Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label aistriúchán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label aistriúchán werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-02-14

Ní bhíonn sólás againn ann....

Ní bhíonn sólás againn ann
Gan dólás ann a cheann,
Ní bhíonn maise gan a masla,
Ná an díreach gan an cam.


Tugann beartas Barzaz scoth litríocht na Mór Roinne a chur i nGaeilge saothair i mo threo nach mbeadh agam dá uireasa (ach seans maith nach mbacfainn leo nach mbeadh ach leagan Béarla ar fáil dom). 

Scéal neamhghnách (domsa) sa cheann seo. Fear atá rathúil ach duairc, bean atá uaillmhianach ach ag déanamh faillí ina páirtí, an obair ina leannán aici, í ard san feidhmeannas, gar do Emanuel (Macron) ach gan a bheith ina ionadaí phoiblí. Teagmháil scoile i bhfad siar a thugann ar Amelié Éric a earcú dá rannóg. Ag éirí go maith leis an obair. 

Go gcuireann turas gnó go Súl corr i mbeatha Éric. Agus trí sin i mbeatha Amelié freisin. Casadh sa scéal taithí Éric ar nós na Cóiré deis a thabhairt do duine a bhás féin a shamhlú, dul tríd a shochraid féin agus seal a chaitheamh i gcónra. 

Scéalta faoi caidrimh, idir tuismitheoirí agus páistí, idir páirtithe, idir comhghleacaithe. Colscaradh is cúpláil. Athmhuintearas.  Dúlagar. Strus agus a fhaoiseamh. Díomá, dóchas gan choinne. 

Caibidil ghairide, cúpla snáth san insint. Dul siar agus aniar san am, agus réamhamharc. Fonótaí ar minic a bhain siad miongháire asam. Iad ag cuir leis an insint seachas ina ngluaiseanna tura acadúil. 

Scéal comhaimseartha, lonnaithe i tús na fichidí seo. Ré na paindéime. Ré Macron. Scéal buirgéiseach. 

Bhain mé taitneamh as (cé go raibh sé gar den chnámh agus mé ag teacht as babhta dúlagair nuair a chur mé tús leis). 

Údar: David Foenkinos
Leagan Gaeilge: Máirín Ní Mhárta 
Barzaz 


2025-11-11

Allagar na nAistritheoirí

Bhí ócáid ag IMRAM i gcomhar le Féile Leabhair Bhaile Átha Cliath inar chuir Michael Cronin triúr aistritheoir liteartha faoi agallamh, Máirín Nic con Iomaire - a bhfuil cúpla leabhar aistrithe ón bhFraincis aici do Bharzaz, Antain mac Lochlainn a bhfuil idir aistriúcháin meamraiméis agus aistriúchán liteartha déanta aige, agus Micheál Ó hAodha a bhfuil an cúram leagtha ar féin aige litríocht na Gaeilge a chur faoi bhráid dhaoine atá taobh le Béarla.

I séipéal mhaorga barócach ospidéal Chill Mhaighneann, ionad IMMA, a bhí an t-allagar. 

Léirigh an triúr buanna agus dúshláin a gceirde, an grinnscrúdú is gá a dhéanamh ar an saothar, na roghanna atá le déanamh chun ciall an phíosa a thabhairt slán seachas lomaistriúchán ar fhocail. Na deacrachtaí a bhaineann le focail iasachta sa bhuntéacs, nó le focail a bhfuil brí ar leith acu nach bhfuil sa sprioctheanga. 

Go bhfuil gá le tuiscint mhaith ar an teanga óna a bhfuiltear ag aistriú, ach go bhfuil máistreacht ar an sprioctheanga de dhíth. 

Bíonn sé i gcónaí tairbheach éisteacht le ceardaí oilte a bhfuil grá aige dá ghairm, agus sin a bhí i gceist. 

Luaigh Antain nath maidir le dea aistriúchán - gur sraith cinntí cearta atá i gceist leis. 

2024-02-05

Athmháthair

Feictear dom go bhfuil borradh faoin aistriúchán liteartha i litríocht na Gaeilge. (Is cuaifeach aistriúcháin é Risteárd Mac Annraoi, ach sin scéal eile.). Tá Leabhar Breac agus Barzaz ag roghnú saothair ón Fraincis le cuir faoinár mbráid. Traidhfil blianta ó shin chuir Éabhlóid athleagan Conallach den Prionsa Beag ar fáil. Tá Éabhlóid mar fhoilsitheoir dílis do chanúint Uladh. Is mar aistritheoir (an chéad imleabhar de) Harry Potter agus Artemis Fowl a chur mise aithne ar Máire Nic Mhaoláin. Go dtí anois díreach, nuair a d'fhéach mé ar suíomh portráidí ní raibh fhios agam nach é seo an chéad saothar aistrithe ón Iodáilis aici. 

Táim amhrasach faoi aistriúchán, go háirithe ón mBéarla. Seo áfach aistriúchán a shaibhríonn saol liteartha na Gaeilge. Saol aduain curtha romhainn, béaloideas agus béascna na Sairdíne. Ach úrscéal nua aimseartha mar sin féin. Searc agus ciontacht. An tragóid is féidir leanacht as gníomh a déantar le hintinn maith ach atá amhrasach. Searc éagmaise. Searc nach bhfuil collaí ach a bhfuil an cuma sin air don saol agus teir air dá réir. Fearg, saontacht, éad, mioscais. 

Accabadora an teideal bunaidh ar an leabhar seo. "í siúd a chuireann críoch". A chuidíonn leo siúd atá i bpéin agus ag saothrú an bháis an críoch a bhaint amach. 
"Fillus de animo. Páistí anama. Sin a thugtar ar na páistí a bhéarfaí faoi dhó, de bhochtaineacht mná amháin agus aimride mná eile. B'iníon den dara breith seo Maria Listru, toradh déanach anam Bonaria Urrai."

Mar sin a cuirtear ceann leis an úrscéal. Bonaria Urrai an accabadora, cé gur mall go leor a fhaighimid sin amach, de réir mar a fhaigheann Maria amach é. 

Tá rudaí ann a déantar, agus rudaí nach ndéantar. 

Ach conas idirdhealú? An bhfuil sé chomh simplí le teir agus toirmeasc fógartha na hEaglaise agus an Stáit a leanacht, nó an bhfuil léithe ann? 

Tá ceisteanna leochaileacha, an teannas idir an rud atá riachtanach agus an rud atá ceart, agus an easpa cinnteachta is féidir eascairt as á phlé anseo. 

Tá dhá cheist i lár na díospóireachta faoi eotanáis, sa bhreis air má sé ceart in aon chor. Brú teaghlaigh ar othar nach mian leis féin dáiríre bás a fháil. Agus cad go díreach an teorainn péine a cheadaíonn é - go háirithe péin aigne. Cíortar an dá cheist anseo. 

Tá saibhreas smaointe ann, agus dearcadh nua le fáil de bharr gur cleachtadh agus béascna eile atá mar chúlra agus ábhar don scéal. 

Tá saibhreas sa chaint freisin. Baintear feidhm cuí as na bunleaganacha Sardise nó Iodáilise nuair is gá, agus tá gluais ann. Ach seachas sin Gaeilge chraicneach Ultach atá anseo. Admhaím go raibh corr leagan nach raibh agam. Ach is trí léamh a chuirtear eolas ar a leithéid, agus a cuirtear le heolas ar an saol, ar rudaí ar dheacair nó dodhéanta taithí pearsanta a fháil orthu. 

Is le dearbhán leabhar a fuair mé don Nollaig a cheannach mé seo (ón Siopa Leabhar, deile). Táim thar a bheith sásta gur dhein. 



Michela Murgia 
Aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin
Éabhlóid 

2023-04-15

Asarlaíocht, gorta agus teamplóirí


Bhí Labhrás Ó Finneadha i measc na gcainteoirí a labhair ag #FómharNaLeabhar faoin aistriúchán, oíche Aoine sula raibh mé féin i láthair. Nuair a d'amharc mé siar ar sin ar YouTube  spreagadh mé chun fios a chur, ón leabharlann, ar an dtrí leabhrán aistrithe aige ó Fraincis agus Gearmáinis. Bhí a ghearrscéalta Íbíotsa léite le taitneamh cheana agam.

 Trí sliocht ón 19ú céad, péire a bhaineann le Lucsamburg agus ceann faoi Bhaile Átha Cliath tréimhse an Ghorta, scríofa ag Boihéamach.

Tá cuntas sa chéad mír ar triail mnaoi roinnt céadta bliain roimhe sin i gcúis asarlaíochta. Fianaise na cúirte á scagadh le trachtaireacht ag an iriseoir, agus an fianaise sin ag teacht lena thuairim gur saint agus formad a spreag an triail. Tháinig an bhean slán ach creachadh a maoin. Spiteanna feamainne agus piseogacht. Cuma an dlí a chuir air goid.

Alt staire an gceann eile freisin, ag cíoradh stair de chuid lonnaíocht amháin de chuid Ridirí an Teampaill i gceantar Lucsamburg, an iomaíocht leis na huaisle áitiúla, na hiarsmaí seandálaíochta, formad Rí na Fraince leo agus críoch an Oird. Agus na finscéalta a spreag sin.

Ba san tríú leabhar is mó a chuir mé suim. Tarlaíonn sé go raibh mé tar éis litreacha Hartmann a léamh, nuair a bhí mé ag fiosrú conas a chuaigh scéal Labhraí Loingsigh soir chomh fada leis an Boihéim. Iriseoir, scríbhneoir agus réabhlóidí ab Moritz Hartmann, a bhí ar a sheachaint de bharr corraíl an tsaoil in aimsir réabhlóide 1848. Ba chuid d'impireacht na hOstaire a cheantar dúchais an uair úd, agus ba Ghearmáiniseoir de bhunadh Giúdach é féin. 

Díol spéise (agus iontais, ní mór dom a rá) na teagmhálacha a bhí aige le lucht Éire Óg agus freisin le heagraíocht Uí Chonaill, a bhí ar an dé deiridh agus an Fuascailteoir marbh le tamall. Tá trácht ar cheann de cruinnithe deireadh Cumann Repeal aige. Croí na hinsinte áfach ná a thuras, i bhfochair mnaoi óige a rinne iarracht í féin a dhíol leis - díol uafáis, aiféala agus trua dó - go síbín sna saoirsí, áit ar chuala sé scéal Labhraí Loingsigh i measc scéalta eile. Agus dá dheasca sin, tá an scéal siúd i gcanóin litríochta fuascailte na Seice - scéal sábháilte chun cáineadh indíreach a dhéanamh ar údarásaíochas réimeas na hOstaire. 

Má thuigim i gceart é, ón méid a dúirt sé sa Chultúrlann, agus atá sa díonbhrollach, bhí sé mar aidhm ag Labhrás an Ghaeilge a aclú, eiseamláir dea chleachtas aistriúchán a thabhairt, tríd Gaeilge a chur ar ábhar nach bhfuil coitianta sa Ghaeilge. Sílim gur bhuail sé an sprioc go paiteanta. 

Tá roinnt plé san réamhrá ar na dúshláin a bhain leis an obair, agus is fiú iadsan a léamh freisin. Tar éis an tsaoil, is aistritheoir beagnach gach duine a scríobhann as Gaeilge, dá dheoin nó dá ainneoin. 

Labhrás Ó Finneadha 
Cois Life 

2022-11-12

Na Ríthe Beaga


Is de ruathar aréir a chríochnaigh mé úrscéal Delphine de Vigan, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire. Tá greim ag an úrscéal ar m'aigne, agus níl anseo ach an chéad léamh. Táim ag ceapadh gur leabhar eile seo a spreagfaidh roinnt blagmhír ionam.

Is léir ón dá úrscéal atá roghnaithe go dtí seo ag Barzaz go bhfuil machnamh cúramach á dhéanamh agus saothair tábhachtacha á cur faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge. Bhain Khalil le fadhb an stoiteachas i measc daoine óga de bhunadh tíortha lasmuigh den Eoraip, a fhágann iad oscailte do mhealltacht na fuathghríosóirí. 

Baineann Na Ríthe Beaga le saol na linne seo, mealltacht na teilifíse réaltachta, saol na gceiliúrán - idir deonach agus taismeach. Na meáin mealltach fealltach sóisialta. Andúil aird. Ach tá téamaí uilíocha faoi chaibidil freisin. Grá. Grá tuismitheora. Grá páiste. Grá siblíní. Agus a uireasa. Agus na galair a thagann ar ghrá. 

Úrscéal scáfar ar go leor bealaí a thug Antain Mac Lochlainn ar an scéal seo. Aontaím leis. Níl sé i gceist agam mórán a rá faoin bplota anseo le leisce go sceithfinn scéalmhilleadh. 

Scéal beirt bhan atá ann, dáiríre. Máthair duine acu. Dúil aici ó a déaga bheith ina réalta teilifís réaltachta. Caidreamh briste lena máthair, ar mó gean aici ar a deirfiúr. Airc airde uirthi. Déanann praiseach dá deis aonair páirt a ghlacadh i saol na teilifíse réaltachta, toisc go ndiúltaíonn a colainn don drúis atá á éileamh uirthi. Í anois ag líonadh an folús le ceiliúráin a dhéanamh dá clann. Rachmas á crú aici as fógróirí. Ach a clann íobartha ar altóir an chaipitleachais faire. Tarlaíonn tubaiste. 

Tarraingítear an dara bean isteach sa scéal. Póilín. Ach a tuismitheoirí sise, a thóg le grá í, ina agóidithe frith sochaí. Geall le cúl le cine a gairm dóibh siúd. Ach go cailltear iad araon óg, agus Clara léi féin d'uireasa a ngrá. Idir gairm agus meon gan í oscailte do chlann a bhreith, ná go deimhin caidreamh buan a bhunú. 

Tá mé an tógtha le reacaireacht an scéil. Ba chosúil é le amharc ar phéinteáil. Sceitse garbh i dtosach, cúpla líne agus cruth simplí ar chúrsaí. Diaidh ar ndiaidh dath agus sonraí á chur leis. Tuiscint níos fearr á fháil againn ar na carachtair. Bréaga á nochtadh. 

Scéal na póilíní, scéal nós imeachta. Bailiú cúramach fianaise. Bóithre caocha. Teannas agus brú. 

Scéal na mathrach. Teannas idir féintuiscint agus fírinne. Brú a handúil airde a shásamh. Bearna ag leathnú idir í agus a muintir agus a clann. 

Mheabhródh codanna den scéal Brave New World agus Fahrenheit 451 duit. Siamsaíocht síoraí ag tarraingt aird. Cuir síos cruinn ar saol an lae inniu agus a chuid fadhbanna. 

Cé gur seanfhondúir ar na meáin shóisialta mé féin agus mé roghafa is dócha le Twitter (atá ag titim as a chéile agus seo á scríobh agam), tháinig mé in inmhe roimh ré an idirlín agus fiú na teilifíse réaltachta. 

Ní raibh teilifís féin againn go dtí go raibh mé sna déaga luatha. (Tuigim dá réir don stoiteacht a mhothaigh Clara déagóir a bhí amhlaidh). 

Ní thuigim agus tá col agam leis an teilifís réaltachta. Ní thuigim cén fáth go gcuirfeadh duine iad féin ar fáil chun ceap milleáin agus ceap magaidh a dhéanamh daoibh féin. Agus ní thuigim an dúil i saol daoine eile, agus an fiosracht faoi suarachas. Tá an amhras orm faoin dóigh a déantar eagarthóireacht agus cur i láthair, agus conairt poiblí a dhíriú ar duine thar a chéile. Cur chuige a bhfuil íospartaigh cruthaithe aige. 

Na halgartaim ár gríosadh chun tóir ar ceiliúráin. Na mothúcháin ag coipeadh chun earraí a dhíol linn. Ar mothúcháin féin ina ábhar brabaigh ag rachmaiseoirí an chaipitleachas faire. 

Mar a dúradh i Keep the Aspidistra flying Orwell, sé dearcadh lucht fógraíochta gur "muca iad na daoine, agus gliogar buicéid an bhia fógraíocht". 

Úrscéal iontach láidir atá anseo, agus aistriúchán den scoth déanta ag Máirín. Bhí fadhb teangan amháin agam leis, ach ní dóigh liom go bhfuil réiteach le fáil air! 
 
 
Maidir le Clara, thug sí le fios dó go raibh sí ag iarraidh go dtabharfaí an leagan baineann de theideal a poist uirthi, procédurière (saineolaí nóis imeachta), seachas an leagan fireann, procédurier. Ní raibh aon deacracht ag Cédric leis sin ach níor fhéad sé an deis a scaoileadh thairis lena mheabhrú di go ndearna an focal sin rím le mégère (raicleach, báirseach) agus le commère (luadrálaí, cúlchainteoir). Is é an freagra a thug sí air ná gur fheil an dá fhocal sin thar cionn di agus rinne an bheirt acu gáire le chéile den chéad uair.

Tá an focal "procédure" lárnach ann. Ní dóigh liom go dtugann an leagan oifigiúil "nós imeachta" slán an úsáid.

Nó gur gá timthriall - "ba ansin a thosaigh an obair de réir na nósanna imeachta" seachas "ba sin tús na nósanna imeachta"

foclóir.ie féin siar is aniar leis 

Cás eile nach bhfuil friotal forbartha ag Gaeil. Measaim gur luaigh Seán Ó Connor an fhadhb liom, police procedurals a chuid úrscéalta féin faoi Seán Ruiséal. Is rud beag é, ach bhain sé tuisle asam anois is arís. 

Molaim an saothar agus an aistriúchán, agus táim ag ceapadh go mbeidh mé ag filleadh air arís anseo. 

Delphine de Vigan 
Aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire 
Barzaz 

Tá mé buíoch do Bharzaz a sheol cóip léirmheastóireacht chugham. 

2022-08-20

Aistriúchán arís


Níl sé de nós agam saothair neamhfhicsean a léamh lasmuigh de chúrsaí gairme (agus fiú ansin) nó cúrsaí creidimh. Ach tá spéis agam i gcúrsaí léitheoir na Gaeilge. Ní cuimhin liom go baileach anois cad a spreag mé chun fios a chur ón leabharlann ar an saothar seo - ach tá spéis agam i gceist an aistriúcháin freisin, mar a phléigh mé anseo cheana. 

Léargas chuimsitheach ar aistriúcháin go Gaeilge don aos óg ó thús na hathbheochana go tráth foilsithe an leabhar thart ar deich mbliana ó shin. Cíoradh ar na ceisteanna uilig a bhaineann leis, na fórsaí agus na léitheoirí le hais daoine óga - oidí, tuismitheoirí, foilsitheoirí a théann i bhfeidhm ar roghnú agus aistriú saothair. Ról an oideachais agus na hidé-eolaíochta teanga. Ceisteanna faoi an cultúr eile a logánú nó a fhágáil coimhthíoch. Neart roghanna éagsúla. 

De bharr go raibh téamaí á phlé i gcaibidil ar leith, bhraith mé go raibh roinnt athrá maidir le saothair agus aistritheoirí agus coincheapa. 

Ceist a thagann chun cinn go minic ann ná ceist na margaíochta - idir thaighde ar an margadh atá ann dáiríre, agus an iarracht léitheoirí a aimsiú do na leabhair atá foilsithe.
Ceist a bhaineann le hearnáil na leabhair Ghaeilge trí chéile.

Chuir mé spéis ar leith san trí caibidil ina raibh léargas Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Máire Nic Mhaoláin agus Fidelma Ní Ghallchobhair ar an aistriúchán don óige. Stair an Ghúm ón dtaobh istigh maidir leis an gceist tugtha le chéile in aiste Uí Ghallchobhair. Ar ndóigh ar feadh i bhfad ba an Gúm a bhí leo féin ag foilsiú - agus lancaisí orthu mar rannóg de chuid na ranna oideachais ó thaobh cúrsaí tráchtála i measc rudaí eile. 

Tá neart eolais sa leabhar, agus shamhlóinn go mb'fhiú dóibh siúd atá ag foilsiú agus díol é a léamh. 



Órla Ní Chuilleanáin
ISBN: 9780992731304
Líon leathanach: 416
Bliain foilsithe: 2014

2022-02-20

Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.

Bhí rud éigin eile á lorg agam i mo L-spás nuair a leag mé lámh arís ar an seoid beag seo de leabhar a chnuasaigh Antain Mac Lochlainn. A rogha fhéin de ghaois na n-údar atá ann, bailithe as a chíoradh ar na haistriúcháin go Gaeilge ar saothair ón mBíobla go filíocht Michael Augustin

Tá obair na n-aistritheoirí móra le fáil anseo; an fhoireann a réitigh Bíobla Mhá Nuad, Breandán Ó Doibhlin, Maighréad Nic Mhaicín, Gabriel Rosenstock agus neart eile.

Fealsúna na Gréige agus na Fraince, an Bíobla, agus neart eile mar fhoinse do na nathanna gairide seo. Iad eagraithe de réir ceannfhocail in ord aibítre chun fáil éasca a bheith ar nath nó dhó ar mórán ábhair - nathanna a bheadh fóinteach mar eipeagraf d'aiste nó caibidil leabhair.

Nó chun úsaid mar a bhainim as - é tharraingt chugam anois is arís agus blaiseadh den ngaois agus don deisbhéal.
 
Agus tá nótaí agus liosta foinsí don duine gur mian leis dul níos doimhne i scéal ar bith acu. Leabhairín gleoite cuanna fóinteach.

Focail le gaois
Antain Mac Lochlainn
Cois Life, 2002

Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim. 



2021-04-06

Óráidí a chuaigh i gcion




Is de bharr óráid le  bheith le scríobh aige a spreagadh Aibhistín Ó Duibh, duine den acadamh léannta úd atá bailithe sa Bhruiséil ag aistriú agus ag saothrú na Gaeilge don Aontas Eorpach, tabhairt faoin gcnuasach seo, an dara leabhar de chuid an inphrionta Cló Lováin.

Thuig sé go raibh roinnt mhaith ábhar fónta aistrithe roimhe, beagán fiú ar fáil ar scríobhadh sa Ghaeilge an chéad lá iad, agus óráidí eiseamláireacha arbh fiú iad a chuir in nGaeilge. Thug sé faoin gcnuasach, agus tacaíocht aige san aistriú óna chomhghleacaithe san Aontas – leithéidí Colmcille Ó Monacháin (a rinne an t-aistriúchán Ar Luch agus Ar Dhuine a d’fhoilsigh Cló Lováin freisin).  

Dhá rannóg atá sa leabhair – óráidí “Domhanda” ón cianaimsir go dtí an lá inniu – ó Maois, Sócraitéas agus Íosa – agus anuas go dtí ár linn féin beagnach – John F Kennedy, la Pasionaria, agus sár óráid Martin Luther King. Agus rannóg Éireannach ina bhfuil bunábhar Gaeilge agus aistriúcháin.

Réimse leathan ábhar agus ócáidí: agus is cinnte go mbeidh sé ina leabhar fóinteach oibre ag lucht óráidí a scríobh! Tá, mar is dual do Leabhar Breac an leagan amach snasta glan soléite. Is ait liom áfach, ó tharla gur leabhar tagartha a bheidh anseo, gur faoi chlúdach bog atá sé. Shamhlóinn go mbeadh sé níos fearr clúdach crua (maille cúpla ribín chun sliocht a mharcáil) a bheith ag duine. Ach is dócha go raibh cúrsaí costais san áireamh.

Is toradh bhreá atá ann ar an acadamh atá thall, agus aistritheoirí le flosc, spéis agus eolas ann – ionas go raibh cuir amach acu ar na saothair a bhí ar fáil as Gaeilge cheana. Agus faoi saothair nach rithfeadh le daoine agus ar fiú iad a chuir faoi bhráid an phobail.

Cé go bhfuil ceathrar ban i measc an dream a thug óráid, ní fhaca mé aon bhean luaite le hóráid a aistriú. Bearna le líonadh amach anseo, b’fhéidir?

Thaitin sé liom, dála an scéil, nuair a fágadh giota as Béarla in óráid (de bhrí gur mar sin a tugadh an chaint abair) gur cuireadh fonóta leis ag cuir Gaeilge air!

Tá liosta foinsí i gcúl an leabhair; measaim go mbeadh sé deacair teacht ar go leor acu ó thús an chéid seo caite. Tá léiriú arís ann ar an gcomaoin mhór a d’fhág Peadar Ua Laoighaire muid faoi.

Idir an dá leabhar seo, tá tús maith curtha le Cló Lováin, ag baint feidhm as an bpobal atá bailithe sa Bhruiséil chun saothair den scoth a chuir ar fáil don saol Gaelach. Ag dáileadh as an saibhreas agus saineolas agus léamh atá cnuasaithe acu féin orainn.

Agus, de bharr an liostaí foinsí agus an leabharliosta gairid atá curtha leis, an deis ann dó dhaoine eile amharc níos doimhne isteach sa foinsí. Bheadh roinnt den ábhar ar fáil i bhfoinsí ar líne gur féidir teacht orthu go measartha éasca, agus bheadh súil agam go bhfuil siad ar fáil sna hollscoileanna.

Ach is fiú an leabhar féin a bheith ag a uilinn ag an té a bhfuil fonn air snas a chuir ar urlabhra agus a scríobh – agus ar a eolas ar an litríocht agus an stair.


Óráidí a Chuaigh i gCion
Aibhistín Ó Duibh
€15.00
208 lch; clúdach bog; 978-1-909907-63-8



2020-11-20

Tinte na Farraige Duibhe

Tuigeann leitheoirí an bhlag seo gur aoibhinn liom ficsean samhlaíochta agus eolaíochta. Lasmuigh de roinnt ábhar ó seacsaidí an chéid seo chaite, agus dornán leabhar dírithe ar dhéagóirí ag léithéidí Iarla Mac Aodha Bhuí agus Anna Heussaff, ní heol dom puinn a bheith ar fáil sa Ghaeilge. 

Chuir Panu Hoglund Gaeilge ar imleabhar amháin den Fhondúireacht le Asimov, agus bhain mé taithneamh as sin. Tá roinnt gearrscéalta scríofa agus foilsithe thar na blianta freisin. Agus tá Rún na nGallán ag Seán Ó Connor.

Ceann den scríbhneoirí gearrscéalta atá ag teacht chun cinn ná Eoin P Ó Murchú, agus píosa spéisúla scríofa aige agus foilsithe i Comhar agus san leabhar Meascra ón Aer.

Bhí cloiste agam go raibh sé ag obair ar úrscéal ficsean eolaíochta a aistriú ó Ghaeilge na hAlban - agus go raibh lámh ag teicneolaíocht Kevin Scannell agus Michal Měchura - intergaelic.com san obair.

Bhí mé fiosrach dá réir, agus faoi dheireadh thiar thall bhí deis agam an toradh a cheannach ó Leabhar Breac.

Fear de bhunadh Seattle an údar, Tim Armstrong, a d'fhoghlaim Gaeilge na hAlban de bharr an spéis a bhí aige i gceol punc agus a theaghmháil le buíonta ceoil a chan as Gaeilge. Tá sé anois ag leachtóireacht i SMO.

Tá cruinne inchreidte Gaeilge san úrscéal seo - úrscéal "ficsean eolaíochta crua", i. tá an teicneolaícht lárnach seachas draíocht nó eile. Intleachtaí shaorga, ríomhairí, innealtóireacht géiniteach, cibearg. Ceoltóir ar gealach dearóil mianaigh é Sál, an duine a leanamid an scéal trína dhearcadh. Tá gnéithe de scéal grá, scéinséir tóraíochta, turas ceoil trasna na réaltbhuíonta, distóip chaipitleach agus éirí amach na róbait ann. 

Tá úsáid cliste bainte as canúintí - agus Béarla trascríofa i nGaeilge, agus fiú Gaeilge na hAlban ag Eoin P. ina aistriúchán. An t-aon dris cosain a bhí ann dom ná na hainmneacha - níl fhios agam an é gur fhág sé iad sa bhunleagan, ach níl mé cinnte an mbeadh ar mo chumas iad a fhoghrú. 

Tá gnéithe den cruinne a mheabhraíonn scéalta Iain M. Banks faoin "Culture" dom - ach gan an rud a thug mé col do ina scríobh seisean. Tá foréigean i gceist, agus tá pearsa amháin ana ghránna, ach san áit a mbíonn Banks ag únfairt, dar liom, sa foréigean sádach, níl a leithéid i gceist anseo - fónann an foréigean don scéal, agus níl taitneamh a bhaint as. Tá formhór na pearsana daonna - ach tá ról suntasach ag intleach shaorga atá inchorpartha ach ar a chumas é féin a sheoladh isteach i gcórais eile.

Scéal deas teann atá ann - ach tá dóthain snáithe ar foluain gur féidir a bheith ag súil leis breis scéalta as eascairt as. (Agus tá dóchas agam go mbeidh!)

Is cloch fiúntach ar charn léitheoireachta na Gaeil seo, agus buíochas ag dul do Tim Armstrong agus Eoin P. Ó Murchú araon.

Mar is iondúil le Leabhar Breac, tá an dearadh snast, cló ar leith do na Teideal Caibidil, cló deas soiléir tríd síos. Tá fairisingiú foclóra ann, gan amhras, ach tá an foclóir sin i gcomhthéacs agus ní dóigh liom go mbeadh léitheoir cleachtaithe ag dul i dtreo an fhoclóra ró mhinic.


Tim Armstrong
Aistrithe ag Eoin P. Ó Murchú

208 lch; clúdach bog; 978-1-913814-03-8