Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-12-11

Kostka

Nóibhíseach de chuid na nÍosánach ab ea Stanisław Kostka  nuair a d'éag sé sa Róimh i Lúnasa 1568. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag. Bhí cáil air de bhrí gur de shiúl na gcos, ó Vín, a bhain sé an Róimh amach, ainneoin easpa sláinte. Is cosúil freisin go raibh gealladh faoi agus éirim ar leith ann, mar chuir Petrus Canisius, proibhinseal na nÍosánach sa Ghearmáin sin in iúil sa litir a sheol sé ag uachtarán an Oird le Kostka.

Agus é féin ina nóibhíseach bhí fonn ar an
Íosánach óg Przemysław Wysogląd, Polannach freisin, an scéal a insint don nglúin seo, chun an spreagadh a bhí faighte aige féin a roinnt.

Chinn sé ar an scéal - eachtra fisiciúil agus anama in éineacht - a insint in úrscéal grafach. Chloí sé le fíricí an scéil ach tá an scéal lonnaithe go físiúil lenár linn.

Ba de mhionuaisle na Polainne Kostka. Cuireadh é féin agus a dheartháir chuig Vín chun oideachas a fháil i scoil Íosánach - ord a bhí fíor nua ag an am. Saol an chathair mhór a tharraing a dheartháir, saoirse agus só. Ach bhí Stanisław cráifeach, misteach fiú. Chothaigh sin deacrachtaí idir an bheirt. Bhí pleananna saolta ag a athair dó freisin.

Ba mhian Kostka áfach ballraíocht a ghlacadh i gCumann Íosa. Ní raibh na húdaráis i Vín sásta glacadh leis áfach. Bhí achrann tarraingthe cheana ag mic uaisle ag dul sa chumann ainneoin toil a muintire. Agus ba fás íogair fós an Cumann.

Chuaigh Kostka ag lorg Petrus Canisius, proibhinseal. I nDilligen na Gearmáine a shíl sé é a bheith. D'fhág sé Vín de shiúl na gcos. Theip ar a dheartháir agus giollaí an teaghlaigh teacht suas leis.

Ní i nDillingen a bhí Canisius áfach ach i bPassau. Siúlóid eile. Chuir Canisius promhadh air ar feadh seal, ansin sheol chun na Róimhe é de bhrí nach raibh sé ag iarraidh breis achrainn a tharraingt ar féin. (Bhí sé sáite i taidhleoireacht agus imreas creideamh idir prionsaí na Gearmáine).

Shiúl Kostka chun na Róimhe agus bhí ag tabhairt faoin nóibhíseacht nuair a fuair an easláinte an bua air.

Scaip cáil a naofachta agus tháinig aithrí ar a dheartháir féin, a chuaigh le Cumann Íosa ar ball.

Cloíonn leagan Przemysław Wysogląd le cnámha an scéal bunaigh ach tá an insint bhríomhar spéisiúil físiúil.

Chuaigh an scéal i bhfeidhm orm thar má rachadh naomhsheanchas lom.

Tugann amharc siar a dheartháir fráma don insint, cleas éifeachtach. Sa réamhrá tá trácht ar an smidiú a bhaint den naomh chun an duine is a streachailt a nochtadh. Éiríonn leis, dar liom. Agus is breá an rud gur roinn Przemysław Wysogląd a smaoineamh le Frainc Mac Brádaigh agus go bhfuil teacht dá réir ag léitheoirí na Gaeilge air an leagan úr spleodrach seo.

Kostka
Przemysław Wysogląd

Ní fheicim ar suíomh An Timire fós é!