Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-06-24

Laudato Si (Moladh leat)

Tagairt do Chaintic na Gréine a chum San Proinsias Assisi atá i dteideal imlitir nua an Phápa. Mar seo a cuireadh Gaeilge air i Mise Proinsias Bhur mBráithrín le Gréagóir Ó Seanacháin agus Pól Ó Súilleabháin.
A Thiarna mhaith ró-ard na n-uile chumhacht!,
Leatsa gach moladh is glóir, gach onóir is gach beannú,
Duit féin amháin, a Ró-ard, is cóir á dtabhairt,
Is ní fiú duine ar bith tú a lua.

Moladh leat, a Thiarna liom, le lánlíon do dhúl,
Go háirithe a Shoilse, an Bráthair Grian,
Óir is é an lá é, agus is tríd a shoilsíonn tú sinn,
Agus é sciamhach is lonrach le niamhracht mhór,
Go mbeireann sé chugainn, a Ró-ard, do shamhailse.

Moladh leat, a Thiarna liom, ón tSiúr Ré is na réaltaí,
Thuas sa spéir a chum tú iad go gléineach, iad ina seoda, iad spéiriúil.

Moladh leat, a Thiarna liom, ón mBráthair Gaoth,
Is ón aer, is ó scamallacht is ó shoineann is ó gach síon,
Ós tríothusan dod chréatúir a thugann tú scamhard.

Moladh leat, a Thiarna liom, ón tSiúr Uisce
Atá fíorfhóinteach is uiríseal, is atá ina seoid agus geanmnaí.

Moladh leat, a Thiarna liom, ón mBráthair Tine,
ós trína a bhíthin a shoilsíonn tú an oíche,
Agus é chomh hálainn, chomh bríomhar is groí

Moladh leat, a Thiarna liom, ónar Siúr Máthairthalamh
a bhíonn dár gcothú is dár riar
Is a ghineann torthaí den uile ghné
le cois na bhflós daite is an uaine

Moladh leat, a Thiarna liom, óna dtugann pardún ar a ngrá duit
Is a fhulaingíonn an easláinte is an anacair
Is méanar dóibh siúd a chuireann suas leo go suaimhneach,
mar is agatsa a Ró-ard a chorónófar

Moladh leat, a Thiarna liom, ónar Siúr Bás na colainne
Nach dtig le haon duine beo éalú óna lámh.
Is mairg a éagann i bpeacaí atá marfach;
Is méanar dóibh siúd ar a dtiocfaidh sise agus iad ar do mhianta ró-naofa
Óir ní dochar dóibh an dara bás

Molaigí is beannaígí mo Thiarnasa
Gabhaigí bhur mbuíochas-sa
Is déanaigí fónamh dó le mór-uirísle

Ar leaba bháis a scríobh Proinsias an dán seo, ina chanúint féin. Tá an bunleagan maille leagan Laidine le Lúcas Wadding sa leabhar; leabhar toirtiúil le scríbhinní Laidine Proinsias agus leaganacha i nGaeilge leis an lucht eagar. Leabhar spéisiúil.

Mise Proinsias Bhur mBráithrín
Gréagóir Ó Seanacháin, Pól Ó Súilleabháin,
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 1902420527 

2015-06-23

Aileach

Thug duine éigin - ní cuimhin liom anois baileach cé - ardmholadh ar Twitter don leabhar seo rud a spreag mé le dul i muinín BorrowBooks agus fios a chuir air.
N'fheadar an úrscéal an cur síos is cruinne ar an leabhar seo. Bean amháin atá lárnach sa scéal, bean a thugann cumhacht na cléire agus an phobail bata is bóthar di ó Iarthar Éireann na tríochaidí de bharr í bheith torrach gan pósadh. Anall go Meiriceá a seoltar dá ainneoin í. Tugann an chuid eile den leabhar radharcanna anonn is anall ar saol fhada go dtí go bhfilleann sí ar chlann nia léi ag deireadh a saol, néaltrú ag dul di agus gan í bheith cinnte an ina meabhair nó as atá sí. Dúntar bogha an scéil ag deireadh ar bhealach tuisceanach.
Thug mé suntas dó nach dtagraítear dubh, bán nó riabhach d'athair an pháiste tríd síos. Bealach chumhachtach le easpa na bhfear sin i dioscúrsa an ré dhorcha úd dó na mná a leomh caidreamh ar eascair páiste as a bheith acu gan séala cléir agus pobail bheith air.
Cíortar ceisteanna eile sna radharcanna, tnúthán na mnaoi nach bhfuil leanbh in ann di, mian an duine a fheiceann néaltrú ós a gcomhair amach smacht a bheith acu ar deireadh saoil, gaol idir na ciníocha i Meiriceá. Ní go hoideach a déantar seo, tá smacht ag an údar ar an mbunphrionsabal "Taispeáin, ná habair", agus tá na ceachtanna folaithe go healíonta sna radharc éagsúla a thugann sé dúinn ar saol na mnaoi, radharcanna aonair agus bearnaí móra de bhlianta eatarthu.
Leabhar chumhachtach agus go leor, leor ábhar machnamh ann.

Aileach
Jackie Mac Donncha
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781905560608  
(ar fáil mar ríomhleabhar)

2015-06-21

Réamhrá "Briseadh na Teorann"

Tá an Chríchdheighilt ann toisc gur éiligh Prodastúnaigh na tíre í, go mórmhór Prodastúnaigh an Tuaiscirt.
Go brách, ní imreoidh Sasana ná aon chumhacht eile éigníocht ar Aondachtóirí na Sé gContaetha d'fhonn a thabhairt orthu ceangal, dá n-ainneoin, leis an Phoblacht.
Muran féidir a áiteamh ar chúpla céad míle Prodastúnach sa Tuaisceart go mba chóir dóibh vótáil ar son athaontú na hÉireann, ní chuirfear deireadh leis an Teorainn go deo.
Ní éireoidh linn choíche dearcadh na nAondachtoirí a athrú le bagairt ná le fonóid ná le ciapadh.
Is as a gconlán féin a d'éiligh na Prodastúnaigh an Chríchdheighilt agus ní ar iarratas ná ar mholadh ó Shasanaigh ná ar mhaithe le Sasana.
Um thosach na haoise seo, bhíodar uilig ach, béidir, duine as an míle, i gcoinne féinriail a bhieth ag Éirinn; agus bhíodar amhlaidh toisc go raibh curtha ina luí orthu ag Caitlicigh na hÉireann, leis an slí inar thréigeadar-sin an Ghaeilge agus traidisiúin a sinsear, nach mar chuspóir náisiúnta a bhíothas ag iarraidh greim Shasana a bhogadh d'Éirinn ach ar mhaithe leis an chreideamh Caitliceach agus dada eile.
Ní bheifear in ann slua mór de Phrodastúnaigh an Tuaiscirt a thabhairt ar thaobh na Poblachta feasta gan dóthain athbheochana a dhéanamh ar ár náisiúntacht cultúrtha lena fhágáil ní hamháin follasach ach do-shéanta, fiú ag lucht an amhrais, go bhfuil aidhm níos leithne ag Náisiúntaigh na tíre ná Éire a iompú ina hIar-Bhreatain neamhspleách nach mbeadh ag deachráil a muintire ó na daoine thoir ach cúrsaí creidimh.
An té go mba mhian leis aon rud a dhéanamh ar mhaithe le hathaonú na hÉireann ní mór dhó, dá dheacracht leis é, na fíricí seo a ligint lena ais, agus a lán fíricí eile mar iad.

Slí de Buitléar

In onóir do Éamon Óg de Buitléar, an scannánóir dúlra atá an lúb shiúlóid thart ar cheann Bhré ainmnithe. Thart ar uair go leith atá i gceist leis an shiúlóid. Threoraigh mé buíon de na Cnocadóirí air Déardaoin seo a d'imigh thart. Bhuaileamar le chéile ag an Stáisiún DART i mBré, agus seachas dul suas Ceann Bhré i dtosach (mar atá molta agus marcáilte) bheartaigh mé an siúlóid a dhéanamh droim ar ais. Is fearr liom féin fáil réidh le pé siúl ar bhóthair atá le déanamh ag tús na siúlóide! Mar sin shiúlamar tríd Siúlán Ailbhe, feadh Bóthar na Mí agus faid Bóthar na Cuairte Nua go Bóthar Vevay agus an timpeallán ag Bóthar Cros an Deiscirt. Díreach ó dheas uaidh sin tá cosán cúng a ghabhann idir an cumann gailf agus muine, agus a dhreapann go réidh go barr cheann Bhré.
Sara bhfad múchtar gleo na bóithre is an chathair. Ó tharla gur tráthnóna a bhí ann, chuala muid roinnt mhaith cantaireacht éin, agus chuala mé Snag Darach mar a tá le clos sa físeán thíos freisin sa mhuine beag atá gar do bharr an cnoic. Tá radhairc bhreátha le fáil fán mbealach - siar ar sléibhte Cill Mhantáin agus Átha Cliath, agus ó thuaidh ar Bhaile agus Bá Bhré agus Bhaile Átha Cliath - bhí na tinte aitinn ar Beann Éadair le feiceáil againn! Chaith muid seal ag an gCros ar bharr Ceann Bhré go dtí gur chlúdaigh scamall an ghrian agus thosaigh ag éirí fuar. Síos linn ansin go Promenáid Bhré. Tá an cosán síos Ceann Bhré síonchaite go maith agus an-ghéar, is gá bheith cúramach ar na clocha scaoilte.
Bhí greim agus deoch againn ag deireadh san caife Iodálach Campo de Fiori sular scaipeamar abhaile. Siúlóid thaitneamhach atá ann.
Radharc siar ar Sléibhte Chill Mhantáin
Radharc ó Thuaidh
Radharc ó Thuaidh
Ceann Bhré ó Bhóthar Putland
Roinnt Cnocadóirí ar bharr

2015-06-15

Diabhlaíocht Mhichíl

Dar leis an mblurba ar an leabhar seo:
Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu.
Beidh fhios ag léitheoirí an  bhlaga seo nach dtiteann mise go ró mhaith i ceachtar catagóir thuas. Bhíos measartha míchompordach dá brí sin le scéalta a bhain macallaí láidre as scéalta an tSeantiomna ach gurbh cosúla an Dia iontu le samhail Shakespeare i Rí Lir:
As flies to wanton boys are we to th' gods.
They kill us for their sport.
Cheil sin cuid de phléisiúir na léitheoireachta orm go dtí gur éirigh liom an ealaíon a fheiceáil agus tuiscint nach an doiscéal de réir Micheál a bhí anseo agam ach obair osréalach ficsean, draíocht ag caitheamh léargas ar an duine agus a chaidrimh.

Ní taobh le macallaí ón mBíobla atá cumadóireacht Mhichíl; d'aithin mé féin macallaí ó na hamhráin agus an bhéaloideas agus táim measartha cinnte go ndearna sé a chuid féin de mhiotais cultúir eile freisin - tá scéal ann faoi gadhar a thóg cailín mar shampla a mheabhraigh scéal Romulus agus Remus dom. Seachas Dia, tá Lazaras, Iúdás agus pearsana eile sna scéalta. Tá casadh úr bainte as gach scéal acu (cé gur mheabhraigh scéal Lazarus scéal Uí Chonaire dom).

Scagadh osréalach ar an bheith daonna, ar chaidreamh, collaíocht agus spleáchas.

Dosaen scéal san iomlán atá sa chnuasach, máistreacht ar teanga agus ábhar mar is dual don údar. Táirge ealaíonta atá san leabhar féin, pictiúr de chuid Séan Ó Flaithearta.

Le bheith ionraic, ní hé an cineál scéalaíochta is fearr liomsa atá ann, ach níl aon cheist faoi chumas an údair, agus ní bheadh drogall ar bith orm an leabhar a mholadh dóibh siúd a dtaitníonn samhlaíocht scaoilte den iall leo!

Diabhlaíocht Dé
Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht,
Tagairt: 9781784441265  


2015-06-13

Náisiún Caitliceach?

'Is ar náisiúnachas caitliceach seachas ar náisiúnachas gaelach a tógadh an stáit nua '

Bhí an méid sin le rá, i measc go leor rudaí stuama eile, ag Peadar Kirby ina aiste Tábhacht na Gaeilge i dTodhchaí na Tíre - The Necessity for Re-Europeanising Ireland. Tá an rud céanna ráite roinnt uaireanta ina shaothair ag Earnán de Blaghd - Protastúnach (agus sinsir aige arbh Cruifearaigh1 iad)  as Uladh a bhí i dtús cadhnaíochta agus an stáit á bhaint amach. Chonaic seisean an náisiúnachas Chaitliceach seo ag borradh san feachtas um Imriail a bhí ag Feisirí an Pháirtí Éireannaigh i dtús an chéid seo chaite, agus chonaic sé an chaoi a raibh ding á chuir idir Protastúnaigh Uladh agus an gluaiseacht náisiúnta.

Is fíor dóibh beirt. Tá an scéal níos measa áfach. Mar ní náisiúnachas bunaithe ar smaointeoireacht Chaitliceach a bhí i gceist. Tá's ag léitheoirí an bhlag seo gur pápaire neamh-leithscéalach mé féin agus go gcreidim go bhfuil áit dlisteanach ag smaointe atá faoi anáil teagasc na hEaglaise sa chearnóg poiblí, ar an mbonn céanna le fealsúnacht saoránaigh ar bith eile; agus go bhfuil dualgas agus ceart ag aoirí na hEaglaise na smaointe sin a fhógairt gach eagla.

Ach is treibheachas idirdhealaitheach a bhí i gceist. Ró urraim do chliarlathas a bhí galldaithe agus piúratánach. Meánaicme santach a bhain feidhm as údarás na hEaglaise agus meas ar a cléirigh le smacht a choimeád ar an bpobal a raibh tábhacht ag a mballraíocht san treibh lárnach dá féin mheas.

Bhí buntáistí ann don stát nua, d'fheadfaí cúraimí go leor a leagann ar chléir a shaothraigh beag beann ar phá nó ar maoin; cuid mhór acu le flosc idéalach ar son Críost.

Liosta le háireamh na hoilc a d'eascair don pobal, don Eaglais agus don Stáit as an gcaidreamh mí-fholláin seo, a bhfuil an fhianaise doshéanta  ag pléascadh is ag brúchtadh aníos le blianta beaga anuas. N'fheadar áfach an bhfuil scagadh cheart á dhéanamh ar na fréamhacha: d'fhág an socrú teolaí seo modh éifeachtach ag an gcinseal an phobal a mhúnlú de réir a dtola.

Sílim go léiríonn cás an Scéim Máthair agus Leanaí, mar shampla, an dóigh ar úsáid na Dochtúirí mór le rá cumhacht na hEaglaise le scéim a chuirfeadh isteach ar a saibhreas is cumhacht féin a scrios. Tá marbhfháisc fós ag na Dochtúirí Comhairleacha ar an gcóras sláinte abhus.

Cé go bhfuil cumhacht an chliarlathais Caitliceach briste abhus, is fada fós muid ó res publicae ina bhfuil guth ag gach saoránach. Tharlódh go bhfeadfadh athbheochan Gaelach an cosán sin a ullmhú.

Ach tá cinseal is údarás fós láidir!

Caithfidh an stáit a bheith bunaithe ar urraim do dhínit gach duine faoi seach; ach freisin ar urraim ar na caidreamh idir dhaoine atá neamhspleách ar an Rialtas; an teaghlach, an pobal áitiúil, cumann áitiúla idir spóirt is eile.Tá coimhdeacht tábhachtach - go réiteofaí ceisteanna chomh gar dóibh siúd atá i ngleic leo agus is féidir.

Bhfuil ceachtanna foghlamtha againn mar stáit agus pobal?



1 Cruifearach an focal atá ag an mBlaghdach ar Preispitéireach. Tá an focal cruimther ar sagart le fáil in edil.

2015-06-15 Leasaithe de bharr tagairt Néidí thíos.

2015-06-03

Ceist gheilleagar ceist na Gaeltachta

Bhí seastán leabhair ag Coiscéim ag Fóram Díospóireachta Teacht Aniar agus is ann, ar spreagadh ó Rónán Mac Murchaidh a fuair mé an paimfléid seo. 
Tá go leor cainte (agus cáinte) faoin Nuashonrú ar an Staidéar Teangeolaíochta agus beartais leagtha amach ag na húdair le dul i ngleic leis na fadhbanna a fheictear dóibh.
Tá Beartas leagtha amach san paimfléid seo ar mithid smaoineamh air. Dúirt Pádraic Ó Conaire tráth nach bhfeadfadh teanga ar bith a bheith beo gan dream éigin a bheith ann nach labhraínn ach í. Sílim go bhfuil dealramh leis sin. Ciallaíonn sin áfach go gcaithfidh duine a bheith in ann slí beatha a bhaint amach gan ach Gaeilge a labhairt. Rud arbh fhéidir le hiascairí agus feirmeoirí an chéid seo chaite; ach is ó lámh go béal a mhair siad, rud gur fíor bheagán a bheadh sásta leis inniu. Na feirmeoirí agus iascairí féin táid gafa in eangach an mhaorlathais Béarla anois pé scéal é. Ní inniu na inné a thosaigh iarrachtaí fostaíocht a chuir ar fáil ag brú an Bhéarla ar muintir na Gaeltachta; dáiríre is ag leanacht réamhshampla Bord na gCeantar Cúng a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí le fíor deireanas (Glaoaonaid, ambaist!). Tuigim (agus tagaim le) cuid mhór dá bhfuil á rá ag Ciarán Dunbar san alt seo:

Creidim i dtábhacht na Gaeltachta, ní mar thobar na Gaeilge amháin ach mar fhoinse cearta agus dlísteanachta mar gan Ghaeltacht ní dóigh liom go mbeadh tacaíocht stáit ar bith ann don Ghaeilge.
Chun go mbeidh an Ghaeltacht buan, caithfidh sciar maith daoine bheith in ann a slí bheatha a thabhairt i dtír gach ach í á labhairt acu. Cé gur maith ann iad TG4 agus RTÉ RnaG agus araile, ní leor fostaíocht in earnáil atá ag fónamh do phobal atá ag crapadh. Tá - agus beidh - na ceantair Gaeltachta iargúlta. Is fíor go bhfuil bóithre ag feabhsú (agus ag breith an Bhéarla leo) agus b'fhiú go mór díriú ar an bonneagar teileachumarsáide a fheabhsú freisin. Is gá bheith ag táirgeadh earra ar ardluach agus ar íseal chostas onnmhairithe. Tá samplaí maith tugtha i leabhair Finbarr Bradley - seodra Brian de Staic abair nó Cniotáil Inis Meáin.

Aithníonn an paimfléid seo gur an geilleagar eithne na ceiste. Téis an paimfléid gur gá Ollscoil iomlán ag feidhmiú trí Ghaeilge chun go gcuirfeadh Gaeil agus muintir na Gaeltachta an oiliúint chaoi orthu féin ina dteanga féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb geilleagrach.

Rinneadh comparáid ar ball inniu idir an Danmhairg a bhfuil achar agus daonra mórán mar an gcéanna na Éireann aici; ach sochaí níos fearr. Mo fhreagra ar sin ná go bhfuil a dteanga féin fós ag na Danair. Mar atá ag na hÍoslannaigh. Tharraing Dennis m'aird ar an alt seo faoin chaoi go bhfuil coistí pobail san Íoslainn ag dul i ngleic le téarmaíocht nua tríd tarraing as a gcuid ságaí. Tá eolas mhaith agam féin ar Rúraíocht agus Fiannaíocht - ach is as Béarla nó Gearmáinis a chuir mé aithne ar Mac Coinglinne, Clann Tuireann nó Macha Mongrua.

Is in onóir an Athair Ó hIceadha a scríobhadh an aiste. Fear a bhí lárnach i feachtas rathúil Conradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge riachtanach san Ollscoil Nua Náisiúnta a bhí le bunú. Téis an leabhair - agus tagaim leis - gur bua Piorrach a bhí ann ainneoin fiúntas na ndaoine a bhí bainteach leis. Mar ainneoin stádas reachtúil Ollscoil na Gaillimhe tá an Béarla in uachtar i ngach ceann de na Coláistí Ollscoile agus níl sa riachtanas an máithreánach a ghnóthú as Gaeilge ach siombalachas an cúpla focal.

Tá gan amhras Acadamh na hOllscolaíochta  agus Fiontar ann agus is forais fónta iad. Ach is mionchuid de eagraíochtaí ina bhfuil an Béarla in uachtar iontu iad. Tá na Coláistí Ullmhúcháin imithe le fada; agus níl aon foras ag oiliúint ábhar oidí len iad a réiteach don earnáil Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.  Tá aos óg na Gaeilge fós faoi chuing an Murder Machine.

Tá obair le déanamh! Fotha ollscoile lucht léinn is plé. Cuirimis bunchloch.

2015-06-01

Na Cnocadóirí i mBrú Bhealach Eabhra

B'é Brú Bhealach Eabhra i gCill Fhíonáin ceanncheathrú na Cnocadóirí do dheireadh seachtaine thaitneamhach siúlóide sna cnoic idir Luimneach, Tiobraid Árainn agus Corcaigh. Bhíomar san ionad sin de bharr gur chuir lucht an bhrú forrán r-phoist - as Gaeilge - ar duine den lucht eagar.

Bhí deis againn mar sin ár ngnó a dhéanamh tré Ghaeilge le lucht an bhrú. 

Tá an brú féin le moladh - tógtha as an nua agus machnamh déanta san tógáil. Seomraí fairsinge, leapacha compordacha. Ceathanna teo, chaon ceann acu ina sheomra ar leith. Cistin agus seomra proinne leordhóthanach.  Tá sauna ann fiú (ach níor bhain mé triail as an babhta seo)

Troscán cuanna adhmaid deartha ag fear an tí féin (ach comhartha ar saol ár linne, is san Indinéis a déantar an troscán atá ar fáil ó Bhatavia)

Seomra suite compordach. Tine breá adhmaid. (Tá teilifíseán ann, ach is féidir san a mhúchadh!)

Ceanncheathrú ana oiriúnach ab ea é, gar do na Gaibhlte agus Bealach Eabhra féin. De Satharn chuaigh muid ar fad ag tosú amach ar lúb mhór go Cnoc Mór na Gaibhlte. ó dhroichead Cloideach. Bhí an aimsir sách maith ag tosú amach ach bhí an sliabh clúdaithe le scamall faoin am a thrasnaigh  muid an Cois. Bheartaigh cuid againn dul anuas ag an bpointe sin, agus lean an chuid eile againn ar aghaidh, dreapadh géar isteach sa cheo suas Gaibhlte Beag. Óna mhullach sin bhí muid sa cheo ar fad. Bhí lón againn ar an mám idir an dá bheann, áit a raibh foscadh éigin. Suas in aghaidh an fhána ansin isteach i gceo agus gaoth nimhneach. Faraor, radharc dá laghad ní raibh againn. (Go deimhin bhain mé díom mo spéaclaí mar go raibh mé chomh caoch céanna leo is gan iad!) Bhí muid tamall maith eile san cheo sular tháinig muid anuas as arís. Siúlóid sách dian a bhí ann, 16 km san iomlán agus dreapadh 1100 méadar ar fad - codanna dé ana ghéar.

Táim féin as cleachtadh is baolach agus shocraigh mé é thógáil go réidh agus siúlóid éasca a dhéanamh ar an Domhnach. Thug ceathrar againn faoin siúlóid i nGleann an Áir atá ainmnithe as an údar cháiliúil Canon Sheehan. Bhí dea chomhairle faighte againn agus rinneamar é a shiúl malairt treo atá leagtha amach ar an mbileog sa chaoi is gur thosaigh muid amach ar bhóthar coille a bhí rud beag leadránach ainneoin go raibh corr radharc álainn; d'fhilleamar tríd mothar-choill cois abhainn.

Siúlóid breá réidh.

Thug an chuid eile faoi Ladhar an Chapaill agus bhain taitneamh as ainneoin go raibh sé nimhneach fuar.

Cé go bhfuil seacht cinn de thithe tábhairne i gCill Fhionnáin níl ach proinnteach amháin (maille greim gasta). Bhíos sásta leis na béilí a d'ith mé i Molly's Restaurant - príomh mias ar thart ar 10 €, gnáth béile Éireannach le feoil, glasraí agus fataí. Bhí na milseoga go deas freisin.

Bé tuairim ár saineolaithe ná gurbh Tí Cheilleachair rogha na tithe tábhairne, saor ó mhallacht an teilifíseáin. Bhí beoir ón grúdlann ceirde áitiúil acu - 8 Degrees - agus thaitin an leann griandóite agus an Boihéamach Costarnocht liom

Leis an rabhadh aimsire atá ann, d'fhill mé ar an ardchathair agus an baile maidin inniu.

Beidh fonn orm filleadh!