Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-12

Na Ríthe Beaga


Is de ruathar aréir a chríochnaigh mé úrscéal Delphine de Vigan, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire. Tá greim ag an úrscéal ar m'aigne, agus níl anseo ach an chéad léamh. Táim ag ceapadh gur leabhar eile seo a spreagfaidh roinnt blagmhír ionam.

Is léir ón dá úrscéal atá roghnaithe go dtí seo ag Barzaz go bhfuil machnamh cúramach á dhéanamh agus saothair tábhachtacha á cur faoi bhráid léitheoirí na Gaeilge. Bhain Khalil le fadhb an stoiteachas i measc daoine óga de bhunadh tíortha lasmuigh den Eoraip, a fhágann iad oscailte do mhealltacht na fuathghríosóirí. 

Baineann Na Ríthe Beaga le saol na linne seo, mealltacht na teilifíse réaltachta, saol na gceiliúrán - idir deonach agus taismeach. Na meáin mealltach fealltach sóisialta. Andúil aird. Ach tá téamaí uilíocha faoi chaibidil freisin. Grá. Grá tuismitheora. Grá páiste. Grá siblíní. Agus a uireasa. Agus na galair a thagann ar ghrá. 

Úrscéal scáfar ar go leor bealaí a thug Antain Mac Lochlainn ar an scéal seo. Aontaím leis. Níl sé i gceist agam mórán a rá faoin bplota anseo le leisce go sceithfinn scéalmhilleadh. 

Scéal beirt bhan atá ann, dáiríre. Máthair duine acu. Dúil aici ó a déaga bheith ina réalta teilifís réaltachta. Caidreamh briste lena máthair, ar mó gean aici ar a deirfiúr. Airc airde uirthi. Déanann praiseach dá deis aonair páirt a ghlacadh i saol na teilifíse réaltachta, toisc go ndiúltaíonn a colainn don drúis atá á éileamh uirthi. Í anois ag líonadh an folús le ceiliúráin a dhéanamh dá clann. Rachmas á crú aici as fógróirí. Ach a clann íobartha ar altóir an chaipitleachais faire. Tarlaíonn tubaiste. 

Tarraingítear an dara bean isteach sa scéal. Póilín. Ach a tuismitheoirí sise, a thóg le grá í, ina agóidithe frith sochaí. Geall le cúl le cine a gairm dóibh siúd. Ach go cailltear iad araon óg, agus Clara léi féin d'uireasa a ngrá. Idir gairm agus meon gan í oscailte do chlann a bhreith, ná go deimhin caidreamh buan a bhunú. 

Tá mé an tógtha le reacaireacht an scéil. Ba chosúil é le amharc ar phéinteáil. Sceitse garbh i dtosach, cúpla líne agus cruth simplí ar chúrsaí. Diaidh ar ndiaidh dath agus sonraí á chur leis. Tuiscint níos fearr á fháil againn ar na carachtair. Bréaga á nochtadh. 

Scéal na póilíní, scéal nós imeachta. Bailiú cúramach fianaise. Bóithre caocha. Teannas agus brú. 

Scéal na mathrach. Teannas idir féintuiscint agus fírinne. Brú a handúil airde a shásamh. Bearna ag leathnú idir í agus a muintir agus a clann. 

Mheabhródh codanna den scéal Brave New World agus Fahrenheit 451 duit. Siamsaíocht síoraí ag tarraingt aird. Cuir síos cruinn ar saol an lae inniu agus a chuid fadhbanna. 

Cé gur seanfhondúir ar na meáin shóisialta mé féin agus mé roghafa is dócha le Twitter (atá ag titim as a chéile agus seo á scríobh agam), tháinig mé in inmhe roimh ré an idirlín agus fiú na teilifíse réaltachta. 

Ní raibh teilifís féin againn go dtí go raibh mé sna déaga luatha. (Tuigim dá réir don stoiteacht a mhothaigh Clara déagóir a bhí amhlaidh). 

Ní thuigim agus tá col agam leis an teilifís réaltachta. Ní thuigim cén fáth go gcuirfeadh duine iad féin ar fáil chun ceap milleáin agus ceap magaidh a dhéanamh daoibh féin. Agus ní thuigim an dúil i saol daoine eile, agus an fiosracht faoi suarachas. Tá an amhras orm faoin dóigh a déantar eagarthóireacht agus cur i láthair, agus conairt poiblí a dhíriú ar duine thar a chéile. Cur chuige a bhfuil íospartaigh cruthaithe aige. 

Na halgartaim ár gríosadh chun tóir ar ceiliúráin. Na mothúcháin ag coipeadh chun earraí a dhíol linn. Ar mothúcháin féin ina ábhar brabaigh ag rachmaiseoirí an chaipitleachas faire. 

Mar a dúradh i Keep the Aspidistra flying Orwell, sé dearcadh lucht fógraíochta gur "muca iad na daoine, agus gliogar buicéid an bhia fógraíocht". 

Úrscéal iontach láidir atá anseo, agus aistriúchán den scoth déanta ag Máirín. Bhí fadhb teangan amháin agam leis, ach ní dóigh liom go bhfuil réiteach le fáil air! 
 
 
Maidir le Clara, thug sí le fios dó go raibh sí ag iarraidh go dtabharfaí an leagan baineann de theideal a poist uirthi, procédurière (saineolaí nóis imeachta), seachas an leagan fireann, procédurier. Ní raibh aon deacracht ag Cédric leis sin ach níor fhéad sé an deis a scaoileadh thairis lena mheabhrú di go ndearna an focal sin rím le mégère (raicleach, báirseach) agus le commère (luadrálaí, cúlchainteoir). Is é an freagra a thug sí air ná gur fheil an dá fhocal sin thar cionn di agus rinne an bheirt acu gáire le chéile den chéad uair.

Tá an focal "procédure" lárnach ann. Ní dóigh liom go dtugann an leagan oifigiúil "nós imeachta" slán an úsáid.

Nó gur gá timthriall - "ba ansin a thosaigh an obair de réir na nósanna imeachta" seachas "ba sin tús na nósanna imeachta"

foclóir.ie féin siar is aniar leis 

Cás eile nach bhfuil friotal forbartha ag Gaeil. Measaim gur luaigh Seán Ó Connor an fhadhb liom, police procedurals a chuid úrscéalta féin faoi Seán Ruiséal. Is rud beag é, ach bhain sé tuisle asam anois is arís. 

Molaim an saothar agus an aistriúchán, agus táim ag ceapadh go mbeidh mé ag filleadh air arís anseo. 

Delphine de Vigan 
Aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire 
Barzaz 

Tá mé buíoch do Bharzaz a sheol cóip léirmheastóireacht chugham.