Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Foilsiúcháin Ábhar Spioradálta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Foilsiúcháin Ábhar Spioradálta werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-12-27

Conair Frainc go Santiago

Tá aithne éigin agam le roinnt blianta ar Fhrainc Mac Bhrádaigh, atá - i measc roinnt cúram eile atá leagtha ag Cumann Íosa air - ina eagarthóir le flosc ar an iris an Timire, agus ar Foilseacháin Ábhair Spioradálta a fhoilsíonn trí leabhair nó mar sin i nGaeilge chuile bliain.

Seo dialann dá chuid ag trácht ar siúlóid an Chamino, ag tosú sa Fhrainc. Tagann deireadh leis an insint i bPamplona na Spáinne cé gur lean sé féin air go Santiago.

Dialann atá ann seachas treoirleabhar. Cuir síos ar áiteanna agus daoine a chuaigh i bhfeidhm air.

Bhraithfeá scaití go bhfuil scáil scéil eile laistiar de nach gcíorann sé go hiomlán riamh. É ar sos gairme agus drogall air bheith aitheanta mar chléireach cé nach séanann sé a cháilíocht. Tagairtí do gan bheith ag éisteacht nó ag rá Aifrinn. Tagairtí thar a bheith ionraic do gan bheith in inmhe fónamh do dhaoine mar ba mhian leis. Gan bheith i ndán sólás a roinnt ar na dúbhrónach.

Tá cuir síos bhreá ar dhúlra, ailtireacht agus daonra deisceart na Fraince sna leathanaigh seo, maille scéalta faoina chomhoilithrigh a shiúl píosa fada nó gearr den mbóthar leis.

Faoi lucht aíochta idir caoin agus colgach.

Spreagann siúl scéal agus aithris scéalta agus tá blaiseadh de stair na Fraince, fearann claíomh le fada le fáil. Stair a bhfuil nascanna ag dul i bhfad siar le stair Shasana agus Éirinn freisin.

Tá lón machnaimh sa leabhar. Labhair sé féin ar shochraid Liam Ó Muirthile faoin míún siúl atá ar fáil ina dhialann siúd, Oilithreacht Pinn. Tá a leithéid le fáil sa leabhar seo.

Tar éis an tsaoil is ar oilithreacht atáimid ar fad ar an saol seo : cuidíonn siúl na gcos ar aistir fhada linn meabhrú ar sin.

Conair na Fraince go Santiago
Údar: Frainc Mac Brádaigh, SJ
ISBN: 978-1-906982-41-6

2018-12-11

Kostka

Nóibhíseach de chuid na nÍosánach ab ea Stanisław Kostka  nuair a d'éag sé sa Róimh i Lúnasa 1568. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag. Bhí cáil air de bhrí gur de shiúl na gcos, ó Vín, a bhain sé an Róimh amach, ainneoin easpa sláinte. Is cosúil freisin go raibh gealladh faoi agus éirim ar leith ann, mar chuir Petrus Canisius, proibhinseal na nÍosánach sa Ghearmáin sin in iúil sa litir a sheol sé ag uachtarán an Oird le Kostka.

Agus é féin ina nóibhíseach bhí fonn ar an
Íosánach óg Przemysław Wysogląd, Polannach freisin, an scéal a insint don nglúin seo, chun an spreagadh a bhí faighte aige féin a roinnt.

Chinn sé ar an scéal - eachtra fisiciúil agus anama in éineacht - a insint in úrscéal grafach. Chloí sé le fíricí an scéil ach tá an scéal lonnaithe go físiúil lenár linn.

Ba de mhionuaisle na Polainne Kostka. Cuireadh é féin agus a dheartháir chuig Vín chun oideachas a fháil i scoil Íosánach - ord a bhí fíor nua ag an am. Saol an chathair mhór a tharraing a dheartháir, saoirse agus só. Ach bhí Stanisław cráifeach, misteach fiú. Chothaigh sin deacrachtaí idir an bheirt. Bhí pleananna saolta ag a athair dó freisin.

Ba mhian Kostka áfach ballraíocht a ghlacadh i gCumann Íosa. Ní raibh na húdaráis i Vín sásta glacadh leis áfach. Bhí achrann tarraingthe cheana ag mic uaisle ag dul sa chumann ainneoin toil a muintire. Agus ba fás íogair fós an Cumann.

Chuaigh Kostka ag lorg Petrus Canisius, proibhinseal. I nDilligen na Gearmáine a shíl sé é a bheith. D'fhág sé Vín de shiúl na gcos. Theip ar a dheartháir agus giollaí an teaghlaigh teacht suas leis.

Ní i nDillingen a bhí Canisius áfach ach i bPassau. Siúlóid eile. Chuir Canisius promhadh air ar feadh seal, ansin sheol chun na Róimhe é de bhrí nach raibh sé ag iarraidh breis achrainn a tharraingt ar féin. (Bhí sé sáite i taidhleoireacht agus imreas creideamh idir prionsaí na Gearmáine).

Shiúl Kostka chun na Róimhe agus bhí ag tabhairt faoin nóibhíseacht nuair a fuair an easláinte an bua air.

Scaip cáil a naofachta agus tháinig aithrí ar a dheartháir féin, a chuaigh le Cumann Íosa ar ball.

Cloíonn leagan Przemysław Wysogląd le cnámha an scéal bunaigh ach tá an insint bhríomhar spéisiúil físiúil.

Chuaigh an scéal i bhfeidhm orm thar má rachadh naomhsheanchas lom.

Tugann amharc siar a dheartháir fráma don insint, cleas éifeachtach. Sa réamhrá tá trácht ar an smidiú a bhaint den naomh chun an duine is a streachailt a nochtadh. Éiríonn leis, dar liom. Agus is breá an rud gur roinn Przemysław Wysogląd a smaoineamh le Frainc Mac Brádaigh agus go bhfuil teacht dá réir ag léitheoirí na Gaeilge air an leagan úr spleodrach seo.

Kostka
Przemysław Wysogląd

Ní fheicim ar suíomh An Timire fós é!

2018-11-30

Kostka - seoladh leabhair

Bhí mé san séiplíneacht Polannach aréir, atá lonnaithe in eaglais stairiúil chaitliceach San Audeon i lár Bhaile Átha Cliath. Bhí mé luath don ócáid ach bhí slua beag san Eaglais. Dá mbeinn sách airdeallach thuigfinn go raibh aifreann ar tí tosú, gur chuige sin agus chun faoistine roimhe a bhí an slua ann. Ar an ndrochuair ní raibh, agus bhailigh mé liom chun cupán tae a lorg. Rud a fuair mé. D'fhill mé níos gaire d'am na hócáide is bhí roinnt Gaeil ag bailiú isteach. Bhí aistriúchán Gaeilge ar úrscéal grafach Polannach le seoladh  úrscéal bunaithe ar shaol Íosánaigh óg de chuid an 17ú aois -  Naomh Stanisław Kostka.
Chuir an sagart paróiste an tAthair Frainc Mac Bhradaigh i láthair, eagarthóir (agus inneall!) Foilseacháin Ábhar Spioradálta.
Níor chuir sé siúd am amú, ach chuir rudaí i lámha beirt ceoltóir Polannacha Piotr Czechowski agus bean (nach bhfuair mé a hainm faraor) . Chan siad rogha iomainn Polannacha, ag críochnú le leagan i mBéarla de Mórann m'ainm an Tiarna (An Magnificat). Tionlacan séimh giotár agus guthanna binne.
Bhí an taobh foirmeálta den seoladh i lámha Łukasz Chimiak ón ambasáid, a labhair faoin slí go raibh go leor de dhúshlán Kostka san 17ú aois déag romhainn inniu, ré éiginnte eile. Gur spreagadh a bheadh san leabhar do ghlúinte nua tabhairt faoin dúshlán.
Íosánach óg Przemysław Wysogląd an údar agus ealaíontóir. Bhuail sé le Frainc agus é i mbun oibre abhus i Luimneach agus thaispeáin an leabhar dó. As sin a d'fhás an togra Gaeilge a chuir air.
Bhí sé féin i láthair agus labhair go bríomhar faoina ghrá do agus spéis i Naomh Stanisław Kostka agus an chaoi a thug sé faoin leabhar chun an inspioráid a thug scéal a bheatha dó a roinnt ar dhaoine eile, a léiriú gur muinín i nDia agus flosc agus umhlaíocht atá i gconair na naoimh seachas aon ollbhua neamhdhaonna.
Bhogamar ón séipéal isteach i spás halla an pharóiste ansin áit a raibh roinnt sólaistí agus cóipeanna den leabhair á dhíol as Gaeilge agus Polainnis.
Chuir Liam Ó Maonlaí clabhsúr le himeachtaí le ceolchoirm dá amhránaíocht atá dúchasach agus uilíoch in éineacht. Taibhiú a shroich a bhuaic i gcuir i láthair agus canadh a dhuan féin chumtha dóchasach Amhrán na Féidearthachta.
Ard ócáid. Tá súil agam tuairisc a scríobh ar an leabhar (cheannaigh mé cóip) ach é bheith léite agam!