Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-12-29

Cogadh na Reann

Ba cheannródaí sa bhficsean eolaíochta é HG Wells. Agus is clasaiceach a leabhar War of the Worlds. Measaim gur léigh mé an bunleagan blianta fada ó shin, ach tá sé i gcúl mo chinn le fada an aistriúchán go Gaeilge a léamh, aistriúchán a rinne Leon Ó Broin sna 1930í ach a d'fhoilsigh Evertype roinnt blianta ó shin in eagrán faoi eagar ag Aibhistín Ó Duibh.

Cuntas céad pearsa atá ann ar ionradh ó Mhars, cé go mbaineann an reacaire feidhm as cuntas de chuid deartháir leis chun léargas níos leithne a thabhairt ar an scéal ná a bheadh dá mba a reacaireacht fhéin amháin a bheadh sa leabhar - ó tharla an reacaire bheith sáinnithe ag na hionróirí agus a ngléasanna ó thús deireadh.

Tá cosúlachtaí láidre idir an reacaire agus Wells féin, agus mar sin is fuighle an fhir le hoideachas agus smaointe forásacha a chleachtann sé. Éiríonn ana mhaith leis an aistriúchán an carachtar a thabhairt slán go hinchreidte, an réimse teanga ceart a aimsiú.

Tá an scéal féin láidir, sibhialtacht Shasana ag titim as a chéile go gasta de bharr uirlisí agus airm na Marsaigh a bheith oiread sin níos fearr. Fáidhiúil freisin an slí a shamhlaigh Wells innealra agus airm - airm cheimiceacha ina measc.

Teipeann chomh tobann céanna ar ionradh na Marsach - de bharr baictéir áfach seachas aon fhreasúra ón gcine daonna.

Cuireann léaráidí dubha agus bána, garbha Mathew Staunton go mór le hatmaisféar na scéine sa scéal agus an reacaire ar a sheachaint i ndomhan atá á chreimeadh go gasta faoi ionróirí uafásacha.

Scéal a bhfuil ceachtanna agus úire ann fós ainneoin forbairt ar eolaíocht ó Ré Wells.

Tá screamh na sibhialtachta tanaí....

Cogadh na Reann

H. G. Wells, aistrithe ag Leon Ó Broin
Céad eagrán , 2015
Léaráidí le Mathew Staunton.
In eagar ag Aibhistín Ó Duibh
Portlaoise: Evertype.
ISBN 978-1-78201-099-9