Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label turas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label turas werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-04-10

Fán abhann bhréan


Cothrom lae ár bpósta tríocha bliain ó shin a bhí ann Dé Luain agus bhí sé beartaithe againn turas gairid a dhéanamh. Roghnaigh mo nuachar oíche in óstán cois Éirne. Thugamar an bóthar orainn féin Dé Domhnaigh tar éis bricfeasta, á thógáil go breá réidh. Ó tharla muid sa cheantar, bhí fonn orm cuairt a thabhairt ar phluaiseanna Áirse an Mharmair. (Ní raibh fonn ar Uta. Barraíocht céimeanna agus cúnglach. D'fhan sí orm sa chaife).

Turas treoraithe, agus an uaimh curtha in oiriúint do thurasóirí. Síos linn céad caoga ceathair céim, tríd poll slogaide, go dtí abhann faoi uisce - ceann den trí sruth sa chóras pluaiseanna a thagann le chéile agus a fhágann tríd an Áirse a thugann a ainm don áit mar abhann na Cláidí. Ní fhaca mé an Áirse - is cosúil go bhfuil cuma an marmair ar an cailcít agus gurb é sin a thug a ainm don áit. 

Siúlóid ciliméadar go leith tríd an uaimh, fá bhruach na habhann - agus ag pointe amháin i dtrinse stroighne tríd atá i gceist. Tá aolchuisne agus aolchoinnle fairsing, agus "cóilis uaimhe" agus leathán diamhaire cailcíte. Locháin san abhainn ina scátháin agus aolchoinnle déanta den aolchuisne iontu. 

Bean óg a bhí mar threoraí againn, guth breá shoiléir aici agus í in ann dul in iomaíocht leis an sruth, a bhí glórach in áiteanna. 

Is fiú go mór an cuairt, soilsiú éifeachtach ag cruthú taispeántas iontach as ealaíon an dúlra, cruthaithe tríd na mílte bliain. An aolchloch múnlaithe ag éirí agus titim na habhainn, agus uisce ón bportach thuas ag sileadh tríd agus ag cruthú cruthanna taibhsiúla cailcíte. 

Taispeántas deas thuas freisin. Ceantar thart air a mbeadh fonn orm é a shiúl - agus é leagtha amach chuige sin. 

Gar go maith d'Inis Ceithleann. 



2023-05-17

La Pucelle


Is de bharr go raibh fonn ar Freddie freastal ar aonach meánaoiseach a rinneamar an turas. Baile Carcassonne, mar a raibh mé le Tiernán mar chuid dár turas ar Chonair na gCatárach deich mbliana ó shin an chéad sprioc a bhí agam féin. Nuair a rinne mé roinnt taighde fuair mé amach faoin bhféile a bhíonn go bliantúil in Orléans, comóradh ar an bhfuascailt a thug Jeanne d'Arc chucu agus chun na Fraince. 

Mar Chaitliceach, is aisteach liom scéal Jeanne d'Arc. Is aisteach liom Prionsa na Síochána a bheith ag glacadh páirt gníomhach i gcogaíocht idir Phrionsaí. Is fíor, gan amhras, gur chuir bua na Fraince tar éis céad éigin bliain de chogaíocht le síocháin agus sonas don ghnáth duine a bhí thíos ar go leor bealaí le ainghníomhartha na saighdiúirí agus amhais ar gach taobh. 

Sular thaisteal muid, bheartaigh mé go raibh breis eolais thar mar a bhí agam ar scéal Jeanne d'Arc de dhíth orm. Leagan den scéal a léigh mé mar pháiste a bhí agam! 

Sa lá atá inniu ann, gan amhras, tá seilbh glactha ag mórán dreamanna ar an scéal, ar mhaithe lena mba féin a chur thar abhainn. Ní raibh a leithéid de leagan uaim. Mar a tharlaíonn sé, maireann taifead dhá thriail ar Jeanne d'Arc. An triail bradach inár dhaor Easpag, íoctha ag na Sasanaigh, chun báis í de dheasca eiriceacht. Agus an triail eaglasta fiche cúig bliain níos déanaí, a ghlan í. Taifead chuimsitheach ar saol duine san cúigiú aois déag! Tá taifid eile de himeachtaí a ré ar marthain freisin. 


Chuaigh mé sa tóir ar leagan soléite iontaofa de shaol Jeanne d'Arc. Ní raibh mé ag súil leis an údar a d'aimsigh mé - Mark Twain. Is cosúil go raibh sé iontach tógtha le neamhleithleas agus neamhspleáchas Jeanne d'Arc. Rinne sé a chuid taighde sna cartlann, agus scríobh (faoi ainm cleite éagsúil i dtosach) úrscéal bríomhar stairiúil, ag cuir i gcéill gur aistriúchán ar chuimhní cinn duine a d'fhás aníos le Jeanne a bhí ann, duine a bhí léi go dtí gur ghabh na Burgundaigh í. Agus a bhí i láthair ag an triail i mbréagriocht mar rúnaí duine de na scríobhaithe. Cleas a lig dó an fhianaise tirim a fhí ina scéal soléite spreagúil. 

D'fhoghlaim mé go leor. Go háirithe faoin gcamastaíl a bhain lena cur chun báis, faoin uisce faoi thalamh i gcúirt an rídhamhna. Dílseacht Jeanne don gcoróin ainneoin laige follasach an rídhamhna. An bealach a spreag sí daoine agus a mheall tacaíocht. 

Bean óg tuaithe a léirigh éirim thar an gcoitiantacht in imeachtaí na cúirte. Deacair a shéanadh go raibh cabhair osnádúrtha i gceist, sa chúirt agus sna himeachtaí míleata. 

Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibhse a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh.

Ainneoin a ndícheall agus a bhfianaise, is le cleas suarach a dhamnaigh siad Jeanne sa deireadh. Cuireadh brú uirthi dearbhú a shíneadh (ní raibh léamh aici), agus fianaise áirithe ann nach ionann an méid a léadh di agus a shínigh sí. An príomh coinníoll ná gan éadach fir a chaitheamh, rud a bhí á dhéanamh aici ar chúiseanna praiticiúla agus ar mhaithe len í féin a chosaint ó ionsaíthe gnéasach. Shínigh sí ar an dtuiscint go mbeadh sí i bpríosún eaglasta faoi chúram mná, seachas na saighdiúirí garbha Sasanacha. Fealladh uirthi. Agus ansin ceileadh éadach mná uirthi ar aon nós. Cleas suarach, ach thug sé deis dóibh í a dhó mar eiriceach a bhí tar éis titim siar... 

Scéal corraitheach. 

Rinne mé leabhar eile a léamh ina dhiaidh sin, leabhar le Regine Pernoud, aistrithe ón bhFraincis, rogha sleachta as an fhianaise ón dá thriail. Léirigh go raibh leagan Twain cruinn ó thaobh na fianaise de. 

Mar chreidmheach tá deacrachtaí fós agam leis an scéal, naomh trodach. Más séimh féin an trodaí í, agus ag léiriú trócaire nuair b'fhéidir. Bhí súil agam go mbeadh léargas éigin le fáil i leagan Hilaire Belloc den scéal, toisc cáil a bheith air mar chosantóir an chreidimh. Ach is lominsint leamh a fuair mé ann. 

Tá mo cheisteanna gan réiteach! 

Tá Jeanne uileláithreach in Orléans agus sa Fhrainc. Ach is Londain a tháinig muid ar an gcéad saothar ealaíne fúithi - cóip nó leagan de phéintéireacht Delaroche de chléireach á croscheistiú sa ghéibhinn. Shíl mé gurb é Cauchon a bhí i gceist, ach is cosúil gur cairdinéal Sasanach atá i gceist. 

Is minic dealbh de Jeanne in eaglais sa Fhrainc. I go míleata faoi arm is éide, go hiondúil. Siombail tuata chomh maith le heaglasta - glóir agus Résistance an náisiúin. 
Ach bhí sí uileláithreach in Orléans. Ní mé cad a shílfeadh sí faoin sraith beorach ainmnithe aisti.... 

Tá neart lón machnaimh agam ón dturas. Agus seans go mbeidh mír nó trí eile abhus faoi... 

2017-08-01

Beatha Mhuire - agus Éamon Dearbhóir

Bhí na taobh altóir in Eaglais Mhuire an Bantiarna Chaoin go hálainn. (Níl mo chuid grianghraf sách maith!)

Ar chlé léirítear saol Mhuire óna giniúint gan smál go corónú sna Flaithis.

Ar dheis bhí painéal de ríthe - Críost, Dáibhí, Seosamh. Muire freisin. Agus Éamon Dearbhóir, Rí Shasana. B'ionadh liom Naomh Sasanach i lár Bheirlín, agus chuir mé ceist ar an sagart tar éis Aifreann. Is amhlaidh go raibh Eduard i measc na deontóirí a bhronn an t-airgead chun an Eaglais a thógáil.

2011-11-12

Turas taibhseach

Chuaigh scata againn ón oifig ar an dturas bus seo le gairid. Is éard atá i gceist ná turas treoraithe neamhghnách ar lár Chathair Bhaile Átha Cliath, le béim ar an alltar agus a leithéidí. Bíonn aisteoir i gceannas agus an bus feisithe le gnáth fearais an uafáis tráchtála - líonta bréagach damháin alla, creatlacha saorga agus mar sin de. Dubh agus craorag in uachtar sna dathanna,  clapsholas laistigh ar feadh an turais agus mar sin de. Phioc an bus suas muid ón oifig agus bhailigh an aisteoir a bhí i gceannas ar an slí go lár na cathrach. Baineadh siar rud beag as siúd cionn is nach raibh muid - seachas roinnt de na cuntasóirí - tar éis bheith sa tábhairne roimh ré. Bhí sé níos cleachta le slua ar bhog meisce a stiúradh, agus bhí breis saothair ar dá réir muid a spreagadh. Bhí stór maith scéalta uafáis aige maidir le bás agus corpán sa chathair, agus an cineál ruda a bhíodh ar siúl ag máinlianna san 18ú aois sa Choláiste ar sráid Chill Dara, mar shampla. Bhí sruth láidir grinn tríd an rud ar fad áfach. Stop muid ag Páirc Naomh Caoimhín - arbh reilig é tráth. Bhí baint ag an áit seo leis an Easpag Diarmaid Ó hUrthuile a cuireadh chun báis go barbartha le linn ré Eilís I. Ba foinse uafáis an scéal sin sa dorchadas. Bhí droch-cháil ar an reilig céanna de bharr gníomhartha na robálaithe coirp, agus bhí aisteoir eile ar lámh chun a modh oibre siúd a léiriú. Lean an chamchuairt ar aghaidh ansin go dtí sean bhallaí na Cathrach agus na céimeanna ag Eaglais San Audeon. Thug an reacaire dornán scéalta uafáis eile dúinn ansin, ina measc scéal Buck Whaley agus an Hellfire Club.
Ba reacaire bhreá é, agus stór shaibhir scéalta agus geáitsí aige, agus b'fhiú an turas a dhéanamh chun léiriú eile a fháil ar an gcathair.

2009-05-17

Trí dorcha Hérenn: úam Chnogba, úam Slángae, dercc Ferna.


Béal na hUaimhe
An "Buabhall"

Agus do bhlais mé dorchadas Dearc Fhearna inné.

Uaimh scáfar atá luaite i dTréanna na hÉirinn, as ar thóg mé an teideal don mhír seo, agus in Annalacha na gCeithre Maistrí

M928.9

Gofraith, ua h-Iomhair, co n-Gallaibh Atha Cliath, do thoghail & do orgain Derce Fearna, airm in ro marbhadh míle do dhaoinibh an bhliadhain-si, amhail as-berar isin rann,

1. Naoi c-céd bliadhain gan doghra,
a h-ocht fichet non-dearbha,
o do-luidh Criost dár c-cobhair
co toghail Derce Ferna.




("Tráithníní" ag crochadh ón díon, agus cnapanna san áit a dtiteann an t-uisce ón díon ar an dtalamh)

Bhí treoraí spéisiúil, bríomhar, greannmhar againn - fear as dúiche Eabhrac a raibh cló ceann de laochra Gofraidh air! Bhí rud beag imní orm agus é ag beartú a thóirse mar a bheadh tua catha ann! Is furaist a thuiscint ón áit diamhair seo gur chreid ár sinsir go raibh cónaí ann ar arrachtaigh ann - Luchtighearna, ollchat mhór, mar shampla. Agus aimsíodh fianaise don ár a d'imir Gall Godfraidh ar muintir na háite a théith ann ar mhaith ele dídean. Cnámha mná agus paistí óga. Ní raibh marc foiréigin orthu - creidtear gur plúchadh iad de bharr tine a las na Uiginigh chun iad a thiomáint amach as an bpluais.

Tá na cruthanna a d'fhág an t-uisce agus an aolchloch sa chloch suntasach. Iad glé bán san áit a mbíonn sruth fairsing uisce, agus liath nó donn áit nach mbíonn an t-uisce chomh flúirseach.

Is fiú turas é.

2008-06-06

Ródscéalta

Thug mé sciuird aneas le mo mhac an deireadh seachtaine seo chaite.

Ar an mbus go Corcaigh. Seana bhus de chuid Bus Éireann. Bhí an cuma ar an tiománaí go raibh sé scriosta, traochta. Lá meirbh a bhí ann, agus bhí - dar ndóigh - an córas aer choiriú as feidhm. Ar feadh i bhfad, bhí an doras oscailte ag an tiománaí chun roinnt éigin aer a scaoileadh isteach. Ach ós rud é gur thóg sé uair a chloig orainn ag seilideacht tríd an trácht go dtí Timpeallán na Bó Mire, is beag difear a rinne sin. Agus muid ag taisteal ar na bóithre móra, bhí séideán ró láidir ann, agus dhún sé an doras. Bhí an fuinneog sa díon ar oscailt - rud a bhí ceart go leor go dtí gur thosaigh sé ag cur.

Sampla mhaith de phobal na hÉireann inniu a bhí ar an mbus - Polannaigh, mic léinn, giofóg ón Rómáin gona éide gáifeach, ...

Taobh thiar dínn bhí fear ón Nigéir a chaith sciar suntasach den turas ag argóint ar an nguthán faoi chúrsaí teaghlaigh. Bhí le tuiscint go raibh sé ag teitheadh go Corcaigh de bharr achrann éigin i mBÁC.

Stop muid in Áth na nUrlainn do sos bheag. Bhí bean aosta ag suí i dtosach an bhus. Thug mé faoi ndeara ceart go leor nach raibh sí ar an mbus agus muid ag imeacht arís, ach ghlac mé leis go raibh sí ar an mbus eile - bhí péire acu ann. Bhí aiféala orm ar ball - tháinig bean eile á lorg nuair a stop an bus i Mainistir Fhear Maí. Is cosúil go dtagann mearbhall uirthi, agus bhí gach seans ann go raibh sí fós in Áth na nUrlainn. Tá sí slán, le cúnamh Dé.

Ar an mbealach thar nais, bhí Dub cheart de tiománaí againn, grod, diongbháilte, maisithe le bioráin cheardchumann. Chuir sé eagar ar an slua i gCorcaigh le horduithe bhorba. Rinne sé an oiread sin poill a chuir sna ticéid gur cheap mé go raibh sé chun aithris a dhéanamh ar an ngarda i Polar Express a scríobh rud éigin leis na poill sna ticéid.

In Áth na nUrlainn arís dúinn, tugadh ordú grod dúinn athrú go bus eile. Bhí beag óg galánta amháin míshásta faoi seo, agus bhí sé ina raic idir í agus an marascal grod d'fhear bhus.

Rith sé liom go bhfuil ábhar úrscéil i dturas bus mar seo - rud éigin cosúil le "The Wayward Bus" le Steinbeck. Bheadh máistir de dhíth chuige, agus ní mise an máistir sin!

Eachtra eile go bhfeadfaí fí isteach ann: Maidin Satharn bhí muid ag filleadh ó Fóite ar an dtraen. Bhí beirt preabaire de mhná óga ag plé na gnáth cúrsaí in ard a gcinn agus a gutha - ól, leaids, spraoi. Níor thug mé faoi ndeara, de bharr an canúint Chorcaíoch a bhí acu araon, gur ainnir dathúil de bhunadh na hÁise ab ea duine acu. Anois, sin comhshamhlú!