Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-06-27

Stáitse na Leabhar

 

Nuair a chloisim faoi dráma as Gaeilge i mBaile Átha Cliath, is nós liom freastail air más féidir in aon chor é. Ach níl aon ionad buan ag drámaíocht na Gaeilge san Ardchathair - cé go bhfuil áiteanna thar a chéile ina mbíonn drámaí as Gaeilge iontu. Ar feadh seal bhí an "Theatre Space @ Mint" ag feidhmiú mar a leithéid de spás, agus d'fhreastal mé ar chúpla dráma ann. Ní raibh aon cheann de na drámaí seo le Celia de Fréine ina measc - cé go raibh mé san tír ag an am seans nach raibh mé ar na liostaí bolscaireachta cuí ag an am. Ní cuimhin liom go beacht, seans freisin nach raibh m'fhlosc drámaíochta chun forbartha sin an uair úd. Nílim ar mo chompoird le téatar na háiféise ainneoin roinnt de dhrámaí Brecht a bheith léite agam. Bhí droch thaithí agam le dráma sa Ghearmáin i dtús m'fhichidí - mol comhghleacaí liom an dráma, agus chuaigh mé ann (i'm aonar). Ní raibh ar mo chumas bun ná barr a dhéanamh den dráma. B'é a dúirt mo chomhghleacaí liom go raibh sé de cheart agam clár an dráma a léamh chun tuiscint a bhaint as. Rud nach n-aontaím leis beag nó a mhór. Measaim gur cheart do dhráma - nó saothar ealaíne ar bith - bheith sothuigthe ar leibhéal éigin don duine féachana gar tacaí eile. Cinnte, is féidir breise doimhneacht a chuir leis an eolas tríd léamh nó eolas breise. Ach....

Ar aon nós, chuaigh mé sa tseans agus shocraigh mé fios a chuir ar na drámaí seo le Celia de Fréine ón leabharlann - ní raibh mé i amharclann le fada an lá. Measaim gur Baoite an dráma deiridh a chonaic mé ar stáitse.

Trí chinn de dhrámaí atá san leabhar. 

Pléann Anraith Neantóige le beirt bhan atá ag cónaí ar imeall cathrach i ndomhan apacailipteach lán cogaidh. Tá beirt fhear sa scéal freisin, leannán duine de na mná a bhíonn ag teacht agus imeacht, agus saighdiúir a thagann aniar aduaidh orthu. Idir an ceathrar acu cíortar uafás agus éigiall an chogaidh agus na nithe a thugann breosla dó. Tá drámaí le Beckett luaite san réamhrá ach níl aon chuir amach agam orthu sin. Fadó riamh léigh mé Mutter Courage Brecht agus is macallaí de sin a fuair mé san dráma seo. Agus fuair mé lón machnaimh áirithe as.

Bhí mé níos mó ar mo chompord le Coirín - scéal a chíorann grá agus cúram agus na hualaigh is féidir eascairt ní hamháin as searc éagmaise ach as searc comhlíonta má tá an bás chun deireadh roimh am a chuir leis - agus an ualach a leagan cúram de bharr grá ar leanbh nó leannán faoi seach. Tragóid sa chiall go dtarraingíonn meanma agus gníomhartha na carachtar a gcinniúint orthu. Ceisteanna tráthúla á ríomh ann.

Tá go leor de téatar na háiféise san tríú dráma Tearmann i mo thuairim neamhoilte féin. Ceist na dteifeach agus conas a caitear leo, agus an éileamh ar cineál áirithe cúis so-ghlactha a bheith lena dteitheadh chun go mbronnfaí tearmann orthu i gcóras atá sách cosúil le scéalta Kafka san fíorshaol. An mioscais is féidir eascairt as an eascairdeas agus amhras a ghintear i measc daoine faoi éadóchas an Liombó roimh cinneadh. Ceann eile atá uafásach tráthúil agus smál an chórais soláthar dhírigh gan bheith glanta fós.

Níl an samhlaíocht cuí agam chun an dráma a fheiceáil i mo shamhlaíocht (sin an toisc gur fearr liom scéal measartha traidisiúnta a léamh...). Mar sin féin tá mé sásta go bhfuair mé an leabhar seo agus gur léigh mé é - tá roinnt lón machnaimh faighte agam as.

Má bhíonn deis ann dráma le Celia a fheiceáil ar stáitse, tá súil agam go gcloisfidh mé faoi in am agus go mbeidh mé sa lucht féachana!

Is mór an trua, ceal ionad buain, go mbíonn ar gach dráma Gaeilge lucht féachana a thógáil as an nua, bolscaireacht agus cuardach a dhéanamh chun pobal as an nua a chnuasach. Dá mbeadh ionad buan ann, agus rialtacht, ba chabhair é sin chun pobal taithíoch a thógáil agus a fhorbairt.


Mná Dána Dornán Drámaí
Celia de Fréine
Arlen House 2019
ISBN 978190363