Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label fonotaí staire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label fonotaí staire werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2019-06-25

Iarchóilíneachas

Ar cúpla cúis tá scata leabhar le hAfracaigh nó le daoine de bhunadh na hAfraice léite agam le déanaí. Tarraingíonn scéal scéal agus chuir Nnedi Okorafor i dtreo Octavia Butler mé. Níl léite agam fós dá saothar ach Kindred  - scéal taisteal aimsire. Tugtar bean de sliocht sclábhaithe siar go ham na sclábhaíochta chun a sinsear féin a shlánú. Is iomaí corr is casadh sa scéal agus tuiscint scanrúil le baint as ar éifeacht na daoirse ar an duine.

Is de bharr Nnedi freisin a léigh mé úrscéal Ben Okri The Famished Road úrscéal réalaíochas draíochtúil lán spioraid agus draíocht ach deannach agus dua an ghnáthshaoil i gceantar na mbochtán uirbeach freisin, i dtír ar thairseach an neamhspleáchais.

Liosta éigin saothair a sheol i dtreo Wizard of the Crow le Ngũgĩ wa Thiong'o mé, leabhar atá á léamh faoi láthair agam (go mall toisc go bhfuil sé ró mhór iompair thart!).

Le déanaí freisin de bharr an aistriúchán Titeann Rudaí as a Chéile, tá dornán úrscéal agus cnuasach aistí le Chinua Achebe léite agam.

Is maith le hÉireannaigh - Gael go háirithe - amharc orainn féin mar phobal a bhí faoi chois ag coilíneacht. Tá barántas éigin inár stair don tuairim sin ach tá amhras orm, amhras atá ag fás, an é sin iomlán an scéil.

Ar an gcéad dul síos, ós rud é go bhfuil cónaí orainn san Eoraip tá brabach á bhaint againn as torthaí an choilíneachais. Agus as an fána eacnamaíochta a fhágann ar ár gcumas earraí saoire (dúinne) idir ámh agus monaraithe a cheannach ón domhan i mbéal forbartha.

Is Caitliceach mé. Tuigim riachtanas agus tairbhe an mhisean. Creidim fós go ndearna misinéirí na hÉireann níos mó leasa ná aimhleasa. Ach is deacair a shéanadh go raibh aimhleas ann.

Go háirithe nuair a réitigh an misean an bealach do choilíniú agus níos measa.

Tá stair Rí Afonso an Congó spéisiúil, abair.

Chaith mo dheartháir seal ina phoitigéir i Uganda agus chuir an ciníochas as do. Bhraith sé gur géilleadh dá thuairim de bharr lí a chnis seachas a shaineolas.

Anois agus muid i ngleic géarchéim aeráide is gá dúinn bheith ionraic linn féin agus iarracht a dhéanamh a bheith cóir leis na daoine ó thíortha a chreach an Iarthair agus atá anois ag fulaingt iarmhairtí ní hamháin an choilíneachais stairiúil agus láithreach ach freisin iarmhairtí saol caifeach an Iarthair. Pé acu an teifigh abhus iad nó ina gcríocha féin.

Beidh sé deacair.

2019-05-31

An Teachta Dála agus Scéalta Eile

I ndiaidh dom Go dtí an lá bán a léamh (foilsithe ag Éabhlóid, saothar Ciorcal Scríbhneoirí Ghaoth Dobhair) d'fhiafraigh mé ar Twitter an raibh aon rud eile foilsithe ag na mná seachas Máire Dinny Wren (Tá Go mbeinnse choíche saor ar Kindle agam). Luaigh Eoghan an cnuasach seo. Chuir mé fios air ón leabharlann.

Cnuasach tanaí gearrscéalta, cuid acu fíor ghairid.

Thaithin siad liom. Má tá téama ar leith ann, an chaidreamh idir fir agus mná atá ann. Agus faraor an leithcheal a imríonn fir ar mhná. Níl an t-údar i mbun aithisc áfach. Insíonn sí an scéal. Faoin léitheoir an tátal a bhaint as.

Taithí Bhéal Feirste (móide Trioblóidí) agus Tír Chonaill.

Lón machnaimh.

An Teachta Dála agus Scéalta eile
Brighid Uí Mhonacháin
Coiscéim 2013.

2017-08-26

Gual goidte

Geimhreadh dian iarchogadh. Oíche dhorcha. Gíoscán coscáin. Sleamhnaíonn déagóir mná as dorchadas na coille. Lingeann ar an vaigín. Caitheann oiread guail is is féidir síos. Léimt anuas. Isteach i sac. Thar gualainn atá ag fás. Abhaile go gasta ainneoin tromualach. Bean aosta anois, lorg fós uirthi.

2017-07-26

Ola camhraithe

Deireadh an cogaidh. Dhíbir na Rúisigh na comharsan. Cead fanachta acu, thíos staighre. A hAthair ar liosta dubh an réimis teipthe. Oifigigh thuas. Mongólach téagartha. Fear an GPU. Ná feic faic! Ná clos faic! Plúr is ola bronnta. Ola camhraithe. Déan blini! Ith linn iad!
Col aici le hola ó shin.

2012-04-07

Forrán

Léim mé isteach sa Tacsaí i bhFaiche Stiabhna. Ainm agus Sloinne Gearmánach. Forrán as Ghearmáinis. Ní raibh sí aige. Cheil a athair air í. Cuimhní pianmhara. Cathair Stailín. Cogadh. Géibheann. Géibheann a thug slán é, agus abhus ar deiridh. Ach na deirfiúracha sa bhaile in Erfurt - scéal eile.

2011-11-19

Loisceadh feola

Oibrí deonach ab ea an t-ógánach. Fonn air leorghníomh a dhéanamh i bpeacaí a chine. Lóistín aige le seanbhean. Togha na haire á fháil aige. Drogall uirthi ligeann dó cócaireacht. "Dá loiscfeá an fheoil, dtuigeann tú? Tá an boladh úd fós i mo phollairí. Réabfaí na coilm ar créachtaí mo chuimhne."

2011-11-18

Srath na Beitheanna

An t-aosánach ag amharc as túr ar gheata. Líne iarnróid. Deireadh tobann. Fothraigh stroighin. Agus ar dheis agus ar chlé, chomh fada le radharc na súil, rudaí ag gobadh suas ina bpéirí. Simléir bríce. Crainn scaipthe ar fíor na spéire. Tost marbhánta. Áit ar theagmhaigh ifreann leis an saol seo.

2011-11-17

Port an stocaire seinnte



Cearnóg cuanna lár Eorpach. Eaglaisí. Halla margadh, áirsí galánta, siopaí ardnósacha in áit na gceannaithe síoda & ola. Fámaire ag fálróid. Gearrann fuaim stoic tríd an fothram. Port mheanmnach. Stop tobann. Tuige? Ar ball, foghlaimíonn sé. Ar an nóta sin a stop saighead namhaid an stocaire, fadó.

2011-11-12

Turas taibhseach

Chuaigh scata againn ón oifig ar an dturas bus seo le gairid. Is éard atá i gceist ná turas treoraithe neamhghnách ar lár Chathair Bhaile Átha Cliath, le béim ar an alltar agus a leithéidí. Bíonn aisteoir i gceannas agus an bus feisithe le gnáth fearais an uafáis tráchtála - líonta bréagach damháin alla, creatlacha saorga agus mar sin de. Dubh agus craorag in uachtar sna dathanna,  clapsholas laistigh ar feadh an turais agus mar sin de. Phioc an bus suas muid ón oifig agus bhailigh an aisteoir a bhí i gceannas ar an slí go lár na cathrach. Baineadh siar rud beag as siúd cionn is nach raibh muid - seachas roinnt de na cuntasóirí - tar éis bheith sa tábhairne roimh ré. Bhí sé níos cleachta le slua ar bhog meisce a stiúradh, agus bhí breis saothair ar dá réir muid a spreagadh. Bhí stór maith scéalta uafáis aige maidir le bás agus corpán sa chathair, agus an cineál ruda a bhíodh ar siúl ag máinlianna san 18ú aois sa Choláiste ar sráid Chill Dara, mar shampla. Bhí sruth láidir grinn tríd an rud ar fad áfach. Stop muid ag Páirc Naomh Caoimhín - arbh reilig é tráth. Bhí baint ag an áit seo leis an Easpag Diarmaid Ó hUrthuile a cuireadh chun báis go barbartha le linn ré Eilís I. Ba foinse uafáis an scéal sin sa dorchadas. Bhí droch-cháil ar an reilig céanna de bharr gníomhartha na robálaithe coirp, agus bhí aisteoir eile ar lámh chun a modh oibre siúd a léiriú. Lean an chamchuairt ar aghaidh ansin go dtí sean bhallaí na Cathrach agus na céimeanna ag Eaglais San Audeon. Thug an reacaire dornán scéalta uafáis eile dúinn ansin, ina measc scéal Buck Whaley agus an Hellfire Club.
Ba reacaire bhreá é, agus stór shaibhir scéalta agus geáitsí aige, agus b'fhiú an turas a dhéanamh chun léiriú eile a fháil ar an gcathair.

2011-10-07

Úlladhradh

Grianghraif le Matthew Yohe.
Ní raibh mé riamh ar an Macslua. Mar sin, níl aon naomhsheanchas agam maidir le Steve Jobs, a bhásaigh ar an gCéadaoin. Tuigim cuid beag do Dhubhaltach - níl san fhísí  ach cuid den scéal. (Déanfaidh mé iarracht mo leagan fhéin a chuir air thíos)
Ach tá tábhacht mar sin féin leis an duine ar féidir leis nó léi daoine eile a spreagadh. Tá an cuma air freisin gur maith le daoine an eiseamláir  a dhéanann pearsanú ar theicneolaíochtaí casta. Is mairg don tír a bhfuil laochra de dhíth air, mar a dúirt Brecht fosta, ach is cosúil go santaíonn daoine é.


Cé thóg Téibh na seacht ngeata?
Sna leabhair luaitear ainmneacha Ríthe.
An iad na Ríthe a d'iompar na bolláin chuige?
Agus an Bhablóin a scriosadh go minic
Cé a d'aththóg chomh minic?  Cé na haráis
i Lima órlonrach ina raibh cónaí ar na tógálaithe?
Cá ndeachaigh na saoir an tráthnóna a cuireadh bailchríoch ar Balla Mór na Síne? Tá an Róimh Mór
lín-lán d'áirsí an Bhua. Cé orthu a fuair
na Caesar a mbua? Nach raibh ach páláis ag an Bhiosáint na laoithe dá áitritheoirí? Fiú in Atlantais na bhfinscéal,
san oíche a shlog an muir é bhí na fir báite ag screadach ar a ndaor.
Chlóigh Alastar óg an Ind.
Leis féin?
Bhuail Caesar na Gall.
Nach raibh cócaire, ar a laghad, bail é?
Chaoin Pilib na Spáinne nuair a chuaigh a chabhlach
go tóin poill? Nár chaoin aoinne eile?

Bhuaigh Feardorcha a dó cogadh na seacht mbliain. Cé
seachas é a bhuaigh?

Bua ar gach leathanach
Cé réitigh coisir an bhua?
Fear mór gach deich mbliain.
Cé d'íoc na costais?

A liacht tuairiscí.
A liacht ceisteanna.

Bertholt Brecht, Kalendergeschichten (1928)


Aguisín alt spéisiúil ar an ábhar i Le Monde.

2011-10-06

Gropiusstadt, 1987

Bloc ard árasáin. Sheas an t-aosánach ar an mbalcóin. Bloic eile thart air. Bóthar mór thíos faoi, deich n-urlár síos. Trácht trom. Bóthar caol díreach ar feadh achair. Ansin, balla. Deireadh. Lastall den mballa, cruithneacht go híor na spéire. Ach doshroichte. Doshamhlaithe dó; ach fíor.

2011-10-03

3ú Deireadh Fómhair, 1990

Fiche haon bliain ó shin bhíos áit éigin i measc an slua seo ós comhair an Reichstag. Bhí scata againn díreach i ndiaidh post a thosú le AEG i mBeirlín. Chuaigh muid chuig an Reichstag, áit a raibh slua lúcháireach ag ceiliúradh  teacht i bhfeidhm an Conradh Ceathair móide Dó  ar rinne Beitrittsgebiet den Sowjetische Zone. "Fearann aontachais" de bhrí agus go raibh an Oirthear ag glacadh le bunreacht an Iarthar - bhí foráil chuige sin ann ó 1949.
Meas tú an mó duine a bhfuil póit air ó shin de bharr an cheiliúradh? Cé go bhfuil sé tamall ó bhíos i mo chónaí thall, tá amhras orm go bhfuil na teorainn sna cloigne sáraithe. Bhí forálacha sna socruithe nár chuidigh. Rückgabe vor Entschädigung, abair: an prionsabal go rabhthas chun réadmhaoin a thabhairt ar ais dóibh siúd ar choigistigh an Rialtas Cumannach uathu é. Chothaigh sin achrann agus éagóir - agus táillí dlí gan amhras. Bhí cúpla dream ag éileamh seilbh ar an teach ina raibh cónaí orainne i Prenzlauer Berg roinnt blianta in dhiaidh sin - an Jewish Claims Conference ina measc. Ach bhí a lán gnáth saoránaigh san Oirthear a raibh píosa beag talún faighte acu ón Rialtas go hionraic - ní raibh cead an talamh a cheannach - , agus a raibh allas, fuile agus grá curtha isteach ann acu le daichead bliain a fuair iad féin díbeartha de dheasca an dlí úd. Is cuimhin liom scéal amháin faoi polaiteoir áitiúil de chuid na Glasaigh a chuir lámh ina bhás fhéin de bharr an strus a bhain leis. Scéal eile anseo.
Bhí an Solidaritätszuschlag ann fosta: tobhach dlúthpháirtíochta atá íoc thoir agus thiar ó 1991 chun costas an athaontaithe a ghlanadh, mar dhea. Is minic Wessis dall ar an bhfíric go raibh daoine thoir á íoc freisin. Agus gurbh siar a chuaigh cuid mhór den airgead pé scéal é - maraon le taiscí muintir an Oirthear. Murach an athaontú, bhí geilleagar an Iarthar i bponc!
Níl fhios agam an bhfuil sé fós amhlaidh, ach le linn domsa a bheith ann bhí idirdhealú de bharr bunadh ar pá san seirbhís poiblí - ainneoin go raibh cuid mór Státseirbhíseach ag obair lámh ar lámh le daoine ón Oirthear - a bhí ar 60-80% den bpá don post ceanna.
B'iadsan áfach an dream a raibh ádh orthu - bhí post acu. Bánaíodh fearann mhóra san Oirthear - dífhostaíocht suas le 60%. Rud a ghin frustrachas. Bhrúcht an faisisteachas agus an ciníochas aníos as an frustrachas seo agus bhí na fir i cultacha ón Iarthar réidh le teacht i dtír air.

Mar sin féin, sílim gur dul chun chinn a bhí, agus atá, i gceist do mór chuid pobal an Oirthear, agus go bhfuil siad sásta go maith bheith ina saoránaigh den bPoblacht Chónaidhme.  

Ar nóta pearsanta, murach imeachtaí 1989 agus 1990, ní bheidh mo bhean casta orm. Gach seans nach mbeinn théis dul chun cónaithe i mBeirlín - bhí cuairteanna tugtha agam air roimhe agus níor thaitin an smaoineamh bheith dúnta isteach liom. Go deimhin, bhí mé ann i Meán Fómhair 1989. Thug mé cuairt lae ar an Oirthear. B'iad an iliomad fear faoi éide i mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Ní fhaca mé aon chomhartha go raibh an réimeas ar tí teip! (D'fhoghlaim mé ina dhiaidh sin go raibh mór chuid den dream faoi éide ar saoire - ach go raibh dualgas orthu an éide a chaitheamh!)

2011-05-31

Fógraí atá feidhmeach - agus spéisiúil

Chonaic mé an fógra ar chlé agus mé ag siúl i bPoblacht na Seice. Is maith liom na deismíneachtaí beaga - hata an fhir, ribín an chailín.  Feictear dom nach mbaineann siad ó fheidhm an fhógra - go deimhin sa mhéid agus go bhfuil an fógra níos tarraingtí ná a mhacasamhail abhus, b'fhéidir go gcuireann siad leis. Mheabhraigh an fógra na "Ampelmännchen" i mBeirlín dom (féach thíos). Tá a stair spéisiúil fhéin ag na firíní beaga seo, a rugadh sa chumannachas agus a bhí le díothú ag an gcaighdeánú Iartharach tar éis 1989. Tógadh raic, áfach - agus tá siad anois le feiceáil ar sráideanna thoir agus thiar sa Ghearmáin. Ní hamháin sin, ach tá siad ina gcaipitlithe cearta, le siopa dá gcuid féin agus an dúrud earraí le fáil ann!
Is maith an rud nóta beag ealaíonta le nithe feidhmiúla seachas an loime is gnách ar fógraí agus a leithéidí. Rud atá caillte againn san aois tionsclaíoch, ach a bhíodh coitianta nuair a rinneadh earraí le lámh - agus le grá! Is maith ann an maisiúchán.

2011-05-26

Leac scéal

Leac i clós Eaglais N. Seoirse i Chřibská
Neadaigh an leac seo i'm intinn nuair a chéad chonaic mé é, geall le fiche bliain ó shin anois. Gan amhras, is pobal a labhair Gearmáinis a bhí chun tosaigh sa cheantar sin ón aonú céad déag ar aghaidh. (Tá stair lár na hEorpa casta!) San 19ú céad tháinig an t-ainm Sudetendeutsche chun cinn don bpobal seo.
Baineann an leac seo áfach le cogadh idir dhá impireacht le cinseal a labhair Gearmáinis - an Phrúis, agus carcair na náisiún, an Impireacht Ostra-Ungárach.
Seo atá scríofa air:
Ar an láthair coisricthe seo tá Jakob Mitire i gcré na cille. Ón Reisimint Teorann Ogulineach Ríoga agus Impiriúil Uimhir 3, Crótach. Leagadh an fear céanna sa chath in aghaidh na Prúisigh i Kreibitz Íochtar i Lúnasa 1778, i ndiaidh dó seisear dá chéilí comhraic a mharú agus é i crann le duilliúr tiubh. Fuair sé bás an laoch ar son am tír athartha de bharr a chréachtaí an lá céanna in ospidéal an phobail i Kreibitz.
Onóir dá Chuimhne
Tiomnaithe ag Eduard Lehmann 1898.
Leac cuimhneacháin don gcéad cogadh Domhanda i Vysoká Lípa.

Is geall le húrscéal an leac seo, agus spreagrann sé ceisteanna, nach bhfuil freagra ar bith agam orthu. Ina measc cad a spreag Lehmann breis is céad bliain dár gcionn an leacht a thiomnú. An raibh bagairt arís ón bPrúis? Maidir le "Ehre seinem Andenken", nílim cinnte an é an modh fhoshuiteach nó ordaitheach atá i gceist.  Agus mé ar tóir breis eolais, tháinig mé ar an suíomh seo. Níl Seicis agam; ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil dream a bhuanaíonn cuimhne ar saighdiúirí sa tSeic sásta a chuimhne siúd a chuir san áireamh. Tá, mar a deirim, stair lár na hEorpa, agus féiniúlacht a cuid pobail, casta.Mar a léiríonn an leac seo i Vysoká Lípa. Tiomnú dhá theangach - ach ainmneacha Gearmánacha ar fad air. Breis ón suíomh a luaigh mé thuas.

2010-12-21

Splanc Uaignis

Luath sna 1990í. Lámh le Beirlín. Baile cois locha. Café plódaithe. Mé ag ól caife liom féin. Bean chríonna in aice liom. Monabhar cainte uaithi. "D'fhág m'fhear mé an tráth úd. I ndiaidh na Rúisigh. Ní raibh mé in ann - tá's agat - é sin a dhéanamh..." An liomsa a labhair sí? Fós ní fheadaraím.

2010-11-15

Blúirín: Dinnseanchas Gall Gaelach Raghnallach

Litir spéisiúil san Irish Times inniu ag léiriú stair spéisiúil ainm an bhruachbhaile i mBaile Átha Cliath.

Ainm Ghaill ar Ghabhail de chine Bhranach: as sin, ainm Iarla de Nua Ghaill; as sin, ainm gairdín pléisiúr i Londain; as sin, a mhacasamhail anseo; dá dheasca sin ainm Fiodh Chuilinn brúite i leataobh.

Conair chasta na staire.

Nod leat go bhfuil fairsinge eolais sna cártaí ag logainm, a thugann fianaise i leith an méid atá sa litir.

2010-11-11

An cogadh a chuireadh críoch le cogaí...

Saighdiúirí ón gcéad cogadh Domhanda, ón ghnáth fhoinse.
B'shin a chreid daoine a bhí thart nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, ar an lá seo i 1918. An 11ú uair, ar an 11ú lá den 11ú mí.

Bhí breall orthu; tá cogaí níos uafásaí tarlaithe ó shin. Cuimhnítear ar roinnt dá bhfuair bás sna cogaí sin: ach ní ar gach aoinne, mar a deir Alan Titley ina alt inniu.

Agus sílim cuid den fhírinne a bheith san alt seo; réitíonn an comóradh an bhealach do áir eile. Mar sin féin, tá cuimhneacháin tuilte acu siúd a chuaigh sa bhearna baoil.

Sí an cheist ná conas cuimhneamh orthu, ach féachaint chuige go laghdófar an gá le íobairtí fola mar iad.

2010-10-07

7 Deireadh Fómhair 1571

Cath Lepanto le Paulo Veronese (ón gnáth foinse)
Briseadh cabhlach impireacht Otamánach na Tuirce ar an lá seo, i 1571. Cabhlach an Léig Naofa, faoi chinnireacht Don Juan na hOstaire a bhain Cath Lepanto: cath a shábháil ar Iarthar Críostaí ón ionradh anoir.

Bhí daoine an uair úd cinnte gurbh é cabhair na Maighdine, agus an Choróin Mhuire a thug an bua dóibh.

Ceiliúrtar Féile Mhuire an Phaidrín Páirteach ar an lá seo ó shin.
Tá an Iarthar faoi bhagairt arís: ó chraos agus féin fhuath inmheánach don gcuid is mó - ach tá treisiú an antoisceacht Ioslamach ina ábhar buartha freisin.
Cá bhfios ach go mba cabhair arís é an Choróin a athbheochan: deabhóid a bhí ana thábhachtach le linn ré na Péindlíthe abhus, agus sagairt gann agus ar a seachaint.




Go mbeannaítear duit, a Bhanríon,  a Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár milseacht agus ár ndóchas, go mbeannaítear duit.
Is ort a ghlaoimid, clann dhíbeartha Éabha.
Is chugat a chuirimid suas ár n-urnaí,
Ag caoineadh agus ag gol, sa ghleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua,
agus tar éis na deoraíochta seo taispeáin dúinn Íosa,
toradh beannaithe do bhroinne,
A Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis,
Guigh orainn a Naomh-Mháthair Dé,
Ionas go mb’fhiú sinn geallúna Chríost.


Aguisín: mar a luaigh Seán O'C: Lepanto le G.K. Chesterton

2010-09-16

An Bhanríon, an Pápa agus Pálás na Croise Naofa

Tá sé tráthúil, sílim, gur i bPálás atá ainmnithe as mainistir a bhí tiomnaithe don Crois Naofa atá Eilís II agus Benedict XVI ag casadh ar a chéile ar maidin inniu, mar cheannairí Stáit. Agus, gan amhras, is ceannairí Eaglasta iad beirt freisin.

Tá sé léite agam in áiteanna éagsúla gur beirt iad seo a bhfuil go leor de stair na fichiú aoise blasta ina saol féin acu - an dara cogadh domhanda san áireamh. Beirt a thuigeann dualgas agus prionsabail.

Tá súil agam go gcloisfear a nglórtha ciúin stuama i measc an challán - go leor aige gan chiall ná réasún - atá sna meáin cumarsáide maidir le cuairt an Phápa ar an Ríocht Aontaithe.

Críost céasta teagasc an Phápa, mar a  theagasc Phól. Go gcloisfear sin ó Phálás na Croise Naofa, agus gach áit ina dtugann sé cuaird sna laethanta seo.

Aguisín: an méid a bhí le rá ag an bPápa ann. agus an méid a bhí le rá ag an mBanríon.

2010-08-30

Blúirín: Naomh Fiachra

Naomh Fiachra, ó Wikimedia.
Inniu Féile Naomh Fiachra, rud a mheabhraigh an scéal seo faoi cheiliúradh air i Vín na hOstaire dom.

Tá trácht air i nGaelscrínte i gCéin leabhair Thomáis Uí Fhiagh: D'aistrigh sé iomann de chuid muintir Mheaux faoi:
Éire a sheol an naomh thar lear,
Meaux a ghlac leis, togha na bhfear,
Is breá de Meaux go dtáinig sé,
Is breá ag Éireann mac mar é
Ón leabhar úd arís:

I dtrátha 630 a chuir Fiachra faoi mar dhíthreabhach san fhoraois i mBreuil (gar de Meaux), áit ar thóg sé cillín, aireagal don Mhaighdean Mhuire, teach aíochta le haghaidh taistealaithe bochta ón choigríoch agus gairdín beag le freastal orthu. Níor fhág sé an áit go bhfuair sé bás ansin timpeall 670, agus gairmeadh Saint-Fiacre den áit ó shin. ... Baisteach ainm an naoimh mar ainm ar charráiste de bhrí go mbíodh a lán de na carráistí seo le fáil ar cíos ó óstóir an Ostán Saint Fiacre sa rue Saint-Martin i bPáras.
Go n-éirí a gceiliúradh le fir Fiacre Vín,  agus go mbaine na dílleachtaí súp as!