Píosaí liom in áiteanna eile:

2009-01-29

Meamraiméis pollta go healaíonta

Ag Alan Titley i gCrobhingne inniu.

Ach cé go raibh altanna eile ar líne le tamaill, níl alt an lae inniu. Sean lady Sráid D'Olier ar a seanchleasanna ar líne? Cá bhfios.

Pé scéal é, slabhra de nathanna folmha freacnairceacha ó Bhéarla ár maorlathaigh a bhí ann, tiontaithe go hábalta go glé Ghaeilge.

Agus léiriú ar dhá rud - folmha a baois na nathanna, agus solúbthacht an Ghaeilge ach máistir a bheith á aclú!

2009-01-26

Cothrom Laethanta Cinniúnacha ...

Inné:

Cuimhneacháin ar Iompú Sól ina Phól a bhí á cheiliúradh ag an Eaglais Caitliceach. Roghnaigh Dia Pól chun an soiscéal a iompar chuig na Gintlithe - agus d'athraigh an domhan dá réir.

Ach tá an Domhan agus muide fós sáite san neamhfhoirfeacht, sa pheaca - mar a chuireann an cuimhneacháin ar an Uileloscadh a bhí ann inné i gcuimhne go pianmhar dúinn.

Aontaím go láidir leis an méid a bhí le rá ag an tUachtarán inné: Ní mór cuimhne ar na huafáis a bheith beo - ar mhaithe le sleamhnú ina dtreo arís a sheachaint.

Ar deireadh, fáilte roimh Bliain an Daimh - Bliain Nua na Sínigh. Deirtear gur foighneach, stuama iad an dream a rugtar i mBliain an Daimh. Tá Barack Obama agus Margaret Thatcher araon ina measc, mar a léigh mé san Irish Times inniu.

Rothaí Móra an tSaoil, ag casadh leo....

2009-01-19

An Chéad Dáil

Ón gClár Oibre Poblacánaighe:

Dearbhuighimíd go bhfuil sé de dhualgas ar gach fear agus gach mnaoi bheith umhal, díleas, freagarthach agus freastalach don Phobalacht; agus go bhfuil sé de dhualgas ar an náisiún feuchaint chuige go mbeidh caoi ag gach duine san tír ar a cheart agus a acfuinn féin do chur I bhfeidhm ar mhaithe le leas an phobuil. Mar chúiteamh ar fhreagra is freastal na ndaoine, dearbhuighimíd [22]i n-ainm an tSaorstáit, gur dual do gach duine a cion féin de thoradh saothair an náisiúin a bheith aige.

Isé an príomhchúram a bheidh ar Riaghaltas an tSaorstáit ná gleusa soláthar chun leas corpordha, leas spioradálta agus leas inntleachta na leanbhaí do chur i n-áirithe dhóibh; feuchaint chuige ná béidh an t-ocras ná an fuacht ag goilleamhaint ar éin leanbh de cheal bídh, eudaigh ná dín tighe; acht go bhfaghaidh siad gach cóir agus gleus is gádh dhóibh chun teagaisc agus taithighe ceart do thabhairt dóibh i gcóir na hoibre a bheidh le deunamh aca mar chomhaltaí den tSaorstát Gaedhealach.



Nára fada uainn an Saorstát Gaedhealach úd! (Beidh comóradh an i dTeach an Ard Mhéara amárach ar an gCéad Dáil, a tháinig le chéile ar 21ú Eanáir 1919 don gcéad uair)

Nóta le seanbhlas: seachas roinnt fógraí i bhFraincis agus san Sacs-Bhéarla, ba i nGaeilge a reáchtáladh an cruinniú i 1919. I 2009, níl fiú an preasráiteas ar fáil i nGaeilge ar suíomh idirlín an Oireachtais.

Dúirt Cathal Brugha i 1919:
"B'éidir go bhfuil roinnt daoine i láthair ná tuigeann an Ghaeidhilg: de dheascaibh an tsóirt sin oideachais atá in Éirinn le fada, tá, foríor, a lán Éireannach ann ná tuigeann teanga a dtíre féin".

Sin rud nach bhfuil aon athrú air, monuar!

2009-01-15

Éist a Iosrael (agus gach aoinne eile freisin!)

Táim ag éirí bréan bailithe den phlé maidir le hionradh Iosrael i nGaza.

Níl le léamh sna nuachtáin ach líne an pháirtí ar thaobh amháin nó ar thaobh eile.

Ráiteas seafóideacha ag cuir 'chaon taobh i gcomparáid le Naitsithe - Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, ag cuir Alan Shatter (Teachta Dála ar Ghiúdach é) i gcomparáid le Goebbels. Daoine a freagairt tagairtí faoi sainordú daonlathach Hamas le ráite cosúil le "Fuair Hitler sainordú daonlathach freisin"

Tá blaiseadh den fhirinne ina lán dá bhfuil á rá ar an dá thaobh. Ach ní chabhraíonn sé altanna chliste - cosúil leis an gceann seo le hAlan Titley - a scríobh.

Caithfear bogadh ó na cúinní seo, nuair nach díospóireacht atá ar bun chor ar bith, ach comórtas "scáirt an mhargadh".

Tá sé de cheart ag Stát daonlathach Iosrael a bheith ann, ina stáit ceannasach neamhspleách.
Tá an cheart céanna ag pobal na Palaistíne stáit ceannasach, daonlathach, neamhspleách a bheith acu - stát a chaomhnódh an Pobal úd idir Críostaithe (ba Chríostaithe ar fad iad roimh theacht Mahamad!) agus Moslamaigh.

Tá deacrachtaí móra ann. Níl stáit ar bith daonlathach sna críocha Arabacha. Tá daonlathas Moslamach ann - san Tuirc, sa Phacastáin agus san Indinéis, abiar. Ach is ag lapadaíl atá an daonlathas iontu fós. Tá scéal léanmhar an Liobáin ann chun na dúshláin do Stát ilchreidmheach a léiriú.

De bharr na staire, caithfidh Iosrael móramh Giúdach a bheith aici lena ról a chomhlíonadh - mar thearmann do phobal a bhfuil stair fhada léanmhar de ghéarleanúint acu.

Ba mhór an chabhair iad Prionsabail Mitchell in san dul chun cinn i dTuaisceart Éirinn.

Tá gá le Prionsabail dá léithéid san Meán Oirthear, agus tá gá le gach dream, iad siúd sa chulrá mar atá an Iaráin agus an tSiria , chomh maith le gach dream eile, glacadh leo.

Níl teacht ar aon "bhrocéir ionraic" sa scéal seo - níl cumhacht ar bith ar Domhan nach bhfuil gné éigin dá stair ag cosc orthu bheith neodrach.

Ach caithfear an fáinne fí a réabadh!

2009-01-14

Áit na mBan san saol

Alt fiúntach ag Sarah Carey san Irish Times inniu.

Tharraing Rachida Dati, Aire Dlí agus Cirt na Fraince ceannlínte i ndiadh di "filleadh" ar obair cúig lá i ndiadh gearradh Caesarach. Obráid thromchúiseach ann féin, gan trácht ar leanbh óg a bheith aici (agus má thuigim an scéal i gceart, gan tacaíocht athair an pháiste aici).

An rogha saor a rinne sí - nó an ea an chaoi go raibh iachall uirthi filleadh d'fhonn a háit san saol a choiméad? An bhfuil comhionnas ar bith bainte amach ag gluaiseacht na mban - nó an amhlaidh, mar a deir Sarah Carey san alt thuas - nach bhfuil fíor rogha ag mná (ná fir) seachas cloí leis an rud is mian leis an maoinlathas?

Is fada muid ó eagar a bheith ar an saol gur féidir le tuistí aire mar ba mhian leo a thabhairt dá gclann, agus fós bheith páirteach san saol oibre. Agus is ar mhná a thiteann an ualach is troime.

2009-01-07

Seilbh na Coróine - Léirmheas

Bhí an leabhar seo i measc na húrscéalta a fuair mé don Nollag.

Úrscéal stairiúil eile ó pheann Séamus de Napier, alias Alec Bán Mac Conaill, ar dheis de go raibh a anam.

Bhí 1260 AD léite agam cheana, ach thaitin an ceann seo níos fearr liom.

Aodh Mac Cathmhaoil, alias Mac Aingil an pearsa lárnach sa scéal, agus é in oide agus ball de na Bráithre Mionúir agus Coláiste cháiliúil Naomh Antaine á bhunú i Lobháin.

Tá dhá snáth san scéal - eachtra gadaíochta arbh iad beirt de shaighdiúirí Aodh Uí Neill atá ciontach as - agus caidreamh athbhunaithe Aodh Mhic Aingil leis an teaghlach a raibh sé ina oide ann tráth.

Ní mór úrscéal atá anseo, ach bhain mé i bhfad níos mó sásamh as ná mar a bhain mé as 1260 AD. Mholfainn mar píosa deas siamsaíochta an scéal, agus mar bhlaiseadh den tréimhse corraithe úd i stair na nGael.

Tá an scéal inchreidte, tá téagar airithe le pearsa Aodh san úrscéal.

2009-01-02

Beatha teanga a labhairt, buanú teangan a scríobh

Tá alt thar a bheith spéisiúil aistrithe ag Michal maidir leis an tábhacht scríobh go foirfe do na glúinte a thiocfadh inár ndiaidh, go háirithe dóibh siúd a bhíonn ag plé le teanga agus í marbh.

Anois, is fada ó foirfeacht aon cheo a scríobhaimse, faraor. Ach deirtear gur taithí a níos máistreacht. Tá ceist an eagarthóireacht ann freisin - is deacair do bhotúin fhéin, go háirithe na cinn buana, a fheiscint.

Tá níos mó ná taithí de dhíth áfach - is ó mhaistrí a tógtar máistreacht in aon phrintíseacht. Mar sin, ní mór léamh, agus léamh, agus léamh - ach na maistrí a aimsiú! Agus fuascailt na ceiste - cad is dea Ghaeilge ann?

Tá carn mór leabhra agam anois ón Nollaig, mar sin beidh mé ag léamh liom!