Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-02-13

Quadragesima

Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air.

Lúcás 4:1‭-‬2

Beidh mé i mo thost anseo go Cásc.

Táin Bó Cuailgne

Le fada is taobh le leaganacha coillte do pháistí, nó leaganacha Béarla a bhí an léitheoir Nua Ghaeilge a raibh suim aige i seanchas liteartha ár sinsir. Feictear dom go bhfuil  borradh faoi leaganacha nua Ghaeilge áfach - Laoch na Laochra Réamoinn Ó Ciaráin foilsithe ag Gael Linn agus Conaire Mór Diarmuid Johnson foilsithe ag Leabhar Breac, le péire a lua.

Darach Ó Scolaí, foilsitheoir Leabhar Breac, a chóirigh an leagan seo den Táin. Leanann sé go dlúth na lámhscríbhinní, ag cuir nua Ghaeilge ar an mbunteanga. Earra suntasach an leabhar dá réir, lán ruthaig. Aidiachtaí carntha ar a chéile. Liostaí fada logainmneacha nó ainmneacha dílse, nó an dá rud in éineacht. Comhraic fuilteacha áibhéileacha. Mion chuir síos ar feisteas agus trealamh. Slad agus ár. Giotaí filíochta fite fuaite tríd.

Cinnte ní raibh gach focal agam, ach ní raibh mé ag stopadh le foclóirí a chéadú. Tá comhthéacs ann. Tá rithim agus ceol san insint. Dar liom tá mianach sár chlosleabhar ann, ach na guthanna oiriúnacha a aimsiú.

Tá an insint iontach saibhir, leabhar ar gá blaiseadh ar do shó, á leagan uait anois is arís chun anáil intinne a tharraingt.

Ach sár leabhar.

Gura fada buan Leabhar Breac agus Darach Ó Scolaí agus iad ag oscailt seoda ár sinsir do ghlúinte nua Gaeil.

Táin Bó Cuailgne
Leabhar Breac

2018-02-12

Imbolc 2018

Gach bliain ag tús an Earraigh ardaíonn mé féin agus cúpla cara liom na seolta chun aghaidh a thabhairt ar Bhaile Bhúirne agus Féile Imbolc. Rinneamar amhlaidh i mbliana, ag fágáil Bhaile Átha Cliatha san iarnóin agus ag tiomáint ó dheas.
Bhíomar rud beag níos moille ag fágáil na cathrach i mbliana ach bhíomar in am do cheolchoirm White Raven san Ionad Cultúrtha. Buanchuid d'fhéile Imbolc ceolchoirm na hAoine agus tosaíonn an allagar sa Mhuileann, áit a rabhamar ag cuir fúinn, ina dhiaidh. Bhí ceol sa Mhuileann freisin agus leann blasta áitiúil. Tá réimse beorach ag an ngrúdlann 9 White Deer (tagairt do naomhsheanchas Gobnait). I mbliana bhlais mé den Leann Dubh agus den Kolsch acu a bhí araon blasta.

Tar éis bricfeasta mór thugamar aghaidh ar na cainteanna- tá súil agam blagáil faoi na cainteanna éagsúla ach a bhfillfidh mé ar an gcrannóg seo tar éis tost an Charghais. Bhí siad ilghnéitheach eolgaiseach agus lón machnamh iontu. Déantar taifeadadh físe ar na cainteanna agus beidh siad le feiceáil ar shuíomh Imbolc amach anseo.

Ach sa bhreis ar na cainteanna bíonn an cuir is cúiteamh, an t-allagar idir chainteoirí agus lucht éisteachta thar tae, um lóin agus istoíche sa Mhuileann. Bíonn béile mhór in éineacht againn sa Mhuileann. Caint gaoiseach leis an bproinn.

Maidin Domhnaigh is nós linn Aifreann a éisteacht i gCúl Aodha agus tionlacan an Cóir cháiliúil ina n-áit dúchais. Taithí ar leith. Féile Ghobnatan a bhí ann inné agus roinn Peadar Ó Ceallaigh a chuid eolais linn ag a tobar agus a reilig.

Mo bhuíochas ó chroí le Bernice agus Tomás as deireadh seachtaine den scoth a chuir ar fáil dúinn arís eile. Gurab fada buan iad, agus Féile Imbolc.

2018-02-05

Iomann molta leabharlanna

Is craosléitheoir mé.

Nós a d'forbair mé an-óg. Bhí sé d'ádh orm go bhfuil teach mo mhuintire trasna an bhóthar ó Leabharlann Phoiblí Tír an Iúir. Áit a thaitigh mé go rí mhinic agus mé ag fás aníos. Ainneoin gur ficsean is mó a léim, ficsean beagnach ar fad deánta na fírinne lasmuigh de chúrsaí gairmiúla agus creideamh, d'fhoghlaim mé go leor. Nuair atáim sáite i leabhar táim scoite amach ón saol.

Nuair a d'fhill mé ar Éireann i dtosach agus mé ag obair i lár na cathrach bhí deis agam feidhm a bhaint as leabharlann an Goethe Institut agus réimse leabhar i nGearmáinis a léamh.

Táim ag obair anois trasna an bhóthair ó Leabharlann Mhullach Íde.

Agus tá córas iontach iasachtaí idir leabharlanna ann, a chuireann ar mo chumas leabhair a roghnú as catalóg mórán gach leabharlann poiblí in Éirinn.

Tá teacht agam mar sin ar saothair a bheadh deacracht teacht orthu de bharr iad a bheith as cló le fada.

Bhíodh táille beag ar an seirbhís sin; níl faoi láthair.

Is áis iontach oideachais fad saoil an leabharlann phoiblí.

Feicim daltaí agus daoine fásta i mbun staidéar agus taighde ann.

Is maith ann na leabharlannaithe cé gur fada ó lorg mé comhairle óna leithéid. Mar sin féin scaití roghnaím leabhar le léamh de bharr é bheith curtha go feiceálach romham i taispeántas acu é.

Is cuid de luach na leabharlanna é seo, go dtiocfá ar seod nua (dhuitse) de thaisme ar na leabhragáin ann.

Is minic freisin gur tagairt in alt (ar líne nó in iris) a chuireann sa tóir ar leabhair mé, agus go gcuirim aithne ar údar nua de bharr.

Tá moltaí cairde agus léitheoirí eile fíor thábhachtach freisin.

Seoda is ea ar leabharlanna; is trua áfach gur minic nach mbíonn ach seilf nó dhó, go hiondúil as radharc i measc teangacha an Domhain a bhíonn ag an nGaeilge. Agus go leor de na leabhair i bhfolach i stóras mar nach mbíonn tóir na eolas ag formhór na léitheoirí orthu.

Is mór an trua gan leabharlann mór Gaeilge againn, ag fónamh do phobail na Gaeilge.

2018-02-03

Mar a mhaithimid dár bhféichiúna féin

Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n‑uaire?” Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n‑uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n‑uaire seachtód.

Matha 18:21‭-‬22

San eagrán is déanaí den bpodchraoladh Beo ar Éigean bhí Siún agus Áine ag plé maithiúnas, agus a dheacra atá sé duine a ghortaigh tú a mhaitheamh. Mheabhraigh sé an sliocht thuas dom, agus plé a rinne C. S. Lewis air i leabhair dá chuid. Dúirt sé nach seacht gortú seachtód a bhíonn le maitheamh: go minic síleann muid go bhfuil duine maite againn ach meabhraíonn rud fánach éigin an gortú dúinn agus filleann ár bhfearg leo arís, ag scóladh ár gcroíthe. Dá bhrí sin gur próiseas leanúnach (fearacht grá freisin) is ea maithiúnas, ar gá é athnuachan de shíor.

2018-02-01

Beidh na daoine breaca togha!

Le linn an ócáid spéisiúil Banter, Comhráití Ciotacha aréir (grma Siún as é eagrú) luaigh Osgur go mothaíonn sé 'ciontach' scaití as féiniúlacht 'dheacair' a bronnadh ar a chlann agus iad a thógáil le Gaeilge. Gaeil uirbeacha muid araon, a tógadh le Gaeilge agus a bhfuil taithí léanmhar againn ar an deacracht.

Tá col ag leanaí le héagsúlacht iontu féin agus i leanaí eile. Eascraíonn tromaíocht as an gcol sin go minic.

Le Gearmáinis agus Gaeilge atá mo chlann féin tógtha agam. Go deimhin nuair a tháinig muid go hÉireann i 2000 bhí Gearmáinis agus Gaeilge líofa ag mo mhic, ach gan focal Béarla. (Níor thóg sé i bhfad orthu é a tholgadh!)

Is cuimhin liom an buairt agus go deimhin ciontacht a mhothaigh mé ag léamh The Speckled People le Hugo Hamilton.

(D'fhulaing mo mhic tromaíocht as a bheith Gearmánach ar dhóigh ana chosúil le Hugo agus a shiblíní. Fuair mé svaistíce marla ar ár gcarr maidin amháin).

Níl gar a shéanadh go bhfuil sé deacair bheith éagsúil. Ach is foinse nirt atá ann freisin.

Tá an saol ag athrú, éagsúlacht dhearcthaí agus domhandú ag scaipeadh.

Tugann an Ghaeilge fréamh d'Éireannach a thugann uirlis le dul i ngleic le domhandú. Léiríonn saothair Fionnbarra Ó Brolcháin an tábhacht geilleagar leis sin.

Le, i bhfocail an Direánaigh, inné againn mar chiste, tá ar ár cumas aghaidh a thabhairt ar saol atá casta.

Tá mo shaol gairmiúil féin caite agam le ríomhchlárú. Sa Ghearmáin agus in Éirinn. Cé nach mbainim feidhm dhíreach as an nGaeilge (seachas sa mhéid is féidir mo ríomhaire a Ghaelú), ní bheadh gearmáinis agam murach mo thógáil dhá theangach a thug deis dom an Ghearmáinis a shealbhú i dtréimhse tumoideachais san Ostair sna 1980í.
Murach Gearmáinis, ní bheadh post mar forbróir faighte agam i mBeirlín. San tréimhse deoraíochta sin a daingníodh m'fhéiniúlacht , gur gné lárnach di an Ghaeilge. Ó lár na 1990í  táim gníomhach i pobal gan teorainn na Gaeilge ar an idirlíon, saibhriú iontach ar mo shaol. Fágann an fréamh daingean sin, an fios cé dar daoibh mé, mé ar mo chompord ag plé leis pobal idirnáisiúnta. Tá buntáiste agam thar an Béarlóir aonteangach - foghlaimeoirí béarla is mó a bhíonn ag scríobh na cáipéisí atáim i ngleic leo. Tá tuiscint ar agus do theangacha riachtanach.

Feictear dom gur sheas an ghné sin le mo mhic freisin, atá imithe ar chonair eile. Duine acu beagnach réidh le céim i nDlí agus Fraincis. Tréimhse bliana caite aige ar an Mór roinn. Teangacha agus tuiscint teanga lárnach ina shaoil.

Ceoltóir an fear eile. Píobaire. Ach is ó amhráin a thagann go leor de foinn an thraidisiún. Is fearrde de phíobaire é as bheith in ann na foinn sin a ghabháil agus na mothúcháin a thuiscint. Sa mhullach ar sin, tá sé anois gafa le hamhránaíocht Opera, ó chualathas ag gabháil fhoinn as Gaeilge é. Gairm atá ilteangach, agus tuiscint teanga riachtanach ann.

Táim cinnte go mbláthódh saol m'iníne freisin de bharr a hoidhreacht ilteangach.

Tar éis an tsaoil, is aonteangachas an eisceacht go domhanda.

Tá deacracht cinnte san éagsúlacht. Ach is láidre go minic cóimhiotal ná miotal íon.

Bíodh misneach againn!