meitheal pobail ag scríobh agus ag léiriú dráma.

Scéal - idir réalaíoch agus osréalach - Warĩĩnga atá ann, bean óg a bhfuil corr curtha ina chinniúint toisc gur bhréag seanfhear saibhir í ach dhíbir uaithi é nuair a d'éirigh sí torrach. Ag tús an úrscéil tá an cuma air go bhfuil sí tar éis a saol a chuir le chéile arís, ach ansin cailleann sí a post mar rúnaí cionn is nach bhfuil sí toilteanach luí leis an bas. Tréigean a leannán í mar go gcreideann sé gur ghéill sí. Díbríonn an tiarna talún as a hárasán í.

Cosctar í as lámh a chur ina bás féin, agus taistealaíonn sí abhaile go dtí a ceantar dúchais Ilmorog. Ar tacsaí roinnte, áit a mbíonn allagar faoi cás Chéinia idir na paisinéirí. Faigheann siad uilig cuireadh ag cóisir lucht gadaíochta. 

Cóisir is comórtas sách osréalach atá ann, agus tagann deireadh leis nuair a thugann slua den gcosmhuintir faoi ach go gcoscann an phéas go foréigeanach iad.

Tugann na heachtraí misneach do Warĩĩnga a haisling bheith ina hinnealtóir a chuir i gcrích. Filleann sí ar an oideachas, faigheann sí obair mar mheicneoir chun íoc as, fásann caidreamh idir í agus duine eile de na paisinéirí ar cumadóir ceoil é.

Bíonn an dara turas go hIlmorog i gceist chun a gealltanas a fhógairt dá teaghlach féin agus dá theaghlach saibhir siúd - ach cuirtear corr eile san scéal ansin. 

Úrscéal cumhachtach polaitíochta atá ann, agus an réalachas ina orlaí tríd an osréalachas agus taibhrimh Warĩĩnga. 

Níl aon réiteach néata i gceist ach agraíonn an údar a chás (Marxach) go láidir agus go sciliúil, agus de réir mar a thugann Warĩĩnga droim láimhe do sodar i ndiaidh na huaisle eachtrannacha is ea téann sí i gcumas agus in áilleacht. 

Lón machnaimh agus léamh taitneamhach araon. 

2020-11-27

Bíodh do chuid fógraí earráide soiléir!

Tá uirlis seachtrach (bogearra)  de dhíth ar an samhail den spásártach a bhfuilim ag obair leis. Fuair mé inniu é, lean mé na treoracha chun é chuir leis an ríomhaire. Chuir mé leis an "cosán" é, i. an liosta fillteáin ina lorgaíonn an corás oibriúcháin feidhmchláracha. 

Ach bhí an córás fós ag rá liom nach bhfuil a leithéid de chomhad nó fillteáin ann.

Tá clár "which" ann a thugann eolas faoi cláracha atá in úsáid. Bhí sé ann, agus san áit cheart.

Rinne mé iarracht an cosán iomlán a lua leis - fadhb céanna.

Tá clár eile ann "file" - a dhéanann iarracht a rá cen cinéal comhaid atá ann. Thug sin nod áirithe dom - ba leagan 32 giotán a bhí sa chlár, agus ríomhaire agus córas oibriúcháin 64 giotán atá in úsáid agam.

Is éard a bhí i gceist sa chás seo ná "ní féidir an clár seo a rith" - dhearbhaigh Google dom go raibh gá agam tacaíocht 32 giotán a chuir leis an gcóras oibriúcháin, agus ansin bhí gach rud ina cheart.

Ach chuir an fógra earráide ar míthreo mé agus chuir am amú orm. Ba cheart do fógra earráide a bhieth cruinn, soiléir, beacht - agus an réiteach soiléir más féidir!

Agus sin mo racht go n-uige seo....


2020-11-22

Siamsa an Gheimhridh


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam. Athchóiriú le Peadar Ó Ceannabháin ar leabhar a chnuasaigh Domhnall Ó Fotharta, oide scoile, agus a foilsíodh i dtosach in 1892.

Is geal le bheith i láthair ag sraith oíche airneáin a bheith ag léamh an leabhair. Scéalta, amhráin, tomhaiseanna, nathanna agus rannta ag leanacht a chéile - nasc eatarthu uaireanta, uaireanta níl. 

Níl aon snas curtha ar na leaganacha cnuasaithe agus dá réir bíonn píosaí as alt i gcuid de míreanna - iad fágtha mar a breacadh síos iad gan eagarthóireacht liteartha. Ach is samplaí iontacha iad de na healaíona béil beo. Tá cultacha catha breátha sna scéalta. 

Tá foclóirín ag dul leis an leabhar ach ní raibh sé de dhíth orm. Feictear dom gur thug Peadar Ó Ceannabháin suas chun dáta go séimh an chaint sa leabhar, agus go snasta. 

Tá foinsí agus fonótaí curtha leis. Leabhar a bheidh fóinteach do scoláirí béaloidis chomh maith le scíth léitheoirí ar maith leo sean scéalta - agus i bhfianaise an spéis chuirtear i mbailiúchán na scoil, ní tearc a líon siúd! 

Tá obair mhaith ar bun ag Cló Iar-Chonnachta ag déanamh cúram d'oidhreacht an phobail ina bhfuil siad lonnaithe chomh maith le bheith ag forbairt scríbhneoirí, ceoltóirí agus fonnadóirí na linne seo. Gura fada buan iad. 

Peadar Ó Ceannabháin 
Tagairt: 9781784441975  


2020-11-20

Tinte na Farraige Duibhe

Tuigeann leitheoirí an bhlag seo gur aoibhinn liom ficsean samhlaíochta agus eolaíochta. Lasmuigh de roinnt ábhar ó seacsaidí an chéid seo chaite, agus dornán leabhar dírithe ar dhéagóirí ag léithéidí Iarla Mac Aodha Bhuí agus Anna Heussaff, ní heol dom puinn a bheith ar fáil sa Ghaeilge. 

Chuir Panu Hoglund Gaeilge ar imleabhar amháin den Fhondúireacht le Asimov, agus bhain mé taithneamh as sin. Tá roinnt gearrscéalta scríofa agus foilsithe thar na blianta freisin. Agus tá Rún na nGallán ag Seán Ó Connor.

Ceann den scríbhneoirí gearrscéalta atá ag teacht chun cinn ná Eoin P Ó Murchú, agus píosa spéisúla scríofa aige agus foilsithe i Comhar agus san leabhar Meascra ón Aer.

Bhí cloiste agam go raibh sé ag obair ar úrscéal ficsean eolaíochta a aistriú ó Ghaeilge na hAlban - agus go raibh lámh ag teicneolaíocht Kevin Scannell agus Michal Měchura - intergaelic.com san obair.

Bhí mé fiosrach dá réir, agus faoi dheireadh thiar thall bhí deis agam an toradh a cheannach ó Leabhar Breac.

Fear de bhunadh Seattle an údar, Tim Armstrong, a d'fhoghlaim Gaeilge na hAlban de bharr an spéis a bhí aige i gceol punc agus a theaghmháil le buíonta ceoil a chan as Gaeilge. Tá sé anois ag leachtóireacht i SMO.

Tá cruinne inchreidte Gaeilge san úrscéal seo - úrscéal "ficsean eolaíochta crua", i. tá an teicneolaícht lárnach seachas draíocht nó eile. Intleachtaí shaorga, ríomhairí, innealtóireacht géiniteach, cibearg. Ceoltóir ar gealach dearóil mianaigh é Sál, an duine a leanamid an scéal trína dhearcadh. Tá gnéithe de scéal grá, scéinséir tóraíochta, turas ceoil trasna na réaltbhuíonta, distóip chaipitleach agus éirí amach na róbait ann. 

Tá úsáid cliste bainte as canúintí - agus Béarla trascríofa i nGaeilge, agus fiú Gaeilge na hAlban ag Eoin P. ina aistriúchán. An t-aon dris cosain a bhí ann dom ná na hainmneacha - níl fhios agam an é gur fhág sé iad sa bhunleagan, ach níl mé cinnte an mbeadh ar mo chumas iad a fhoghrú. 

Tá gnéithe den cruinne a mheabhraíonn scéalta Iain M. Banks faoin "Culture" dom - ach gan an rud a thug mé col do ina scríobh seisean. Tá foréigean i gceist, agus tá pearsa amháin ana ghránna, ach san áit a mbíonn Banks ag únfairt, dar liom, sa foréigean sádach, níl a leithéid i gceist anseo - fónann an foréigean don scéal, agus níl taitneamh a bhaint as. Tá formhór na pearsana daonna - ach tá ról suntasach ag intleach shaorga atá inchorpartha ach ar a chumas é féin a sheoladh isteach i gcórais eile.

Scéal deas teann atá ann - ach tá dóthain snáithe ar foluain gur féidir a bheith ag súil leis breis scéalta as eascairt as. (Agus tá dóchas agam go mbeidh!)

Is cloch fiúntach ar charn léitheoireachta na Gaeil seo, agus buíochas ag dul do Tim Armstrong agus Eoin P. Ó Murchú araon.

Mar is iondúil le Leabhar Breac, tá an dearadh snast, cló ar leith do na Teideal Caibidil, cló deas soiléir tríd síos. Tá fairisingiú foclóra ann, gan amhras, ach tá an foclóir sin i gcomhthéacs agus ní dóigh liom go mbeadh léitheoir cleachtaithe ag dul i dtreo an fhoclóra ró mhinic.


Tim Armstrong
Aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú

208 lch; clúdach bog; 978-1-913814-03-8


2020-11-15

Piarmheastóireacht

Is léitheoir maith í m'iníon mar a bhí ina deartháireacha roimpi. Mar a shílfeá, bím ag cuir leabhair as Gaeilge faoina bráid nuair is féidir (agus nuair a chuimhním nach cailín beag níos mó í).

Tá an ghnáth fáinne fí ann, go mbraitheann sí Gaeilge a bheith deacair - ceal taithí. Ní haon nath di treabhadh tríd bloc mór míle leathanach as Gearmáinis nó Béarla, ach streachailt leabhar Gaeilge. 

Ach bhí comhrá spéisiúil againn inné. Is amhlaidh gur fearr léi a bheith ag léamh leabhair ar féidir iad a phlé lena cairde ar agus as líne. Agus sa phobal sin ní mórán leabhar Gaeilge atá á léamh. 

Feictear dom gur féidir go bhfuil áit ann do chlub leabhar na n-óg arís. Gnó cigilteach áfach mar má bhíonn boladh scoile agus oideachais air ní éireoidh leis. 

Níl ach síol smaoineamh agam, agus déanta na fírinne níl mé cinnte go bhfuil bunús leis. Ní mar sin a roghnaím féin leabhar, cé go bhfuil leabhar léite agam ar mholadh uair nó dhó. Scaití thaithin liom, uaireanta eile níor dhein. 

2020-11-14

Físdánta

Reáchtáil Reic comórtas filíochta ar líne aréir agus bhí mé ag faire ar le fonn. Tá Reic, a bhunaigh Ciara Ní É cúig bliana ó shin, ag dul ó neart go neart. Braithim uaim na hócáidí taibhfhilíochta fuinniúla i leithéid an Generator nó Club an Chonartha. Tá súil agam go bhfillfidh a leithéid.

Ach tá rudaí spéisiúla ag tarlú le tamall de bharr trealamh taifeadta agus uirlisí eagarthóireachta a bheith ag éirí níos uile láthraí. 

Bhí comórtas Slam Fhilíochta Liú Lúnasa agus an Cúirt Filíochta san Oireachtas ag brath ar míreanna taifeadta i mbliana freisin. 

Rinne roinnt daoine léamh sách traidisiúnta i gcomhar ceamara. 

Ach tá go leor eile atá ag baint feidhm éifeachtach as na féidearthachtaí nua, ag reic a gcuid filíochta go hilmheánach, ag cruthú scannáin áille.

Ceann ar leith le Eoin McEvoy a bhí i measc na dánta a bhain duais aréir. 

Bhí ceann iontach ag Jill McMahon do Féile Liú Lúnasa agus é ar fáil ar Facebook - Riarachán. 

Roimhe sin fuair Ciara Ní É Coimisiún ó Ionad na Scríbhneoirí agus rinne sraith snasta dánta a thaifid le réimse daoine, sa mhullach ar an corpas atá taifeadta aici féin agus atá ag fás. 

Tá roinnt taifead taibhsiúla déanta ag Nós freisin. 

Tá líon na ndaoine ag dul don obair spreagúil seo ag dul i méid agus i gcumas - agus cé gur áil atá á dhéanamh den éigean faoi láthair táim ag ceapadh go mbeadh an earnáil nua seo linn ar feadh i bhfad. 

Tá súil agam go bhfuil dream éigin ag smaoineamh ar cartlannú a dhéanamh - níl comhad dhigiteacha buan ná fadmharanthach. Beidh gá le hataifead agus caomhnú. 

2020-11-08

Gaillimh - Díolaim Cathrach


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam, agus táim buíoch. Togra a bhaineann le gradam Cathair na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa i mbliana, comóradh a cuireadh as a riocht de bharr na paindéime.

Sleachta ficsean próis - as gearrscéalta nó úrscéalta, chomh maith le réimse filíochta. Iad ar fad bainteach le cathair na Gaillimhe. Díol suntais - bhraith an fear eagair easpa mná i measc na scríbhneoirí próis agus choimisiúnaigh dánta ó mhná mar chúiteamh. 

Mar a luaigh Máire Ní Finneadha, bhraith mé go raibh sé ait nach raibh na sleachta de réir údair - píosaí leis na húdair céanna scaipthe tríd an gcnuasach, agus an cur i láthair beagán éagsúil de réir an tsleachta. Is féidir go bhfuil eochair don leagan amach ar na sleachta ag an eagarthóir, ach theip orm féin pátrúin a aithint - is trua sin, mar measaim go mbeadh an díolaim níos láidre ach scafall dá leithéid a bheith ann. 

Cuid mhaith den bprós agus roinnt de na dánta bhí siad léite cheana agam. Ach is cinnte go raibh sleachta áirithe a spreagadh fiosracht léitheora maidir le húdar agus saothair agus is maith sin. Díolaim measartha leathan atá ann, agus clúdach maith déanta ar scríbhneoirí na fichiú haoise agus tús na haoise seo. 

Leabhar maith leabhragáin, le tarraingt air anois is arís d'fhonn na saothair a bhlaiseadh. Tá dearadh an leabhair oiriúnach chuige sin, clúdach crua agus clúdach deannaigh cuanna. Cló soiléir, innéacs agus tagairtí do na foinsí. 

Brian Ó Conchubhair