Ní raibh iomrá ar bith cloiste agam faoin úrscéal seo, agus murach gur cuireadh cóip léirmheasa chugham seans go mbeinn dall fós air. Ba thrua sin, mar is maith atá a áit tuillte ag an leabhar seo ar ghearrliosta Leabhar na Bliana An Post / Love Leabhar Gaeilge.
Is deacair seánra a lua leis. Chonaic mé ficsean eolaíochta luaite, ach níl mé cinnte go n-aontóinn le sin, cé go bhfuil cine eile agus teagmháil leo lárnach sa scéal.
Is cinnte go bhfuil eolaíocht lárnach sa scéal, agus creideamh nó a easpa, agus an caidreamh eatarthu. Caidreamh atá tacúil scaití, achrannach scaití eile. (Mise den tuairim gur dhá eite an anama réasún agus creideamh seachas dhá thréith a thagann salach ar a chéile).
Tá dhá snáithe san scéal. I snáithe stairiúil amháin tá an t-eolaí Ísiltíreach Jan Swammerdam, ón 17ú céad. Fear a rinne staidéar cúramach ar feithidí. Fear a raibh creideamh láidir i nDia aige agus a bhí ag iarraidh iontais a chruthaíochta a roinnt leis an domhan. Baintear creathadh as an gcreideamh sin nuair a thagann sé ar firíní beaga i súile cuileoge - ar aon dul leis an daonnaí ach beag bídeach. Fitear go healaíonta teoiric comhcheilge thart ar fíricí saoil Swammerdam agus na teagmhálacha a bhí aige trasna na hEorpa. Agus géarchéim creidimh agus teacht faoi thionchar seict a tharla i dtreo deireadh a shaoil. Má d'aimsigh eolaí na firíní sna cuileoga, cén chaoi nach eol dúinn sin? Fitear na Medici agus na Barberini tríd an scéal, Boyle, Hook agus Milton tríd an scéal.
![]() |
Fuarán sa Róimh . Beacha armas teaghlach Barberini |
Fite tríd an eachtra stairiúil tá eachtra comhaimseartha. Baintear creathadh as beirt mac léinn - duine le litríocht, duine le heolaíocht - nuair a fhionnainn siad na firíní céanna. Scéinséir a gcuid siúd den scéal, iad ag iarraidh fios fátha an eachtra a thuiscint - má tharla sé in aon chor, amhras orthu toisc go bhfuil sé bunoscionn le gach is dóigh leo a bheith ar eolas acu. Tagann fear mistéireach i gcabhair ort, agus aimsíonn siad fíricí folaithe a chuireann scéal Swammerdam faoina mbráid.
Shíl mé go raibh rud beag de bharraíocht Deus ex machina ag baint leis an réiteach ar an snáithe comhaimseartha (Corcaíoch!)* ach thairis sin is scéinséir/ samhlaíocht/ stair/ comhcheilg den scoth atá anseo, agus an dúrud fíricí agus teagmhálacha fite tríd. Taighde cúramach déanta (dearbhaithe agam le gugláil!)
Cúis iontais é an chéad saothar le húdar a bheith chomh snasta seo.
Is as leabhar eile dá chuid, nach bhfuil foilsithe fós, a léigh Thaddeus Ó Buachalla ag IMRAM le déanaí. Beidh mé ag coinneáil súil amach do sin, agus do saothair eile leis!
Thaddeus Ó Buachalla
Coiscéim
* Aguisín. Is mithid dom mo ráiteas faoi Deus ex machina a shoiléiriú, ach ní mian liom an scéal a mhilleadh orthu siúd nach bhfuil an leabhar léite fós acu. Nílim ag tagairt do dheireadh an snáithe Corcaíoch, ach do eachtra díreach roimhe a réitigh an bhealach dó. Tuigfidh daoine a léann an scéal m'áitimh, measaim.