Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-11-20

Tinte na Farraige Duibhe

Tuigeann leitheoirí an bhlag seo gur aoibhinn liom ficsean samhlaíochta agus eolaíochta. Lasmuigh de roinnt ábhar ó seacsaidí an chéid seo chaite, agus dornán leabhar dírithe ar dhéagóirí ag léithéidí Iarla Mac Aodha Bhuí agus Anna Heussaff, ní heol dom puinn a bheith ar fáil sa Ghaeilge. 

Chuir Panu Hoglund Gaeilge ar imleabhar amháin den Fhondúireacht le Asimov, agus bhain mé taithneamh as sin. Tá roinnt gearrscéalta scríofa agus foilsithe thar na blianta freisin. Agus tá Rún na nGallán ag Seán Ó Connor.

Ceann den scríbhneoirí gearrscéalta atá ag teacht chun cinn ná Eoin P Ó Murchú, agus píosa spéisúla scríofa aige agus foilsithe i Comhar agus san leabhar Meascra ón Aer.

Bhí cloiste agam go raibh sé ag obair ar úrscéal ficsean eolaíochta a aistriú ó Ghaeilge na hAlban - agus go raibh lámh ag teicneolaíocht Kevin Scannell agus Michal Měchura - intergaelic.com san obair.

Bhí mé fiosrach dá réir, agus faoi dheireadh thiar thall bhí deis agam an toradh a cheannach ó Leabhar Breac.

Fear de bhunadh Seattle an údar, Tim Armstrong, a d'fhoghlaim Gaeilge na hAlban de bharr an spéis a bhí aige i gceol punc agus a theaghmháil le buíonta ceoil a chan as Gaeilge. Tá sé anois ag leachtóireacht i SMO.

Tá cruinne inchreidte Gaeilge san úrscéal seo - úrscéal "ficsean eolaíochta crua", i. tá an teicneolaícht lárnach seachas draíocht nó eile. Intleachtaí shaorga, ríomhairí, innealtóireacht géiniteach, cibearg. Ceoltóir ar gealach dearóil mianaigh é Sál, an duine a leanamid an scéal trína dhearcadh. Tá gnéithe de scéal grá, scéinséir tóraíochta, turas ceoil trasna na réaltbhuíonta, distóip chaipitleach agus éirí amach na róbait ann. 

Tá úsáid cliste bainte as canúintí - agus Béarla trascríofa i nGaeilge, agus fiú Gaeilge na hAlban ag Eoin P. ina aistriúchán. An t-aon dris cosain a bhí ann dom ná na hainmneacha - níl fhios agam an é gur fhág sé iad sa bhunleagan, ach níl mé cinnte an mbeadh ar mo chumas iad a fhoghrú. 

Tá gnéithe den cruinne a mheabhraíonn scéalta Iain M. Banks faoin "Culture" dom - ach gan an rud a thug mé col do ina scríobh seisean. Tá foréigean i gceist, agus tá pearsa amháin ana ghránna, ach san áit a mbíonn Banks ag únfairt, dar liom, sa foréigean sádach, níl a leithéid i gceist anseo - fónann an foréigean don scéal, agus níl taitneamh a bhaint as. Tá formhór na pearsana daonna - ach tá ról suntasach ag intleach shaorga atá inchorpartha ach ar a chumas é féin a sheoladh isteach i gcórais eile.

Scéal deas teann atá ann - ach tá dóthain snáithe ar foluain gur féidir a bheith ag súil leis breis scéalta as eascairt as. (Agus tá dóchas agam go mbeidh!)

Is cloch fiúntach ar charn léitheoireachta na Gaeil seo, agus buíochas ag dul do Tim Armstrong agus Eoin P. Ó Murchú araon.

Mar is iondúil le Leabhar Breac, tá an dearadh snast, cló ar leith do na Teideal Caibidil, cló deas soiléir tríd síos. Tá fairisingiú foclóra ann, gan amhras, ach tá an foclóir sin i gcomhthéacs agus ní dóigh liom go mbeadh léitheoir cleachtaithe ag dul i dtreo an fhoclóra ró mhinic.


Tim Armstrong
Aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú

208 lch; clúdach bog; 978-1-913814-03-8