Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-11-28

Diabhal ar an gCros

Is amhlaidh, nuair a tháinig an athdhianghlasáil agus dúnadh na leabharlainne gur cheannaigh mé leagan Kindle Devil on the Cross le Ngũgĩ wa Thiong'o. Seo an chéad úrscéal a scríobh sé ina theanga dhúchais. Scríobhadh an t-úrscéal ar pháipéar leithris sa ghéibheann, áit a raibh sé curtha gan triail i ndiaidh dó bheith gníomhach le meitheal pobail ag scríobh agus ag léiriú dráma.

Scéal - idir réalaíoch agus osréalach - Warĩĩnga atá ann, bean óg a bhfuil corr curtha ina chinniúint toisc gur bhréag seanfhear saibhir í ach dhíbir uaithi é nuair a d'éirigh sí torrach. Ag tús an úrscéil tá an cuma air go bhfuil sí tar éis a saol a chuir le chéile arís, ach ansin cailleann sí a post mar rúnaí cionn is nach bhfuil sí toilteanach luí leis an bas. Tréigean a leannán í mar go gcreideann sé gur ghéill sí. Díbríonn an tiarna talún as a hárasán í.

Cosctar í as lámh a chur ina bás féin, agus taistealaíonn sí abhaile go dtí a ceantar dúchais Ilmorog. Ar tacsaí roinnte, áit a mbíonn allagar faoi cás Chéinia idir na paisinéirí. Faigheann siad uilig cuireadh ag cóisir lucht gadaíochta. 

Cóisir is comórtas sách osréalach atá ann, agus tagann deireadh leis nuair a thugann slua den gcosmhuintir faoi ach go gcoscann an phéas go foréigeanach iad.

Tugann na heachtraí misneach do Warĩĩnga a haisling bheith ina hinnealtóir a chuir i gcrích. Filleann sí ar an oideachas, faigheann sí obair mar mheicneoir chun íoc as, fásann caidreamh idir í agus duine eile de na paisinéirí ar cumadóir ceoil é.

Bíonn an dara turas go hIlmorog i gceist chun a gealltanas a fhógairt dá teaghlach féin agus dá theaghlach saibhir siúd - ach cuirtear corr eile san scéal ansin. 

Úrscéal cumhachtach polaitíochta atá ann, agus an réalachas ina orlaí tríd an osréalachas agus taibhrimh Warĩĩnga. 

Níl aon réiteach néata i gceist ach agraíonn an údar a chás (Marxach) go láidir agus go sciliúil, agus de réir mar a thugann Warĩĩnga droim láimhe do sodar i ndiaidh na huaisle eachtrannacha is ea téann sí i gcumas agus in áilleacht. 

Lón machnaimh agus léamh taitneamhach araon.