Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-08-31

Scéal corraitheach grá agus méala


Fuair mé an leabhar seo ón leabharlann. Bhí léirmheasanna maithe feicthe agam air. Is cuid de sraith Leabhar Comhar do foghlaimeoirí fásta atá ann, rud a chuireann ó dhoras mé scaití. Bhain na fonótaí tuisle asam i dtosach - iad líonmhar ag míniú focail, ach sar a bhfad rinne m'inchinn iad a scagadh amach sa chaoi nár chuir siad as don léitheoireacht.

Feallmharaíodh bean Antoine Leiris agus máthair a mhic in ionsaí fuilteach an Bhataclan i bPáras. Go gairid ina dhiaidh sin scríobh sé píosa ar Facebook ag rá leis na dúnmharfóirí nach mbronnadh sé a fhuath orthu, nach raibh sé chun an ghar sin a dhéanamh dóibh. Go raibh sé chun a mhac a thógáil i sonas agus saoirse, droim láimhe a thabhairt don amhras agus doicheall.

Is éard atá sa leabhar seo ná scéal agus sruth smaointe Antoine Leiris ón oíche go raibh sé féin ag tabhairt aire dá leanbh - seacht mí d'aois - sa bhaile, agus a bhean amuigh ag an ceolchoirm míchinniúnach úd, go dtí an lá tar éis a sochraide nuair a thug sé a mhac ag an uaigh.

Scéal grá atá ann, grá don mbean a baineadh uaidh go fealltach, agus an grá a roinn siad don mac a ghin siad le chéile. Scéal truamhéalach le síol dóchais. Níl éalú ón bpian, an méala uafásach mór a bhaineann le bás tobann tubaisteach.

Thuigfeá dó freisin go bhfuil eagla air bheith sáinnithe i ról an íospartaigh uasail, an balla a chuireann an tragóid idir é agus an timpeallacht, daoine eile seachtanach.

Níl an scéal gan ghreann - na máithreacha sa naíonra ag soláthar béilí dó don leanbh nach bhfuil an fear céanna sásta a ithe; an drogall atá ar féin iad a dhiúltú ná fiú admháil nach bhfuil an leanbh sásta iad a oíche.

Tá áilleacht sa scéal ainneoin a thromchúis. Guím gach rath air ag tógáil a mhac - cúram deacair do bheirt, agus trom d'athair ar gá do ionad máthair a ghlacadh freisin, i sochaí a shíleann sin a bheith iomlán dodhéanta.

Tá comaoin curtha orainn ag Leabhar Comhar agus Colm Ó Lorcáin leis an aistriúchán cuanna soléite seo.

Antoine Leiris
Aistritheoir Colm Ó Lorcáin 
Leabhar Comhar 
Sraith: Foghlaimeoir Fásta
ISBN: 978-1-9162403-3-9