Píosaí liom in áiteanna eile:

2018-02-01

Beidh na daoine breaca togha!

Le linn an ócáid spéisiúil Banter, Comhráití Ciotacha aréir (grma Siún as é eagrú) luaigh Osgur go mothaíonn sé 'ciontach' scaití as féiniúlacht 'dheacair' a bronnadh ar a chlann agus iad a thógáil le Gaeilge. Gaeil uirbeacha muid araon, a tógadh le Gaeilge agus a bhfuil taithí léanmhar againn ar an deacracht.

Tá col ag leanaí le héagsúlacht iontu féin agus i leanaí eile. Eascraíonn tromaíocht as an gcol sin go minic.

Le Gearmáinis agus Gaeilge atá mo chlann féin tógtha agam. Go deimhin nuair a tháinig muid go hÉireann i 2000 bhí Gearmáinis agus Gaeilge líofa ag mo mhic, ach gan focal Béarla. (Níor thóg sé i bhfad orthu é a tholgadh!)

Is cuimhin liom an buairt agus go deimhin ciontacht a mhothaigh mé ag léamh The Speckled People le Hugo Hamilton.

(D'fhulaing mo mhic tromaíocht as a bheith Gearmánach ar dhóigh ana chosúil le Hugo agus a shiblíní. Fuair mé svaistíce marla ar ár gcarr maidin amháin).

Níl gar a shéanadh go bhfuil sé deacair bheith éagsúil. Ach is foinse nirt atá ann freisin.

Tá an saol ag athrú, éagsúlacht dhearcthaí agus domhandú ag scaipeadh.

Tugann an Ghaeilge fréamh d'Éireannach a thugann uirlis le dul i ngleic le domhandú. Léiríonn saothair Fionnbarra Ó Brolcháin an tábhacht geilleagar leis sin.

Le, i bhfocail an Direánaigh, inné againn mar chiste, tá ar ár cumas aghaidh a thabhairt ar saol atá casta.

Tá mo shaol gairmiúil féin caite agam le ríomhchlárú. Sa Ghearmáin agus in Éirinn. Cé nach mbainim feidhm dhíreach as an nGaeilge (seachas sa mhéid is féidir mo ríomhaire a Ghaelú), ní bheadh gearmáinis agam murach mo thógáil dhá theangach a thug deis dom an Ghearmáinis a shealbhú i dtréimhse tumoideachais san Ostair sna 1980í.
Murach Gearmáinis, ní bheadh post mar forbróir faighte agam i mBeirlín. San tréimhse deoraíochta sin a daingníodh m'fhéiniúlacht , gur gné lárnach di an Ghaeilge. Ó lár na 1990í  táim gníomhach i pobal gan teorainn na Gaeilge ar an idirlíon, saibhriú iontach ar mo shaol. Fágann an fréamh daingean sin, an fios cé dar daoibh mé, mé ar mo chompord ag plé leis pobal idirnáisiúnta. Tá buntáiste agam thar an Béarlóir aonteangach - foghlaimeoirí béarla is mó a bhíonn ag scríobh na cáipéisí atáim i ngleic leo. Tá tuiscint ar agus do theangacha riachtanach.

Feictear dom gur sheas an ghné sin le mo mhic freisin, atá imithe ar chonair eile. Duine acu beagnach réidh le céim i nDlí agus Fraincis. Tréimhse bliana caite aige ar an Mór roinn. Teangacha agus tuiscint teanga lárnach ina shaoil.

Ceoltóir an fear eile. Píobaire. Ach is ó amhráin a thagann go leor de foinn an thraidisiún. Is fearrde de phíobaire é as bheith in ann na foinn sin a ghabháil agus na mothúcháin a thuiscint. Sa mhullach ar sin, tá sé anois gafa le hamhránaíocht Opera, ó chualathas ag gabháil fhoinn as Gaeilge é. Gairm atá ilteangach, agus tuiscint teanga riachtanach ann.

Táim cinnte go mbláthódh saol m'iníne freisin de bharr a hoidhreacht ilteangach.

Tar éis an tsaoil, is aonteangachas an eisceacht go domhanda.

Tá deacracht cinnte san éagsúlacht. Ach is láidre go minic cóimhiotal ná miotal íon.

Bíodh misneach againn!