Tamall siar bhí cuntas Twitter Motherfoclóir faoi stiúir ag bean ón tSeic @lejdulka agus ag pointe éigin sí go raibh dán cáiliúil de chuid athbheochan na Seicise faoi anáil miotais na hÉireann. Chuir sin ag tochailt agus ag cuimhneamh mé!
Chuaigh mé féin díreach ón Ollscoil go Beirlín. Tar éis bliana nó mar sin casadh mo nuachar anois agam; agus ceann de na rudaí a bhí i gcoitinne againn ná fonn siúlóide. Níl an tSeic (an tSeicslóvaic an uair úd) ach cúpla uair an chloig ar traein ó Bheirlín agus is iomaí deireadh seachtaine a chaitheamar ar siúl san České Švýcarsko (Eilvéis na Boihéime), díreach trasna an teorainn ón Sacsan - ceantar gaineamhchloiche a bhfuil go leor clasán agus craosán ann, agus áirsí diamhaire cloiche - agus go leor siúlóid marcáilte go soiléir tríothu. Chabhraigh sé go raibh na proinntithe (agus an leann) go maith agus saor don té a raibh Deutschmark ina phócaí ...
Níl de Seicis agam ach dornán nath proinntí, ach chuir sí Adalbert Stifter in aithne dom. Scríbhneoir as Gearmáinis a rugadh sa Böhmerwald/Šumava ar teorainn na hOstaire anois. Tá roinnt mhaith dá chuid úrscéalta lonnaithe sa cheantair sin, agus chaitheamar seachtain nó mar sin ar saoire taitneamhach ann i 1993 measaim. I measc na húrscéalta atá aige tá ceann cáiliúil Witiko - scéal atá bunaithe ar fíorscéal faoi ceann fine sliocht uaisle a raibh ról lárnach acu i stair na Boihéime. (Is cosúil go raibh sraith i gceist aige, ach is dóigh liom nach bhfuil ann seachas an ceann téagartha seo ach úrscéal gairid faoi deireadh tragóideach géag den sliocht sna cogaí creidimh - Der Hochwald).
Bhí roinnt Kafka léite agam roimhe agus ó shin ar ndóigh, Giúdach de bhunadh Prág a scríobh as Gearmáinis freisin. In aistriúchán Gearmáinise freisin atá An Dea-Saighdiúir Švejk le Jaroslav Hašek léite agam; tá cuid eile dá shaothar léite le fonn agam, greann dóite go háirithe ag baint leis an Strana Mírného Pokroku v Mezích Zákona (An páirtí um dul chun cinn measartha laistigh de shrianta an dlí). (Bhí mé ag súil go mór cóiriú raidió Breandán Uí hEithir ar Švejk a chlos - bhí sé le bheith mar chuid de chomóradh na bhFlaitheartach, ach cuir an paindéim poll sa phlean).
Eolas sách dromchlach ar an tSeic atá agam mar sin, ach spéis áirithe. Agus cuimhní geala (cuireann suirí loinnir ar chuimhní!).
Tagairt eile a ritheann liom ná go bhfuil Cath an tSléibhe Bháin (Bitva na Bílé hoře) luaite san úrscéal An Cléireach le Darach Ó Scolaí. Bhí saighdiúirí Gaelacha i go leor áiteanna ar an Mór Roinn, go minic san áit a raibh manaigh rompu...
Zum Exempel – Dragoner – sprich:
Aus welchem Vaterland schreibst du dich?
Erster Dragoner.
Weit aus Hibernien her komm' ich.Wallensteins Lager
Friedrich von Schiller
Ar ndóigh, nuair a d'fhill mé ar Éirinn agus nuair a thosaigh mé ag
freastal ar an gCiorcal Díospóireachta - thar ar 2003 - chuir mé aithne
ar Michal Měchura.
An uair úd bhí sé fós ag obair le Microsoft, ach ó shin i leith is ar a
scileanna ríomhchláraithe atá go leor de bhonneagar na dána digiteacha
Gaeilge tógtha.
Ar aon nós, ón tagairt a thug @lejdulka don dán, thuig mé gur scéal Labhraidh Loingseach agus a dhá ó pill a bhí i gceist. Bhíos thar a bheith fiosrach cad a spreag Karel Havlíček Borovský an ábhar seo a úsáid! Is cosúil go raibh spéis ag daoine forásacha san tSeic in Éirinn - go bhfaca siad cosúlachtaí idir an Bhoihéim faoi riail na nOstarach agus Éireann faoi riail na Breataine; agus gur spreag leithéidí feachtas Uí Chonaill um Repeal iad - cé go raibh tuiscint thar a bheith éagsúil acu ar ceist na teangan ná mar a bhí ag Uí Chonaill (cá bhfios cén corr a chuirfí i stair na hÉireann dá dtuigfeadh an Conallach go mba thábhachtaí an Ghaeilge ná an chreideamh chun Éire saor daonlathach a bhaint amach?)
De bharr cúpla nod ó @lejdulka tháinig mé ar alt le fear darbh ainm Moritz Hartmann - Boihéamach a labhair Gearmáinis agus a thug cuaird ar Éireann agus é ar a sheachaint (de bharr an bhaint a bhí aige le feachtais forásacha sna críocha Gearmánach). Más fíor a insint ar an scéal (Briefe aus Dublin, Hartmann), chuala sé scéal Labhraidh Loingseach ó iar-mhairnéalach i dteach óil de chuid an daoscarshlua iar-ghorta i bplódcheantair Bhaile Átha Cliath. (Agus gach seans gur chuala). Bhí an scéal lonnaithe ag an reacaire i gCill Mhantáin (Viklov), mar atá leagan Seicise Borovský. Borovský a bhaist Kukulin (Cú Chulainn) ar an mBearbóir, ámh. Agus a rinne dord Seiceach den gcláirseach Gaelach.
Agus mé ag tochailt tháinig mé ar an bhfíseán thuas, scannán bunaithe ar an ndán a rinne Karl Zeman sna caogaidí.
Scéal ársa atá ann, ar ndóigh, ag dul siar chomh fada le Midas na Gréige - ach buan uilíoch mar nach bhfuilimid saor fós ó rialtóirí a imríonn cos ar bolg ar an bpobal ar mhaithe leo féin. Scéal úsáideach, mar sin, do dream forásach - tuigeann an eolach agus an té a bhfuil dúil sa tsaoirse aige an nod, ach is féidir é shéanadh ar na húdaráis - pé acu Hapsburg nó Cumannach....
Moladh eile a rinne @lejdulka ná an leabhar Ireland and the Czech Lands a léamh; sraith aistí acadúla a chuireann cúrsaí éagsúla san dá thír trí chéile. Chuir mé fios air ón leabharlann agus bhain mé adhmaid áirithe as. Na cosúlachtaí spéisiúla; na teagmhálacha freisin. Agus na codarsnachtaí! Ceachtanna fós le foghlaim. Trácht ann ar dhearcadh (impiriúil) taistealaithe Sasanacha agus Gearmánacha - nó cainteoirí Gearmáinise, ar aon nós - ar an dá chríoch a bhí bhí leatrom ag cumhacht ar mhalairt teanga agus leagan den gCríostaíocht - agus cos ar bolg dá réir. Uaisle de na Seanghall as Éirinn a fuair gradam agus tailte tríd seirbhís d'arm na hImpireachta. Beagán eolais ar scor clochar na bProinsiasach i bPrág agus scaipeadh na mbráithre. Seoda beaga eolais.
Ar ndóigh tá Seicis curtha anois ag Radvan Markus ar Cré na Cille; agus tá nascanna cultúrtha eile ann, sa chaoi is go raibh comhdháil as Gaeilge in Ollscoil Cathail i 2017. ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?’: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa. Cloisim go mbeidh leabhar ag eascairt as sin féin.
Tá súil agam go mbeidh deis agam arís cnoic agus coillte na Seice a shiúil!