Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-13

Árasán


Úrscéal teacht in inmhe atá anseo, eachtraí na céad bhliana ollscoile ag ceathrar a bhfuil áit faighte acu in árasán i dTeach na Gaeilge. Beirt fireann, beirt baineann, strainséirí ag tús an scéil, ach iad ag eagrú rudaí le chéile mar chuid den scéim agus dlús dá réir faoin aithne a chuireann siad ar a chéile. 

Tríd súile Daraigh is mó a fheicimid cúrsaí. Pinginí teann dó, é ina Luaithríona cineál sa bhaile, a athair féin i bhfad i gcéin agus ar nós cuma liom faoi agus fear nua agus beirt iníon leis ag a mháthair. Tá Céit ann. Bean láidir, tuigeann deacrachtaí an tsaoil (ach imeallach go maith sa scéal, ina comhairleoir ag an gcuid eile seachas gníomhach. Seachas dúil mí fhortúnach a tharraingíonn trioblóid). Thóg sé i bhfad orm aon tsuáilce a fheiceáil i Jeaiceo, an fir spóirt a bhfuil an cuma air é bheith faoi smacht ag a bhod! Agus Niamh, an cailín saibhir bocht, místuama ina caidrimh, faoi smacht ag leannáin, míchúramach san ól.

Cé go bhfuil an insint iontach greannmhar cíortar fadhbanna dáiríre ann. Eachtra ina mbíonn Niamh le scata mic léinn ag "Féile na Samhna" agus a scaiptear pictiúir di ólta a mheabhródh eachtra samhnasach Slane Girl duit (ach céard faoi na Slane boys...)

An teannas idir miangas, drúis agus cion dáiríre. An streachailt coinneáil suas le saol na mic léinn eile nuair atá pinginí gann. 

Mar a tharlaíonn, is sa bhaile a bhí cónaí orm féin blianta na hOllscoile agus cé gur chaith mé dhá samhraidh i lóistín ollscoile sa Ghearmáin, bhí mé ag obair i monarcha agus ar aon nós ní raibh mórán den aos léinn thart agus formhór acu níos sine ná mé. Samhraidh amháin díobh bhí beirt bhan óg as an mBreatain ann cgl, agus bhí tábhairne san lóistín á reáchtáil ag na mic léinn. Tá col agam le Jägermeister ó shin... 

Aithneoidh go leor againn taithí dár gcuid féin sa scéal agus tá ábhar machnaimh fite ina orlaí tríd an ngreann agus an macnas. Na faolchon daonna ar gá do dhaoine óga bheith ar an airdeall fúthu. 

Ag ceol agus ag ól agus ag pógadh...

Dúirt Ógie ag an léamh inné go raibh sé ag iarraidh a chuid daltaí meánscoile a threorú ón leabhar. Déarfainn féin go bhfuil i bhfad níos measa feicthe acu ó thaobh graostachta (san saol fiú, b'fhéidir ach cinnte ar YouTube nó tiktok). Ní dócha go bhfuil sé baileach oiriúnach mar leabhar scoile (bheadh barraíocht sciotaráil agus ba dheacair na téamaí a chíoradh i rang déagóirí den dá chineál) ach ní bheinn buartha dá mbeadh an déagóir sa tigh seo á léamh. 

Ógie Ó Céilleachair
Cló Iar-Chonnacht

(Cóip léirmheasa via Love Leabhar Gaeilge a casadh mo threo. Ní hé an cineál leabhair é a roghnóinn féin, le bheith ionraic). 

Aguisín le bheith soiléir. Ní moladh ná dímholadh é nach roghnóinn leabhar mar seo as mo stuaim féin ach léiriú ar mo thoighis, mo mheon agus thar rud ar bith eile, m'aois. Níl drúis óigeanta folláin do fear díreach meánaosta meánaicmeach!