Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-04-30

Tá Abhann an Súlan fireann - an bhfuil sé ina aonar?

rann ag dul leis an Sulán:

Mise an Sulán
Fuar, fada, fireann
Anois an t-am
Cá bhfuil mo dhuine?
Tá ainmneacha aibhneacha baininscneach sa Ghaeilge go hiondúil.  Luaitear an Sulán agus An Feabhal mar eisceachtaí. Ach ó tharla go bhfuil fógraí ar na bóithre anois nuair a thrasnaíonn bóthar sruth, tá cúpla eisceacht eile tugtha faoi deara agam. Chuir mé ceist ar lucht Logainm an raibh aon staidrimh acu faoi. Ní raibh, ach thug siad liosta dom agus an ginideach san áireamh. Scagadh garbh mar sin, ag déanamh talamh slán de gur ionann "an" sa Ghinideach agus "firinscneach" - tá thart ar 170 as 930 firinscneach. Seo iad. Ar ndóigh is do bhailte nó sléibhthe a thagraíonn cuid de na logainmneacha nuair atá Abha/Abhainn mar chuid den ainm, rud a laghdaíonn an líon.
‘Sonraí logainmníochta Gaeilge ó Logainm faoi © Rialtas na hÉireann agus cheadúnas CC BY 4.0.’

Folmhú na dTeampaill

Eaglais mór fhairsing is ea San Seosamh, Tír an Iúir, áit ar éist mé aifreann agus mé ag fás aníos. Ag tús an 20ú chéid, chuir sagart paróiste an oiread céanna arís leis an séipeal, rud  a fhágann cruth neamhghnách air. Fear le súil chun cinn ab ea é, agus fuair sé Harry Clarke (nach raibh cáil mór air fós) chun fuinneog iontach daite a chuir ar bhinn nua an tséipéal. Tá seod nó dhó eile dá chuid in aice an altóir. Sna seachtóidí agus ochtóidí agus mé ag fás aníos bhí triúir nó ceathrar sagart ag fónamh ar an bpobal agus cúig nó sé aifreann gach Domhnach - agus an Eaglais lán go maith.

Bím ann anois is arís - aifrinn cuimhneacháin agus a léithéid - ach bíonn fairsinge spáis anois ann.

Um Cásc 1985 bhí mé sa Róimh le grúpa óige. Fuaireamar deis freastal ar Aifreann na Bigile i mBaisleac Pheadair.  Tosainn Aifreann na Bigile sin i nDorchadas, go dtugann an ceiliúraí coinneal na Cásca isteach san Eaglais, lasta ó thine na Cásca lasmuigh. De ghnáth is solas séimh na gcoinneal ag an bpobal a ghluaiseann gualann ar gualann leis an gcléir suas an séipéal. Mo chuimhne áfach ná go raibh tintreach flaiseanna ó ceamraí ann freisin, agus an cuma ar an bPápa Eoin Pól II go raibh sé cráite acu! Ansin go tobann lasadh soilse uilig an Bhaislic agus bhí sé ina lá, shamhlófá.

Um Cáisc 1995 bhí mé i nDeisceart na Polainne le mo nuachar agus mac óg. Is cuimhin liom an Eaglais a bheith chomh plódaite ar Aoine an Chéasta le DART ag buaic am taistil - agus go raibh ar aon duine nach bhfuair suíochán bogadh in éineacht le gach duine eile san Eaglais. Rud a tharla!

Uair sa bhliain a mbím i gCúil Aodha, ag éisteacht Aifreann agus mé sa cheantar do Imbolc. Cé go mbíonn corr bhínse folamh in aice na haltóra, go hiondúil - mar gur cuid de chroí an phobail cór agus aifreann - bíonn an seipéal lán go maith.

Anois áfach, agus na hEaglais iata ag srianta atá ag iarraidh scaipeadh galair a chloí, is mór an athrú atá ann. Taobh leis an dteilefís atáim chun aifreann a éisteacht.

Bhí mé ag éisteacht leis an bPapa um Cháisc mar sin. Bhí sé diamhar Eaglais ollmhór a fheiceáil gan ann ach roinnt deicheanna de dhaoine - scartha amach óna chéile. Ceol an schola tanaí go maith san Eaglais mór fairsing. Iocón Mhuire, Slánú Pobal na Róimhe agus Cros Céasta le nasc leis an bplá sna meánaoiseanna ar an altóir - meabhrú go raibh a leithéid ann cheana agus go dtiocfaimid as, go bhfuil cúis misnigh ann dúinn.

Chonaic mé roinnt freisin de shearmanas Aoine an Chéasta ó Chúl Aodha - gan san seipéal ach an sagart agus dornán de bhaill an Cóir.

Meascán ab ea na hAifrinn eile a d'éist mé - as Gearmáinis don mórchuid. Roinnt acu as seipéilíní beaga in aice leis an gnáth séipeal - áit a raibh cuma níos nádúrtha ar an líon beag daoine a bhí i láthair. Ach freisin aifreann ó Ard Eaglais Köln - diamhair arís an dornán duine in Eaglais ollmhór.

Níl mé baileach cinnte cá bhfuil an sruth smaointe agus cuimhní cinn seo ag dul!

Is dóigh liom gur chun leasa an athnuachan é nach bhfuil daoine ag plódú Eaglaisí níos mór de bharr smacht sóisialta agus nósanna fadbhunaithe - go bhfuil soiscéalú agus cinntí pearsanta ag teacht in áit leanúint caoch rialacha. Chruthaigh sé sin deiseanna d'arrachtaí teacht i dtír ar soineanteacht, agus chlis ar na hEaspaig a ndualgas a dhéanamh - tá leorghníomh fada le déanamh as sin.

Tá an rud ceart déanta ag an Pápa agus na hEaspaig géilleadh don riachtanas sláinte agus smacht an stáit. Ach is gá a bheith airdeallach nch n-éilíonn Caesár níos mó ná mar atá dlite dó; gur leas an phobail, a bhfuil riachtanais anama chomh maith le colainne acu, an slat tomhais.

Beidh le feiceáil, ach measaim gur chun leasa athnuachan na hEaglaise an teidhm seo - go dtabharfaidh sé deis ar dhaoine athmhachnamh ar ionad Dé ina saoil.


2020-04-29

An Diabhal Déanta

Cnuasach sleachta próis gairid atá anseo; cuimhní cinn agus gearrscéalta - agus scaití gan é bheith soiléir cad atá fíor agus cad atá cumtha spreagtha ag fírinne.

Reacaireacht den scoth mar is dual do Joe Steve, greann tríd - faoi féin sách minic - ach dáiriréacht sna ceachtanna. Daonnacht agus caoine. Is minic casadh cliste i ndeireadh an scéil a athraíonn an léargas ó bhonn.

Gaois saol fada a chaith sé chun leasa a phobail. Ceannaire umhal ab ea Joe Steve ó laethanta Cearta Sibhialta ar aghaidh. Néamhspléach. Tá na tréithe sin a bhí ann go smior sna scéalta seo ar an gnáth shaol, an grá agus an gruaim. 

Fadhbanna an lae inniu - cliseadh pósadh, diabhlaíocht tiomána, éiginnteacht an linbh uchtaithe, rúin á scaoileadh. Iad ar fad curtha i láthair go ceanúil, ag léiriú na castachtaí i saol nach bhfuil riamh dubh agus bán - saol ina bhfuil sonas agus donas in orlaí trina chéile.


Tá Joe Steve imithe uainn, ach seo bollán eile ar an gcarn clocha saothair atá fágtha aige againn mar shólás agus lón intinne.

Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnacht.

2020-04-25

An Capall agus a Ghiolla


Tá go leor de shaothair CS Lewis, scéalta uilig Nairnia, a chuid ficsean eolaíochta do dhaoine fásta, agus a shaothair díonchruthaithe Críostaí ar mo leabhragáin le fada, agus cuid acu léite agus athléite. Scéalta Nairnia go  háirithe.

Bhí mé sásta nuair a thosaigh Antain Mac Lochlainn ag cuir Gaeilge orthu leis An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh. 

Seo chugainn an dara gála. Scéal atá beagán ar leithligh ó na scéalta eile - ról imeallach ar fad ag daoine ón ár Domhan. Titeann amach le linn réimeas na ceathrar as an gcéad leabhar ar Ríocht Nairnia. 

Ach is beirt óg ón gCalarméin - impireacht mhór a bhfuil cosúlachtaí leis na Críocha Arabacha - atá lárnach. 

Scéal éalú go saoirse. 

Laochas dá ainneoin féin i ndán don mbuachaill agus cailín a dtugann eachtraí an scéil le chéile iad agus an bheirt capall cainte fuadaithe ó Nairnia. 

Tá réamhrá spéisiúil curtha ag Antain leis an leabhar, ag plé leis na ceisteanna a tharraingíonn an scéal anuas, de bhrí na cosúlachtaí idir na bithiúnaigh sa scéal agus Arabaigh. Cosaint ciallmhar agus comhthéacsú cúramach.

Tá an scéal féin taitneamhach agus aistrithe go soléite soiléir ag Antain, nathanna deasa dúchasacha fite tríd atá oiriúnach. 

Tá súil agam go leanfaidh sé air agus go mbeidh an sraith ar fad ar fáil amach anseo do léitheoirí óga agus dóibh siúd atá sách críonna, mar a dúirt Lewis féin, chun pléisiúr a aimsiú arís i scéalta sí. 

C. S. Lewis 
Aistrithe ag Antain Mac Lochlainn 
An Gúm 


2020-04-21

Idir Dáil is Pósadh

Fadó, fadó nuair a thug mo nuachar is mé féin lámh is focal dá chéile, bhí searmanas beag eaglasta i gceist. Bhronn an sagart cóip de Die Verlobten orainn, aistriúchán Gearmáinise ar I promessi sposi, úrscéal Alessandro Manzoni. Leabhar galánta atá ann, lán de na léaráidí a chuir Manzoni lena eagrán féin chun teacht timpeall ar lucht cóipeála bradaíola. Ach pé cúis a bhí leis tá sé ar an leabhragán gan léamh ó shin. 

Le déanaí áfach, agus muid i ngleic leis an Covid-19, a shroich a bhuaic san Iodáil san Eoraip, chonaic mé roinnt tagairtí don úrscéal a spreag m'fhiosracht. Is cosúil gur cuid den canóin oideachais é thall agus i litir ó phríomhoide scoile Iodálach a rinneadh athchló air i nuachtán Gearmánach, bhí tagairt do na ceachtanna maidir le fanacht daonna i gcúinsí a cothaíonn eagla atá le fáil ann. 

Scéal beirte den íosaicme atá ar tí pósadh. Lombard san seachtú haois déag agus smacht ag na Spáinnigh ar an tír. Mionuaisle agus a gcuid Bravi - ceithearnaigh - ina ualach ar an bpobal. 

Titeann mionuasal i ndrúis leis an mbean agus cuireann brú ar an sagart paróiste an pósadh a chuir ar athló. Déanann an lánúin iarracht teacht as an sáinn ach tarlaíonn sraith eachtraí a fhágann scartha iad ar  feadh roinnt blianta le linn cogaidh agus go háirithe an plá. Faoi dheireadh aimsíonn siad a chéile arís agus tá cúinsí athruithe sa chaoi agus go bhfuil deireadh sona i ndán dóibh. 

Úrscéal stairiúil den scoth, agus pearsana atá luaite sa stair ann, ina measc Federigo Borommeo ard easpag Milano. 

Béim ar suáilce agus daonnacht. 

Bhain mé taitneamh as, ach shamhlóinn gur mó tairbhe a bhain mé as ná mar a bheadh agus mé fós sna fichidí! 
 

2020-04-18

Arracht

Tá mé spreagtha ag feachtas TG4 agus an tÚdarás Craolacháin chun fad scannáin a chuir ar fáil as Gaeilge. Tá na haisteoirí ann!

Le linn scoil cheoil an Earraigh tháinig fear óg dathúil amach as Tí Mhurchú agus mise ar tí dul isteach. Bhí fhios agam go raibh aithne agam ar, ach ní raibh fhios agam cén fáth. Ansin chonaic mé gur i gcomhluadar Pádraig Ó hÉalaí a bhí sé (agus a léacht seisean ar seanfhocail díreach cloiste agam) agus thuig mé gur réalta Arracht a bhí romham. Dúirt leis go raibh mé ag súil go mór an scannán a fheiceáil san Lighthouse, agus bhí. 

Is pigneacha beaga atá ar fáil do na scannáin seo, ach tá scríbhneoirí agus cliar tar éis láidreacht a dhéanamh as sin. Ó hÉalaí go háirithe, a rinne troscadh fhada chun a cholainn a bheith in oiriúint do ról an teifigh ar a sheachaint ar oileán de bharr ainghníomhartha duine eile. 

B'é an téama is láidre domsa síos tríd an scannán ná an ghrá agus an caoine as ar fáisceadh Colmán Searcaigh, a chúram dá chlann agus dá phobal in aimsir uafáis. 

Is as radharc atá mórchuid de foréigean agus uafás an scannáin agus is amhlaidh is éifeachtaí mar sin é. 

Tugann Dara Devaney ana thaispeáintas freisin, brúidiúil leithliseach fiáin. 

Agus Saise Ní Choinn mar an gcailín óg a athmhúsclaíonn caoine Choilm agus a thagann idir é agus éadóchas marfach.

Léargas ar an duine i ladhar casúir an uafáis. 

Ní rud é tharla dóibh atá ann mar a deir Colmán sa scannán, ach rud a rinneadh orthu. 

Ana scannán. Faoi seo, murach an saol a bheith as riocht, bheadh sé feicthe sna pictiúrlanna. Beidh arís ann. Má bhíonn deis agat, tapaigh é. 

2020-04-17

Cnámh


Is ag Féile Imbolc traidhfil blianta ó shin a casadh Eoghan Mac Giolla Bhríde orm. Bhuail sé bob orainn nuair a d'inis sé scéal dúinn seachas an caint léirithe le power point a bhíomar ag dréim leis. Taibhiú samhlaíoch cliste. (Tá físeán ar fáil ar shuíomh Imbolc.ie)

Bhí dhá leabhair gearrscéalta foilsithe aige an uair úd,  "Idir Feoil is Leathar" agus "Díbeartaigh".  Chuir mé fios orthu. Thaithin liom. Roinnt de fáiscthe as a thaisteal i Meiriceá Theas. Scéalta neamhghnácha. Léargas éagsúil.

Sa chnuasach is déanaí Cnámh tá na tréithe céanna, ach breis snas orthu. Muid istigh in aigne na bpríomhcharachtar. Na scéalta féin níos cosúla le heipeasóid. Gan tús ná críoch shoiléir. Cuid de na carachtair ag streachailt le leadrán agus imní an ghnáth shaol. Déagóirí ag fulaingt miangas agus leadrán. Cuid eile ina ngeilt cruthanta.

Cor agus casadh san scéal. Spreagann smaoineamh. Máistreacht focail is teannas. 

Mothúcháin le blaiseadh agus bolú. 

Fillfear air... 

Eoghan Mac Giolla Bhríde 
Éabhlóid 
2019 

2020-04-14

Mná Dána

Bhí seachtain na Breataine Bige ag siúl i mBaile Átha Cliath thart ar tús mí Márta, agus taispeántas ar bun san CHQ ar na céanna. I gcruinneog de chuid an taispeántais sin ar an 9ú Márta bhí ócáid filíochta ag comóradh Lá Idirnáisúnta na mban. Triúr banfhile Éireannach, triúr Breatnach, tugtha le chéile ag Y Stamp – meitheal filíochta Breatnach, agus Reic na hÉireann.

Bhí mé ann, duine den beagán fear a bhí i láthair, ag ócáid a bhí ag ceiliúradh na mBan. Sin ráite, thug Llio Maddocks, an chéad file Breatnach a reic, suntas dó gur ag scríobh faoi thionchar na bhfear a bhí sí ainneoin go raibh fúithi dánta feimineach a scríobh. Ceal Breatnaise, is taobh le ceol a gutha a bhí mé seachas do mír amháin den chiogal "Nithe a deir Stócaigh Liom" ar chuir a comhghleacaí Taylor Edmonds Béarla air – sin agus an achoimre gairid a thug sí féin ar ábhar a dánta. Ba tréan a ceol áfach.

Thug Dairena Ní Chinnéide a rogha dánta féin dúinn san dá chanúint a bhfuil smacht ag a teanga gabhlach orthu! Searc mná, idir máthair, leannán agus bé: mealltach nó maíteach. Cíoradh ar an dúchas – ag iarraidh doimhneacht fréamhacha an fhocail a cheapadh i mBéarla.  Líonadh an phuball de chumhacht a héigse.

Ceol dáiríre a bhí ag Siân Miriam – le agus gan tionlacan lirchruit. (Lyre harp – theip orm aistriú a aimsiú). Amhrán ceana dá máthair. Dúlra Ynys Môn. Screamh agus doimhneacht a sráidbhaile dúchais. Ní raibh mé ar adhastar ag brí na bhfocail – ach bhlais mé go doimhin den gceol.

Is léir go bhfuil Sionainn Ní Ghreácháin tar éis a cuid féin a dhéanamh den nGaeilge atá foghlamtha aici ón meánscoil agus Ollscoil. Agus tá guth agus teacht i láthair aici a lig di an phuball a chrith le ceol a héigse,  searc, féiniúlacht, neart, neamhspleáchas.

As Caerdydd do Taylor Edmonds ach tá rútaí aici san Bhreatain agus sa Chairb. As Béarla a reic sí, dánta aduaine faoi máthair i ngleic le tréigean, bandia na Sabhrainne ag cosaint na mban agus ag baint díoltas as easurraim agus foréigean; nó caidreamh bia le seanathair ón Chairb ar fhág an saol a sháith coilm air agus rúin gan insint. Dhíol Llio Maddocks an cóir léi tríd Breatnais a chuir ar an dán sin, Patois.

Bunaitheoir Reic, Ciara Ní É – an Phenomenal Women í féin - a chuir clabhsúr leis an ócáid.  Bhí a mháthair i láthair, agus chomh maith leis an dán idirtheangach a scríobh sí do Cumann Peil na mBan reic sí péire dán seirce dá máthair, ceann i ngach teanga. Bhí an aer trom le mothúcháin, agus bhain fírinne na dánta deora asam – an ghrá laistiar den streachailt idir máthair agus iníon; an muinín a fhágann amhlaidh é.

Ba chineál faoiseamh é go bhfuil an dán a spreag ridire anaithnid méarchlár – Ramhar, Gránna, Iomarca smidiú, béalscaoilte agus lán di féin, chomh greannmhar céanna as Béarla agus atá as Gaeilge agus gur chuir sí an chruinneog ag canadh an curfá léi!

Ard oíche éigse agus léiriú ar bhláthú ginias na mbain ar dhá thaobh Muir Meann, sna teangacha ársa a fáisceadh as an ithir agus san teanga eile úd a ligeann dúinn caint le chéile agus léargas éigin a thabhairt ar anamacha a chéile.

Go gcoinní an Bé na mná éigse seo ághmhar, dána, cuí-smidithe, béalscaoilte ag dáileadh orainn féin!

2020-04-13

Octavia Butler - Earthseed

Luaigh mé cheana gur sheol NK Jeminsin agus Nnedi Okarafor i dtreo Octavia Butler mé, scríbhneoir Meiriceánach de shliocht na hAfraice.

Tá dhá úrscéal, The Parable of the Sower agus The Parable of the Talents sa sraith.
Bhí sé i gceist aici sraith fhada a chruthú ach níor éirigh léi. 

Seasann an dá leabhar ina bhfuil a laoch Lauren Oya Olamina lárnach go maith astu féin, dar liom.

Ag tús an scéil, is déagóir óg í. De bharr iarsmaí andúil a máthair i ndruga ar leith, fulaingíonn sí pian daoine eile má fheiceann sí ag fulaingt iad. Tá a hathair pósta arís agus muirir air. Tá cónaí orthu in eastáit bheag tithíochta, balla thart air, i timpeallacht Los Angeles. Lasmuigh, tá an tír ag titim in anord de bharr corraíl pholaitiúil agus tionchar athrú aeráide.

Tá an cuma ar go bhfuil an saol sách maith ach tuigeann sí an baol agus meabhraíonn agus beartaíonn in aghaidh an anachain ainneoin go mbíonn achrann dá bharr lena hathair, atá ag iarraidh misneach a choinneáil sa phobal bheag, a bhfuil sé mar ministéir acu freisin. Ainneoin go n-aithníonn sé go bhfuil dealramh lena smaointe agus bearta conas maireachtáil lasmuigh.

Diaidh ar ndiaidh buaileann na tubaistí agus bíonn uirthi dul ar a seachaint. Bailíonn sí pobal in iarracht tosú as an nua san anord, agus bíonn sí ag teagasc a síol teagaisc féin dóibh - go bhfuil sé i ndán don gcine daonna éalú go dtí na réalta agus saol úr a chruthú - gurb é sin an dóigh chun na fórsaí oilc a fhágann an cine scoiltí a shárú. 

Tagann bunúsachas creideamh, gaoth i seolta feachtas Uachtaráin atá ag iarraidh lámh láidir a imirt, salach ar a hiarrachtaí pobal a chruthú agus bíonn uirthi tosú as an nua arís. A grá caillte aici. A leanbh goidte. Deartháir aimsithe agus caillte arís.

Trí súile a hiníon goidte agus dialanna - léi féin, lena fear agus lena deartháir a insítear scéal an dara leabhair.

Is samhlú iontach é ar mhisneach agus dóchas i ngleic leis an olc agus an diostóip. Ach freisin ar chostas pearsanta agus teaghlaigh an té a fhéachann le fís a chur i gcrích. 

Fáiscthe as taithí údair agus léitheoireacht leathan an linbh uaignigh. Lón machnaimh (agus é ana thráthúil cé gur sna nóchaidí a scríobh sí é.). 

Cloch maith sa seánra "Cad a tharlódh dá..." agus gan mórán gá le díchreideamh a chur ar fionraí. D'fhéadfadh formhór na heachtraí titim amach mar a rinne sí cur síos orthu. Tharla a leithéidí cheana...