Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-12-03

Pádraig Ó Snodaigh

Bhí An Siopa Leabhar plódaithe tráthnóna Sathairn. Slua cruinnithe chun ómós a léiriú do Phádraig Ó Snodaigh. Bhí moill bheag ar an bhfear é féin, de bharr go raibh leabhar á sheoladh sa Chultúrlann aige níos luaithe san lá!

Íte Ní Chionnaith a mheabhraigh ina cuid cainte dúinn gur fairsinge go mór comaoin Phádraig ar na Gaeil ná an míle trí chéad caoga leabhar atá foilsithe ag Coiscéim. Go raibh sé ina uachtarán i dtréimhse cinniúnach ar Chonradh na Gaeilge. Gur mheall sé daoine nua, óga, fuinniúla isteach sa Chonradh. Gur chuir sé Bille Cearta á dhréachtadh. I 1976! Síol a raibh toradh air in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Gur faoina uachtaránacht a bunaíodh an siopa leabhar. Gur staraí é a throid go fíochmhar agus go cumasach, ag tarraingt as na foinsí le droim láimhe a thabhairt d'athscríobh na staire.

Ar Phádraig Mac Fhearghusa a leagadh an chúram leabhar filíochta Phádraig 'Ag druidim le 80' a sheoladh. (Tá cóip ceannaithe agam ach ní raibh deis agam féachaint air fós).

Labhair Pádraig féin go borb soiléir: ag maíomh gur don eagraíocht CnaG agus dá chomrádaithe ba cheart an chreidiúint a thabhairt. Gur eagraíocht lán spiorad a bhaineann rudaí amach  - ach iad teacht slán ó lámh marbh an maorlathais, atá trom ainneoin feabhas na ndaoine aonair sna hoifigí stáit.

Gníomh grá is ea foilsitheoireacht sa Ghaeilge. Cuirtear i leith Coiscéim go minic go mbíonn tús áite ag cainníocht seachas cáilíocht. Tá cosaint láidir déanta ag Pádraig ar ócáidí eile ar a chuir chuige. Ní mór do a rá go raibh díomá orm scaití le leabhair Coiscéim, le blianta beaga anuas ach go háirithe. Sleamchúis eagarthóireachta.

Mar sin féin tá údair mhóra curtha faoinár bhráid ag Coiscéim - leithéidí Pádraig Ó Cíobháin, Tomás Mac Síomóin, Breandán Ó Doibhlin. Úrscéalta riachtanacha. Paimfléidí staire is cúise. Saothair eolaíochta Matt Hussey.

An an mórgóir mar sin, is fathach fir a bhí ag fáil ómós agus is maith nach tar éis a thórraimh a bhí an ómós á thabhairt.

Gura fada buan i mbun spairne é!