Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-11-08

Gaillimh - Díolaim Cathrach


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam, agus táim buíoch. Togra a bhaineann le gradam Cathair na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa i mbliana, comóradh a cuireadh as a riocht de bharr na paindéime.

Sleachta ficsean próis - as gearrscéalta nó úrscéalta, chomh maith le réimse filíochta. Iad ar fad bainteach le cathair na Gaillimhe. Díol suntais - bhraith an fear eagair easpa mná i measc na scríbhneoirí próis agus choimisiúnaigh dánta ó mhná mar chúiteamh. 

Mar a luaigh Máire Ní Finneadha, bhraith mé go raibh sé ait nach raibh na sleachta de réir údair - píosaí leis na húdair céanna scaipthe tríd an gcnuasach, agus an cur i láthair beagán éagsúil de réir an tsleachta. Is féidir go bhfuil eochair don leagan amach ar na sleachta ag an eagarthóir, ach theip orm féin pátrúin a aithint - is trua sin, mar measaim go mbeadh an díolaim níos láidre ach scafall dá leithéid a bheith ann. 

Cuid mhaith den bprós agus roinnt de na dánta bhí siad léite cheana agam. Ach is cinnte go raibh sleachta áirithe a spreagadh fiosracht léitheora maidir le húdar agus saothair agus is maith sin. Díolaim measartha leathan atá ann, agus clúdach maith déanta ar scríbhneoirí na fichiú haoise agus tús na haoise seo. 

Leabhar maith leabhragáin, le tarraingt air anois is arís d'fhonn na saothair a bhlaiseadh. Tá dearadh an leabhair oiriúnach chuige sin, clúdach crua agus clúdach deannaigh cuanna. Cló soiléir, innéacs agus tagairtí do na foinsí. 

Brian Ó Conchubhair