Píosaí liom in áiteanna eile:

2015-06-23

Aileach

Thug duine éigin - ní cuimhin liom anois baileach cé - ardmholadh ar Twitter don leabhar seo rud a spreag mé le dul i muinín BorrowBooks agus fios a chuir air.
N'fheadar an úrscéal an cur síos is cruinne ar an leabhar seo. Bean amháin atá lárnach sa scéal, bean a thugann cumhacht na cléire agus an phobail bata is bóthar di ó Iarthar Éireann na tríochaidí de bharr í bheith torrach gan pósadh. Anall go Meiriceá a seoltar dá ainneoin í. Tugann an chuid eile den leabhar radharcanna anonn is anall ar saol fhada go dtí go bhfilleann sí ar chlann nia léi ag deireadh a saol, néaltrú ag dul di agus gan í bheith cinnte an ina meabhair nó as atá sí. Dúntar bogha an scéil ag deireadh ar bhealach tuisceanach.
Thug mé suntas dó nach dtagraítear dubh, bán nó riabhach d'athair an pháiste tríd síos. Bealach chumhachtach le easpa na bhfear sin i dioscúrsa an ré dhorcha úd dó na mná a leomh caidreamh ar eascair páiste as a bheith acu gan séala cléir agus pobail bheith air.
Cíortar ceisteanna eile sna radharcanna, tnúthán na mnaoi nach bhfuil leanbh in ann di, mian an duine a fheiceann néaltrú ós a gcomhair amach smacht a bheith acu ar deireadh saoil, gaol idir na ciníocha i Meiriceá. Ní go hoideach a déantar seo, tá smacht ag an údar ar an mbunphrionsabal "Taispeáin, ná habair", agus tá na ceachtanna folaithe go healíonta sna radharc éagsúla a thugann sé dúinn ar saol na mnaoi, radharcanna aonair agus bearnaí móra de bhlianta eatarthu.
Leabhar chumhachtach agus go leor, leor ábhar machnamh ann.

Aileach
Jackie Mac Donncha
Cló Iar-Chonnacht
Tagairt: 9781905560608  
(ar fáil mar ríomhleabhar)