Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-07

Subh draighin mara

Blianta fada ó shin, agus muid fós ag siúl amach, thug mo nuachar anois mé go dtí Hiddensee i Muir Bailt. Áit a bhfuil cáil air as líon na dtor draighin mara ann, agus bíonn sú, milseáin agus subh agus gach rud faoin spéir á dhíol acu déanta as na caora flannbhuí atá lán de vitamín C.

Cé go bhfuil an draighin mara luaite i Flóra Chorca Dhuibhne, ní planda é a bhí coitianta go dtí gur tugadh isteach é ó Shasana chun na dumhcha a neartú. Is cosúil áfach gur fadhb in áiteanna anois é. 

Chuaigh mé dheirfiúr agus a céile ag piocadh na caora ar Oileán an Bhulla cúpla seachtain ó shin, ar mhaithe leis an scaipeadh a mhaolú. (Níl fhios agam an bhfuil tionchar aige sin, dáiríre, mar is trí riosóm is mó a scaiptear é, de réir mo thuisceana).

Reoigh siad na caora, agus ag an deireadh seachtaine bhailigh mé thart ar Kilo go leith uathu. Shocraigh mé subh seachas sú a dhéanamh. Tarlaíonn sé go bhfuil peictín úll sa tigh ó thogra éigin eile. 
Mar sin rinne mé gugláil ar oideas suibhe a déantar le peictín. 

Moladh ansin purée a dhéanamh de na caora, le beagán uisce. Níor bhac mé le huisce breise seachas ligean do na caora díreo. Ansin an purée a chuir tríd criathar mín chun an sú a scaradh ó na síolta. Bhí orm roinnt de a fháisceadh tríd ceirt muislín chun an sú ar fad a fháil. 

Sa bhreis ar na síolta fágadh mé le fuílleach eile, craiceann measaim. 

Bheirigh mé an sú le leath a mheáchan de siúcra. É a suanbhruith ar feadh ceithre nóiméad. 20g peictín le 50 g siúcra a chuir le Kilo caora agus 450 g siúcra beirithe a bhí luaite san oideas. Trí thaisme chuir mé dúbailt ann seachas méid go leith mar a bhí i gceist agam. Tá an toradh beagán níos righne ná mar ba mhaith liom! É a shuanbhruith ar feadh nóiméad nó dhó agus é líonadh sna prócaí agus é fós te. 

Cuirimid na prócaí béal faoi ar feadh tamaill nuair a dhéanaimid subh - cuireann sin séala ar an subh nuair a chrapann sé agus é ag fuarú. 

Bhain mé triail as an dtoradh ar maidin, agus bhí sé blasta!