Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-08-30

Commando

Reitz le linn an chogaidh,
ón Vicipéid Afracáinise

Agus An Afraic Theas le hÉamonn Mac Giolla Iasachta á léamh agam ar na mallaibh, meabhraíodh arís dom go raibh an leabhar Commando le Deneys Reitz ar an leabhragán i dteach mo mhuintire. D'iarr mé ar m'athair é bhreith leis go Ciarraí. Is é a chuimhne siúd gurb é a Uncail Cearbhaill a bhronn air é. Anois agus é léite agam, tá amhras orm go ndearna mé níos mó ná spléachadh a thabhairt air sna déaga dom - fiú anois bhí deacrachtaí áirithe agam le Gaeilge shaibhir chanúnach Néill Uí Dhónaill. Bhain leaganacha fearacht gránda (gránna) sa chiall mí-ámharach tuisle asam. 

Mac le Rúnaí Stáit Poblacht na hAfraice Theas (An Transvaal) ab ea Deneys Reitz. Nuair a bhrúcht an teannas idir na Saorstáit Bórach agus Impireacht na Breataine ina chogadh, chuaigh sé féin agus a dheartháireacha leis an airm Bórach in ainneoin iad a bheith ró óg dáiríre. Seacht déag a bhí sé féin ag tús an chogaidh. Ach bhí beannacht a athair - agus tacaíocht cairde a athair san Ard cheannasaíocht aige. 

Díbríodh athair agus mac as an Afraic Theas i ndiaidh an chogaidh, de bhrí nach raibh siad sásta an margadh síochána a shíniú. Is sa deoraíocht i Madagascar, laistigh de chúpla bliain, i sosanna oibre a scríobh sé an chuntas seo. 

Bhí an dearg ádh leis is cosúil, é páirteach i ngach mór eachtra sa chogadh, comrádaithe ag titim clé agus deas ach é féin ag teacht slán. 

Scéal aisteach atá ann, scéal na Sasanach i ngleic leis na mBórach. Ar éigin go bhfuil trácht ar bith ann ar na pobail seanbhunaithe. Eachtra amháin troda le dream Basuto agus a gcríoch á thrasnú. Hottentot luaite le harm na Breataine, agus cuid acu curtha ag giollacht nuair a gabhadh iad. 

An scéal is aistí, dar liom, searbhónta acu a rinne fónamh go lách leanbaí dóibh cé go raibh gradam mac rí aige ina phobal féin. É spléach tláithínteach leo. 

Ach is scéal Poblacht fir geal i ngleic le hImpireacht fir gheal atá ansin. Meascán aisteach de ridireacht cúirtéiseach agus barbarthacht pléascáin agus lámhach. Fir leonta fágtha le go dtabharfadh dochtúirí na Sasanach cúram dóibh. Commandos ag maireachtáil ar creach agus goid. Éide Sasanach orthu - go dtí go bhfuair siad amach go raibh ordú Bóraigh ina leithéid d'éide a lámhach dá ngabhfaí iad. Bóraigh áirithe á chrochadh as tréas mar go raibh siad i gcoilíneacht Sasanach roimh an chogaidh. 

Drochshíon. Nimhiú de bharr torthaí mí aibí. Fuacht agus cruatan. Gníomhartha gaile. 

Agus géilleadh sa deireadh. 

Tréimhse corraitheach staire. 

Agus insint bhríomhar. Ach is léir cár cuireadh síol stair achrannach Phoblacht na hAfraice Theas.