Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-05

Ag siúl faoi Ardbhrú i gcoinne Ardbhrú ar bhóthar Ardbhrú

Tá mo bhrú fola pas beag ró ard, agus más mian liom ré na bpiollaí a chuir ar cairde tamall eile, sé comhairle mo dhochtúra breis aclaíochta a dhéanamh agus gearradh siar ar an saill i m'aiste bia. Bhí mé ag siúl beagán gach lá, ach ó shin i leith táim ar mo dhícheall siúl gasta de thruslóga fada a dhéanamh ar feadh ar a laghad trí ceathrú uaire nó uair isló. Ní thaitníonn coincheap an giom liom, ná aclaíocht ar a shon féin - mar sin is píosa den aistir ón obair is nós liom siúl ar laethanta oifige. Ar ámharaí an tsaoil tá cúpla siúlóid coille ann do na laethanta eile.

Tá sé d'ádh orm go bhfuil mo phost nua lonnaithe i nDún Laoghaire. Tá bealach siúlóide atá beagnach iomlán saor ó thrácht idir Dún Laoghaire agus Cairéal Dheilginse. Na Ráillí a tugtar air, agus bhí córas tram caiple air an líne i dtosach, ag tabhairt Clocha chun cuan uaidh. 

Ina dhiaidh sin, bhí modh turgnamhach eile ann i ré an ghail. Seachas inneal ag tarraingt an traein agus ag bogadh in éineacht leis, bhí píobán ann ar chuir an carráiste loine isteach ann. Chruthaigh an t-inneall seasta folús sa phíopa agus tharraing an traein. B'é seo rogha an t-innealtóra Isambard Kingdom Brunel, a shíl gur cur amú fuinnimh ab ea an inneall trom a chuir ag gluaiseacht (Breis anseo
Bhí an lá le córas Stephenson, ar ndóigh. 

Tá Bóthar Atmaisféarach i nDeilginis fós. Ach agus mé ag siúl, thug mé an logainm Ardbhrú faoi ndeara i gcúpla áit. Shíl mé gur féidir go mbeadh baint aige leis an iarnród, cé nach dóigh liom go raibh an Ghaeilge láidir sa cheantar san naoú céad déag. 

Chuaigh mé i gcomhairle leis an mBrainse Logainmneacha. Cé nár éirigh leo, agus sráidainmneacha an cheantair á iniúchadh acu, teacht ar fhianaise faoi bhunús an ainm, is sine an logainm ná an iarnróid. Mar sin, ciall eile le brú atá i gceist, agus comhtharlú go raibh Ardbhrú á ghiniúint ann! 

Áis ana bhreá siúlóide agus rothaíochta atá ann, beidh le feiceáil conas a éiríonn liom anois agus na tráthnónta dorcha buailte linn. 

An chéad cúpla lá bhí mo dhóthain de sholas an lae agam le dul thar Cnoc Deilginis agus Cnoc Chill Iníon Léinín. Is breá an radharc uaidh sin.