Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-11-12

Mórléamh IMRAM


Le traidhfil blianta anois tá Féile litríochta na Gaeilge IMRAM ag comhoibriú le féilte litríochta eile chun roinnt Gaeilge a bheith san áireamh. Is i gcomhpháirt le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath  a eagraíodh mórléamh an lae inniu sa Chlólann i gCaisleán Átha Cliath. Triúr scríbhneoir ag léamh as na saothair is déanaí leo a foilsíodh. 

Chuir Seán Ó Muireagáin tús le cúrsaí, ag léamh as ceann dá noibhillí - Aiséirí, scéal ficsean eolaíochta crua faoi árthach taiscéalaíochta go pláinéad eile ag súil tearmann a aimsiú do fuílleach an daonra ar an domhan, a bhfuil tubaiste aeráide i ndán di. 
Léigh sé tús an scéil, blaiseadh deas den rud atá i gceist leis. Éabhlóid a d'fhoilsigh Bádh b'fhéidir 

Na Ríthe Beaga le Delphine de Vigan an dara leabhar atá aistrithe ón bhFraincis ag Máirín Nic Con Iomaire do Barzaz. Scéinséir faoi shaol na gceiliúrán dá ainneoin féin ar YouTube, an maoin atá le crú as, agus an lorg is féidir leis a fhágáil. Leabhar den scoth, ar scríobh mé roinnt de ar maidin. Léigh Máirín sliocht as tús an leabhair go bríomhar taitneamhach. Luaigh níos mó ná duine amháin liom ina dhiaidh feabhas a cuid léitheoireachta agus gurb fiú machnamh ar closleabhar a dhéanamh as an leabhar, agus Máirín á léamh. 

Sé Ógie Ó Céilleachair a chuir clabhsúr leis an ócáid, ag léamh sliocht as a úrscéal ollscoile Árasán. Dúirt sé go raibh a chuid daltaí fiosrach faoi cén fáth nach raibh an leabhar seo leis á léamh ar scoil acu, leabhar a mheas sé féin a bheith ró ghraosta dóibh. Ach gur a mhalairt de thoradh a bhí ar a iarrachtaí iad a stiúradh uaidh...

Léigh sé eachtra thar a bheith greannmhar ó thús an leabhair, ina bhíonn duine den gceathrar atá in aontíos san ollscoil san léacht mícheart - Gearmáinis seachas Gaeilge - agus an t-achrann a eascraíonn as. Ainneoin go ndearna sé búistéireacht an na habairtí Gearmáinise bhain mé an-sult as an léamh, agus bhain sé neart gáire as an lucht éisteachta. 

Tá Árasán léite freisin agam, agus é i gceist agam scríobh faoi anseo. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach ar an iomlán, agus iontach bheith i gcomhluadar daoine arís agus cur is cúiteamh a dhéanamh faoi na leabhair tar éis na hócáide. 

Leanfaidh IMRAM ar aghaidh ar feadh seachtaine - i bhfad barraíocht imeachtaí ar siúl le freastal orthu ar fad, ach tá súil agam bheith ag sciar acu. 

Tá fáil ar an gclár iomlán ar imram.ie