Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-16

Sciuird chun na Rúise


Ní cuimhin liom anois cé nó céard a spreag mé le fios a chur ar an leabhar seo ón leabharlann. Thóg sé i bhfad orm é a fháil agus ansin tamall chun teacht leis i gcarn na leabhair le léamh!

Ba chruinne mar theideal Sciuird chun an Aontais Sóivéadaigh - níl formhór na háiteanna atá luaite san dialann taistil seo san Rúis in aon chor. Ollamh fiosrach le sean Ghaeilge ab ea Pádraig Ó Fiannachta nuair a chuaigh sé ar an dturas le grúpa taistil Sasanach. Daingean ina chreideamh féin ach gealgháireach cuideachtúil. Tá an insint amhail is dá mbeifeá cois tine leis, ag ól gloine deas fíona agus ag malartú cuimhní. Ar foirgnimh is ealaín álainn ársa. Ar dhaoine chuideachtúla. Ar chultúr. Agus corr fadhb. Choinnigh vadca le huisce tríd a ghoile féin slán is cosúil. Neart trácht ar uireasa séarachais! Scéilín grinn fé a bheith ag iarraidh caoirigh a dhíbirt ón mbóthar. Pan ag rince a shamhail dar le comhthaistealaí Sasanach. Comhráití le treoraithe.

Measaim féin go raibh sé soineanta go maith. Bhí ré Stailín thart, ach níl amhras orm ach go raibh súil géar ar na treoraithe ag an KGB mura raibh siad fostaithe acu. Ar éigin go bhfuair sé freagraí ionraice. Is dócha go raibh fhios sin aige, cé nach léir sin ón leabhar.

Léitheoireacht taitneamhach a chuirfeadh fonn fánaíochta ort.

Dornán grianghraf dubh agus bán i lár an leabhar, foilsithe sna 70í ag FNT.