Chuala mé fadó faoi Johnny Chóil Mhaidhc, cé nach mórán teagmháil atá agam le Gaeltacht na Gaillimhe. Feicim gurb i 2009 a léigh mé Buille faoi thuairim gabha. Léigh mé roinnt dráma leis cúpla bliain ina dhiaidh sin.
Agus anois tá iomlán a shaothar curtha i leabhar ag Cló Iar-Chonnacht. Maille aiste lena chomrádaí Máirtín Jamsie.
Filíocht, amhráin, gearrscéalta agus drámaí. Cuid de na scéalta iontach dáiríre ach an ghreann (dóite) tríd an saothar ar fad.
Fáiscthe as saol agus seanchas Cois Fharraige.
Rannóg greannmhar - problems cumtha do chlár ar Raidió na Gaeltachta.
Ní mé is fearr ag léamh drámaí, níl an tsamhlaíocht agam an dráma a fheiceáil os comhair mo shúil inmheánach. Mar sin is mó taitneamh a bhain mé as na saothair eile.
Is iontach an rud é áfach an saothar a bheith ar fáil in aon leabhar amháin.
Do mo leithéid b'fhéidir go mbeadh nótaí mínithe de dhíth, ach ní fál go haer atá ansin.
Is fiú go mór an leabhar seo a léamh.
(Chuir Cló Iar-Chonnacht cóip léirmheasa chugam).
Johnny Chóil Mhaidhc