Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Seán Ó Muireagáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Seán Ó Muireagáin werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2026-04-08

Mo chuisle ag preabadh, mo chroí i mo bhéal...


Coir scéinséir atá anseo. Ní cérinneachán ná fiú conssarinnechán atá ann. Tá sé soiléir go maith go bhfuil dúnmharú i gceist, agus cé hé an fealltóir. Don triúr ban atá lárnach sa scéal ar aon nós. Beirt acu, aint agus neacht, a bhfuil bua ar leith acu bás a thuar. An tríú bean, cara leis an íospartach. 

Lonnaithe sa cheantar thart ar Gaoth Dobhair. Tagann an tríú bean aníos as Baile Átha Cliath le freastal ar shochraid a cara. Lóistín aici leis an mbeirt eile. Atá sa cheantar le fada, toisc iad a bheith corr, dar lena dteaghlaigh, de dheasca an bua atá acu a chuireann ag gol iad nuair atá bás le bheith sa cheantar. Agus i riocht níos measa nuair is anbhás atá le bheith ann. 

Ar an iargúil, tá siad sásta go maith. Beo ar fás agus díol luibheanna agus glasraí. 

An chaidreamh idir an triúr a iompraíonn an scéal, agus a n-amhras faoi bhás na céad mná. Leisce orm aon scéalmhilleadh a dhéanamh - fágfaidh mé fúibh féin é a léamh. 

Mar a dúirt léirmheastóir ar RnaG, tá neart cainte ar bhia agus béilí agus an suíomh a chruthú go mall fáilí, go dtí go dtagann luas agus teannas faoin scéal i dtreo deireadh. 

Thaithin sé go mór liom. Lonnaithe san lá atá inniu ann, tamall tar éis an phandéim. 

Ní bean mé (na Seán) - ní thig liom mar sin dearbhú go bhfuil meon na mban ceaptha go cruinn aige. B'fhearr sin a fhágáil faoi na mná. Ach tá an insint inchreidte domsa. 

Mar a dúirt léirmheastóir amháin ar RnaG, tá neart trácht ar bhia agus ar bhéilí. Chuirfeadh sé ocras ar dhuine....

⭐ ⭐ ⭐ ⭐ ⭐ 

Sí 
Seán Ó Muireagáin 
Éabhlóid 

2022-12-05

Coilíneacht le Seán Ó Muireagáin - Útóipe nó deachtóireacht?

Bhí Bádh b'fhéidir faoi chaibidil ag Club Leabhar club an chonartha ar na mallaibh. Dúirt Stiofán go raibh suim níos mó aige sa saol sa choilíneacht, conas a d'oibrigh a leithéid, seachas an scéal faoi conas arbh ann dó.

Spreag a cheist soiléiriú ar smaointe de mo chuid féin agus dúirt mé gurb deachtóireacht a bhí ann. Aicme féin roghnaithe rialaithe iad na múinteoirí, agus táthar sa scéal ag tabhairt cúlra staire agus fios fátha a ról d'earcach nua.

Níl fhios agam, ar ndóigh, an é sin a bhí ar intinn ag Seán. Tugann a léitheoir a dhearcadh féin isteach sa scéal, agus ní dóigh liomsa, mar shampla, gur rud olc is ea teaghlach agus lánúnachas. A mhalairt, sílim teaghlach grámhar a bheith ina fhotha riachtanach do sochaí ar bith. Ní shéanaim gur minic teaghlaigh a bheith faoi réir ag foréigean agus mí-úsáid. Ach is corbacht ar rud maith sin seachas eisint an teaghlaigh. 

Níl sé mínithe conas a déantar atáirgeadh sa choilíneacht, ná conas a choinnítear an pobal laistigh de srianta dochta an daonra a bhfuil acmhainn ann dóibh. Bheadh pórú cúramach nó innealtóireacht géiniteach de dhíth i pobal chomh beag chun folláine a chinntiú. Níl coibhneas fireann agus baineann luaite - gan lánúnachas ní bheadh cothroime de dhíth! (Tá ceisteanna mar seo cíortha go maith in úrscéalta Ursula le Guin. Mar shampla i The Matter of Seggri. Agus tá ceist teaghlach agus lánúnachas luaite i The Dispossessed - sochaí ainrialach, ach go dtagann lánúnachas agus cion do leanaí chun cinn go nádúrtha. Agus deacrachtaí nuair atá géarchéim acmhainní ann idir searc agus dualgas.) 

Cé go bhfuil sé ráite gur thug an rachmasóir a bhunaigh an coilíneacht stoc mór earraí leis, agus roinnt saineolaithe, níl fhios agam an raibh na saineolaithe céanna i measc marthanóirí an éirí amach. 

Is cinnte go mbeadh saineolas agus - is dócha - acmhainn cógasaíochta de dhíth. 

Tá sé ráite sa scéal go gcoinníonn na múinteoirí súil ghéar ar na páistí chun teacht chun cinn aon treith leithleasach nó dochrach a chosc, agus chun ábhar múinteora a aithint. Níl sé ráite conas a déantar an smachtú. Bheadh ról áirithe ag oiliúint ann, ar ndóigh. Ach shamhlóinn freisin go mbeadh aiste bia agus cógais i gceist freisin. 

Tharraing Stiofán ceist spéisiúil eile anuas. Deirtear leis an ábhar múinteora gur "duine de dhath" í féin, agus go mbeadh sí thíos le ciníochas sa ré roimh an éirí amach. Agus go mba ghá teacht chun cinn a leithéid arís a chosc.

Ach an bhféadfadh ciníochas teacht chun cinn i bpobal bheag, a mbeadh an iliomad gaoil eatarthu? Tógán de chuid an impiriúlachais ciníochas, uirlis riachtanach toisc go rabhthas ag caitheamh go dona le pobail áirithe ar bhonn a céim níos ísle forbartha. Ní bheadh ciall leis i bpobal measartha cothrom, nach raibh "iadsan" agus "muide" i gceist.

Is cinnte go mbeadh difríochtaí agus teannais ann, pearsantachtaí ag cuimilt i gcoinne a chéile. Grúpaí agus clíceanna, fiú, cé go bhfuil sé intuigthe go mbeadh na múinteoirí ar an airdeall agus ag teacht roimh aon forbairt dá leithéid. Bheadh an baol ann do faicsin laistigh de na múinteoirí, ar ndóigh, go háirithe dá mbeadh dúshlán nó géarchéim le sárú.

Tá sé deacair, dar liom, cuir síos ar Útóipe. Is cuimhin liom píosa le C.S. Lewis ag míniú an chúis nach mbeadh ar a chumas leathbhreac ainglí The Screwtape letters - from a senior to a junior devil - a scríobh. Níl le déanamh chun cuir síos ar an olc ach áibhéil a dhéanamh ar na tréithe atá ionainn féin, agus na hiarmhairtí a shamhlú. Tá sé níos deacra go mór íonú a dhéanamh ar ár suáilcí agus sochaí neamhaí a shamhlú.

Ní bheidh leathbhreac Fahrenheit 451, Brave New World 1984 chomh furasta aimsiú. Cé go bhfuil smaoineamh iontach ag Bradbury féin ina ghearrscéal The Toynbee Convector. Samhlaíonn sé eolaí ag brionnú turas go dtí an todhchaí, ag cruthú scannáin agus taifid amhail is dá mbeadh na dúshláin timpeallachta sáraithe. Nuair a "fhilleann" sé chun a am féin, spreagann sé na daoine chun an Parrthas a chonaic sé a bhaint amach, toisc gur léir é bheith indéanta!

Tá dóchas na Útóipe de dhíth, chomh maith le rabhadh na diostóipe. Ach is deacra i bhfad iad a shamhlú. Agus bíonn crumh san úll is milse a shamhlaíonn daonnaí. 

2022-11-12

Mórléamh IMRAM


Le traidhfil blianta anois tá Féile litríochta na Gaeilge IMRAM ag comhoibriú le féilte litríochta eile chun roinnt Gaeilge a bheith san áireamh. Is i gcomhpháirt le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath  a eagraíodh mórléamh an lae inniu sa Chlólann i gCaisleán Átha Cliath. Triúr scríbhneoir ag léamh as na saothair is déanaí leo a foilsíodh. 

Chuir Seán Ó Muireagáin tús le cúrsaí, ag léamh as ceann dá noibhillí - Aiséirí, scéal ficsean eolaíochta crua faoi árthach taiscéalaíochta go pláinéad eile ag súil tearmann a aimsiú do fuílleach an daonra ar an domhan, a bhfuil tubaiste aeráide i ndán di. 
Léigh sé tús an scéil, blaiseadh deas den rud atá i gceist leis. Éabhlóid a d'fhoilsigh Bádh b'fhéidir 

Na Ríthe Beaga le Delphine de Vigan an dara leabhar atá aistrithe ón bhFraincis ag Máirín Nic Con Iomaire do Barzaz. Scéinséir faoi shaol na gceiliúrán dá ainneoin féin ar YouTube, an maoin atá le crú as, agus an lorg is féidir leis a fhágáil. Leabhar den scoth, ar scríobh mé roinnt de ar maidin. Léigh Máirín sliocht as tús an leabhair go bríomhar taitneamhach. Luaigh níos mó ná duine amháin liom ina dhiaidh feabhas a cuid léitheoireachta agus gurb fiú machnamh ar closleabhar a dhéanamh as an leabhar, agus Máirín á léamh. 

Sé Ógie Ó Céilleachair a chuir clabhsúr leis an ócáid, ag léamh sliocht as a úrscéal ollscoile Árasán. Dúirt sé go raibh a chuid daltaí fiosrach faoi cén fáth nach raibh an leabhar seo leis á léamh ar scoil acu, leabhar a mheas sé féin a bheith ró ghraosta dóibh. Ach gur a mhalairt de thoradh a bhí ar a iarrachtaí iad a stiúradh uaidh...

Léigh sé eachtra thar a bheith greannmhar ó thús an leabhair, ina bhíonn duine den gceathrar atá in aontíos san ollscoil san léacht mícheart - Gearmáinis seachas Gaeilge - agus an t-achrann a eascraíonn as. Ainneoin go ndearna sé búistéireacht an na habairtí Gearmáinise bhain mé an-sult as an léamh, agus bhain sé neart gáire as an lucht éisteachta. 

Tá Árasán léite freisin agam, agus é i gceist agam scríobh faoi anseo. 

Ócáid thar a bheith taitneamhach ar an iomlán, agus iontach bheith i gcomhluadar daoine arís agus cur is cúiteamh a dhéanamh faoi na leabhair tar éis na hócáide. 

Leanfaidh IMRAM ar aghaidh ar feadh seachtaine - i bhfad barraíocht imeachtaí ar siúl le freastal orthu ar fad, ach tá súil agam bheith ag sciar acu. 

Tá fáil ar an gclár iomlán ar imram.ie




2022-06-15

Comharseilbh, carthain, ceannas, ciontacht

FAINIC - PLÉITEAR MIONSONRAÍ DE SCÉAL UÍ MHUIREAGÁIN An Choilíneacht SA BLAGMHÍR SEO. TÁ SCÉALMHILLEADH ANN DÁ RÉIR.

Arcadia, Thomas Cole, Fearann Poiblí

San scéal "An Choilíneacht" feicimid "múinteoir" ag míniú fíorstair an phobal do ábhar múinteora. Fuílleach an chine daonna iad "An Phobal" - cúpla céad duine ina gcónaí i ngleann iargúlta ar oileáin torthúil mara, folaithe agus cosanta ag sléibhte agus coillte. Diaidh ar ndiaidh foghlaimíonn an dalta fíor stair an Phobal - atá ceilte ar éinne nach múinteoir iad - ón múinteoir.

Eascraíonn an Phobal as coilíneacht a bhunaigh rachmasóir ar mhaithe leis féin nuair a bhí an tubaiste timpeallachta follasach; coilíneacht ina raibh amhais an rachmasóra agus beagán eile in uachtar agus mná go háirithe in íochtar.  Tarlaíonn, nuair atá sé follasach go bhfuil an sibhialtacht lasmuigh teipthe, ceannairc i measc na n-amhas; agus bíonn cúrsaí níos measa do formhór na ndaoine nach den dream beag amhais iad. Daoirse oibre i ndán do chách; daoirse collaíochta i ndán do na mná; ocras nó bás foréigneach i ndán d'éinne a dheineann iarracht éalú chun na coillte.

Beartaíonn líon beag ban, sna coillte agus i measc na mná leapan ag na hamhais, nach bhfuil de réiteach ar an scéal ach éirí amach, agus sibhialtacht nua a thógáil ar fothracha na coilíneachta. Léirítear sa scéal conas mar a éiríonn leo; agus go bhfuil sé beartaithe acu go gcuirfí an stair leis na corpán nach féidir iad a sheachaint má tá éirí amach le bheith ann.
"Dhéanfaidh muidne cinnte de nach mbeidh ach ár macasamhail féin ar an eolas fá seo go deo. Mná iontaofa!"
Cé go ndeirtear go bhfuil cách comhionann sa phobal, is léir gurb iad na múinteoirí, atá ar an eolas faoin bhfíor stair, agus an stair a chuaigh roimhe, atá i gceannas. Iad airdeallach ar na tréithe sainte a d'fhéadfadh an coimheá a chuir as a riocht, agus ar a gcumas iad a mhúchadh. Ní mínítear conas, ach ar ndóigh tá neart de na drochthréithe daonna atá foghlamtha agus a mbeadh oideachas sa chiall is leithne leor dóthanach chun iad a mhúchadh. Baineann sé sin go háirithe le saint agus ceann de na hábhair eile a phléitear go mion sa scéal - an dóigh go raibh ciníochas fite fuaite sa sochaí díreach roimh an teip, agus é ina mhodh smachtaithe ag an t-aos beag i gceannas. 

Dhá rud eile a phléitear mar chúis leis na fadhbanna ná creideamh; agus lánúnachas, agus grá collaí. Mheas mé (ach is creidmheach mé) an píosa faoi chreideamh sa scéal a bheith measartha eadomhain agus níor aithin mé mé féin ann; cé gur dúradh go mbeadh cead ag an gcéad glúin cloí leis an gcreideamh, nach mbeadh cead acu é a sheachadadh. Míníodh freisin, ó tharla nár tharrtháil a nDia daoine a chreid in gcreideamh ón tubaiste, go nglacfaidís leis go réidh nach raibh a gcreideamh fíor. Ní dóigh liom go bhfuil creideamh ar bith a shíleann sin; cé go bhfuil grúpaí beaga Críostaí ann gan amhras atá ag dreim leis "An Rapture" - go dtógfar ná fíréan ar neamh d'aon iarracht chun iad a tharrtháil ón tubaiste. Tá formhór na gcreideamh níos casta ná sin, agus is deacair liom a shamhlú go ngéillfí don coinníol a bhí luaite san scéal - ach níl sa scéal ag deireadh an lae ach sceitse de shaol a bheadh níos casta dá mba ann dó.

Bhí an pointe faoi leanaí a bheith á tógaíl scartha óna dtuismitheorí bitheolaíochta spéisúil - níor míníodh sa scéal conas a ghinfí iad. Bheadh sé le tuiscint, go háirithe agus gan ach pobal beag ann, go mbeadh córas éigin ann chun páistí folláine a ghineadh chun an pobal a choinneáil seasmhach. Tá méid an phobal luaite, ach níl an coibhneas idir fir agus mná; seachas go bhfuil fir fós ann agus mar sin gur ar gnáthbhealach a gintear clann. Bheadh ceisteanna agam áfach faoi an mbeadh pobal de 300 dáiríre inbhuanaithe - sin an teorainn a luaitear le hacmhainní an tearmainn atá acu, agus atá i gcosúil fíor leochaileach. 

Mheabhraigh an scéal dhá scéal eile dom a phléann le saol gan fir - cé nach bhfuil a leithéid i gceist go baileach sa scéal seo; saol gan patrarcacht atá ann.

San scéal Herland a phléigh mé anseo cheana - agus gearrscéal a léigh mé i bfad siar Houston, Houston, Do You Read? 

San dá scéal sin, saol iomlan gan fir atá i gceist ach tagann triúr fear isteach san saol sin agus is trina súile siadsan, nó le bheith cruinn tríd súile an duine is mó a bhfuil bá aige leis na mná a insítear an scéal. Spéisúil go leor, agus rud nach raibh fhios agam i dtosach - mná a scríobh an dá scéal, i 1915 agus 1977 faoi sheach.

Cabhraíonn ficsean samhlaíocht amharc ar fadhbanna agus réitigh a shamlú. Comhtráthúil go leor tháinig an aiste seo Instructions for the Age of Emergency  mo threo inné agus mé ag machnamh ar an scéal seo agus na ceisteanna a tharraingíonn sé anuas. Níl - go bhfios dom - aon rud le Monica Byrne léite liom. Ach tá an leabhar a luaigh sí A Paradise Built in Hell: The Extraordinary Communities That Arise in Disaster le Rebecca Solnit anois ar mo liosta. 

Pointe suntasach in san aiste, agus pointe atá thar a bheith tráthúil - baineann go leor den dioscúrsa faoi IS ag gabháil seilbh ar an domhain le himní an líon beag fear geal atá anois i seilbh na cumhachta go dtiocfaidh deireadh le domhan s'acu. Tiocfaidh, gan amhras - agus is gá go dtiocfadh mar níl sé inbhuanaithe. Ceist eile conas. [An an ábhar sin, ritheann scéal eile liom Emergency Skin le  N. K. Jemisin (ar fáil saor in aisce anseo)]

Is breosla na scéalta seo, idir diostóip agus útóip, chun machnamh a dhéanamh ar conas an saol a athrú - táimid i Ré na Géarchéime, agus ní féidir teacht slán gan an status quo a athrú, agus athrófar é - ach an n-athrófar chun feabhais é, nó an mbeidh cogadh agus ár ann? Tá na hacmhainní ann an pobal a chothú - ach níl na hacmhainní ann don saol santach caifeach atá an bheagán - muide ina measc - ag caitheamh ar chostas an mórán. Ar nhaithe linn féin tá leasú de dhíth. 

Is maith liom go bhfuil roinnt den ábhar seo á chíoradh as Gaeilge anois - féach freisin An Dara Rogha  le Celia de Fréine. 

2022-06-11

Fuil

FAINIC - PLÉITEAR MIONSONRAÍ DE SCÉAL UÍ MHUIREAGÁIN FUIL SA BLAGMHÍR SEO. TÁ SCÉALMHILLEADH ANN DÁ RÉIR.


Murab ionann agus na scéalta eile sa chnuasach, tá tús an scéil seo lonnaithe go luath sna meánaoiseanna, agus i lár na hEorpa. Baineann Seán Ó Muireagáin a chasadh féin as scéal na súmairí fola chun eachtra a leanann thar roinnt céadta bliain a insint agus chun ceisteanna éagsúla a chíoradh go hindíreach - dílseacht, piseogacht, timpeallacht, agus araile. 

Tosaíonn an scéal amach coinbhinsiúnta go leor - na huaisle agus a saighdiúirí ag imirt cos ar bolg ar na tuathánaigh in aimsir ocras agus anró. Casadh i dtreo an uafáis ansin - leanaí ag dul ar iarraidh, agus teaghlach an tí mhóir ag dul i bhfolláine agus i neart. Aois mínádúrtha á bhaint amach acu, agus a leanbh gan a bheith ag dul in aois in aon chor... Ráflaí faoi ól fola.... Ceannairc na saighdiúirí agus slad... An seirbhíseach dílis a tharrthálann an mac a bhfuil gean aici air. An teitheadh ó áit go háit nuair a thugann daoine faoi ndeara an leanbh gan a bheith ag dul in aois - an seirbhíseach á choinneáil beo lena cuid fola féin. Dílseacht agus gean a leanann ó ghlúin go glúin ina teaghlach sise. 
Dílseacht a dhéanann leas an teaghlaigh ar feadh seal, de bharr saibhreas le hoidhreacht agus go háirithe de bharr an eolas is féidir leis an mac síor óg a chnuasach agus é ag léamh go fadsaolach ina thearmann sa choill. Ach san áit a bhfuil rachmas tá formad agus i cogaí na meánaoiseanna is féidir le formad bheith marfach. 

Agus de réir mar a leanann forbairt creimtear tearmann na coille. Casadh glic san scéal an dóigh a chinntíonn an príomhcharactar a sholáthar fola nuair nach dtig leis an teaghlach soláthar do níos mó - agus fós gan dochar a dhéanamh do dhaonnaí. 

Súmaire daonnachtúil léannta. 

Casadh eile sa scéal nuair atá an coill á dhíothú, agus gá arís le teagmhálacha daonna. Agus gá freisin críoch a chuir le saol fhada... 

Fearacht aon scéal samhlaíochta mar seo, beidh a léamh féin ag gach léitheoir ar na ceisteanna a spreagtar. 

Ach tá an insint agus an t-atmaisféar ana chliste, agus spreagtar comhbhá le neach atá an-éagsúil leis an ghnáthdhuine. 

Ábhar machnaimh go leor! 

2022-06-05

Aiséirí

FAINIC - PLÉITEAR MIONSONRAÍ DE SCÉAL UÍ MHUIREAGÁIN AISÉIRÍ SA BLAGMHÍR SEO. TÁ SCÉALMHILLEADH ANN DÁ RÉIR.

 

Pláinéad Glas (foinse)


San scéal Aiséirí tá comhlacht mhór tar éis criú bheag a sheoladh chun domhain nua a aimsiú agus an domhain seo ar thairseach thubaiste aeráide. Foireann de chúigear duine, captaen, oifigeach slándála, bitheolaí, saineolaí talmhaíochta agus innealtóir. Agus intleacht shaorga ar a dtugtar Aoife. Seachnaíonn Seán antramorfachas thar sin áfach, agus tá an IS ag feidhmiú go fuar de réir prótacal agus algartaim réamhroghnaithe na comhlachta. Tá na daoine iad féin, ach a ndúisítear as tromshuan an turais iad, i gcultacha a smachtaíonn a gcolainn agus a n-intinn chun mothúcháin a d'fhéadfadh an misean a chuir i mbaol a mhaolú.

Tagann siad ar phláinéad atá torthúil, aer fholláin, fíoruisce iontach glan, clúdaithe le fásra glas. Léiríonn a n-iniúchadh gur neach amháin an fásra, le timthriall éifeachtach a choinníonn an talamh torthúil agus an síon seasmhach. Siosafas 2 atá ar an bpláinéad, pléann an chaptaen gá é athainmniú - tá nod san ainm áfach...

Ficsean eolaíochta crua atá anseo, réalaíochas ag baint leis an gcuir chuige cé nach bhfuil gach teicneolaíocht a luaitear forbartha fós.

Fágann Seán go leor snáithe ar foluain chun machnamh a spreagadh. Cad ba chúis leis an fabht i gculaith Bhlaithín a lig di mothúcháin ciontachta agus aiféala a bheith uirthi faoin gcoilíniú? Í féin? Nó tionchar eachtardhomhanda? Toisc go raibh an IS ag faire go géar tugtar an eachtra chun deireadh go luath, ach...

Tá sé suntasach gur mún na luchóga a tugadh mar ainmhithe saotharlanna a thugann an chaoi chun an neach eachtardhomhanda a smachtú. Marcáileann lucha a bhfearann le mún, agus is loitiméirí iad....

Nuair a fhilleann an árthach ar an domhan seo agus tubaiste tarlaithe ó shin, faoin IS atá sé cinneadh a dhéanamh cé mhairfidh ar athfhilleadh go Siosafas 2 ó tharla gan soláthair ach do bheirt. An Captaen agus an t-oifigeach slándála "Gunnaí" atá fós torthúil a roghnaítear - an rogha fuar fóinteach nach raibh ar chumas an chaptaein a dhéanamh. Ádhamh agus Éabha nua... 

Tá neart ábhar le cogaint sa scéal. Agus réalaíochas ag baint leis na carachtair agus réimse cineálacha daoine i gceist. 

2022-05-28

Apacailipsis Sheáin

Cúig chinn de scéalta atá sa chnuasach is déanaí ó Sheán Ó Muireagáin, cúig fhís den saol a d'fhéadfadh bheith ann. Cruthaíonn sé cruinne i ngach scéal acu, agus mar is dual do ficsean samhlaíochta maith is é an duine agus a bhéascna agus iarmhairtí a iompair téama gach scéal. Ach níl siad gan dóchas. 

An Chóir Chodlata
An Turas
Aiséirí
Fuil
An Choilíneacht

Sa Chóir Chodlata tugtar isteach muid i cruinne deachtóireachta ina gcuirtear iadsan a éiríonn amach chun suain ar feadh seal, agus tugtar deiseanna dóibh "bisiú". Cad a tharlódh áfach dá mbeadh duine den ciorcal órga ag easaontú.... 

Fuadaíonn an Turas muid isteach in aigne duine atá ag déanamh a anama, ag teacht ar thuiscint ar a iompar féin agus na fíorchúiseanna leis. 

Scéal ficsean eolaíochta crua is ea Aiséirí, misean chun pláinéad nua a aimsiú don gcine daonna sula scristear an domhain seo. Ach conas plé leis an mbeatha ann? Intleacht shaorga agus foireann bheag daoine. Taitníonn an intleacht shaorga go háirithe liom - níl bréag antramorfachas i gceist. Pléann an IS le rudaí de réir na prótacail agus na halgartaim agus ar mhaithe leis an misean a leag a mháistrí síos. Níl aon géarchéim coinsiasa fearacht HAL i gceist. 

Déanann Fuil athléamh ar finscéal ársa na daoine atá beo ar fuil daonna agus óige buan acu dá réir. Ach cuireann Seán an scéal bun os cionn ón gnáthléamh. 

Pobal beag a tháinig slán agus atá i bparthas sa scéal deireadh - ach caithfidh ceannairí an phobail an stair dorcha a fhoghlaim d'fhonn buaine an phobail a chinntiú. 

Cúig scéal ana éagsúil ach a suíonn le chéile go compordach sa chnuasach. Táimid go dtí gann ar ficsean samhlaíochta machnamhach, nach bhfuil dírithe ar aosánaigh agus eachtraíocht. Tá lón machnaimh sna scéalta seo den chineál a thugann Ursula le Guin dúinn. Cé hé an duine agus cad atá dlite dó? 

Thaithin na scéalta seo go mór liom, agus fillfidh mé orthu. Chuir mé fios ar an leabhar ó Éabhlóid nuair a chonaic mé luaite ar Twitter é agus cóip faighte ag Réaltán. Fíor shásta. 

Tagairt do sheanfhocal an teideal, tá cuid de luaite i scéal agus fuair mé an t-iomlán ar líne - 

Ní dheachaigh dóbair in abar riamh ach is minic a bádh b'fhéidir. 

Seán Ó Muireagáin 
Éabhlóid 


2022-02-27

Focalfhéile Feirsteach

Chonaic mé ar Twitter i rith na seachtaine go raibh Féile Focal beartaithe ag an gCultúrlann i mBéal Feirste chun feistiú jukebox filíochta ó Quotidian a chomóradh. Saothair le scór file Gaeilge, léite acu féin maille aistriúchán go Béarla atá le clos ón jukebox - agus freisin ó Soundcloud. Bhí máithreacha iomadúla ag an dtogra. Sí Celia de Fréine a rinne na filí a roghnú - Maria McManus ceann de na príomhfórsaí laistiar den dtogra níos leithne agus a choinnigh súil ar lucht na teicneolaíochta! Bhí baint i measc daoine eile ag Myra Zepf freisin. 


Trí imeacht ar fad a bhí i gceist leis an bhféile, ceardlann filíochta le Seán Ó Muireagáin um a haon déag, agallamh poiblí ar Máire Dinny Wren agus Celia de Fréine ag Máire Zepf um a haon, agus Reic um a trí. Bhí fhios agam go mbeadh sé indéanta bheith ann don dá ócáid deireadh sin ar iompar phoiblí - agus tá an spéis agam san triúr ban a bheadh ag caint sa mhullach ar mo spéis ó thús i Reic. (Deacair a chreidiúint go bhfuil Reic ar bun ó 2015!).

D'éirigh mé go moch dá réir chun an dá thuras bus aneas a dhéanamh. Agus bhí mé sa Chultúrlann in am mhaith chun bricfeasta Gaelach ó Bia Belfast a chaitheamh mar scroid eadra. (Taobh le McDonalds a bhí mé don gcéadphroinn toisc nach raibh caife ar bith le dealramh oscailte ag barr Sráid Uí Chonaill, críochfort aircoach. Fásach uirbeach ait an chuid sin den gcathair ainneoin Óstán an Gresham. Casinos agus siopaí bheaga...).

Faraor bhí an Covid bréan tar éis Máire Zepf a bhuaileadh arís (biseach luath uirthi). Ach tá sean taithí ag Caoimhe Ní Chathail ag mealladh cainte as daoine agus ghluais an comhrá go nádúrtha idir an triúr.
Bealaí éagsúla chun na scríbhneoireachta a ghlac Máire Dinny Wren agus Celia de Fréine. 

As Gaoth Dobhair í Máire Dinny Wren agus tógadh le gaois na Gaeltachta í. Ach fearacht go leor eile b'éigin di Londain a thabhairt uirthi féin ar mhaithe le hobair. Agus í ansin bhí baint aici le grúpa scríbhneoireachta Béarla, cé nár fhoilsigh sí tada. Tar éis di filleadh ar Ghaoth Dobhair bhí baint aici le ciorcal scríbhneoirí Gaeilge, a raibh Eoghan Mac Giolla Bhríde mar éascaitheoir leo agus foilsíodh scéal léi sa chnuasach Go dtí an lá bán a d'eascair as a cuid oibre. Le blianta beaga anuas bhí cúram a máthair ar Máire, rud nár fhág mórán deis aici bheith ag scríobh. D'fhorbair sí nósanna oibre a d'fheil dá cúraimí agus tá leabhar gearrscéalta Go mbeinnse choíche saor foilsithe ag Éabhlóid agus cnuasach filíochta Ó Bhile go Bile  le Coiscéim. Luaigh Máire Dinny an spreagadh a fuair sí ó pháirt a ghlacadh i comórtais, idir an ardú croí as iad a bhuachaint agus aiseolas ó mholtóirí. 
Tá filíocht agus scéalta Máire Dinny fáiscthe as saol agus dúlra Ghaoth Dobhair agus a cuimhní agus taithí. Léigh sí dhá dhán - ceann ag comóradh abhann An Chláidigh ach ag meabhrú dúinn freisin go bhfuil dualgas orainn ár gcuid a dhéanamh chun na haibhneacha agus an dúlra a chaomhnú. Agus dán faoi a máthair agus a Móraí ag cniotáil chun geansaithe a chur ar fáil do lucht rachmais. 
Anois agus a máthair, suaimhneas síoraí di, ar shlí na fírinne beidh ar Máire nósanna nua oibre a fhorbairt. Go raibh an bé flaithiúil léi! 

Cé gur rugadh Celia de Fréine i mBaile Nua na hArda, is i mBaile Átha Cliath a tógadh í. Ach chaith sí samhraí i measc a ngaolta i nDomhnach Daoi. Ní le Gaeilge a tógadh í, agus is ina cuid déaga a d'fhoghlaim sí Gaeilge mar theanga bheo seachas ábhar scoile. Is tríd an drámaíocht a thosaigh Celia ar bhóthar na scríbhneoireachta. Ag cóiriú scripteanna i dtosach, ansin ag scríobh drámaí. (Ní dóigh liom go bhfaca mé dráma léi ar stáitse, ach tá roinnt a léigh mé pléite anseo). Nuair a thosaigh sí ag múineadh thosaigh sí ag scríobh filíochta, ceal am plé le rudaí níos faide. Tá a céad cnuasach Faoi chabáistí agus ríonacha go mór faoi anáil téatar na háiféise agus osréalach dá réir. Lean a cnuasach faoi scannal Hepatitis C - Fiacha Fola. Seo an chéad cnuasach léi a léigh mé. Tuairisc phearsanta cumhachtach. 
Luaigh Celia gur chun rudaí a chur ar an dtaifead a scríobhann sí. Scríobh sí dráma i dtosach faoi Laoise Gabhánach Ní Dhufaigh, a cuireadh ar an ardán i 2016. (Bhí sé i gceist agam freastal ach bhuail fliú mé). De bharr nach bhfaca ach cúpla céad duine an dráma bheartaigh sí taifead níos buaine a thabhairt don scéal agus scríobh leabhar bunaithe ar a cuid taighde. Tá dhá saothair eile próis scríofa aici, an coirscéal Cur i gCéill agus an úrscéal tuairimíochta An Dara Rogha
Luaigh Celia freisin tábhacht sparánachtaí agus cónaitheachtaí - as sin agus rudaí a chonaic nó a léigh sí lena linn a d'eascair roinnt ciogal filíochta, mar atá mar shampla, i Cur amach seo dom, An Bhean uasal agus an aonadharcach (pléite anseo). Agus is as turas go Páras a d'eascair I bhfreagairt ar Rilke

Bhí Máire agus Celia ar aon fhocal go bhfuil dúshlán fós roimh scríbhneoireacht ag mná. Luaigh Celia go háirithe an fhadhb go stáitsítear drámaí le mná ar mhaithe leis an mbearna a líonadh ach gan na drámaí a bheith forbartha i gceart - rud atá ina bhac ar forbairt an scríbhneora. 

Lón machnaimh go leor. 


Chuir Ciara Ní É reic i láthair ansin um a trí. Mar is iondúil bhí píosaí dá cuid féin aici idir na reacairí eile. Míbhuntáiste de bheith ag freastal ar Reic go minic ná go raibh neart acu cloiste agam. Is cuma áfach, mar tá an cuir i láthair ann féin mealltach agus tugann úire don reacaireacht atá feicthe agam beo nó ar fhíseán cheana. 

B'iad Maoilíosa Nic Éadaoin an chéad aoi ar stáitse. Chuala mé iad an chéad uair ag an ócáid a reáchtáil Réaltán Ní Leannáin do Lá Idirnáisiúnta na mBan - i 2017 measaim. An uair úd bhí siad ag tógáil coiscéimeanna beaga i dtreo na Gaeilge. Chonaic cúpla bliain ina dhiaidh sin iad ag Reic le linn Éigse na Tríonóide, agus bhí forbairt tagtha ar a gcumas. Is léir go bhfuil an dua caite acu leis an bhfoghlaim agus iad in ann labhairt ar mothúcháin agus taithí sa chóras éadóchais le faobhar agus le fonn i ceachtar teanga. 

Lean Sinéad Ní Thumáin, buaiteoir Slam Liú Lúnasa iad, tar éis mír le Ciara. Bhí roinnt dánta macarónacha aici, ina measc ceann faoi cairde agus gaolta a rinne ise di. 

Seal Sheáin Uí Mhuireagáin a bhí ansin ann, agus i measc a chuid reacaireachta siúd bhí píosa faoi glanadh amach an tí tar éis dá athair dul ar shlí na fírinne. 

Bhí a dán cumhachtach faoina máthair reicthe ag Ciara roimhe sin. 

Bhuail mé le Ciara ag an pop up Déardaoin agus bhí luaite aici go raibh sí gann ar aíonna de bharr covid. Dúirt mé, dá mbeadh sí i sáinn, go mbeinn sásta cúpla blúire a rá. Ina measc bhí roinnt píosaí gairide a scríobh mé tráth ar éag mo mháthair féin i 2018.

Chur Ciara clabhsúr leis an ócáid le Ramhar, gránna, an iomarca smidiú, is lán di féin... 

Ócáid thar a bheith taitneamhach. Bhí deis agam pionta a ól i bhfochair Ciara agus John Boy roimh aghaidh a thabhairt ar na busanna abhaile.... 

Slán go fóill, Béal Feirste. 


2019-01-07

Gáire in Éag

Go bhfios dom, seo an chéad leabhar i gcló ag Seán Ó Muireagáin (ar fearr aithne air, cloisim, mar John Boy). Fearacht an Ghaill dar le Caesar, tá sé ina thrí chuid.

Tá trí ghearrscéal i dtosach. Fáiscthe as stair phianmhar na trioblóidí, is cineál triptych iad a scagann impleachtaí agus iarmhairtí na rúndachta agus an brathadóireacht. Brathadóireacht ar brathadóireacht. Ciontacht agus soineantacht. Meas an phobail, agus an fhírinne nach ionann é. (Imeacht gan teacht ar an dtréimhse úd, agus nár filleadh sé. Ní cúiteamh litríocht dá fheabhas ar fuil agus fulaingt).

Tá atmaisféar an sceoin is an fhoréigean, an amhrais is an éagóir go tréan sna scéalta snasta seo.

Leanann eadarlúid faoi Ghobnait, bean le hiníon ach gan bheann ar fir. Altanna beaga lán de ghreann dóite. Spléachadh ar bhean sáinnithe i ngaiste sóisialta ach ag baint súp as an saol.

Úrscéilín an tríú rann. Fear óg corr ag teacht i dtír ar chorraíl na dtrioblóidí chun ár a imirt ar a naimhde. Scéinséir. D'fhéadfaí cuir beagán le téagar an scéil, doimhneacht a thabhairt do na carachtar. Ach feidhmíonn scéal an frith laoch. Tá greann dorcha anseo freisin. Agus boladh an ruda a d'fhéadfadh bheith fíor.

Beidh súil in airde agam do breis uaidh!

Gáire in Éag
Seán Ó Muireagáin
Éabhlóid