Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-12-29

Cogadh na Reann

Ba cheannródaí sa bhficsean eolaíochta é HG Wells. Agus is clasaiceach a leabhar War of the Worlds. Measaim gur léigh mé an bunleagan blianta fada ó shin, ach tá sé i gcúl mo chinn le fada an aistriúchán go Gaeilge a léamh, aistriúchán a rinne Leon Ó Broin sna 1930í ach a d'fhoilsigh Evertype roinnt blianta ó shin in eagrán faoi eagar ag Aibhistín Ó Duibh.

Cuntas céad pearsa atá ann ar ionradh ó Mhars, cé go mbaineann an reacaire feidhm as cuntas de chuid deartháir leis chun léargas níos leithne a thabhairt ar an scéal ná a bheadh dá mba a reacaireacht fhéin amháin a bheadh sa leabhar - ó tharla an reacaire bheith sáinnithe ag na hionróirí agus a ngléasanna ó thús deireadh.

Tá cosúlachtaí láidre idir an reacaire agus Wells féin, agus mar sin is fuighle an fhir le hoideachas agus smaointe forásacha a chleachtann sé. Éiríonn ana mhaith leis an aistriúchán an carachtar a thabhairt slán go hinchreidte, an réimse teanga ceart a aimsiú.

Tá an scéal féin láidir, sibhialtacht Shasana ag titim as a chéile go gasta de bharr uirlisí agus airm na Marsaigh a bheith oiread sin níos fearr. Fáidhiúil freisin an slí a shamhlaigh Wells innealra agus airm - airm cheimiceacha ina measc.

Teipeann chomh tobann céanna ar ionradh na Marsach - de bharr baictéir áfach seachas aon fhreasúra ón gcine daonna.

Cuireann léaráidí dubha agus bána, garbha Mathew Staunton go mór le hatmaisféar na scéine sa scéal agus an reacaire ar a sheachaint i ndomhan atá á chreimeadh go gasta faoi ionróirí uafásacha.

Scéal a bhfuil ceachtanna agus úire ann fós ainneoin forbairt ar eolaíocht ó Ré Wells.

Tá screamh na sibhialtachta tanaí....

Cogadh na Reann

H. G. Wells, aistrithe ag Leon Ó Broin
Céad eagrán , 2015
Léaráidí le Mathew Staunton.
In eagar ag Aibhistín Ó Duibh
Portlaoise: Evertype.
ISBN 978-1-78201-099-9

2018-12-27

Conair Frainc go Santiago

Tá aithne éigin agam le roinnt blianta ar Fhrainc Mac Bhrádaigh, atá - i measc roinnt cúram eile atá leagtha ag Cumann Íosa air - ina eagarthóir le flosc ar an iris an Timire, agus ar Foilseacháin Ábhair Spioradálta a fhoilsíonn trí leabhair nó mar sin i nGaeilge chuile bliain.

Seo dialann dá chuid ag trácht ar siúlóid an Chamino, ag tosú sa Fhrainc. Tagann deireadh leis an insint i bPamplona na Spáinne cé gur lean sé féin air go Santiago.

Dialann atá ann seachas treoirleabhar. Cuir síos ar áiteanna agus daoine a chuaigh i bhfeidhm air.

Bhraithfeá scaití go bhfuil scáil scéil eile laistiar de nach gcíorann sé go hiomlán riamh. É ar sos gairme agus drogall air bheith aitheanta mar chléireach cé nach séanann sé a cháilíocht. Tagairtí do gan bheith ag éisteacht nó ag rá Aifrinn. Tagairtí thar a bheith ionraic do gan bheith in inmhe fónamh do dhaoine mar ba mhian leis. Gan bheith i ndán sólás a roinnt ar na dúbhrónach.

Tá cuir síos bhreá ar dhúlra, ailtireacht agus daonra deisceart na Fraince sna leathanaigh seo, maille scéalta faoina chomhoilithrigh a shiúl píosa fada nó gearr den mbóthar leis.

Faoi lucht aíochta idir caoin agus colgach.

Spreagann siúl scéal agus aithris scéalta agus tá blaiseadh de stair na Fraince, fearann claíomh le fada le fáil. Stair a bhfuil nascanna ag dul i bhfad siar le stair Shasana agus Éirinn freisin.

Tá lón machnaimh sa leabhar. Labhair sé féin ar shochraid Liam Ó Muirthile faoin míún siúl atá ar fáil ina dhialann siúd, Oilithreacht Pinn. Tá a leithéid le fáil sa leabhar seo.

Tar éis an tsaoil is ar oilithreacht atáimid ar fad ar an saol seo : cuidíonn siúl na gcos ar aistir fhada linn meabhrú ar sin.

Conair na Fraince go Santiago
Údar: Frainc Mac Brádaigh, SJ
ISBN: 978-1-906982-41-6

2018-12-21

Cad is fírinne ann?

Rinneadh mearscaipeadh le déanaí ar scéal #EmilyXaver, snáithe Twitter faoi beirt shaighdiúir de chuid an chéad cogadh domhanda atá curtha in aon uaigh i Sighisoara na Rómáine. I Spáinnis a bhí an bun insint, ach aistríodh go Béarla é. Sa reacaireacht Twitter thar cúpla lá reic an scríbhneoir mar ar spreag an leac leis an dá ainm, an t-aon cheann a bhí amhlaidh sa reilig, é chun fírinne a scéal a aimsiú. Sa sraith giolcanna nocht sé mar a fuair sé fios fátha an scéil diaidh ar ndiaidh thar dhá lá sa bhaile. Bhí go leor grianghraf aige, idir stairiúil is reatha, chun a insint a léiriú. Scéal grá homaighnéasach a nocht sé, nár comhlíonadh ar an saol seo de bharr doichill teaghlaigh, amscaíocht cara a sceith orthu, agus faoi dheireadh  ár an chogaidh. Gurb gníomh cúitimh an cara iad a bheith in aon uaigh. Mhúscail líon na comhtharlúintí san eachtra bleachtaireachta m'amhras, agus go deimhin tá sé ráite ag an scríbhneoir Guillem Clua gur cumadóireacht atá ann.
Ach dar leis gur cinnte go raibh caidrimh mar sin ann, agus gur ag fónamh d'fhírinne níos doimhne a bhí sé, agus go raibh na mothúcháin a spreagadh ann féin agus ina léitheoirí fíor.

Le cúpla lá anuas tá scéal iriseora de chuid an Spiegel sa Ghearmáin ag pléascadh.

Bhí duaiseanna go leor buaite ag Claas Relotius as a insint bheoga mothálach ar scéalta móra nuachta a nasc sé le daoine aonaracha go cumasach. Réalta reatha de chuid na gairme, agus gach cosúlacht air gur duine uasal agus comhghleacaí gnaíúil ab ea é.

Iriseoir eile de chuid an Spiegel a léirigh amhras i dtosach. Bhí Juan Moreno ag obair ar scéal le Relotius cé nár bhuail sé leis ach go hannamh. Bhí Moreno lonnaithe in oifig Bheirlín, é roinnt blianta níos sine na Relotius a bhí ina réalta in oifig Hamburg.

Nuair a chonaic Moreno an leagan amach don scéal, agus go háirithe na grianghraf a bhí á thionlacan bhuail amhras é agus thosaigh sé ag ceistiú. De bharr clú an fhir eile bhí doicheall roimh ceisteanna Moreno agus freagraí réidh ag Relotius.

Ar mhaithe lena chlú féin a chosaint lean Moreno air ag cnuasach fianaise. Bhí sé i Meiriceá ag clúdach scéal eile, grianghrafadóir leis, agus chuaigh sé trasna na tíre chun fios fátha na gnéithe den scéal a raibh amhras air faoi a fháil.

De bharr an fhianaise láidir sin thit caisleáin óir an fhir eile, agus d'adamhaigh sé cumadóireacht ar scála leathan, ní hamháin san scéal sin ach i go leor dá chuid duaisscéalta eile.

Tá foireann Spiegel, a bhí mórtasach as mana, An rud atá a rá,  gonta.

I ré an idirlíon is féidir fíricíní a chnuasaigh agus crot na fírinne a chuir ar an scéal a fháisctear orthu.

Maith go leor, is féidir le línseoir oilte na modhanna céanna a úsáid le teacht ar an fhírinne (ba le taighde idirlín a thosaigh Moreno a fheachtas).

Is cinnte go cabhraíonn scéalta linn ciall a dheánamh den saol. Go bhfuil íocshláinte i scéal maith mar a dúirt Guillem Clua.

Mar sin féin, is féidir le bréaga, fiú iadsan a insíodh le cúis maith, an polaitíocht a thruailliú.

Na trí rith is gaiste
Rith tine
Rith uisce
Rith éithigh

Agus bíonn dochar mór leo ar fad.

Ach ní féidir bheith amhrasach de shíor ach oiread. Tá sin dochrach don meon.

Sin an fáth go bhfuil ficsean Relotius níos measa ná scéal Clua.

Thug na nuachtáin inár foilsíodh é agus na duaiseanna a bhain sé seasamh dá scéalta.

Tá na forais sin gonta anois.

I ré ina bhfuil cath fíochmhar bolscaireachta ann, agus dúshláin mhóra roimh an cine, is tubaiste sin.

Is gá dár cinntí bheith bunaithe ar fhíricí seachas mothúcháin.

Tá an ceathrú eastáit riachtanach agus má tá sé lofa go croí táimid i bponc.

2018-12-19

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí


Fuair mé cóip léirmheasa den saothar seo. Cé go mbeadh mé tar éis freastal ar dhráma Celia de Fréine murach gur bhac droch shlaghdán mé, ní dóigh go mbeadh mé tar éis leabhar neamhfhicsin toirtiúil a tharraingt chugham! 

Is éard atá anseo ná an taighde a chnuasaigh Celia de Fréine agus í ag scríobh beathaisnéis ar bhunaitheoir Scoil Bhríde (áit a bhfuair mé féin tús m'oideachas). 

Scéal ana spéisiúil atá ina saol. Athair mór le rá a raibh cáil air in Éirinn agus san Astráil. A hóige féin sa Fhrainc faoi chúraim deirfiúracha níos sine ar chomhaois lena máthair a d'éag. 

Teaghlach ag fónamh don bhfear mór. 

Mar a fuair sí amach gurb ann don nGaeilge. 

Mar a dhírigh sí isteach ar léann an oideachais. 

An bhaint a bhí aici le fiontar oideachais an Phiarsaigh. A hiarrachtaí Scoil Íde a ghlacadh ar lámh uaidh. 

Bhí an eachtra sin spéisiúil ach go háirithe de bhrí gur thug sé spléachadh ar an bPiarsach mar fear (mí-éifeachtach) gnó. 

An páirt a ghlac sí san éirí amach, i san Ard oifig feadh na seachtaine ainneoin gur easaontaigh sí leis an éirí amach. 

Bunú agus buanú Scoil Bhríde agus an dóigh a thug sí faoi oideachas trí Ghaeilge bunaithe ar a cuid oiliúna agus staidéar ar mhúnlaí oideachais ón mór roinn. 

Scríofa ar dhóigh atá taitneamhach le léamh. Drámata nuair is cuí. 

Ceannródaí ag scríobh faoi cheannródaí! Agus fonótaí agus foinsí liostaithe dóibh siúd ar mian leo tógáil ar an saothair.

Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh: Ceannródaí
 Celia de Fréine
€15.00
Leabhar Comhar 
ISBN: 978-1-9998029-1-2
Líon leathanach: 400
https://comhar.ie/leabhair/luise-ghabhanach-ni-dhufaigh-ceannrodai/


2018-12-16

Fuaráin na Róimhe

Cuid den Fontana dell'Acqua Felice
Bhí mé sa Róimh le déanaí - ag obair don gcuid is mó. Chaith mé lá amháin ag siúl na cathrach áfach. Rud a thug mé suntas dó ná go raibh foinsí uisce fairsing - fuaráin mhóra agus bheaga. Tá cuid acu mór taibhsiúil agus cáil domhanda orthu. Cuid acu áfach beag - buacaire cois sráide, nó sruth beag isteach in umar.

Rud a chuir iontas orm ná gur cosúil go bhfuil an uisce iontu ar fad inólta.

Ar ndóigh tá fianaise i bhfoirm na uiscerianta go ndearna údarás cúram riamh anall de fíoruisce.

Liomsa na pictiúr.

Fuarán Trevi

Fuarán na mBeach (siombail sliocht Barberini)

Fontana dell'Acqua Felice agus
Maois (in aice le Piazza Repubblica,
ach ní ceann Michelangelo)

Cearnóg na Spáinne


2018-12-14

Teach an Gheafta

Fainic: is féidir go bhfuil milleadh plota nó dhó sa mhéid thíos!

Is é seo, go bhfios dom, an chéad úrscéal ón bhfile Cathal Ó Searcaigh.

Bhraith mé féin go raibh ábhar dhá leabhair ann, dáiríre. Urscéilín faoi searc miangasach collaí idir a laoch Mánas agus Bashir sa Mharoc. Scéal a sheasann as féin ach atá mar chúlra leis an bpríomh úrscéal. Mánas ar dhíthreabh i dteach a chaith sé cuid sona dá óige ann i Mín na Móna i nDún na nGall. Scéal teacht in inmhe agus teacht ar féin thuiscint.

Bhraith mé go raibh barraíocht den deus ex machina san timpiste a leag Bashir dá ghluaisrothair  agus as an scéal go deireadh; agus nach raibh scéal Bhashir riachtanach dáríre do scéal Teach an Gheafta.  Ba leor athfhilleadh ar láthair a óige agus marana an teacht in inmhe chun suíomh na heachtraí a chruthú.

Sin ráite, thaithin an dá insint faoi sheach liom. Maith go leor, tá cuir síos lom ar collaíocht sa chaidreamh idir Bashir agus Mánas nach raibh mé iomlán ar mo chompord leis, ach ní graostacht ar mhaithe le graostacht atá i gceist ná spreagadh fánach miangais. Shíl mé freisin go ndearnadh neamhaird ar an mbearna maoine idir an bheirt leannán ach seans gur gné de shaontacht Mánas, ós tríd a dhearcadh siúd atá an scéal á reic, atá i gceist ansin.

Tá scéal Teach an Gheafta ana mhaith, meascán de scéinséir, teacht in inmhe, marana saoil, tnuthán grá. Grá tírdhreach agus teangain. Cairdeas agus imreas.

Bhí corr snáithe fánach nár chuir leis an scéal, ach ba bheag iad.

Tá radharcanna fileata, iomann seirce do na cnoic abair, a bhainfeadh an anáil díot.

Máistir ar an teanga Ó Searcaigh agus é ag spraoi le canúintí Gaeilge agus Béarla, ag cuir focail ag rince agus ag gleacaíocht. Tá greann ina snáithe i bhréidín an scéil.

Díol maith léitheoireachta agus tá mé sásta gur ghéill mé don gcathú agus cheannaigh é. (Cuid den éadáil leabhair ó dhearbháin a fuair mé as an leathchéad a bhaint amach...)

Teach an Gheafta
Cathal Ó Searcaigh
241 lch; Clúdach Crua,
Leabhar Breac
ISBN 978-1-9099907-90-4

2018-12-11

Kostka

Nóibhíseach de chuid na nÍosánach ab ea Stanisław Kostka  nuair a d'éag sé sa Róimh i Lúnasa 1568. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag. Bhí cáil air de bhrí gur de shiúl na gcos, ó Vín, a bhain sé an Róimh amach, ainneoin easpa sláinte. Is cosúil freisin go raibh gealladh faoi agus éirim ar leith ann, mar chuir Petrus Canisius, proibhinseal na nÍosánach sa Ghearmáin sin in iúil sa litir a sheol sé ag uachtarán an Oird le Kostka.

Agus é féin ina nóibhíseach bhí fonn ar an
Íosánach óg Przemysław Wysogląd, Polannach freisin, an scéal a insint don nglúin seo, chun an spreagadh a bhí faighte aige féin a roinnt.

Chinn sé ar an scéal - eachtra fisiciúil agus anama in éineacht - a insint in úrscéal grafach. Chloí sé le fíricí an scéil ach tá an scéal lonnaithe go físiúil lenár linn.

Ba de mhionuaisle na Polainne Kostka. Cuireadh é féin agus a dheartháir chuig Vín chun oideachas a fháil i scoil Íosánach - ord a bhí fíor nua ag an am. Saol an chathair mhór a tharraing a dheartháir, saoirse agus só. Ach bhí Stanisław cráifeach, misteach fiú. Chothaigh sin deacrachtaí idir an bheirt. Bhí pleananna saolta ag a athair dó freisin.

Ba mhian Kostka áfach ballraíocht a ghlacadh i gCumann Íosa. Ní raibh na húdaráis i Vín sásta glacadh leis áfach. Bhí achrann tarraingthe cheana ag mic uaisle ag dul sa chumann ainneoin toil a muintire. Agus ba fás íogair fós an Cumann.

Chuaigh Kostka ag lorg Petrus Canisius, proibhinseal. I nDilligen na Gearmáine a shíl sé é a bheith. D'fhág sé Vín de shiúl na gcos. Theip ar a dheartháir agus giollaí an teaghlaigh teacht suas leis.

Ní i nDillingen a bhí Canisius áfach ach i bPassau. Siúlóid eile. Chuir Canisius promhadh air ar feadh seal, ansin sheol chun na Róimhe é de bhrí nach raibh sé ag iarraidh breis achrainn a tharraingt ar féin. (Bhí sé sáite i taidhleoireacht agus imreas creideamh idir prionsaí na Gearmáine).

Shiúl Kostka chun na Róimhe agus bhí ag tabhairt faoin nóibhíseacht nuair a fuair an easláinte an bua air.

Scaip cáil a naofachta agus tháinig aithrí ar a dheartháir féin, a chuaigh le Cumann Íosa ar ball.

Cloíonn leagan Przemysław Wysogląd le cnámha an scéal bunaigh ach tá an insint bhríomhar spéisiúil físiúil.

Chuaigh an scéal i bhfeidhm orm thar má rachadh naomhsheanchas lom.

Tugann amharc siar a dheartháir fráma don insint, cleas éifeachtach. Sa réamhrá tá trácht ar an smidiú a bhaint den naomh chun an duine is a streachailt a nochtadh. Éiríonn leis, dar liom. Agus is breá an rud gur roinn Przemysław Wysogląd a smaoineamh le Frainc Mac Brádaigh agus go bhfuil teacht dá réir ag léitheoirí na Gaeilge air an leagan úr spleodrach seo.

Kostka
Przemysław Wysogląd

Ní fheicim ar suíomh An Timire fós é!

2018-12-10

Akata

Ó léigh mé sraith Binti Nnedi Okorafor agus saothair eile léi bhí mé ag lorg an dá leabhair Akata Witch agus Akata Warrior. Theip orm iad a fháil ón leabharlann. Ansin fuair mé amach go bhfuil malairt teidil i gceist, i. 'What Sunny saw in the flames' agus 'Sunny and the Mysteries of Osisi'

Fós níor éirigh liom iad a fháil ón leabharlann agus ghéill mé do mo mífhoighne agus cheannaigh don Kindle iad.

Cailín óg de bhunadh na Nigéire í Sunny, a rugadh i Meiriceá. Leasainm maslach ar bunadh na hAfraice i Meiriceá is ea Akata.

Tá a teaghlach fillte ar an Nigéir. Ach sa mhullach ar a Meiriceánacht seasann Sunny amach ar chúis eile - is albino í. Ní mór di an ghrian a sheachaint dá réir.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil sí imeallaithe ar scoil, as alt san saol.

Tagann corr ina cinniúint nuair a chuireann sí aithne ar roinnt déagóirí imeallaithe eile. Faigheann sí amach go bhfuil draíocht ag baint leo - agus léi. Gur de phobail na Liopard í. Rún é seo atá le coinneáil ó na gnáthdhaoine, na hUain.

Ach cabhraíonn a cairde nua léi, a bhí i bpobal na Liopard ó rugadh iad, teacht ar an oideachas cuí agus a tallann a fhorbairt.

Aithníonn comhairle na Liopard gur meitheal ar leith an ceathrar, agus cuirtear iad i ngleic le draoi atá tar éis géilleadh don olc.

Ag deireadh an chéad leabhair éiríonn leo é a chloí ar éigin ach tá an ainspioraid a bhí á chothú aige lena dhrochghníomhartha beagnach láidir go leor briseadh isteach san ceantar ón alltar.

Rud a tharlaíonn san dara leabhar ach tar éis go leor eachtraí faigheann an ceathrar an ceann is fearr air an ainspioraid arís.

Tá na leabhair ar maos le traidisiún Afracacha agus na treibheacha éagsúla san Nigéir. Ní saineolaí mé, ach uair ar bith ar chuardaigh mé eolas fuair mé amach go raibh fréamhacha san stair nó sa chultúr ag nithe luaite.

Tá noda láidir sa leabhar go bhfuil breis eachtraí i ndán do Sunny is a cairde.

Táim ag súil leo! Cruinne samhlaíoch draíochta atá cruthaithe ag Nnedi Okorafor ach tá daonnacht, grá agus cairdeas ag a chroí. Agus streachailt agus spraoi.

2018-12-09

Amhráin na Féidearthachta

Tá  an rian seo  de chuid  Liam cloiste cúpla uair agam agus taitneamh tugtha dó agam. Chan sé é mar chuid den gceol ag seoladh Kostka Déardaoin seo chaite. Ach thug sé cúlscéal freisin. Go raibh aint leis ina bean rialta in Ord Bhrighid. Go mba bean rua í. Go ndeachaigh an searmanas a bhí ag an orc traidhfil blianta ó shin, athadhaint tine i gCill Dara agus lasair uaidh á scaipeadh ar fud na cruinne go clochair an oird.

Gur bhraith sé dóchas agus cóir san aer ag an am, amhráin (iolra) na féidearthachta á gceol. 

Amhrán dóchais, ardú croí. 

Thapaigh mé an deis fiafraí de cá bhfaighinn taifead agus tá sé ceannaithe anois agam, ar Bandcamp. 


2018-12-07

N K Jemisin

Tagairtí ag Nnedi Okorafor agus Neil Gaiman a thug nod dom faoin scríbhneoir seo. Thosaigh mé ar sraith dá cuid a fháil ón leabharlann. Trí úrscéal agus Urscéilín. Lonnaithe i gcruinne atá faoi réir ag triúr Déithe a bhfuil castacht agus teannas sa ghaol eatarthu. Teannas agus gaol as a gintear an cruinne agus daoine.

Pearsa amháin lárnach i ngach scéal. Baineann i trí chinn de na leabhair. Lag de réir an gcéad amharc. Ach cinniúnach agus cuirtear bearta lucht cumhachta droim ar ais de bharr grá agus caoinfhulaingt.

Cruinne shaibhir samhlaíochta. Ach mar atá fíor faoi ficsean samhlaíoch fiúntach, grá, daonnacht, ceart ina lár. Bealach chun casadh a bhaint as ceisteanna an tsaoil. Níl carachtar ar bith iomlán geal nó dorcha ina meoin. Laigeachtaí agus láidreachtaí acu - scaití ag eascairt as a chéile, mar a bhíonn san fíor saol.

Foinsí nua domsa á oscailt ag an mbean seo, Meiriceánach de bhunadh na hAfraice i bhfad siar.

Tá mé ag tnúth tabhairt faoi cruinne eile dá cuid anois agus na scéalta faoi The Hundred Thousand Kingdoms léite agam.

Tá eolas fúithi agus sciar dá smaointe le léamh ag http://nkjemisin.com/

2018-12-03

Pádraig Ó Snodaigh

Bhí An Siopa Leabhar plódaithe tráthnóna Sathairn. Slua cruinnithe chun ómós a léiriú do Phádraig Ó Snodaigh. Bhí moill bheag ar an bhfear é féin, de bharr go raibh leabhar á sheoladh sa Chultúrlann aige níos luaithe san lá!

Íte Ní Chionnaith a mheabhraigh ina cuid cainte dúinn gur fairsinge go mór comaoin Phádraig ar na Gaeil ná an míle trí chéad caoga leabhar atá foilsithe ag Coiscéim. Go raibh sé ina uachtarán i dtréimhse cinniúnach ar Chonradh na Gaeilge. Gur mheall sé daoine nua, óga, fuinniúla isteach sa Chonradh. Gur chuir sé Bille Cearta á dhréachtadh. I 1976! Síol a raibh toradh air in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Gur faoina uachtaránacht a bunaíodh an siopa leabhar. Gur staraí é a throid go fíochmhar agus go cumasach, ag tarraingt as na foinsí le droim láimhe a thabhairt d'athscríobh na staire.

Ar Phádraig Mac Fhearghusa a leagadh an chúram leabhar filíochta Phádraig 'Ag druidim le 80' a sheoladh. (Tá cóip ceannaithe agam ach ní raibh deis agam féachaint air fós).

Labhair Pádraig féin go borb soiléir: ag maíomh gur don eagraíocht CnaG agus dá chomrádaithe ba cheart an chreidiúint a thabhairt. Gur eagraíocht lán spiorad a bhaineann rudaí amach  - ach iad teacht slán ó lámh marbh an maorlathais, atá trom ainneoin feabhas na ndaoine aonair sna hoifigí stáit.

Gníomh grá is ea foilsitheoireacht sa Ghaeilge. Cuirtear i leith Coiscéim go minic go mbíonn tús áite ag cainníocht seachas cáilíocht. Tá cosaint láidir déanta ag Pádraig ar ócáidí eile ar a chuir chuige. Ní mór do a rá go raibh díomá orm scaití le leabhair Coiscéim, le blianta beaga anuas ach go háirithe. Sleamchúis eagarthóireachta.

Mar sin féin tá údair mhóra curtha faoinár bhráid ag Coiscéim - leithéidí Pádraig Ó Cíobháin, Tomás Mac Síomóin, Breandán Ó Doibhlin. Úrscéalta riachtanacha. Paimfléidí staire is cúise. Saothair eolaíochta Matt Hussey.

An an mórgóir mar sin, is fathach fir a bhí ag fáil ómós agus is maith nach tar éis a thórraimh a bhí an ómós á thabhairt.

Gura fada buan i mbun spairne é!