Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label An Gúm werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label An Gúm werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2022-09-19

Macghníomhartha Chathail


Tá an leagan athfhoilsithe de chéad saothar Cathal Uí Shandair díreach críochnaithe agam. Tá lorg na hóige agus na foghlama air, dar liom. Maith go leor, pulp fiction éadrom a bhí faoi scríobh, agus tá sé sin déanta aige go maith - cé go bhfuil na heachtraí áiféiseach dochreidte, agus chomhtharlúintí go leor ann, tá a leithéid céanna in sraith (beagnach comhaimseartha linn) Alex Rider le Anthony Horowitz (a léigh mé toisc go raibh mac liom á léamh, tráth go raibh sé d'uaillmhian ionam coinneáil suas leis an méid a léigh mo chlann go dtí gur iompaigh uafás Darren Shan mo ghoile. Ach sin scéal eile - níl goile agam don uafás).

Ach anois is arís bhain nath lomaistrithe fearacht Cuir é sin i do phíopa agus caith é... tuisle asam.

Tá go leor de na lochtanna luaite ag Róisín Adams ina hiarfhocal, ach aontaím go mór léi, agus is mór an chomaoin atá curtha aici agus an Ghúm orainn an saothar stairiúil ceannródaíoch seo a bheith ar fáil do ghlún nua. 

Ceann de fhadhbanna litríocht na Gaeilge le hais teangacha eile ná go dtéann saothair as cló go gasta agus as radharc dá réir, agus mar sin as cuimhne. Ach mura bhfuil siad ar fáil do léitheoirí ní bheidh siad ar fáil d'ábhar scríbhneoirí. (Meabhraíonn sin dom scéal a d'inis Tomás Mac Síomóin faoi cheardlann a rinne sé i scoil Gaeltachta. Bhí bean óg amháin cinnte go mbeadh sí ina scríbhneoir - Béarla - mar nach raibh sé soiléir di go raibh litríocht na Gaeilge ann, Béarla ar fad a bhí á léamh aici).

Tá mé ag súil an dara leabhar a léamh go luath, ach tá rudaí eile le léamh i dtosach agam!

Táimid faoi chomaoin ag Róisín agus coiste na ceiliúrtha agus an Ghúm as an obair uilig atá déanta. Tá súil agam go leanfar leis an obair agus go mbeidh na saothair ar fad ar fáil faoi dheireadh - ar a laghad go leictreonach, cé go bhfuil an dearadh tábhachtach freisin. Mar atáimid faoi chomaoin ag Sheán Mac Lellan, a d'aithin cumas Uí Shandair ainneoin lochtanna a macghníomhartha. Murach eisean, mar atá luaite san iarfhocal, seans nach mbeadh oiread léite le fonn faoi bhinsí scoile. Ba mhithid a leithéid de dhaoine a bheith ann arís! 

Tá dornán saothair le Cathal Ó Sandair i mo L-spás, a fuair mé i siopaí dara láimhe nó trí thaisme éigin eile. Cuireann an dá imleabhar nua go mór le mo chnuasach!

Cathal Ó Sándair
ISBN 978-1-85791-982-0
An Gúm 

2021-08-30

Commando

Reitz le linn an chogaidh,
ón Vicipéid Afracáinise

Agus An Afraic Theas le hÉamonn Mac Giolla Iasachta á léamh agam ar na mallaibh, meabhraíodh arís dom go raibh an leabhar Commando le Deneys Reitz ar an leabhragán i dteach mo mhuintire. D'iarr mé ar m'athair é bhreith leis go Ciarraí. Is é a chuimhne siúd gurb é a Uncail Cearbhaill a bhronn air é. Anois agus é léite agam, tá amhras orm go ndearna mé níos mó ná spléachadh a thabhairt air sna déaga dom - fiú anois bhí deacrachtaí áirithe agam le Gaeilge shaibhir chanúnach Néill Uí Dhónaill. Bhain leaganacha fearacht gránda (gránna) sa chiall mí-ámharach tuisle asam. 

Mac le Rúnaí Stáit Poblacht na hAfraice Theas (An Transvaal) ab ea Deneys Reitz. Nuair a bhrúcht an teannas idir na Saorstáit Bórach agus Impireacht na Breataine ina chogadh, chuaigh sé féin agus a dheartháireacha leis an airm Bórach in ainneoin iad a bheith ró óg dáiríre. Seacht déag a bhí sé féin ag tús an chogaidh. Ach bhí beannacht a athair - agus tacaíocht cairde a athair san Ard cheannasaíocht aige. 

Díbríodh athair agus mac as an Afraic Theas i ndiaidh an chogaidh, de bhrí nach raibh siad sásta an margadh síochána a shíniú. Is sa deoraíocht i Madagascar, laistigh de chúpla bliain, i sosanna oibre a scríobh sé an chuntas seo. 

Bhí an dearg ádh leis is cosúil, é páirteach i ngach mór eachtra sa chogadh, comrádaithe ag titim clé agus deas ach é féin ag teacht slán. 

Scéal aisteach atá ann, scéal na Sasanach i ngleic leis na mBórach. Ar éigin go bhfuil trácht ar bith ann ar na pobail seanbhunaithe. Eachtra amháin troda le dream Basuto agus a gcríoch á thrasnú. Hottentot luaite le harm na Breataine, agus cuid acu curtha ag giollacht nuair a gabhadh iad. 

An scéal is aistí, dar liom, searbhónta acu a rinne fónamh go lách leanbaí dóibh cé go raibh gradam mac rí aige ina phobal féin. É spléach tláithínteach leo. 

Ach is scéal Poblacht fir geal i ngleic le hImpireacht fir gheal atá ansin. Meascán aisteach de ridireacht cúirtéiseach agus barbarthacht pléascáin agus lámhach. Fir leonta fágtha le go dtabharfadh dochtúirí na Sasanach cúram dóibh. Commandos ag maireachtáil ar creach agus goid. Éide Sasanach orthu - go dtí go bhfuair siad amach go raibh ordú Bóraigh ina leithéid d'éide a lámhach dá ngabhfaí iad. Bóraigh áirithe á chrochadh as tréas mar go raibh siad i gcoilíneacht Sasanach roimh an chogaidh. 

Drochshíon. Nimhiú de bharr torthaí mí aibí. Fuacht agus cruatan. Gníomhartha gaile. 

Agus géilleadh sa deireadh. 

Tréimhse corraitheach staire. 

Agus insint bhríomhar. Ach is léir cár cuireadh síol stair achrannach Phoblacht na hAfraice Theas. 

2020-04-25

An Capall agus a Ghiolla


Tá go leor de shaothair CS Lewis, scéalta uilig Nairnia, a chuid ficsean eolaíochta do dhaoine fásta, agus a shaothair díonchruthaithe Críostaí ar mo leabhragáin le fada, agus cuid acu léite agus athléite. Scéalta Nairnia go  háirithe.

Bhí mé sásta nuair a thosaigh Antain Mac Lochlainn ag cuir Gaeilge orthu leis An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh. 

Seo chugainn an dara gála. Scéal atá beagán ar leithligh ó na scéalta eile - ról imeallach ar fad ag daoine ón ár Domhan. Titeann amach le linn réimeas na ceathrar as an gcéad leabhar ar Ríocht Nairnia. 

Ach is beirt óg ón gCalarméin - impireacht mhór a bhfuil cosúlachtaí leis na Críocha Arabacha - atá lárnach. 

Scéal éalú go saoirse. 

Laochas dá ainneoin féin i ndán don mbuachaill agus cailín a dtugann eachtraí an scéil le chéile iad agus an bheirt capall cainte fuadaithe ó Nairnia. 

Tá réamhrá spéisiúil curtha ag Antain leis an leabhar, ag plé leis na ceisteanna a tharraingíonn an scéal anuas, de bhrí na cosúlachtaí idir na bithiúnaigh sa scéal agus Arabaigh. Cosaint ciallmhar agus comhthéacsú cúramach.

Tá an scéal féin taitneamhach agus aistrithe go soléite soiléir ag Antain, nathanna deasa dúchasacha fite tríd atá oiriúnach. 

Tá súil agam go leanfaidh sé air agus go mbeidh an sraith ar fad ar fáil amach anseo do léitheoirí óga agus dóibh siúd atá sách críonna, mar a dúirt Lewis féin, chun pléisiúr a aimsiú arís i scéalta sí. 

C. S. Lewis 
Aistrithe ag Antain Mac Lochlainn 
An Gúm