Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-11-22

Siamsa an Gheimhridh


Sheol Cló Iar-Chonnachta cóip léirmheasa den díolaim seo chugam. Athchóiriú le Peadar Ó Ceannabháin ar leabhar a chnuasaigh Domhnall Ó Fotharta, oide scoile, agus a foilsíodh i dtosach in 1892.

Is geal le bheith i láthair ag sraith oíche airneáin a bheith ag léamh an leabhair. Scéalta, amhráin, tomhaiseanna, nathanna agus rannta ag leanacht a chéile - nasc eatarthu uaireanta, uaireanta níl. 

Níl aon snas curtha ar na leaganacha cnuasaithe agus dá réir bíonn píosaí as alt i gcuid de míreanna - iad fágtha mar a breacadh síos iad gan eagarthóireacht liteartha. Ach is samplaí iontacha iad de na healaíona béil beo. Tá cultacha catha breátha sna scéalta. 

Tá foclóirín ag dul leis an leabhar ach ní raibh sé de dhíth orm. Feictear dom gur thug Peadar Ó Ceannabháin suas chun dáta go séimh an chaint sa leabhar, agus go snasta. 

Tá foinsí agus fonótaí curtha leis. Leabhar a bheidh fóinteach do scoláirí béaloidis chomh maith le scíth léitheoirí ar maith leo sean scéalta - agus i bhfianaise an spéis chuirtear i mbailiúchán na scoil, ní tearc a líon siúd! 

Tá obair mhaith ar bun ag Cló Iar-Chonnachta ag déanamh cúram d'oidhreacht an phobail ina bhfuil siad lonnaithe chomh maith le bheith ag forbairt scríbhneoirí, ceoltóirí agus fonnadóirí na linne seo. Gura fada buan iad. 

Peadar Ó Ceannabháin 
Tagairt: 9781784441975