Píosaí liom in áiteanna eile:

2013-01-31

Lincoln

Daniel Day Lewis mar Lincoln
© DreamWorks II Distribution Co., LLC.
Chonaic mé an scannán seo aréir. Thaithin sé go mór liom; bhí cur síos beacht ag Robert McMillen ar san Times inné
Ach ní beathaisnéis atá déanta ag Steven Spielberg i Lincoln ach athchruthú an fheachtais ar an 13ú Leasú ar Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá, an leasú a chuir cosc ar an sclábhaíocht, a seoladh fríd Theach na nIonadaithe i vóta cinniúnach ar 31ú Eanáir, 1865.
Tá polaitíocht drámata, dar ndóigh;  agus díríonn an scannán isteach ar an gcur is cúiteamh agus Lincoln agus a chomhghuaillithe ag iarraidh an leasú a bhrú tríd Teach na nIonadaithe; práinn leis toisc gurbh faoi dlíthe cogaidh a shaor Lincoln na daoir; agus amhras fiú ar fhéin an raibh sin dleathach.
Feictear an cur is cúiteamh; an reitric; an slíbhíneacht; an camastaíl; na faicsin.
Ar na radharcanna is mó a thaitin liom ná Thaddeus Stevens - radacach frithsclábhaíochta -  ag coinneáil guaim ar féin agus a rá go cúramach gur ar son comhionannas faoin dlí a bhí sé, ní aon rud níos doimhne. Bhí an fhreasúra ag iarraidh é a shéideadh chun rud éigin radacach a rá, le sceon a chuir ar an dream san lár; agus le bolscaireacht a dhéanamh sna meáin chun an pobal a iompú ina n-aghaidh.
Is beag m'eolas ar stair SAM dáiríre.
Beidh orm roinnt léamh a dhéanamh, is léir.
Is geal le claochlóir é Daniel Day Lewis - corp agus anam eile air san scannán; fear ag streachailt lena choinsias chun an ceart a dhéanamh i cás dheacair.
Laige amháin a mhothaím ar an scannán - ní raibh aon duine den fhreasúra a bhraithfeá bá dá laghad leis - slíbhíní cruthanta, sotalach gránna - leath-deamhain geal leis - gach duine acu. (Suntasach gurbh Daonlathaigh iad ar fad ... )
Is fíor do Robert gur beag duine gorm san scannán; ar an imeall atá siad, mar a bhí san saol. Ach táid ann, agus tugtar guthanna dóibh.
Molaim an scannán.

2013-01-27

Cleas an Chruitire

D'fhreastail mé ar an ócáid a bhí ag Laoise Kelly, Cruitire is a cairde san Ark inné. Ar dhaoine óga a bhí an ócáid dírithe agus bhíos ann le mo mhac is sine, ar cruitire cúthail é,  agus le m'iníon (atá ag tosú leis an bhfidil - ar ámharaí an tsaoil fuair na gasúir ceol óna máthair. Níl ceol agamsa)
Bhí na rud ar fad thar a bheith snasta - ní ceolchoirm an focal cuí cé go rabhadar ag seinm go binn, ná ní rang ná ceardlann a bhí i gceist. Cumasc éifeachtacht den trí rud a bhí ann. D'fhoghlaim mé, mar shampla, go bhfuil an cláirseach mar uirlis náisiúnta ag Paraguaí chomh maith le in Éirinn agus i gCymry. 
Tháinig Laoise ar an stáitse í féin i dtosach agus léirigh a huirlis agus a dhraíocht. Ansin tháinig an bodhránaí Robbie Walsh ar stáitse lena bodhráin - Dada (mór) agus Mama (beagán níos lú) - agus péire cnámh. Ansin tháinig Martin Brunsden lena olldord Bertha - a bhfuil 108 bliain slánaithe aici! (Bhí scata cruit aige freisin - agus toireasc)
D'inis sé don lucht féachana faoi na trí cineál ceoil a bhí de dhíth anallód ar máistir phíobaire -  suantraí, goltraí agus geantraí (Béarla a bhí á labhairt gan amhras, ach thug sé an Ghaeilge dúinn orthu).
Thugadar samplaí den trí chineál ansin, ag meascadh aithris leis an gceoil.
Ansin reic Laoise scéal an amhráin Dé Luain, Dé Máirt, na síoga agus Dónall Cam dúinn. Chuir sí an slua ag canadh agus bhí gothaí aici féin chun an scéal a reic. Bhíodar ar fad ag ceoil le chéile, ansin léirigh Robbie a ilghnéithí is atá an bodhrán i lámha máistir - dochreidte an réimse fuaimeanna ceolmhara a mheall sé an an uirlis. Roimhe sin mhúin sé trí bun rithim don slua - waltz, ríl agus jig - le siollaí chun na buillí a léiriú.
Bhí buaicphointe ag deireadh nuair a tháinig veidhleadóir clasaiceach Vladimir Jablokov ar stáitse agus chrom ar chomhrac ceoil a bheith aige le Laoise. Bhíodar araon beoga spreagúil - ansin shocraíodar síos agus cheol Carolans Concerto le chéile.
Sár taibhe a bhí san rud ar fad - agus ag deireadh bhí deis ag an lucht féachana triail a bhaint as na huirlisí.

An dubh ina ghorm

Diabhail as Wilfingen (foinse)
Bhíos ag ól le Seán Cathal ar na mallaibh agus i measc an comhrá fealsúnach a bhí againn tháinig muid ar cheist an chnis ghoirm. Bhí fhios againn beirt go dtugtar An Fear Dubh ar an Diabhail. Bhí Seán den tuairim gurbh le sin a sheachaint a thugtar gorm ar chneas duine de bunadh na Afraice -  cineál frithchiníochas luath. Ní raibh - agus níl - mise chomh dóchasach faoinár sinsear! Is eagal liom nár shéan cine ar bith ina iomláine an "muide agus iadsan". Chomh maith leis sin, tugtar fear nó bean dubh ar dhuine le folt dhubh - Bean dubh a Ghleanna, abair.
Spreag ár comhrá mé le súil a chaitheamh ar DIL: agus is éachtach an méid bríonna is féidir baint as gorm - líocha idir dubh, dúghlas agus dearg fiú. Tá tagairt ann do Lochlannaigh - creach na nGall ngorm. Agus féach go gcuireann an Diabhail cló fhirín gorm ar fhéin scaití: D'aimsigh mé an sliocht i Bethada Náem nÉrenn:
Iarna cluinsin sin dona braithribh, do-leiccettar for a n-gluinibh iatt, & do guidhettar ar anmain an bhrathar. Ocus acc eircce ón a n-urnaighthe doibh do-conncattar an fer gorm becc do idelbdha acc tuitim a focras an bhrathar, & h-é ace comarcaibh go h-ard; & isedh at-beiredh: ‘Crétt far ionnarbais me, a chleirigh, as in oighrecht & as in aittreibh ina b-fuilim re seacht m-bliadhnaibh im comhnnidhe’? Do freccair Brénainn h-é, & issedh adubhairt: ‘Cuirim mar aithne ort i n-ainm in Ticcerna, Iosa Crist, gan aon-duine do ghortuccadh, nó do bhuaidredh go lá an bhreithemhnais’. Luidh as an diabhal iar sin.
Maidir le daoine de shliocht na hAfraice (le déanaí, dar ndóigh, tharla gur de bhunadh na hAfraice muid ar fad!) Tá sé spéisiúil gur An Mairnéalach Dubh a bhí ag Seosamh Mac Grianna ar an aistriúchán ar shaothar Conrad - agus gur Ciardhubhán (Sloinne sin freisin) a bhí aige air san téacs. Bhí ar Alex Hijmans dul i ngleic leis an dá théarma faoi seach de réir an dreama a bhí sé ag obair leo. 
Rinne mé clár faisnéise do Nuacht TG4 faoin mbruachbhaile bocht Brasaíleach céanna atá faoi chaibidil sa leabhar a luaigh mé thuas. Sa chlár faisnéise, ba "dhaoine dubha” iad muintir an bhruachbhaile; ba "dhaoine gorma” iad sa leabhar. Cén fáth? Treoirlínte eagarthóireachta éagsúla ag an stáisiún teilifíse agus ag an teach foilsitheoireachta. 
Brí eile atá le gorm ná uasal, oirirc - brí atá linn fós san ainm Gormfhlaith - cé gurbh achrannach an té is cáiliúla a raibh an ainm sin uirthi - ríon a bhí pósta ar Bhrian Bhoraimhe ar feadh seal - i measc nuachair eile acu beirt  - agus a bhí ina máthair ag Sitric Rí Dubhlinne.
Mheabhraigh sin an "fhuil ghorm" a luaitear le huaisle sa Bhéarla dom - is cosúil gurbh aithris ar sangre azul na Spáinne atá ansin. Bhfuil íoróin ann go bhfuil na daoine mílítheacha seo ag maíomh lena goirme nach bhfuil smál síol na hAfraice orthu?
Blaue Blume (Lus ghorm) ag na Gearmánaigh ar dhuine ar rómánsaí é, a bhíonn de shíor ag brionglóid ar fhánaíocht.
Ní scéal dubh agus bán, ná dubh agus gorm, ná, leoga, dubh, bán nó riabhach é! 

2013-01-26

Oidhre de Bhaldraithe saolaithe ach ag lámhacán fós!

Seoladh an suíomh don bhFoclóir nua Béarla Gaeilge i rith na seachtaine. Níl anseo ach tús - níl an bunachar ar fad ar fáil fós. Maíonn na heagarthóirí go bhfuil thart ar 30% den iomlán ar fáil anois, roghnaithe chun go mbeadh thart ar 80% de na cuardaithe is coitianta clúdaithe. (Sílim go bhfuil dul amú orthu ansin - gur focail eile atá á chuardach ná mar a bhí súil acu leo)
Tá na hiontrálacha atá ann thar a bheith cuimsitheach agus leagtha amach go snasta. Tá an obair theicniúil thar barr. Tá abairtí samplacha tugtha. Tá fuaimrianta sna trí mór-chanúintí ar fáil freisin do na bun-fhocail.
Sampla maith is ea an iontráil anseo do "face" (Bua eile - is féidir nascadh le hiontráil nó fiú do mhír laistigh d'iontráil - mar shampla gnúis/dreach/cuma )
Dar ndóigh tá saol na Gaeilge lofa le scolardaigh agus saoithíní, agus chonac cúpla clamhsán maidir le leithéidí "bhí gnéas acu" a bheith ann   - tá an leagan "luigh siad le chéile" ann san áit céanna. Aontaím go bhfuil cuma an lomaistriúcháin ón mBéarla ar an gcéad leagan sin. Ach spreagann sin an cheist fealsúnachta: an tuairisciú nó saintreoir ról an foclóirí?  
Tá an cur chuige anseo bunaithe ar chorpais; ach ní mór chuir san áireamh go bhfuil an lán dá bhfuil scríofa sa Ghaeilge comhaimseartha scríofa ag daoine a fhoghlaim an Ghaeilge, agus go bhfuil barraíocht meamraiméise ann. Cé gur dóigh liom féin gur tuairisciú cúram an fhoclóirí, ba mhaith an rud é sílim dá leagfaí béim ar na leaganacha a bhfuil gnás na Gaeilge dúchasaí orthu; le nod ar leith, mar shampla.
Ceist eile ná ceist síor-chonspóideach na canúna: faoi madra mar shampla, cloisfear madra (M), mada (C) agus madú (U) - ach is madra amháin atá scríofa. Is trua sin dar liom.  B'fhiú freisin focail a  bhaineann le canúint amháin a aithint; sampla a luadh agus an cheist á phlé ar Fhóram Daltaí na gasúr san ciall buachaill agus páiste; ní ionann an úsáid sna Gaeltachtaí ar fad. Is dócha gur mian liom é bheith ina ghruth is ina mheadhg agam!
Beidh daoine áirithe sásta gur féidir leo gabháil suas ar a chéile, nó orthu féin, go húdarásach anois: (Bhí duine de'm lucht aitheantais den barúil gur cur amú airgead poiblí a leithéid d'fhocal a bheith ann in aon chor. Ní aontaím; agus pé scéal é is iontach an sampla é don réimse nathaíochta atá sa Ghaeilge i comparáid leis an mBéarla tanaí comhaimseartha!)
Ainneoin gur foclóir Béarla Gaeilge atá anseo, is féidir focal Gaeilge a lorg leis an cuardach chasta - rud a thugann feidhm foclóir Gaeilge-Béarla dó freisin, leis an mbuntáiste go léiríonn na samplaí ceart-úsáid an fhocail i gcomhthéacs.
Tá cuid mhaith deá nathanna aimsithe agam cheana féin i mo thrialacha ann.
Tharraing an costas caint. Bhíothas ag caint ar "costas €6m" a bheith leis. Sílim go láimhseáladh an taobh sin den scéal go holc. Cinnte, caitheadh €6m ar an togra - nó caithfear faoin am go gcríochnaíonn sé le leagan clóite. Ach is infheistíocht i mbonneagar cuid mór den chostas sin. Cnuasaíodh na corpais - táim féin ag baint tairbhe as an gcorpas Gaeilge chun nathanna agus úsáid a chinntiú le blianta anois. Tá Corpas de Bhéarla na hÉireann cnuasaithe freisin; táim cinnte go mbeidh sin ina áis do thograí eile. Go deimhin, tá leathanach ar shuíomh an fhoclóra ag spreagadh iarrachtaí dá leithéid.
Maidir leis an réimse atá ann faoi láthair - is mór an trua nár rinneadh machnamh faoin dteachtaireacht a fhaigheann úsáideoir nuair nach bhfuil an focal san Foclóir. Mar shampla
Níor aimsíodh prescriptive Ar litrigh tú i gceart é? Seo roghanna eile:
Ba cheart dar liom ag an bpointe seo an teachtaireacht sin a leasú chun tagairt a dhéanamh do staid neamhchríochnaithe an togra!
Tá fáilte, is cosúil roimh aiseolas - chuig aiseolas ag focloir ponc ie.
Ar Daltaí bhí duine éigin ag clamhsán faoi sin - ag maíomh go raibh lucht an fhoclóra ag lorg ceartúcháin saor in aisce! Ní aontaím leis sin - sílim gur láidreacht bheadh ann cabhair a lorg ón bpobal; mar sin tar  éis an tsaoil a forbraíodh cuid mhór den idirlíon! Is mithid machnamh áfach ar dóibh éigin chun cabhair dá leithéid a aithint i dtreo is nach sílfeadh daoine go bhfuiltear ag teacht i dtír orthu.
Tús maith! B'fhiú, dar liom, an feitheamh fhada agus tá súil agam nach fada uainn oidhre an Dálach. Níl iomrá cloiste agam ar fhoclóir chuimsitheach Gaeilge-Gaeilge - ba bhreá liom a leithéid a fheiceáil!

2013-01-25

Fógra: Seoladh an Fuíoll Feá, Rogha Dánta Liam Ó Muirthile


LIAM Ó MUIRTHILE                                

An Fuíoll Feá: Rogha Dánta /

Wood Cuttings: New and Selected Poems


FOILSITHEOIR/PUBLISHER:     Cois Life
LE FOILSIÚ/FOR PUBLICATION:     2013
CRUA/HARDBACK LE CD:     9781907494345 €30
CRUA/PAPERBACK LE CD:     9781907494352 €20
LGH/PP:             600pp


Ba mhór ag Cois Life tú a bheith i láthair ag ócáid filíochta agus ceoil le foilsiú An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Woodcuttings: New & Selected Poems le Liam Ó Muirthile a cheiliúradh.

Is é seo an chéad chnuasach téagartha de rogha dánta an mhórfhile seo. Is é Gabriel Rosenstock a d'aistrigh formhór na ndánta go Béarla.







Filíocht: Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock (aistriúcháin)
Ceol: Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh, Iarla Ó Lionáird
Fear a' Tí: Cathal Póirtéir

Fíon agus sólaistí ar fáil ó 7.00 p.m. agus filíocht agus ceol le tosú ag 7.30 p.m.
Dé hAoine 8ú Feabhra
San Eaglais Úinitéireach, Faiche Stiabhna, BÁC 2.
Saorchead isteach agus fáilte roimh chách.
rsvp: julianne ag milefailte ponc ie

------------------------------------------------------------------------------------

Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock, Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh & Iarla Ó Lionáird

All are welcome to an evening of music and poetry to celebrate the release of Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Woodcuttings: New & Selected Poems by Liam Ó Muirthile.

This is the first substantial bilingual selection of the work of this major poet and Gabriel Rosenstock is the chief translator.

Poetry: Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock (translations)
Music: Peter Browne, Caoimhín Ó Raghallaigh, Iarla Ó Lionáird
Master of Ceremonies: Cathal Póirtéir

Wine and refreshments will be served from 7.00 p.m. with music and poetry starting at 7.30 p.m.
Friday 8th February 
In the Unitarian Church, Stephen’s Green, Dublin.
Free admission and all are welcome.
rsvp: julianne ag milefailte ponc ie

2013-01-22

Tony Small. Cloch ar Charn

Cuirfear an fear uasal, ceoltóir lách, Gaillmheach go smior, Tony Small, i gcré na cille amárach. I measc oirfidigh is naoimh na nGaeil go raibh sé anocht.
Baineadh siar asam nuair a chuala mé an scéala ó Thadhg ar Twitter aréir. Bhíodh Tony go minic i mBeirlín ag tús na nóchaidí, lena chompánach Eoin Duignan.
Bhí aithne agam air an tráth úd, mar ba mhinic mé, agus mé i'm imirceach friseáilte, ag taobhú na tábhairní ina raibh ceol Éireannach le clos. Fear lách cairdiúil ab ea é. Ní raibh mise ach ag teacht in inmhe, agus is dócha go raibh mé ag ól an iomarca. Cinnte bhíos claonta chun maoithneachais. Níor ól Tony an tráth úd (sílim go raibh sé ag éalú ón ól) agus is eagal liom go ndearna mé promhadh go minic ar a fhoighne. Ach chaith sé go cneasta i dtólamh liom.
D'imigh muid ó aithne ar a chéile ó shin, agus bhí sé nach mór dearmadta agam. Ní raibh dá chuid ceoil ach téip agam agus is fada ó éist mé le téip.

Tá blaiseadh dá chuid ceoil le fáil anseo ar MySpace:

Bhí leagan den amhrán Galway ar an téip úd; agus freisin leagan iontach de dhán Uí Thuairisc - 'Oíche Nollag' ('Dá mbeadh mileoidean agamsa / Ní bheadh Críost gan cheol anocht') 

Ní bheidh a leithéid arís ann! Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.

2013-01-20

Iomann molta na mbaincéirí

Der kann sich freuen, der die nicht kennt!
Ihr fragt noch immer: Wen?
Sie borgen sich Geld für fünf Prozent
und leihen es weiter zu zehn.
Tig leis siúd, nach bhfuil aithne aige orthu, bheith sásta
Fiafraíonn sibh fós, cé?
Tógann siad airgead ar iasacht ar cúig faoin gcéad
Agus cuireann ar aghaidh ar deich é
Sie haben noch nie mit der Wimper gezuckt,
Ihr Herz stand noch niemals still.
Die Differenzen sind ihr Produkt.
(Das kann man verstehn, wie man will.)
Níor sméid siad riamh le fabhra
Níor stop a gcroí riamh
Difríochtaí a dtáirge
(Tig leat do rogha bhrí a bhaint as sin)
Ihr Appetit ist bodenlos.
Sie fressen Gott und die Welt.
Sie säen nicht. Sie ernten bloß.
Und schwängern ihr eignes Geld.
Tá goile gan críoch acu
Alpann siad Dia is Domhan
Ní chuireann siad. Ach baineann siad, sin uile
Agus toirchíonn a gcuid airgid féin
Sie sind die Hexer in Person
und zaubern aus hohler Hand.
Sie machen Gold am Telefon
und Petroleum aus Sand.
Is na hasarlaithe ina steillbheatha iad
Toghairmíonn siad as lámha folmha
Déanann siad Ór agus iad ar an bhfón
agus artola as gainimh
Das Geld wird flüssig. Das Geld wird knapp.
Sie machen das ganz nach Bedarf.
Und schneiden den andern die Hälse ab.
Papier ist manchmal scharf.
Tá airgead leachtach. Tá airgead gann.
De réir a mianta a níonn siad sin
Agus gearrann scornaigh an duine eile
Bíonn páipéir géar scaití.
Sie glauben den Regeln der Regeldetrie
und glauben nicht recht an Gott.
Sie haben nur eine Sympathie.
Sie lieben das Geld. Und das Geld liebt sie.
(Doch einmal macht jeder Bankrott!)
Creideann siad Rialacha na Mata
agus ní chreideann siad mórán i nDia
Níl ach bá amháin acu.
Carann siad an t-airgead. Agus carann an airgead iad.
(Ach teipeann ar chách uair éigin)
Erich Kästner „Hymnus auf die Bankiers" (1929)

2013-01-13

“Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Baiste an Tiarna, Francesco Albani
Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis, agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
(Lúc 3:21-22)
Inniu féile Féile Bhaisteadh Ár Tiarna. Deireadh le séasúr na Nollaig.

Pá céanna don obair chéanna

Shílfeá gur prionsabal bhunúsach é go mbeadh an tuarastal céanna ar an obair chéanna. Shilfeá go mbeadh an Locht [stet] Oibre thar dream ar bith eile i bhfách leis an bprionsabal sin. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Sa mhullach ar fiacha na mbainc, tá fadhbanna san tír seo de bhrí go bhfuil easnamh idir theacht isteach an Rialtais agus caiteachas an Rialtais. Caithfear dul i ngleic leis sin.
Is sciar mhór de caiteachas an Rialtais pá san earnáil phoiblí. I gcomhlucht príobháideach ní bheadh aon cheist ann - laghdófaí pá, nó ar a laghad ní ardófaí pá. Ach dhéanfaí sin ar bhealach measartha cothrom - agus go hiondúil laghdaítear pá thuas níos mó ná thíos.
Ach tá abhus Conradh Pháirc an Chrócaigh - a thugann cosaint dóibh siúd atá istigh sa chóras. Fiú iad siúd a fuair ardú ollmhór blianta an rachmais de bharr "tagarmharcáil". Is é sin, iad siúd ar bharr an dréimire. Is fíor go mbíonn pá as cuimse níos airde ag ardfheidhmeannaigh san earnáil phríobháideach - ach is fíor freisin go mbíonn priacail níos mó le n-iompar acu, agus is iad is túisce a bhristear nuair a theipeann ar an gcomhlucht. Ní hamhlaidh do mhandairíní Sráid Mhuirfean agus a bpiaraí.
Mar sin, is ag bun a dréimire atáthar a gearradh pá. Ar mhúinteoirí agus altraí atá ag cur tús lena saol gairmiúil. Difear suntasach - roinnt mílte - bliain i ndiaidh bliana. Tabhair faoi deara freisin gur mná is mó a bheidh thíos leis seo - i dtír ina bhfuil, fós, difear suntasach i dturastal mná agus fir in earnáil áirithe.
Níl ciall ná cothromas san áireamh anseo.
Níos measa fós i gcás na scoileanna. Scoil nua is ea scoil m'iníne, rud a chiallaíonn go bhfuil beirt nó triúir oide nua ag teacht isteach gach bliain. Anois beidh bearnaí suntasacha idir pá daoine atá ag déanamh na hoibre céanna, agus atá geal le bheith ar chomhléibhéil scile, taithí agus oiliúna.
Ag an am céanna tá an t-ualach oibre á mhéadú orthu - an Roinn Éadóchais ag brú níos mó is níos mó páipéarachais orthu.
Bhí oideachas fiúntach i gcónaí ag brath ag dhíograis, dóchas agus flosc na n-oidí. Ach tá na céimeanna seo ag ídiú an fhuinneamh sin.  Cad chuige go ndéanfadh duine, a bhraitheann go bhfuiltear ag caitheamh go héagórach leis nó léi, obair bhreise as a stuaim féin?
Agus sin mo racht go n-uige seo! 
 

2013-01-12

Zupfgeigenhansel


Nuair a chuaigh mé go Beirlín i dtosach roghnaigh mé dul i dteagmháil le dream gasóga le súil is go gcuirfinn aithne ar aosánaigh eile. (De bhrí go mbíonn Gearmánaigh ar an Ollscoil níos faide, agus go dtosaíonn níos aosta, bhíos cuid mhaith níos óige ná mo chomhghleacaithe. Bhí fós, agus mé ag fágáil 10 bliana níos moille)
B'iad leis an grúpa Normannen a chuaigh mé; baill iad den BdP. Amharcann siad orthu féin ní amháin mar chuid de oidhreacht Bhaden Powell, ach mar oidhrí na Wandervogel, na grúpaí fánaíochta ó thús an fichiú chéid.
Bhí an slua- agus grúpa amhránaíocht lárnach sa traidisiún sin. Faraor, níl nóta ceoil i'm chloigeann féin; ach is maith liom bheith ag éisteacht le hamhráin. Cuid mór den stór ceoil a bhain siad leas astu, ba leis an eite chlé agus le Rómánsachas a bhain sé; easurraim d'uasal is do chléir ag dul siar go cogadh na scológ, ach forbartha go mór ag na mic léinn san 18ú aois.
Meabhraíodh é seo ar fad dom inné nuair a tháinig mé ag leagan Béarla den amhrán thuas "Pápa agus Sultán"
Tá cnuasach de na hamhráin seo le fáil san leabhar Der Zupfgeigenhansl. (Geige = veidhlín, zupfen = piocadh. Mar sin, Giotár = Zupfgeige. Hans(e)l = Seáinín) . Ach sna 1970í agus 198í bhí grúpa ag canadh an Cheoil seo a thug  Zupfgeigenhansel orthu féin. Spreag na comhthráthúlachtaí seo mé an CD dá chuid atá agam a lorg, an deannach a bhaint de agus é a chuir ar mo phíobaire póca. Agus gan amhras, an mír seo a scríobh agus a leagan siúd de Papst und Sultan a roinnt libh!
Dála an scéal, agus mé ag línseoireacht tháinig mé ar leagan Laidine den amhrán céanna:

2013-01-09

Cín Lín nó Blag, athuair.

De bhrí gur chuir Maitiú tús le blag thosaigh plé athuair ar Twitter faoin téarma Cín Lae.
Bhí míthuiscint orm an uair úd - scríobh mé:
Is é mo thuiscint gurbh amhlaidh go gciallaíonn "Cinn Lae" deireadh lae - agus an gníomh is minic a dhéantaí ann; cuntas a scríobh ar an lá.
Ach focal eile is ea Cín; chuir Dennis ar mo shúile gurbh leabhar is brí leis, agus go deimhin tá an chiall sin luaite in Ó Dónaill. Chuaigh mé ag tóraíocht i DIL agus fuair mé an méid seo:
cín f. (Lat. quinio,  Thurn. Gramm. 571 ) booklet, book (perh. smaller than lebor): 
An brí atá le quinio na Laidine ná quire1 ina bhfuil cúig bileog nó deich leathanach  - sin le rá, an bun leathanach fillte cúig uaire. Glacaim leis gur leanadh an nós céanna atá le quarto agus octavo agus go dtugtaí quinio/cín ar leabhar déanta as quires dá leithéid.

Mar sin, leabhar bheag is ea cín.

Níl aon locht agam dáiríre ar an téarma Cín Lae:

Sílim áfach go bhfuil rogha den chineál céanna le déanamh agus a rinne Micheál Ó Bréartúin ina leabhar Aibhléis - lasmuigh den teideal, bhain sé úsáid as an bhfocal leictreachas de bhrí go bhfuil sé níos éasca comhfhocail a chumadh nó a úsáid leis.
Tá an rud céanna fíor faoi "blag" - blagadóir (nó an téarma eile sin blagálaí a bhfuil beannacht an Choiste aige ach nach maith liom), blagáil, athbhlagáil, blagthacht ...

Pé scéal é, tá blag i nDIL freisin:
blog blag blad blogh Keywords: fragment; piece; bit;
Mar sin, sílim go gcloífidh mé le blag.

Feictear dom dála an scéil go bhfuil an nós sin filleadh buanaithe san córas Eorpach do méid páipéir A0, gan filleadh, A1 agus mar sin de, agus mar sin gurbh ionann cín agus A5.
San plé dúinn phléigh muid focal eile ar leabhar - Dúil  - ar cás speisialta den focal Dúil = elementum atá ann.
As DIL arís:
3 dúil
i,f. Usually transld. book: dul, duil a book, a codex,  O'Don. Suppl. ; but seems rather applied to certain accepted or authorized lists or compilations (poetic glossaries, rhymes, kennings, genealogies) of pre-Christian origin, which were no doubt in early times memorized and handed down verbally and some of which were known by special names (see below)
Tá dúil leis an gciall leabhar agus "dúile feda" luaite ag Dinneen chomh maith, ach níl aon tagairt dó in Ó Dónaill.  


1 ceathrú páipéir atá ag De Bhaldraithe ar quire - ach ní fheileann sin anseo

2013-01-06

Gleann an Smóil, nó Gleann na Smól?

Tharraing Páid m'aird ar alt san Irish Times faoi siúl i Sléibhte  Átha Cliatha. Luaigh an t-údár Lenny Antonelli an gleann úd i nDeisceart Átha Cliatha, agus é ag rá gurbh "Valley of the Thrushes" is brí leis. Ach is Gleann an Smóil atá ag logainm, gan míniú breise.

Bhí comhrá againn ar Twitter faoi, agus luaigh Lenny a fhoinse: P.W. Joyce:

The thrush. Smól or smólach [smole, smolagh] is a thrush. The best known name containing the word is Gleann-na-smol, the valley of the thrushes, the scene of a celebrated Irish poem, which is believed to be the same place as Glenasmole, a fine valley near Tallaght, Dublin, where the river Dodder rises. Near Lifford in Donegal, is a townland called Glensmoil, which represents the Irish Gleann-a-smoil, the thrush's glen.
Glensmoil ag Logainm, ach níl aon ainm Ghaeilge deimhnithe acu fós.

Tá aithris ar laoi Fiannaíochta i gcnuasach Doegen, ach is Gleann an Smóil atá luaite ansin.

D'aimsigh Páid an leathanach seo agus tagairtí ann do smól agus Bruidean Dá Derga:

One of the four Royal roads to Tara came from Da Dergas Hostel in Glenasmole, and it seems perfectly appropriate that Tara could be seen from the Hostel. Glenasmole has long been thought of as the Valley of the Thrushes, but a friend Thomas Maher, an Irish scholar, has brought us a proper translation as the 'glen of the burnt out ruins'. From this site you can also see the cairns on Tallaght and Saggart hills. We have gone to this site on a divining day and the dowsing effects over this crack are quite powerful.
Níl smól luaithe don éan i DIL, smólach amháin atá luaite:
 1 smólach
[a,f. and o,m.] m.,  IGT Decl. § 55 . f.,  § 56 . smao- lach,  Measgra D. 39.29 . thrush: truagh an ?áidh | doní in smolach,  Acall. 847 =  CF 1008 . stmolach (in `én-ogam'),  Auraic. 5695 . dordan smolcha,  K. and H. 24 . guth luin na smolche,  Ann. Inisfallen 917 . asi in smolach is lia aisdi cheileabhraidh ar bith `blackbird ',  Oss. v 50.3 . mian-ghol bhíos i nguth na s.¤,  Keat. Poems 167 . Cf.  gleann cuachach s.¤ lonach full of thrushes ,  Measgra D. 43.5  (leg.  smólchach?).

Tá smól luaite leis an ciall smál:
smál
smál smól smúal
Keywords: ember; glowing; coal; fire; glow; burnished; weapons; ashes; dross; blemish; taint; blemish; dark; eyebrow
Mar sin atá an chás. Tá ag teip orm an dán a thagraíonn Joyce dó a aimsiú, agus mar sin níl fhios agam an bhfuil bunús lena chreideamh. Ach dá mbeadh, is Gleann na Smól seachas an Smóil a bheadh ann.

Bheinn buíoch as aon nod bhreise.

Aguisín: Tá tagairtí thall is abhus feicthe agam do "Ghleann na Smól" mar an áit ar bhuail aois Oisín tar éis do filleadh ó Thír na nÓg.
 In passing through the Thrushes' Glen
A crowd of men in straits I see,
Full thrice five score and haply more
All toil full sore awaited me.
mar shampla, anseo:

Ach Gleann an Smóil atá ag an Cadhlach san leabhar "An Fhiannuidheacht"

Do ghluais Oisín leis gur shrois sé Éire; acht tásc ná tuairisc na Féinne ní raibh le fágháil i  n-aon áit. I nAlmhain álainn leathan laighean ní raibh i n-ionad bruidhne Fhinn acht fiadhaile, flíodh agus neantóg.  Ón áit sin do thug sé aghaidh ar Bheinn Éadair, agus, ag gabháil trí Ghleann an Smóil dó, do chonnaic sé sluagh mór daoine...

Foilsiú an Tiarna


Ón gnáth fhoinse
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d’fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú. D’inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh:
‘Thusa, a Bheithil, i dtalamh Iúdá,
    níl tú baol ar an té is lú i measc prionsaí Iúdá,
    óir is asat a thiocfaidh ceann urra
    a bheidh ina aoire ar mo phobalsa, Iosrael.’”
Ansin chuir Héaród fios ar na saoithe os íseal agus fuair tuairisc uathu ar an am a bhfacthas an réalta. Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.”Nuair a chuala siad caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
(Mth 2:1-11)

Tá traidisiúin fad-bhunaithe mar a léiríonn an Íocón thuas gurbh duine as gach cine a bhí i gceist leis na trí Saoithe, - a dtugann na traidisiúin Caspar, Melchior agus Baltasar orthu. Ní dócha go bhfuil bunús dá laghad leis sin; ach léiríonn sé brí an fhéile inniu - foilsiú Dé do na Ciníocha uilig.

2013-01-04

An rud nua an Gearrscéal, dáiríre?

Dúradh ag cúpla ócáid litríochta ar ar fhreastal mé le déanaí gurbh rud nua an Gearrscéal, chun fónadh ar na hirisí a tháinig chun cinn san 19ú agus 20ú Aois. Is dócha gur fíor an méid a dúirt Dostoevsky, gur amach ó faoi bhrat Gogol a tháinig litríocht na Rúise; a raibh ana thionchar aige ar gearrscéalta Iarthar Eorpa san ré seo. (Más buan mo chuimhne, phléigh Ó Cadhain a dtionchar ar féin).
Agus is dócha go bhfuil fírinne san méid gur chruthaigh na hirisí forim nua don scéalaíocht a spreag modh áirithe scéalaíochta.
Ach bhí gearrscéalta ann i gcónaí, ó thosaigh daoine ag aithris scéalta. Nach gearrscéalta iad fabhalscéalta Aesop, mar shampla?
Níl gar séanadh go mbíonn tionchar ag an foirm ar na scéalta; tá fírinne aithrid le mana McLuhan gurbh an meáin an teachtaireacht. Ach ní iomlán na fírinne é; agus cé go gcuireann meáin nua modhanna nua aithrise ar fáil, ní hionann sin agus a rá go mbeidh deireadh leis an sean modhanna. (Tráthúil go leor bhí sin á phlé ag Nick Carr ar a bhlag)
Mar sin, cé go bhfuil ré na n-irisleabhar ag druidim chun deireadh, agus an idirlíon ag spreagadh modhanna nua aithrise; splancfhicsean agus a leithéidí, creidim go leanfaimid, ós Pan Narrans muid, ag aithris scéalta, fada agus gearr dá chéile.

2013-01-02

Cad is Nollaig Gaelach ann?


Tá gnáis na Nollaig (a tháinig soir le Pádraig chugainn is dócha!) ina chnámh spairne go minic. Tá íocónagrafaíocht na Nollaig ar na saolta seo - soilse, Daidí Na Nollag, fir sneachta, spideoga, réinfhianna, agus araile tuata go maith. Agus cuid mór de múnlaithe ag nósanna a seoladh anonn go Meiriceá ó thuaisceart na hEorpa agus a allmhairíodh arís, claochlaithe ag lucht gaimbín. 
Is mó tionchar Sean Shéamais Seaca(i. Дед Мороз na Rúise) ar chló an figiúr a chuir Coca Cola ar Dhaidí na NollaigNioclás Easpag Myra! (Ní dócha gur chuir siad an Pelznickel san áireamh riamh!)
Pé scéal é, faoi thionchar na péindlíthe nó pé cúis eile a bhí leis, ní dóigh liom go raibh nósmhaireacht mar atá i lár na hEorpa abhus in aon chor.
Riamh anall bhí nósanna teaghlaigh againne ón nGearmáin de bharr lucht aitheantas mo thuismitheoirí;  bhíodh fleasc Aidbhinte againn agus féilire féin déanta Aidbhinte. Tá an dá nó coitianta abhus anois, ach fiú sa Ghearmáin níl stair ró fhada ag ceachtar acu. An fleasc, mar shampla, is mar féilire a thosaigh sé amach - le coinneal do gach lá den Aidbhint (ní ionann líon na laethanta ó bhliain go bliain). Johann Hinrich Wichern, leasaitheoir sóisialta Protastúnach a mhúnlaigh san 19ú aois chun an aimsir go Nollag a léiriú do na leanaí faoina chúram.
Cheiliúr muid Lá San Nioclás, an 6ú Nollaig agus Lá na Trí Ríthe araon le bronntanais bheaga. Nós Spáinneach an ceann deiridh san.
Uair éigin tháinig mo mháthair ar nós Crann Ieise - bealach chun stair an tslánaithe agus sinsearacht Chríost a léiriú; agus ó shin i leith is mar sin a bhíonn a crann Nollag siúd maisithe.
Fearacht mórán nósanna Nollag eile, is nuachar Banríon Victoria a scaip nós na Crainn Nollag abhus agus i Oirthear SAM! Más fíor an méid atá scríofa anseo, tá fréamhacha an nóis san siar i misean Bhonifatius ar an nGearmáin.
(Rí Séamus a scaip nós an Turcaí - san ré nuair ba chinnirí faisean teaghlach Ríoga Shasana)

Tá, áfach, nós amháin atá Gaelach, dúchasach go bhfios dom - an nós a cheiliúrann Máirtín Ó Direáin ina dhán atá canta go hálainn thuas:  Coinneal a lasadh sa bhfuinneog le cuireadh a thabhairt do Mhuire agus a Mac, agus aon duine eile atá ina ghátair, an Oíche a chaitheamh sa teach.

Caithim a rá gur aoibhinn liom na nósanna ar fad; go háirithe na nósanna a bhfuil nasc láidir idir iad agus breith an Slánaitheora.